26.2.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 68/14


TREOIR (AE) 2021/338 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 16 Feabhra 2021

lena leasaítear Treoir 2014/65/AE a mhéid a bhaineann le ceanglais faisnéise, rialachas táirgí agus teorainneacha suímh, agus Treoracha 2013/36/AE agus (AE) 2019/878 a mhéid a bhaineann lena gcur i bhfeidhm maidir le gnólachtaí infheistíochta, chun cabhrú leis an téarnamh ó ghéarchéim COVID-19

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 53(1) de,

ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá paindéim COVID-19 ag déanamh difear ollmhór do dhaoine, do chuideachtaí, do chórais sláinte agus do gheilleagair agus córais airgeadais na mBallstát. Ina theachtaireacht uaidh chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún an 27 Bealtaine 2020 dar teideal “Deis na hEorpa: Deisiú agus Ullmhú don Chéad Ghlúin Eile” chuir an Coimisiún i bhfáth go leanfadh leachtacht agus rochtain ar mhaoiniú de bheith ina ndúshlán. Dá bhrí sin, tá sé thar a bheith tábhachtach tacaíocht a thabhairt don téarnamh ón suaitheadh tromchúiseach eacnamaíoch arbh í paindéim COVID-19 ba chúis leis trí leasuithe spriocdhírithe teoranta ar dhlí seirbhísí airgeadais an Aontais atá ann cheana a thabhairt isteach. Dá bhrí sin, ba cheart gurb é aidhm fhoriomlán na leasuithe sin deireadh a chur le rómhaorlathas nach bhfuil gá leis agus bearta arna gcalabrú go cúramach, a mheastar a bheith éifeachtach, a thabhairt isteach chun an suaitheadh eacnamaíoch a mhaolú. Níor cheart go ndéanfadh na leasuithe sin athruithe a mhéadaíonn ualaí riaracháin ar an earnáil agus ba cheart go bhfágfadh na leasuithe go mbeadh ceisteanna casta reachtacha le réiteach le linn an athbhreithnithe atá beartaithe ar Threoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3). Is pacáiste beart iad na leasuithe sin agus glactar iad faoin lipéad “Pacáiste Téarnaimh um Margaí Caipitil”.

(2)

Glacadh Treoir 2014/65/AE in 2014 mar fhreagairt ar an ngéarchéim airgeadais a tháinig chun cinn in 2007 agus in 2008. Leis an Treoir sin, rinneadh neartú substaintiúil ar chóras airgeadais an Aontais agus ráthaíodh ardleibhéal cosanta d’infheisteoirí ar fud an Aontais. D’fhéadfaí breithniú a dhéanamh i dtaobh tuilleadh iarrachtaí ar chastacht rialála agus costais chomhlíonta gnólachtaí infheistíochta a laghdú agus ar dheireadh a chur le saobhadh iomaíochta, ar choinníoll go gcuirfí cosaint infheisteoirí san áireamh go leordhóthanach ag an am céanna.

(3)

Maidir leis na ceanglais a beartaíodh chun infheisteoirí a chosaint, níor gnóthaíodh an cuspóir atá ag Treoir 2014/65/AE chun bearta a chuireann sainiúlachtaí gach catagóire infheisteoirí, i.e. cliaint mhiondíola, cliaint ghairmiúla agus contrapháirtithe incháilithe, san áireamh go leordhóthanach a ghlacadh. Ní i gcónaí a chuir cuid de na ceanglais sin feabhas ar chosaint infheisteoirí ach, uaireanta, chuir siad bac ar fhorghníomhú rianúil cinntí infheistíochta. Dá bhrí sin, ba cheart ceanglais áirithe a leagtar amach i dTreoir 2014/65/AE a leasú chun soláthar seirbhísí infheistíochta agus feidhmíocht gníomhaíochtaí infheistíochta a éascú, agus ba cheart go ndéanfaí na leasuithe sin ar bhealach cothrom a thugann cosaint iomlán d’infheisteoirí.

(4)

Tá sé ríthábhachtach bannaí a eisiúint chun caipiteal a chruinniú agus chun an ceann is fearr a fháil ar ghéarchéim COVID-19. Is féidir le ceanglais um rialachas táirgí srian a chur le díol bannaí. Meastar go ginearálta gur táirgí slána agus simplí atá incháilithe do chliaint mhiondíola iad bannaí nach bhfuil díorthach leabaithe ar bith eile acu seachas clásal déanta iomlán. I gcás ina ndéantar fuascailt luath air, cosnaíonn banna nach bhfuil díorthach leabaithe ar bith eile aige seachas clásal déanta-iomlán infheisteoirí in aghaidh caillteanas trína áirithiú go soláthraítear íocaíocht do na hinfheisteoirí sin atá cothrom le suim ghlanluach reatha na n-íocaíochtaí cúpóin atá fágtha agus príomhmhéid an bhanna a gheobhaidís i gcás nár glaodh an banna. Dá bhrí sin, níor cheart feidhm a bheith ag na ceanglais rialachais táirgí a thuilleadh maidir le bannaí nach bhfuil díorthach leabaithe ar bith eile acu seachas “clásal déanta-iomlán”. Sa bhreis air sin, meastar go bhfuil eolas leordhóthanach ar ionstraimí airgeadais ag contrapháirtithe incháilithe. Dá bhrí sin, tá údar cuí ann chun contrapháirtithe incháilithe a dhíolmhú ó na ceanglais rialachais táirgí is infheidhme maidir le hionstraimí airgeadais a mhargaítear nó a dháiltear go heisiach orthu.

(5)

An glao ar fhianaise, a sheol an tÚdarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí) (ESMA) a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), maidir le tionchar na n-aslach agus tionchar na gceanglas sin i ndáil le costais agus muirir a nochtadh faoi Threoir 2014/65/AE, agus an comhairliúchán poiblí a rinne an Coimisiún, leis an dá rud sin dheimhnigh siad nach bhfuil faisnéis chaighdeánaithe éigeantach faoi chostais ag teastáil ó chliaint ghairmiúla ná ó chontrapháirtithe incháilithe ós rud é go bhfaigheann siad an fhaisnéis is gá cheana nuair a théann siad i mbun caibidlíochta lena soláthraí seirbhíse. Cuirtear an fhaisnéis a sholáthraítear do chliaint ghairmiúla agus do chontrapháirtithe incháilithe in oiriúint dá riachtanais agus is minic a bhíonn sí níos mionsonraithe. Dá bhrí sin, ba cheart seirbhísí a sholáthraítear do chliaint ghairmiúla agus do chontrapháirtithe incháilithe a bheith díolmhaithe ó na ceanglais maidir le costais agus muirir a nochtadh, seachas i gcás seirbhísí ar nós comhairle infheistíochta agus bainistiú punainne ós rud é nach bhfuil saineolas leordhóthanach ná eolas leordhóthanach ag cliaint ghairmiúla a dhéanann caidrimh comhairle infheistíochta nó bainistithe punainne chun go bhféadfaí na seirbhísí sin a dhíolmhú ó na ceanglais sin.

