15.1.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

LI 12/1


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/29 ÓN gCOMHAIRLE

an 15 Eanáir 2021

lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 ón gComhairle an 18 Eanáir 2012 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 442/2011 (1), agus go háirithe Airteagal 32(1) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 18 Eanáir 2012, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) Uimh. 36/2012.

(2)

I bhfianaise thromchúis na staide sa tSiria, agus ag tabhairt aird ar an Aire Gnóthaí Eachtracha a ceapadh le déanaí, Faisal MEKDAD, ba cheart é a chur le liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas nó na gcomhlachtaí atá faoi réir bearta sriantacha in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 36/2012.

(3)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 15 Eanáir 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. P. ZACARIAS


(1)   IO L 16, 19.1.2012, lch. 1.


IARSCRÍBHINN

Cuirtear an iontráil seo a leanas leis an liosta a leagtar amach i Roinn A (Daoine) d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 36/2012:

 

Ainm

Faisnéis aitheantais

Cúiseanna

Dáta an liostaithe

“311.

Faisal MEKDAD

(a.k.a. Fayçal, al-Mekdad, Meqdad, al-Meqdad)

(فيصل المقداد)

Dáta breithe: 1954;

Áit bhreithe: Ghasm, Daraa Governorate, Syria;

Inscne: Fireann

Minister of Foreign Affairs. I mí na Samhna 2020 a ceapadh.

Ina cháil mar Aire Rialtais, tá cuid den fhreagracht air as an gcur faoi chois le foréigean a rinne réimeas na Siria ar an bpobal sibhialta.

15.1.2021”