2.8.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 277/137 |
TREOIR TARMLIGTHE (AE) 2021/1269 ÓN gCOIMISIÚN
an 21 Aibreán 2021
lena leasaítear Treoir Tharmligthe (AE) 2017/593 a mhéid a bhaineann le tosca inbhuanaitheachta a chomhtháthú sna hoibleagáidí um rialachas táirgí
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Threoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (1), agus go háirithe Airteagal 16(12), agus Airteagal 24(13) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Tá an t-aistriú chuig geilleagar ísealcharbóin atá níos inbhuanaithe, níos tíosaí ar acmhainní agus níos ciorclaí i gcomhréir leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe ríthábhachtach chun iomaíochas fadtéarmach gheilleagar an Aontais a áirithiú. In 2016, thug an tAontas Comhaontú Pháras i gcrích (2). Faoi Airteagal 2(1), pointe (c) de Chomhaontú Pháras, leagtar síos an cuspóir chun neartú a dhéanamh ar an bhfreagairt don athrú aeráide, i measc modhanna eile, trína áirithiú go mbeidh sreafaí airgeadais comhsheasmhach le bealach i dtreo astaíochtaí ísle gás ceaptha teasa agus le forbairt atá seasmhach ó thaobh na haeráide de. |
(2) |
Ag aithint dó an dúshlán sin, thíolaic an Coimisiún an Comhaontú Glas don Eoraip (3) i mí na Nollag 2019. Is straitéis nua fáis é an Comhaontú Glas don Eoraip arb é is aidhm dó an tAontas a chlaochlú ina shochaí chóir agus rathúil, ina mbeidh geilleagar nua-aimseartha agus iomaíoch, atá tíosach ó thaobh acmhainní de, nach mbeidh aon ghlan-astaíochtaí gás ceaptha teasa ann feasta faoi 2050, agus ina mbeidh an fás eacnamaíoch díchúpláilte ó úsáid acmhainní. Éilítear leis an gcuspóir sin go dtabharfar comharthaí soiléire d’infheisteoirí maidir lena n-infheistíochtaí chun sócmhainní tréigthe a sheachaint agus maoiniú inbhuanaithe a thiomsú. |
(3) |
I mí an Mhárta 2018, d’fhoilsigh an Coimisiún a Phlean Gníomhaíochta i dtaca le “Fás Inbhuanaithe a Mhaoiniú” (4) lena gcuirtear straitéis uaillmhianach chuimsitheach ar bun maidir le maoiniú inbhuanaithe. Ceann de na cuspóirí a leagtar amach sa Phlean Gníomhaíochta sin is ea sreafaí caipitil a atreorú chuig infheistíocht inbhuanaithe chun fás inbhuanaithe cuimsitheach a bhaint amach. |
(4) |
Trí chur chun feidhme cuí an Phlean Gníomhaíochta, spreagtar éileamh na n-infheisteoirí ar infheistíochtaí inbhuanaithe. Is gá dá bhrí sin a shoiléiriú gur cheart tosca inbhuanaitheachta agus cuspóirí a bhaineann le hinbhuanaitheacht a bhreithniú de réir na gceanglas rialachais táirgí atá leagtha síos i dTreoir Tharmligthe (AE) 2017/593 ón gCoimisiún (5). |
(5) |
Ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta a mhonaraíonn agus a dháileann ionstraimí airgeadais tosca inbhuanaitheachta a chur san áireamh sa phróiseas chun táirgí a fhormheas i gcás gach ionstraime airgeadais agus sna socruithe eile maidir le rialachas agus maoirseacht táirgí le haghaidh gach ionstraime airgeadais atá beartaithe a dháileadh ar chliaint atá ag lorg ionstraimí airgeadais a bhfuil próifíl a bhaineann leis an inbhuanaitheacht acu. |
(6) |
Ós rud é gur cheart an spriocmhargadh a shocrú ar leibhéal mionsonraithe leordhóthanach, níor cheart gur leor ráiteas ginearálta go bhfuil próifíl a bhaineann le hinbhuanaitheacht ag ionstraim airgeadais. Seachas sin ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta a mhonaraíonn agus a dháileann ionstraimí airgeadais an grúpa cliant a bhfuil cuspóirí inbhuanaitheachta acu a bhfuil an ionstraim airgeadais ceaptha le bheith dáilte orthu a shonrú. |
(7) |
Chun a áirithiú gur féidir le cliaint nach bhfuil sainroghanna inbhuanaitheachta acu teacht go réidh freisin ar ionstraimí airgeadais lena mbaineann tosca inbhuanaitheachta, níor cheart a cheangal ar ghnólachtaí infheistíochta grúpaí cliant a shainaithint a bhfuil an ionstraim airgeadais lena mbaineann tosca inbhuanaitheachta neamhoiriúnach dá riachtanais, dá saintréithe ná dá gcuspóirí. |
(8) |
Ba cheart tosca inbhuanaitheachta ionstraime airgeadais a chur i láthair ar bhealach trédhearcach chun a chur ar chumas an dáileora an fhaisnéis ábhartha a chur ar fáil dá chliaint nó dá chliaint fhéideartha. |
(9) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir Tharmligthe (AE) 2017/593 a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe ar Threoir Tharmligthe (AE) 2017/593
Leasaítear Treoir Tharmligthe (AE) 2017/593 mar a leanas:
(1) |
in Airteagal 1, cuirtear mír 5 leis mar seo a leanas: “5. ciallaíonn ‘tosca inbhuanaitheachta’ tosca inbhuanaitheachta mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (24) de Rialachán (AE) 2019/2088 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1). (*1) Rialachán (AE) 2019/2088 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir le nochtaí a bhaineann le hinbhuanaitheacht in earnáil na seirbhísí airgeadais (IO L 317, 9.12.2019, lch. 1).”;" |
(2) |
Leasaítear Airteagal 9 mar a leanas:
|
(3) |
Leasaítear Airteagal 10 mar a leanas:
|
Airteagal 2
Trasuí
1. Déanfaidh na Ballstáit na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin 21 Lúnasa 2022 ar a dhéanaí, is é sin, na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl láithreach don Choimisiún.
Cuirfidh siad na forálacha sin i bhfeidhm ón 22 Samhain 2022.
Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an tslí le tagairt den sórt sin a dhéanamh.
2. Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.
Airteagal 3
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 4
Seolaithe
Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 21 Aibreán 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 173, 12.6.2014, lch. 349.
(2) Cinneadh (AE) 2016/1841 ón gComhairle an 5 Deireadh Fómhair 2016 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, Chomhaontú Pháras, a glacadh faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (IO L 282, 19.10.2016, lch. 1).
(3) COM(2019) 640 final.
(4) COM(2018) 97 final.
(5) Treoir Tharmligthe (AE) 2017/593 ón gCoimisiún an 7 Aibreán 2016 lena bhforlíontar Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hionstraimí airgeadais agus cistí ar le cliaint iad a chosaint, oibleagáidí um rialachas táirgí agus na rialacha is infheidhme maidir le táillí, coimisiúin nó tairbhí airgeadaíochta nó neamhairgeadaíochta ar bith a sholáthar nó a fháil (IO L 87, 31.3.2017, lch. 500).