(6)

Tá ceanglas ar ghnólachtaí infheistíochta faoi láthair measúnú costais is tairbhe a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí punainne áirithe i gcásanna caidrimh leanúnacha lena gcliaint ina n-aistrítear ionstraimí airgeadais. Mar sin de, tá ceanglas ar ghnólachtaí infheistíochta an fhaisnéis is gá a fháil óna gcliaint agus a bheith in ann a léiriú gur fearr an tairbhe a thiocfadh as an aistriú sin ná na costais a bhainfeadh leis. Ós rud é go mbíonn ualach rómhór ag baint leis an nós imeachta sin maidir le cliaint ghairmiúla, ar béas leo a bheith ag aistriú go minic, ba cheart seirbhísí a sholáthraítear dóibh a dhíolmhú ón gceanglas sin. Bheadh deis ag cliaint ghairmiúla i gcónaí, áfach, roghnú a bheith rannpháirteach. Ós rud é go dteastaíonn ardleibhéal cosanta ó chliaint mhiondíola, ba cheart an díolúine sin a theorannú do sheirbhísí a sholáthraítear do chliaint ghairmiúla.

(7)

Faigheann cliaint a bhfuil caidreamh leanúnach acu le gnólacht infheistíochta tuarascálacha seirbhíse sainordaitheacha, bíodh sé sin go tréimhsiúil nó bunaithe ar chúis áirithe. Níl na tuarascálacha seirbhíse sin úsáideach do ghnólachtaí infheistíochta ná dá gcliaint ghairmiúla ná do chontrapháirtithe incháilithe. Léiríodh nach raibh mórán maitheasa sna tuarascálacha sin go háirithe do chliaint ghairmiúla agus contrapháirtithe incháilithe i margaí atá thar a bheith luaineach, ós rud é go soláthraítear na tuarascálacha ar ardmhinicíocht agus ar líon ard. Nuair a fhaigheann cliaint ghairmiúla agus contrapháirtithe incháilithe na tuarascálacha seirbhíse sin, is minic nach léann siad iad nó go ndéanann siad cinntí infheistíochta tapa mar gheall orthu seachas leanúint de straitéis infheistíochta fadtéarmaí. Dá bhrí sin, níor cheart go bhfaigheadh contrapháirtithe incháilithe na tuarascálacha seirbhíse éigeantacha sin a thuilleadh. Níor cheart go bhfaigheadh cliaint ghairmiúla na tuarascálacha seirbhíse sin a thuilleadh ach oiread, ach ba cheart go mbeadh deis acu roghnú iad a fháil.

(8)

Tar éis phaindéim COVID-19, ní mór tacú le heisitheoirí, agus go háirithe cuideachtaí beaga agus meánchaipitlithe, trí mhargaí caipitil láidre. Tá sé bunriachtanach taighde a dhéanamh ar eisitheoirí beaga agus meánchaipitlithe chun cabhrú le heisitheoirí dul i dteagmháil le hinfheisteoirí. Leis an taighde sin, méadaítear infheictheacht eisitheoirí agus, dá bhrí sin, áirithítear leibhéal leordhóthanach infheistíochta agus leachtachta. Ba cheart cead a bheith ag gnólachtaí infheistíochta íoc go comhpháirteach as taighde a sholáthar agus as seirbhísí forghníomhaithe a sholáthar ar choinníoll go gcomhlíontar coinníollacha áirithe. Ba cheart a bheith ar cheann de na coinníollacha ná go soláthrófaí an taighde maidir le heisitheoirí nár mhó ná EUR 1 billiún a gcaipitliú margaidh mar a shloinntear le luachanna dheireadh na bliana do na 36 mhí roimh sholáthar an taighde. Ba cheart an ceanglas sin i ndáil le caipitliú margaidh a fhorléiriú mar chaipitliú a chumhdaíonn cuideachtaí liostaithe agus cuideachtaí neamhliostaithe araon, ar an tuiscint, i gcás na gcuideachtaí neamhliostaithe, nár mhó an ítim sa chlár comhardaithe ar chaipiteal dílse ná an tairseach de EUR 1 billiún sna 3 bliana airgeadais roimh sholáthar an taighde. Ba cheart a thabhairt faoi deara freisin go n-áirítear cuideachtaí nualiostaithe agus cuideachtaí neamhliostaithe atá bunaithe ar feadh níos lú ná 36 mhí faoin raon feidhme fad is gur féidir leo a léiriú nach ndeachaigh a gcaipitliú margaidh thar an tairseach de EUR 1 billiún, mar a shloinntear le luachanna dheireadh na bliana óna liostú i leith, nó mar a shloinntear leis an gcaipiteal dílis sna blianta airgeadais nach bhfuil siad nó nach raibh siad liostaithe lena linn. Chun a áirithiú gur féidir le cuideachtaí nuabhunaithe atá ar an bhfód ar feadh níos lú ná 12 mhí an tairbhe chéanna a bhaint as an díolúine, is leor nach ndeachaigh siad thar an tairseach de EUR 1 billiún ó dháta a mbunaithe i leith.

(9)

Le Treoir 2014/65/AE, tugadh isteach ceanglais tuairiscithe d’ionaid trádála, d’inmheánaitheoirí córasacha agus d’ionaid forghníomhaithe eile maidir le conas a forghníomhaíodh orduithe ar na téarmaí ab fhabhraí don chliaint. Sna tuarascálacha teicniúla a tháinig as sin, tá cuid mhaith faisnéise cainníochtúla mionsonraithe faoin ionad forghníomhaithe, faoin ionstraim airgeadais, faoin bpraghas, faoi na costais agus faoin dóchúlacht go ndéanfar an forghníomhú. Is annamh a léitear iad, rud a léirítear leis an líon an-íseal cuairteanna ar shuíomhanna gréasáin ionad trádála, inmheánaitheoirí córasacha agus ionad forghníomhaithe eile. Ós rud é nach gcuireann siad ar chumas infheisteoirí agus úsáideoirí eile aon chomparáidí fiúntacha a dhéanamh ar bhonn na faisnéise atá iontu, ba cheart foilsiú na dtuarascálacha sin a chur ar fionraí go sealadach.

(10)

Chun cumarsáid idir gnólachtaí infheistíochta agus a gcliaint a éascú, agus, dá bhrí sin, an próiseas infheistíochta féin a éascú, níor cheart faisnéis infheistíochta a sholáthar ar pháipéar a thuilleadh, ach ba cheart, mar rogha réamhshocraithe, í a sholáthar go leictreonach. Ba cheart go mbeadh cliaint mhiondíola in ann a iarraidh, áfach, go soláthrófaí an fhaisnéis sin ar pháipéar.

