25.1.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 23/7


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/50 ÓN gCOIMISIÚN

an 22 Eanáir 2021

lena n-údaraítear síneadh úsáide agus athrú maidir le sonraíochtaí an bhia núíosaigh “meascán 2′-Fúcaishiollachtóis/Défhúcaishiollachtóis” agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le bianna núíosacha, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 258/97 agus Rialachán (CE) Uimh. 1852/2001 ón gCoimisiún (1), agus go háirithe Airteagal 12 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Foráiltear le Rialachán (AE) 2015/2283 nach bhféadfar ach bianna núíosacha a údaraítear agus a chuirtear san áireamh i liosta an Aontais a chur ar an margadh laistigh den Aontas.

(2)

De bhun Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2015/2283, glacadh Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún (2) lena mbunaítear liosta an Aontais de bhianna núíosacha údaraithe.

(3)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1979 ón gCoimisiún (3), údaraíodh, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2015/2283, foinse mhiocróbach 2′-Fúcaishiollachtós/Défhúcaishiollachtós (“2′-FL/DFL”) a chur ar an margadh mar bhia núíosach. Dá bhrí sin, cuireadh 2′-FL/DFL ar liosta an Aontais de bhianna núíosacha.

(4)

An 17 Márta 2020, chuir an chuideachta Glycom A/S (“an t-iarratasóir”) iarratas faoi bhráid an Choimisiúin maidir le síneadh a chur le húsáid 2′-FL/DFL agus sonraíochtaí 2′-FL/DFL a athrú i gcomhréir le hAirteagal 10(1) de Rialachán (AE) 2015/2283. D’iarr an t-iarratasóir síneadh a chur le húsáid 2′-FL/DFL i ndeochanna bainnebhunaithe agus i dtáirgí comhchosúla a cheaptar lena n-ól ag leanaí óga ar leibhéil 1,2 g/L sa táirge deiridh atá réidh le húsáid, táirge a mhargaítear ar an mbonn sin nó a athbhunaítear de réir mar a threoraíonn an monaróir sna húsáidí údaraithe. Ina theannta sin, d’iarr an t-iarratasóir foráil a dhéanamh maidir le tuairisc níos cineálaí ar phróiseas táirgthe an bhia núíosaigh, go háirithe chun “spraethriomú” a bhaint den tuairisc ag an gcéim dheiridh thriomaithe den phróiseas táirgthe mar úsáidtear teicnící eile freisin, reothriomú, mar shampla; an téarma “éagruthach” a bhaint den tuairisc ar an mbia núíosach ina fhoirm dheiridh mar is púdar nó ceirtleáin den phúdar sin é an bia núíosach ag brath ar an modh triomaithe a úsáidtear; agus, chun 3-fúcaishiollachtós a áireamh, ceann de na mion-chomhpháirteanna den bhia núíosach i suim na n-olagaishiúicrídí ina bhfuil an bia núíosach seachas i suim na mioncharbaihiodráití áit a liostaítear faoi láthair é.

(5)

Bhí na hathruithe a iarradh ar na coinníollacha úsáide maidir le síneadh a chur le húsáid an bhia núíosaigh i ndeochanna bainnebhunaithe agus i dtáirgí comhchosúla a cheaptar lena n-ól ag leanaí óga, agus sna sonraíochtaí a bhaineann leis an modh triomaithe agus le cuma an bhia núíosaigh mar chuid den iarratas bunaidh le haghaidh 2′-FL/DFL a údarú mar bhia núíosach i gcomhréir le Rialachán (AE) 2015/2283, iarratas a ndearna an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) measúnú fabhrach air ina thuairim eolaíoch maidir le “Sábháilteacht mheascán 2′-fúcaishiollachtóis/défhúcaishiollachtóis mar bhia núíosach de bhun Rialachán (AE) 2015/2283” (4). Dá bhrí sin, measann an Coimisiún nach bhfuil gá le tuairim eile ón gCoimisiún.

(6)

Maidir leis an iarraidh chun 3-fúcaishiollachtós a áireamh i suim na n-olagaishiúicrídí ina bhfuil an bia núíosach seachas i suim na mioncharbaihiodráití áit a liostaítear faoi láthair é, níor cuireadh san áireamh í san iarratas tosaigh, iarratas a ndearna an t-údarás measúnú fabhrach air. Rinneadh tagairt san iarratas sin d’acmhainneacht DFL a hidrealú chun 3-fúcaishiollachtós a tháirgeadh, rud a braitheadh ar leibhéil ísle. Measann an Coimisiún nach ndéanfaidh an t-athrú atá iarrtha maidir leis an gcaoi a n-áirítear 3-fúcaishiollachtós i sonraíochtaí 2′-FL/DFL, aon difear d’éifeachtaí an bhia núíosaigh sin ar shláinte an duine, i bhfianaise go bhfuil sé sa bhia núíosach ar leibhéil ísle agus faoi bhun na leibhéal a fhaightear go nádúrtha i mbainne daonna. Dá bhrí sin, measann an Coimisiún nach bhfuil gá le tuairim eile ón gCoimisiún.