(11)

Le Treoir 2014/65/AE, ceadaítear do dhaoine a bhíonn ag trádáil i ndíorthaigh tráchtearraí, nó i lamháltais astaíochtaí nó i ndíorthaigh díobh sin, ar bhonn gairmiúil, díolúine ón gceanglas údarú a fháil mar ghnólacht infheistíochta nuair a bhíonn a ngníomhaíocht trádála coimhdeach lena bpríomhghnó. Faoi láthair, tá ceanglas ar dhaoine atá ag cur isteach ar an díolúine gníomhaíochta coimhdí a chur in iúl go bliantúil don údarás inniúil ábhartha go mbaineann siad úsáid as an díolúine sin agus na heilimintí is gá a sholáthar chun an dá thástáil chainníochtúla lena gcinntear cé acu atá nó nach bhfuil a ngníomhaíocht trádála coimhdeach lena bpríomhghnó a chomhlíonadh. Sa chéad triail, cuirtear méid gníomhaíochta trádála amhantraí eintitis i gcomparáid leis an ngníomhaíocht trádála iomlán san Aontas ar bhonn aicme na sócmhainne. Sa dara tástáil, cuirtear méid na gníomhaíochta trádála amhantraí, agus na haicmí sócmhainne go léir san áireamh, i gcomparáid leis an ngníomhaíocht trádála iomlán in ionstraimí airgeadais ag an eintiteas ar leibhéal an ghrúpa. Tá bealach eile ann chun an dara tástáil a dhéanamh, is é sin comparáid a dhéanamh idir an caipiteal a mheastar a úsáideadh sa ghníomhaíocht trádála amhantraí agus an méid iarbhír caipitil a úsáideadh ar leibhéal an ghrúpa sa phríomhghnó. Chun a chinneadh cén uair a mheastar gur gníomhaíocht choimhdeach í gníomhaíocht, ba cheart a údarú d’údaráis inniula iontaoibh a thabhairt le teaglaim de ghnéithe cainníochtúla agus cáilíochtúla, faoi réir coinníollacha arna sainiú go soiléir. Ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún treoir a sholathar maidir leis na himthosca faoinar féidir le húdaráis náisiúnta cur chuige a chur i bhfeidhm ina gcomhcheanglaítear critéir tairsí cainníochtúla agus cáilíochtúla, chomh maith le gníomh tarmligthe a fhorbairt maidir leis na critéir. Is iad na daoine atá incháilithe don díolúine ó ghníomhaíochtaí coimhdeacha, lena n-airítear cruthaitheoirí margaidh, ná iadsan atá ag déileáil ar a gcuntas féin nó iadsan atá ag soláthar seirbhísí infheistíochta in áit a bheith déileáil ar a gcuntas féin i ndíorthaigh tráchtearraí nó i lamháltais astaíochta nó i ndíorthaigh díobh do chustaiméirí nó sholáthraithe a bpríomhghnó. Ba cheart an díolúine a bheith ar fáil i gcás gach ceann de na cásanna sin ina n-aonar agus ar bhonn comhiomlán i gcás ina bhfuil an ghníomhaíocht coimhdeach lena bpríomhghnó, nuair a bhreithnítear ar bhonn grúpa iad. Níor cheart an díolúine ó ghníomhaíochtaí coimhdeacha a bheith ar fáil do dhaoine a chuireann teicníc um thrádáil algartamach ardmhinicíochta i bhfeidhm nó atá páirteach i ngrúpa arb é a phríomhghnó seirbhísí infheistíochta nó gníomhaíochtaí baincéireachta a sholáthar, nó gníomhú mar chruthaitheoir margaidh i ndáil le díorthaigh tráchtearraí.

(12)

Faoi láthair, caithfidh údaráis inniúla teorainneacha a shocrú agus a chur i bhfeidhm ar mhéid glansuímh is féidir le duine a shealbhú i gcónaí i ndíorthaigh tráchtearraí arna dtrádáil ar ionaid trádála agus i gconarthaí thar an gcuntar atá coibhéiseach go heacnamaíoch (EEOTC). Ós rud é gur léir go bhfuil an córas teorann suímh neamhfhabhrach d’fhorbairt margaí tráchtearraí nua, ba cheart margaí tráchtearraí nuaghinte a eisiamh ón gcóras teorann suímh. Ina ionad sin, níor cheart feidhm a bheith ag na teorainneacha suímh ach amháin maidir le díorthaigh tráchtearraí arna dtrádáil ar ionaid trádála a mheastar a bheith ina ndíorthaigh chriticiúla nó shuntasacha agus maidir lena gconarthaí EEOTC. Is díorthaigh chriticiúla nó shuntasacha iad díorthaigh tráchtearraí lena mbaineann leas oscailte de 300 000 luchtóg ar a laghad in imeacht tréimhse bliana. Ós rud é go bhfuil fíorthábhacht ag baint le tráchtearraí talmhaíochta do shaoránaigh, leanfaidh díorthaigh tráchtearraí talmhaíochta agus a gconarthaí EEOTC de bheith faoin gcóras teorann suímh atá ann faoi láthair.

(13)

Le Treoir 2014/65/AE, ní cheadaítear díolúintí fálaithe le haghaidh aon eintiteas airgeadais. Maidir le roinnt grúpaí a bhaineann go príomha leis an tráchtáil agus a chuir eintiteas airgeadais ar bun le haghaidh a gcríoch trádála, is é an cás é nárbh fhéidir lena n-eintiteas airgeadais an trádáil ar fad a dhéanamh ar son an ghrúpa, ós rud é nach raibh an t-eintiteas airgeadais incháilithe don díolúine fálaithe. Dá bhrí sin, ba cheart díolúine fálaithe chúngshainithe le haghaidh eintitis airgeadais a thabhairt isteach. Ba cheart an díolúine fálaithe sin a bheith ar fáil i gcás, laistigh de ghrúpa a bhaineann go príomha leis an tráchtáil, inar cláraíodh duine mar ghnólacht infheistíochta agus ina mbíonn sé ag trádáil thar ceann an ghrúpa tráchtála. Chun an díolúine fálaithe a theorannú do na heintitis airgeadais sin a bhíonn ag trádáil ar son eintitis neamh-airgeadais i ngrúpa a bhaineann go príomha leis an tráchtáil, níor cheart feidhm a bheith ag an díolúine sin ach amháin maidir leis na suíomhanna atá ag eintiteas airgeadais den sórt sin is féidir a thomhas go hoibiachtúil mar shuíomhanna a laghdaíonn rioscaí a bhaineann go díreach le gníomhaíochtaí tráchtála de chuid eintitis neamh-airgeadais an ghrúpa.

(14)

Fiú i gcás conarthaí leachtacha, níl ach líon teoranta rannpháirtithe sa mhargadh a ghníomhaíonn go hiondúil mar chruthaitheoirí margaidh i margaí tráchtearraí. Nuair nach mór do na rannpháirtithe sin sa mhargadh teorainneacha suímh a chur i bhfeidhm, ní féidir leo a bheith chomh héifeachtach céanna le cruthaitheoirí margaidh. Dá bhrí sin, ba cheart díolúine ón gcóras teorann suímh a thabhairt isteach do chontrapháirtithe airgeadais agus do chontrapháirtithe neamh-airgeadais i gcás suíomhanna a thagann as idirbhearta a dhéantar chun oibleagáidí chun leachtacht a sholáthar a chomhlíonadh.

(15)

Tá na leasuithe a mhéid a bhaineann leis an gcóras teorann suímh ceaptha chun tacú le forbairt conarthaí nua fuinnimh, agus níl sé mar aidhm acu an córas le haghaidh díorthaigh tráchtearraí talmhaíochta a mhaolú.

(16)

Ina theannta sin, leis an gcóras teorann suímh atá ann faoi láthair, ní thugtar aitheantas do shaintréithe uathúla díorthach urrúsaithe. Is urrúis inaistrithe de réir bhrí phointe (c) de phointe 44 d’Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE iad díorthaigh urrúsaithe. Saintréith de mhargadh na ndíorthach urrúsaithe is ea líon mór eisiúintí éagsúla, gach ceann acu cláraithe leis an taisclann lárnach urrús maidir le méid sonrach, agus leanann aon mhéadú féideartha nós imeachta sonrach arna fhormheas go cuí ag an údarás inniúil ábhartha. Tá codarsnacht idir é sin agus conarthaí díorthach tráchtearraí, a bhféadfadh méid an leasa oscailte, agus, dá bhrí sin, méid an tsuímh, a bheith neamhtheoranta ina leith. Tráth na heisiúna, bíonn 100 % den eisiúint i seilbh an eisitheora nó an idirghabhálaí atá i gceannas ar dháileadh na heisiúna, rud a chuireann i gcoinne cur i bhfeidhm an chórais teorann suímh féin. Sa bhreis air sin, bíonn formhór na ndíorthach urrúsaithe i seilbh líon mór infheisteoirí miondíola ar deireadh, rud nach mbaineann an riosca céanna leis maidir le mí-úsáid ceannasachta a tharlú ná do choinníollacha praghsála agus socraíochta ordúla is a bhaineann le conarthaí díorthach tráchtearraí. Thairis sin, níl coincheap na spotmhíosa agus na míonna eile, a bhfuil teorainneacha suímh le socrú ina leith faoi Airteagal 57(3) de Threoir 2014/65/AE, infheidhme maidir le díorthaigh urrúsaithe. Ba cheart díorthaigh urrúsaithe a eisiamh ó chur i bhfeidhm teorainneacha suímh agus ceanglas tuairiscithe.

(17)

Ó tháinig Treoir 2014/65/AE i bhfeidhm, níor sainaithníodh aon chonarthaí díorthach tráchtearraí céanna. Mar gheall ar choincheap arb é an díorthach tráchtearraí céanna sa Treoir sin, tá an mhodheolaíocht ríofa le haghaidh teorainn suímh na míonna eile a chinneadh díobhálach don ionad trádála ag a bhfuil an margadh beagleachtach, agus ionaid trádála in iomaíocht maidir le díorthaigh tráchtearraí atá bunaithe ar an mbunús céanna agus a bhfuil na saintréithe céanna acu. Dá bhrí sin, ba cheart an tagairt do “conradh céanna” i dTreoir 2014/65/AE a scriosadh. Ba cheart na húdaráis inniúla a bheith in ann a chomhaontú go bhfuil na díorthaigh tráchtearraí a thrádáiltear ar a n-ionaid trádála féin faoi seach bunaithe ar an mbunús céanna agus go bhfuil na saintréithe céanna acu, agus sa chás sin, ba cheart don údarás inniúil lárnach, de réir bhrí na chéad fhomhíre d’Airteagal 57(6) de Threoir 2014/65/AE, an teorainn suímh a shocrú.

(18)

Tá difríochtaí móra ann maidir leis an gcaoi a ndéanann ionaid trádála suíomhanna a bhainistiú san Aontas. Dá bhrí sin, ba cheart rialuithe ar bhainistiú suímh a threisiú i gcás inar gá.

(19)

Chun a áirithiú go ndéanfar forbairt bhreise ar mhargaí tráchtearraí atá ainmnithe in euro san Aontas, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil leis an méid seo a leanas ar fad: an nós imeachta trínar féidir le daoine iarratas a dhéanamh ar dhíolúine do shuíomhanna a thagann ó idirbhearta arna ndéanamh chun oibleagaidí maidir le leachtacht a sholáthar a chomhlíonadh; an nós imeachta trínar féidir le heintiteas neamhairgeadais atá mar chuid de ghrúpa a bhaineann go príomha leis an tráchtáil iarratas a dhéanamh ar dhíolúine fálaithe le haghaidh suíomhanna a shealbhaíonn an t-eintiteas airgeadais sin atá intomhaiste go hoibiachtúil mar shuíomhanna a laghdaíonn rioscaí a bhaineann go díreach le gníomhaíochtaí tráchtála na n-eintiteas neamhairgeadais den ghrúpa a bhaineann go príomha leis an tráchtáil; inneachar rialuithe bainistíochta suímh a shoiléiriú; agus critéir a fhorbairt chun a chinneadh cén uair a mheasfar go bhfuil gníomhaíocht coimhdeach leis an bpríomhghnó ar leibhéal an ghrúpa. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (5). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna le saineolaithe na mBallstát, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(20)

Is í Scéim AE i ndáil le Trádáil Astaíochtaí (ETS) beartas suaitheanta an Aontais chun dícharbónú an gheilleagair a bhaint amach i gcomhréir leis an gComhaontú Glas don Eoraip. Tá an trádáil i lamháltais astaíochtaí agus an trádáil i ndíorthaigh díobh faoi réir Threoir 2014/65/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) agus is gné thábhachtach de mhargadh carbóin an Aontais í an trádáil sin. Leis an díolúine ó ghníomhaíocht choimhdeach faoi Threoir 2014/65/AE, cuirtear ar chumas rannpháirtithe áirithe sa mhargadh a bheith gníomhach i margaí lamháltas astaíochtaí gan a bheith orthu a bheith údaraithe mar ghnólachtaí infheistíochta, ar choinníoll go gcomhlíontar coinníollacha áirithe. I bhfianaise a thábhachtaí atá margaí airgeadais ordúla, dea-rialáilte agus maoirsithe, i bhfianaise an róil nach beag atá ag ETS maidir le cuspóirí inbhuanaitheachta an Aontais a bhaint amach, agus i bhfianaise an róil atá ag margadh tánaisteach dea-fheidhmiúil i lamháltais astaíochtaí i ndáil le tacú le feidhmiú ETS, tá sé bunriachtanach go gceapfaí an díolúine ó ghníomhaíocht choimhdeach go hiomchuí chun rannchuidiú leis na cuspóirí sin. Tá sé sin ábhartha go háirithe nuair a dhéantar an trádáil in lamháltas astaíochtaí in ionaid trádála tríú tír. Chun a áirithiú go gcosnófar cobhsaíocht airgeadais, sláine margaidh, cosaint infheisteoirí agus cothrom iomaíochta an Aontais, agus chun a áirithiú go leanfaidh ETS de bheith ag feidhmiú ar bhealach trédhearcach agus láidir chun laghdú astaíochtaí costéifeachtach a áirithiú, ba cheart don Choimisiún faireachán a dhéanamh ar fhorbairt tuilleadh na trádála i lamháltais astaíochtaí agus díorthaigh díobh san Aontas agus i dtríú tíortha, ba cheart dó measúnú a dhéanamh ar thionchar na díolúine ó ghníomhaíochtaí coimhdeacha ar ETS agus, i gcás inar gá, ba cheart dó aon leasú iomchuí a mholadh maidir le raon feidhme agus cur i bhfeidhm na díolúine ó ghníomhaíochtaí coimhdeacha.

(21)

Chun soiléireacht dhlíthiúil bhreise a sholáthar, chun ualach riaracháin neamhriachtanach ar na Ballstáit a sheachaint agus chun creat dlíthiúil aonfhoirmeach a áirithiú do ghnólachtaí infheistíochta, a thiocfaidh faoi raon feidhme Threoir (AE) 2019/2034 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) amhail ón 26 Meitheamh 2021, is iomchuí go gcuirfí siar dáta thrasuí Threoir (AE) 2019/878 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) a mhéid a bhaineann leis na bearta is infheidhme maidir le gnólachtaí infheistíochta. Chun a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm go comhsheasmhach an creat dlíthiúil is infheidhme maidir le gnólachtaí infheistíochta a leagtar amach in Airteagal 67 de Threoir (AE) 2019/2034, ba cheart, dá bhrí sin, an spriocdháta trasuímh le haghaidh Treoir (AE) 2019/878 maidir le gnólachtaí infheistíochta a fhadú go dtí an 26 Meitheamh 2021.