(7)

Is iomchuí, dá bhrí sin, liosta an Aontais maidir le coinníollacha úsáide agus sonraíochtaí 2′-FL/DFL a athrú chun a úsáid a údarú i ndeochanna bainnebhunaithe agus i dtáirgí comhchosúla a cheaptar lena n-ól ag leanaí óga ar leibhéil 1,2 g/L sa táirge deiridh atá réidh le húsáid, a mhargaítear ar an mbonn sin nó a athbhunaítear de réir mar a threoraíonn an monaróir sna húsáidí údaraithe, chun foráil a dhéanamh maidir le tuairisc chineálach ar phróiseas táirgthe an bhia núíosaigh agus chun “spraethriomú” a bhaint den tuairisc ag an gcéim dheiridh den phróiseas táirgthe, chun an téarma “éagruthach” a bhaint den tuairisc ar an mbia núíosach, agus 3-fúcaishiollachtós a áireamh i suim na bpríomholagaishiúicrídí ina bhfuil an bia núíosach.

(8)

Ba cheart, dá bhrí sin, an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 a leasú dá réir.

(9)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   An iontráil i liosta an Aontais de bhianna núíosacha údaraithe dá bhforáiltear in Airteagal 6 de Rialachán (AE) 2015/2283 ag tagairt d’fhoinse mhiocróbach “2′-Fúcaishiollachtós/Défhúcaishiollachtós (‘2′-FL/DFL’)”, leasófar í de réir mar a shonraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

2.   Beidh na coinníollacha úsáide agus na ceanglais lipéadaithe a leagtar síos san Iarscríbhinn san iontráil i liosta an Aontais dá dtagraítear i mír 1.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 22 Eanáir 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 327, 11.12.2015, lch. 1.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún an 20 Nollaig 2017 lena mbunaítear liosta bianna núíosacha an Aontais i gcomhréir le Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bianna núíosacha (IO L 351, 30.12.2017, lch. 72).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1979 ón gCoimisiún an 26 Samhain 2019 lena n-údaraítear meascán 2′-Fúcaishiollachtóis/Défhúcaishiollachtóis a chur ar an margadh mar bhia núíosach faoi Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún (IO L 308, 29.11.2019, lch. 62).

(4)  Iris EFSA 2019;17(6):5717.


IARSCRÍBHINN

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 mar a leanas:

(1)

cuirtear na coinníollacha faoina bhféadfar an bia núíosach meascán “2′-Fúcaishiollachtóis/Défhúcaishiollachtóis (‘2′-FL/DFL’) (foinse mhiocróbach)” a úsáid le Tábla 1 (Bianna núíosacha údaraithe):

Na coinníollacha faoina bhféadfar an bia núíosach a úsáid

Catagóir sonrach bia

Uasleibhéil

Deochanna bainnebhunaithe agus táirgí comhchosúla a cheaptar lena n-ól ag leanaí óga

1,2 g/L sa táirge deiridh atá réidh le húsáid, a mhargaítear ar an mbonn sin nó a athbhunaítear de réir mar a threoraíonn an monaróir”

(2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála le haghaidh meascán 2′- Fúcaishiollachtóis/Défhúcaishiollachtóis (“2′-FL/DFL”) (foinse mhiocróbach) i dTábla 2 (Sonraíochtaí):

Bia Núíosach Údaraithe

Sonraíocht

2′-Fúcóshiollachtóis/Défhúcóshiollachtóis (‘2′-FL/DFL’)

(foinse mhiocróbach)

Tuairisc/Sainmhíniú:

Is púdar íonghlanta atá idir bán agus neasbhán nó ceirtleáin den phúdar sin atá i meascán ′2’-Fúcaishiollachtóis/Défhúcaishiollachtóis a tháirgtear trí phróiseas miocróbach.

Foinse: Tréithchineál géinmhodhnaithe K-12 DH1 Escherichia coli

Saintréithe/Comhdhéanamh:

Cuma: Púdar atá idir bán agus neasbhán nó ceirtleáin den phúdar sin

Suim 2′-Fúcaishiollachtóis, Défhúcaishiollachtóis,D-Lachtóis, L-Fúcóis, agus 3-Fúcaishiollachtóis (% d’ábhar tirim): ≥ 92,0 % (w/w)

Suim 2′-Fúcaishiollachtóis agus Défhúcaishiollachtóis (% d’ábhar tirim): ≥ 85,0 % (w/w)

2′-Fúcaishiollachtós (% d’ábhar tirim): ≥ 75,0 % (w/w)

Défhúcaishiollachtós (% d’ábhar tirim): ≥ 5,0 % (w/w)

D-Lachtós: ≤ 10,0 % (w/w)

L-Fúcós: ≤ 1,0 % (w/w)

2′-Fúcaishioll-D-lachtalós: ≤ 2,0 (w/w)

Suim na gcarbaihiodráití eile (*1): ≤ 6,0 % (w/w)

Taisleach: ≤ 6,0 % (w/w)

Luaith, í sulfáitithe: ≤ 0,8 % (w/w)

pH (20 °C, tuaslagán 5 %): 4,0 -6,0

Próitéin iarmharach: ≤ 0,01 % (w/w)

Critéir mhicribhitheolaíocha:

Áireamh iomlán coilíneachtaí aeróbacha meisifileacha: ≤ 1000 CFU/g

Enterobacteriaceae: ≤ 10 CFU/g

Salmonella sp.: Diúltach/25 g

Giosta: ≤ 100 CFU/g

Múscán: ≤ 100 CFU/g

Iontocsainí iarmharacha: ≤ 10 EU/mg

CFU: Aonaid Déanta Choilíneachta; EU: Aonaid Iontocsaine


(*1)  2′-Fúcaishioll-galachtós, Glúcós, Galachtós, Mainníotól, Soirbíotól, Galachtíotól, Tríheacsós, Alla-lachtós agus carbaihiodráití eile atá gaolmhar ó thaobh struchtúir de.”