(22)

Chun a áirithiú go mbainfear amach na cuspóirí a shaothraítear leis na leasuithe ar Threoracha 2013/36/AE (9) agus (AE) 2019/878, agus go háirithe chun go seachnófar aon éifeachtaí suaiteacha a bheith ann ar na Ballstáit, is iomchuí a fhoráil go dtiocfaidh na leasuithe sin chun bheith infheidhme amhail ón 28 Nollaig 2020. Cé go bhforáiltear do chur i bhfeidhm cúlghabhálach na leasuithe, urramaítear ionchais dhlisteanacha na ndaoine lena mbaineann mar sin féin toisc nach ndéanann na leasuithe cúngracht ar chearta agus oibleagáidí oibreoirí eacnamaíocha ná ar chearta agus oibleagaidí daoine aonair.

(23)

Ba cheart, dá bhrí sin, Treoracha 2013/36/AE, 2014/65/AE agus (AE) 2019/878 a leasú dá réir.

(24)

Is é is aidhm don Treoir leasaitheach seo dlí an Aontais atá ann cheana a fhorlíonadh agus, dá bhrí sin, is fearr is féidir a cuspóir a ghnóthú ar leibhéal an Aontais seachas trí thionscnaimh náisiúnta éagsúla. Is margaí trasteorann iad margaí airgeadais agus tá an tréith sin ag dul i méid i rith an ama. Mar gheall ar an lánpháirtiú sin, is lú éifeachtúlacht a bheadh ag roinnt le hidirghabháil náisiúnta ar leithlis agus dhéanfaí margaí a ilroinnt dá bharr, agus tharlódh arbatráiste rialála agus saobhadh ar iomaíocht mar thoradh air sin.

(25)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir na Treorach seo, eadhon an dlí de chuid an Aontais atá ann cheana lena n-áirithítear ceanglais aonfhoirmeacha agus iomchuí a bhfuil feidhm acu maidir le gnólachtaí infheistíochta ar fud an Aontais a bheachtú, a ghnóthú go leordhóthanach ach, de bharr a fhairsinge agus a éifeachtaí, gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(26)

I gcomhréir le Dearbhú Comhpháirteach Polaitiúil an 28 Meán Fómhair 2011 ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún maidir le doiciméid mhíniúcháin (10), ghlac na Ballstáit mar chúram orthu féin, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, doiciméad amháin nó níos mó a chur leis an bhfógra maidir lena mbearta trasuite, ar doiciméid iad lena mínítear an caidreamh idir na codanna de threoir agus páirteanna comhfhreagracha ionstraimí náisiúnta trasuite. I ndáil leis an Treoir seo, measann an reachtóir go bhfuil údar cuí le doiciméid den sórt sin a tharchur.

(27)

I bhfianaise an ghá le bearta spriocdhírithe a thabhairt isteach chun tacú le téarnamh eacnamaíoch ó ghéarchéim COVID-19 chomh tapa agus is féidir, ba cheart go dtiocfadh an Treoir seo i bhfeidhm mar ábhar práinne an lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Threoir 2014/65/AE

Leasaítear Treoir 2014/65/AE mar a leanas:

(1)

Leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:

(a)

i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (j):

“(j)

daoine:

(i)

a dhéileálann ar a gcuntas féin, lena n-áirítear cruthaitheoirí margaidh, i ndíorthaigh tráchtearraí nó i lamháltais astaíochtaí nó i ndíorthaigh díobh, seachas daoine a dhéileálann ar a gcuntas féin agus orduithe cliaint á bhforghníomhú acu; nó

(ii)

a sholáthraíonn seirbhísí infheistíochta, seachas a bheith ag déileáil ar a gcuntas féin, i ndíorthaigh tráchtearraí nó i lamháltais astaíochtaí nó i ndíorthaigh díobh do chustaiméirí nó soláthraithe a bpríomhghnó;

ar choinníoll:

i gcás gach ceann de na cásanna sin ina n-aonar agus ar bhonn comhiomlán, go bhfuil an ghníomhaíocht coimhdeach lena bpríomhghnó, nuair a bhreithnítear ar bhonn grúpa iad;

nach cuid de ghrúpa iad na daoine sin arb é a phríomhghnó seirbhísí infheistíochta a sholáthar de réir bhrí na Treorach seo, feidhmiú aon ghníomhaíochta a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2013/36/AE, nó a bheith ag gníomhú mar chruthaitheoir margaidh i ndáil le díorthaigh tráchtearraí;

–nach gcuireann na daoine sin teicníc trádála algartamaí ardmhinicíochta i bhfeidhm; agus

go dtuairisceoidh na daoine sin, arna iarraidh sin, don údarás inniúil an bonn ar a ndearna siad measúnú go bhfuil a ngníomhaíocht faoi phointí (i) agus (ii) coimhdeach lena bpríomhghnó”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

“4.   Faoin 31 Iúil 2021, déanfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 89 chun an Treoir seo a fhorlíonadh trí shonrú a dhéanamh, chun críche phointe (j) de mhír 1 den Airteagal seo, ar na critéir lena gcinntear cathain a mheasfar gníomhaíocht a bheith coimhdeach leis an bpríomhghnó ar leibhéal an ghrúpa.

Leis na critéir sin, cuirfear na heilimintí seo a leanas san áireamh:

(a)

cibé an bhfuil an neamhchosaint bharúlach ghlan gan íoc i ndíorthaigh tráchtearraí nó lamháltais astaíochtaí nó díorthaigh díobh le haghaidh socraíocht airgid thirim a thrádáiltear san Aontas, cé is moite de dhíorthaigh tráchtearraí nó lamháltais astaíochtaí nó díorthaigh díobh a thrádáiltear ar ionad trádála, faoi bhun tairseach bhliantúil de EUR 3 bhilliún; nó

(b)

cibé an leithdháiltear an caipiteal arna úsáid ag an ngrúpa lena mbaineann an duine ar phríomhghnó an ghrúpa go príomhá; nó

(c)

cibé acu a théann nó nach dtéann méid na ngníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (j) de mhír 1 thar mhéid iomlán na ngníomhaíochtaí trádála eile ar leibhéal an ghrúpa.

Déanfar na gníomhaíochtaí dá dtagraítear sa mhír seo a mheas ar leibhéal an ghrúpa.

Leis na heilimintí dá dtagraítear sa dara fomhír den mhír seo, eisiafar na nithe seo a leanas:

(a)

idirbhearta inghrúpa amhail dá dtagraítear in Airteagal 3 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 a úsáidtear chun críocha bainistithe leachtaithe nó riosca ar fud an ghrúpa;

(b)

idirbhearta i ndíorthaigh tráchtearraí nó lamháltais astaíochtaí nó díorthaigh díobh ar féidir iad a thomhas go hoibiachtúil mar idirbhearta lena laghdaítear rioscaí a bhaineann go díreach le gníomhaíocht tráchtála nó le gníomhaíocht um maoiniú cisteáin;

(c)

idirbhearta i ndíorthaigh tráchtearraí nó lamháltais astaíochtaí nó díorthaigh díobh a rinneadh chun oibleagáidí i dtaobh leachtacht a sholáthar ar ionad trádála a chomhlíonadh, i gcás ina n-éilíonn údaráis rialála na hoibleagáidí sin i gcomhréir le dlí an Aontais nó le dlíthe, rialacháin agus forálacha riaracháin náisiúnta, nó ina n-éilíonn ionaid tradála iad.”;

(2)

Leasaítear Airteagal 4(1) mar a leanas:

(a)

cuirtear isteach an pointe seo a leanas:

“(8a)

ciallaíonn “aistriú ionstraimí airgeadais” ionstraim airgeadais a dhíol agus ionstraim airgeadais eile a cheannach nó ceart a fheidhmiú chun athrú a dhéanamh i ndáil le hionstraim airgeadais atá ann cheana;”;

(b)

cuirtear isteach an pointe seo a leanas:

“(44a)

ciallaíonn “clásal déanta-iomlán” clásal arb é is aidhm dó an t-infheisteoir a chosaint trína áirithiú, i gcás ina ndéanfar banna a fhuascailt go luath, go gceanglófar ar an eisitheoir méid atá cothrom le suim ghlanluach reatha na n-íocaíochtaí cúpóin iarmhair lena bhfuiltear ag dréim go dtí tráth na haibíochta agus príomhshuim an bhanna atá le fuascailt a íoc leis an infheisteoir a shealbhaíonn an banna;”;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (59):

‘(59)

ciallaíonn ‘díorthaigh tráchtála talmhaíochta’ conarthaí díorthacha a bhaineann le táirgí a liostaítear in Airteagal 1 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1), agus in Iarscríbhinn I, Codanna I go XX agus XXIV/1, a ghabhann leis, mar aon le táirgí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2);

(*1)  Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 671)."

(*2)  Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le comheagrú na margaí i dtáirgí iascaigh agus dobharshaothraithe, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1184/2006 agus (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 104/2000 ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 1). ’;"

(d)

cuirtear isteach an pointe seo a leanas:

“(62a)

ciallaíonn ‘formáid leictreonach’ aon mheán marthanach seachas páipéar;”;

(e)

cuirtear an pointe seo a leanas leis:

“(65)

ciallaíonn ‘grúpa a bhaineann go príomha leis an tráchtáil’ aon ghrúpa nach bhfuil soláthar seirbhísí infheistíochta de réir bhrí na Treorach seo, ná feidhmiú aon ghníomhaíochta a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2013/36/AE, mar phríomhghnó aige, nó a ghníomhaíonn mar chruthaitheoir margaidh i ndáil le gníomhaíochtaí tráchtearraí.”;

(3)

cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 16a

Díolúintí ó cheanglais rialachais táirgí

Díolmhófar gnólacht infheistíochta ó na ceanglais a leagtar amach sa dara fomhír go dtí an cúigiú fomhír d’Airteagal 16(3) agus in Airteagal 24(2), i gcás ina mbaineann an tseirbhís infheistíochta a sholáthraíonn sé le bannaí nach bhfuil aon díorthach leabaithe eile acu seachas clásal déanta-iomlán nó i gcás ina gcuirtear na hionstraimí airgeadais ar an margadh nó ina ndáiltear iad go heisiach ar chontrapháirtithe incháilithe.”;

(4)

Leasaítear Airteagal 24 mar a leanas:

(a)

i mír 4, cuirtear na fomhíreanna seo a leanas léi:

“I gcás ina dtabharfar an comhaontú chun ionstraim airgeadais a cheannach nó a dhíol i gcrích trí úsáid a bhaint as modhanna cianchumarsáide lena gcuirtear cosc ar an bhfaisnéis maidir le costais agus muirir a sheachadadh roimh ré, féadfaidh an gnólacht infheistíochta an fhaisnéis maidir le costais agus muirir a sholáthar i bhformáid leictreonach nó ar pháipéar, arna iarraidh sin ag cliant miondíola, gan moill mhíchuí, tar éis an t-idirbheart a thabhairt chun críche, ar choinníoll go gcomhlíontar an dá choinníoll seo a leanas:

(i)

gur thug an gnólacht infheistíochta an rogha don chliant moill a chur ar thabhairt i gcrích an idirbhirt go dtí go bhfuil an fhaisnéis faighte ag an gcliant;

(ii)

gur thoiligh an cliant an fhaisnéis a fháil gan moill mhíchuí tar éis an t-idirbheart a thabhairt i gcrích.

Sa bhreis ar cheanglais an tríú fomhír, ceanglófar ar an ngnólacht infheistíochta an rogha a thabhairt don chliant an fhaisnéis maidir le costais agus muirir a fháil ar an bhfón sula dtabharfar an t-idirbheart i gcrích.”;

(b)

cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

“5a.   Soláthróidh gnólachtaí infheistíochta an fhaisnéis uile a cheanglaítear a sholáthar faoin Treoir seo do chliaint nó do chliaint fhéideartha i bhformáid leictreonach, seachas i gcás inar cliant miondíola nó cliant miondíola féideartha é an cliaint nó na cliaint fhéideartha a d’iarr an fhaisnéis a fháil ar pháipéar, agus sa chás sin soláthrófar an fhaisnéis ar pháipéar, saor in aisce.

Cuirfidh gnólachtaí infheistíochta in iúl do chliaint mhiondíola nó chliaint mhiondíola fhéideartha go bhfuil an rogha acu an fhaisnéis a fháil ar pháipéar.

Cuirfidh gnólachtaí infheistíochta in iúl do chliaint mhiondíola atá ann cheana a fhaigheann an fhaisnéis a cheanglaítear a sholáthar leis an Treoir seo ar pháipéar go bhfaighidh siad an fhaisnéis sin i bhformáid leictreonach 8 seachtaine ar a laghad roimh an fhaisnéis sin a sheoladh i bhformáid leictreonach. Cuirfidh gnólachtaí infheistíochta in iúl do na cliaint mhiondíola sin atá ann cheana go bhfuil rogha acu leanúint d’fhaisnéis a fháil ar pháipéar nó athrú go faisnéis a fháil i bhformáid leictreonach. Cuirfidh gnólachtaí infheistíochta in iúl do chliaint mhiondíola atá ann cheana freisin go ndéanfar athrú uathoibríoch chuig an bhformáid leictreonach mura n-iarrann siad go leanfar d’fhaisnéis a sholáthar ar pháipéar laistigh den tréimhse 8 seachtaine sin. Cliaint mhiondíola atá ann cheana a fhaigheann an fhaisnéis a cheanglaítear a sholáthar leis an Treoir seo i bhformáid leictreonach cheana, ní gá iad a chur ar an eolas faoin méid sin.”;

(c)

cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

“9a.   Áiritheoidh na Ballstáit go measfar go ndéanann soláthar taighde ag tríú páirtithe do ghnólachtaí infheistíochta a sholathraíonn bainistiú punainne nó seirbhísí infheistíocha nó coimhdeacha eile na hoibleagáidí faoi mhír 1 a chomhlíonadh más rud é:

(a)

sula soláthrófar na seirbhísí forghníomhaithe nó taighde, go ndéanfar comhaontú idir an gnólacht infheistíochta agus an soláthraí taighde lena sainaithneofar an chuid d’aon mhuirir chomhcheangailte nó íocaíochtaí comhpháirteacha as seirbhísí forghníomhaithe agus taighde atá inchurtha i leith taighde;

(b)

go gcuirfidh an gnólacht infheistíochta a gcliaint ar an eolas maidir leis na híocaíochtaí comhpháirteacha as seirbhísí forghníomhaithe agus taighde arna ndéanamh leis na soláthraithe tríú páirtí taighde; agus

(c)

gur le heisitheoirí nach ndeachaigh a gcaipitliú margaidh thar EUR 1 billiún le linn na tréimhse 36 mhí roimh sholáthar an taighde a bhaineann an taighde ar ina leith a dhéanfar na muirir chomhcheangailte nó an íocaíocht chomhpháirteach, mar a shloinntear le luachanna dheireadh na bliana do na blianta nach bhfuil nó raibh siad liostaithe lena linn nó leis an gcaipiteal dílis sna blianta airgeadais nach bhfuil nó raibh siad liostaithe lena linn.

Chun críche an Airteagail seo, tuigfear go gcumhdaítear le hábhar taighde nó seirbhísí taighde a bhaineann le hionstraim airgeadais amháin nó roinnt ionstraimí airgeadais nó sócmhainní eile, nó eisitheoirí nó eisitheoirí ionchasacha ionstraimí airgeadais, nó go gcumhdaítear leis ábhar nó seirbhísí taighde a bhfuil dlúthbhaint acu le tionscal nó margadh ar leith sa chaoi go bhfuil sé ina bhonn le dearcthaí i leith ionstraimí airgeadais, sócmhainní nó eisitheoirí sa tionscal sin nó sa mhargadh sin.

Is éard a bheidh i dtaighde freisin ná ábhar nó seirbhísí lena moltar straitéis infheistíochta go sainráite nó go hintuigthe agus lena dtugtar tuairim chuí-réasúnaithe ar luach nó praghas reatha nó todhchaíoch ionstraimí nó sócmhainní airgeadais, nó ina bhfuil anailís agus léargas úrnua ar shlí eile agus ina dtagtar ar chonclúidí bunaithe ar fhaisnéis nua nó ar fhaisnéis atá ann cheana a d’fhéadfaí a úsáid chun faisnéis a chur ar fáil ar mhaithe le straitéis infheistíochta agus chun bheith ábhartha agus in ann luach a chur le cinntí an ghnólachta infheistíochta thar ceann na gcliant a mhuirearaítear as an taighde sin.”;

(5)

in Airteagal 25(2), cuirtear an fhomhír seo a leanas leis:

“Agus comhairle infheistíochta nó bainistiú punainne lena mbaineann aistriú ionstraimí airgeadais á soláthar acu, gheobhaidh gnólachtaí infheistíochta an fhaisnéis is gá maidir le hinfheistíocht an chliaint agus déanfaidh siad anailís ar na costais agus na tairbhí a bhaineann le haistriú ionstraimí airgeadais. Agus comhairle infheistíochta á soláthar acu, cuirfidh gnólachtaí infheistíochta an cliant ar an eolas faoi cé acu atá nó nach bhfuil na tairbhí a bhaineann leis an aistriú ionstraimí airgeadais níos mó ná na costais a bhaineann leis an aistriú sin.”;

(6)

in Airteagal 27(3), cuirtear isteach an fhomhír seo a leanas:

“Ní bheidh feidhm ag an gceanglas um thuairisciú tréimhsiúil don phobal a leagtar síos sa mhír seo go dtí 28 Feabhra 2023. Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú cuimsitheach ar leormhaitheas na gceanglas um thuairisciú a leagtar síos sa mhír seo agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoin 28 Feabhra 2022.”;

(7)

in Airteagal 27(6), cuirtear an fhomhír seo a leanas leis:

“Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú cuimsitheach ar leormhaitheas na gceanglas um thuairisciú tréimshiúil a leagtar síos sa mhír seo agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoin 28 Feabhra 2022.”;

(8)

cuirtear isteach an t-airteagal seo a leanas:

“Airteagal 29a

Seirbhísí a sholáthraítear do chliaint ghairmiúla

1.   Ní bheidh feidhm ag na ceanglais a leagtar síos i bpointe (c) d’Airteagal 24(4) maidir le seirbhísí a sholáthraítear do chliaint ghairmiúla, seachas maidir le comhairle infheistíochta agus bainistiú punainne.

2.   Ní bheidh feidhm ag na ceanglais a leagtar síos sa tríú fomhír d’Airteagal 25(2) agus in Airteagal 25(6) maidir le seirbhísí a sholáthraítear do chliaint ghairmiúla, mura rud é go gcuirfidh na cliaint sin in iúl don ghnólacht infheistíochta i bhformáid leictreonach nó ar phaipéar gur mian leo leas a bhaint as na cearta dá bhforáiltear sna forálacha sin.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit go gcoinneoidh gnólachtaí infheistíochta taifead ar na teachtaireachtaí cliant dá dtagraítear i mír 2.”;

(9)

in Airteagal 30(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

“1.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh ag gnólachtaí infheistíochta atá údaraithe chun orduithe a fhorghníomhú thar ceann cliant, agus/nó chun déileáil ar a gcuntas féin, agus/nó chun orduithe a fháil agus a tharchur, deis chun idirbhearta a chruthú nó a dhéanamh le contrapháirtithe incháilithe gan oibleagáid a bheith orthu Airteagal 24, seachas mír 5a de, Airteagal 25, Airteagal 27 ná Airteagal 28(1) a chomhlíonadh, i leith na n-idirbheart sin nó i leith aon seirbhíse coimhdí a bhaineann go díreach leis na hidirbhearta sin.”;

(10)

Leasaítear Airteagal 57 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh údaráis inniúla, i gcomhréir leis an modheolaíocht ríofa a chinnfidh ESMA sna caighdeáin theicniúla rialála arna nglacadh i gcomhréir le mír 3, teorainneacha a shocrú agus a chur i bhfeidhm maidir le méid glansuímh is féidir le duine a shealbhú i gcónaí i ndíorthaigh tráchtearraí talmhaíochta agus i ndíorthaigh tráchtearraí chriticiúla nó suntasacha a thrádáiltear ar ionaid trádála, agus i gconarthaí thar an gcuntar atá coibhéiseach go heacnamaíoch. Measfar díorthaigh trachtála a bheith criticiúil nó suntasach i gcás inarb ionann suim ghlansuíomhanna uile na sealbhóirí suíomhanna deiridh agus méid a leasa oscailte agus go bhfuil sé cothrom le 300 000 beart ar an meán ar a laghad thar thréimhse bliana. Socrófar na teorainneacha ar bhonn na suíomhanna go léir atá i seilbh duine agus iadsan a shealbhaítear thar a cheann nó thar a ceann ar leibhéal grúpa comhiomlán chun na nithe seo a leanas a dhéanamh:

(a)

drochúsáid mhargaidh a chosc;

(b)

tacú le coinní praghsála agus socraíochta ordúla, lena n-áirítear suíomhanna saofa margaidh a chosc, agus a áirithiú, go háirithe, go mbeidh cóineasú ann idir praghsanna díorthach sa mhí seachadta agus spotphraghsanna don tráchtearra foluiteach, gan dochar d’fhionnachtain praghsanna ar an margadh don thráchtearra foluiteach.

Ní bheidh feidhm ag na teorainneacha suímh dá dtagraítear i mír 1 maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

suíomhanna arna sealbhú ag eintiteas neamhairgeadais, nó thar a cheann, agus atá intomhaiste go hoibiachtúil mar shuíomhanna lena laghdaítear rioscaí a bhaineann go díreach le gníomhaíocht tráchtála an eintitis neamhairgeadais sin;

(b)

suíomhanna arna sealbhú ag eintiteas neamhairgeadais, nó thar a cheann, atá mar bhall de ghrúpa a bhaineann go príomha leis an tráchtáil agus atá ag gníomhú thar ceann grúpa neamhairgeadais den ghrúpa a bhaineann go príomha leis an tráchtáil, i gcás ina bhfuil na suíomhanna sin intomhaiste go hoibiachtúil mar shuíomhanna lena laghdaítear rioscaí a bhaineann go díreach le gníomhaíocht tráchtála an eintitis neamhairgeadais sin;

(c)

suíomhanna arna sealbhú ag contrapháirtithe airgeadais agus neamhairgeadais, ar suíomhanna iad atá intomhaiste go hoibiachtúil mar shuíomhanna a eascraíonn as idirbhearta a rinneadh chun oibleagáidí i dtaobh leachtacht a sholáthar ar ionad trádála amhail dá dtagraítear i bpointe (c) den cheathrú fomhír d’Airteagal 2(4) a chomhlíonadh;

(d)

aon urrúis eile amhail dá dtagraítear i bpointe (c) de phointe (44) d’Airteagal 4(1) a bhaineann le tráchtearra nó bunús amhail dá dtagraítear i Roinn C.10 d’Iarscríbhinn I.

Déanfaidh ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt chun nós imeachta a chinneadh ar tríd a fhéadfaidh eintiteas neamhairgeadais atá mar chuid de ghrúpa a bhaineann go príomha leis an tráchtáil iarratas a dhéanamh ar dhíolúine fálaithe le haghaidh suíomhanna a shealbhaíonn an t-eintiteas airgeadais sin, ar suíomhanna iad atá intomhaiste go hoibiachtúil mar shuíomhanna lena laghdaítear rioscaí a bhaineann go díreach le gníomhaíochtaí tráchtála na n-eintiteas neamhairgeadais den ghrúpa.

Déanfaidh ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt chun nós imeachta a chinneadh lena leagfar amach conas a fhéadfaidh daoine iarratas a dhéanamh ar dhíolúine le haghaidh suíomhanna a eascraíonn as idirbhearta a rinneadh chun oibleagáidí i dtaobh leachtacht a sholáthar ar ionad trádála a chomhlíonadh.

Déanfaidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa tríú fomhír agus sa cheathrú fomhír a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 28 Samhain 2021.

Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Treoir seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa tríú fomhír agus sa cheathrú fomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3 agus mhír 4:

“3.   Déanfaidh ESMA liosta a tharraingt suas de dhíorthaigh tráchtearraí chriticiúla nó suntasacha dá dtagraítear i mír 1 agus dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt chun an mhodheolaíocht ríofa a chinneadh a bheidh le cur i bhfeidhm ag údaráis inniúla agus teorainneacha suímh spotmhíosa agus teorainneacha suímh de mhíonna eile á mbunú acu le haghaidh díorthaigh tráchtearraí a shocraítear go fisiciúil agus le hairgead tirim bunaithe ar shaintréithe an díorthaigh ábhartha lena mbaineann.

Agus liosta na ndíorthach tráchtearraí chriticiúla nó suntasacha dá dtagraítear sa chéad mhír á tharraingt suas aige, cuirfidh ESMA na tosca seo a leanas san áireamh:

(a)

an líon rannpháirtithe sa mhargadh;

(b)

an tráchtearra is bunús leis an díorthach lena mbaineann.

Agus an mhodheolaíocht ríofa dá dtagraítear sa chéad fhomhír á cinneadh aige, cuirfidh ESMA na tosca seo a leanas san áireamh:

(a)

an soláthar inseachadta sa tráchtearra foluiteach;

(b)

an leas oscailte foriomlán sa díorthach sin agus an leas oscailte foriomlán in ionstraimí airgeadais eile a bhfuil an tráchtearra foluiteach céanna acu;

(c)

líon agus méid na rannpháirtithe sa mhargadh;

(d)

saintréithe an mhargaidh tráchtearra fholuitigh, lena n-áirítear patrúin táirgthe, tomhaltais agus iompair chuig an margadh;

(e)

forbairt díorthach tráchtearraí nua;

(f)

taithí gnólachtaí infheistíochta nó oibreoirí margaidh a bhfuil ionad trádála á oibriú acu agus taithí dlínsí eile maidir leis na teorainneacha suímh.

Déanfaidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 28 Samhain 2021.

Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Treoir seo a fhorlíonadh trí na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

4.   Déanfaidh údarás inniúil teorainneacha suímh a shocrú le haghaidh díorthaigh criticiúla nó suntasacha agus le haghaidh díorthaigh tráchtearraí talmhaíochta, a thrádáiltear ar ionaid trádála, bunaithe ar an modheolaíocht ríofa arna leagan síos i gcaighdeáin theicniúla rialála arna nglacadh ag an gCoimisiún de bhun mhír 3. Áireofar sna teorainneacha suímh sin conarthaí thar an gcuntar atá coibhéiseach go heacnamaíoch.

Déanfaidh údarás inniúil athbhreithniú ar na teorainneacha suímh dá dtagraítear sa chéad fhomhír i gcás ina bhfuil athrú suntasach ar an margadh, lena n-áirítear athrú suntasach ar an soláthar inseachadta nó ar leas oscailte, bunaithe ar a chinneadh maidir leis an soláthar atá inseachadta agus maidir le leas oscailte, agus déanfaidh sé an teorainn suímh sin a athshocrú i gcomhréir leis an modheolaíocht ríofa a leagtar síos sna caighdeáin theicniúla rialála arna nglacadh ag an gCoimisiún de bhun mhír 3.”;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 6, 7 agus 8:

“6.   I gcás ina ndéantar díorthaigh tráchtearraí talmhaíochta atá bunaithe ar an mbunús céanna agus a bhfuil na saintréithe céanna acu a thrádáil i méideanna suntasacha ar ionaid trádála i níos mó ná dlínse amháin, nó i gcás ina ndéantar díorthaigh tráchtearraí chriticiúla nó suntasacha atá bunaithe ar an mbunús céanna agus a bhfuil na saintréithe céanna acu a thrádáil ar ionaid trádála i níos mó ná dlínse amháin, socróidh an t-údarás inniúil an ionaid trádála ina dtarlaíonn an méid trádála is mó (‘an t-údarás inniúil lárnach’) an teorainn suímh aonair a bheidh le cur i bhfeidhm maidir leis an trádáil ar fad a dhéantar sna díorthaigh sin. Rachaidh an t-údarás inniúil lárnach i gcomhairle le húdaráis inniúla ionad trádála eile ar a ndéantar na díorthaigh tráchtearraí talmhaíochta sin a thrádáil i méideanna suntasacha nó ar a ndéantar na díorthaigh tráchtearraí chriticiúla nó suntasacha sin a thrádáil, maidir leis an teorainn suímh aonair a bheidh le cur i bhfeidhm agus maidir le haon athbhreithniú ar an teorainn suímh aonair sin.

Na húdaráis inniúla nach n-aontaíonn go socróidh an t-údarás inniúil lárnach an teorainn suímh aonair, luafaidh siad i scríbhinn na cúiseanna iomlána agus mionsonraithe, dar leo, nár comhlíonadh na ceanglais a leagtar síos i mír 1. Réiteoidh ESMA aon díospóid a thiocfaidh as easaontú idir údaráis inniúla i gcomhréir lena chumhachtaí faoi Airteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Maidir le húdaráis inniúla na n-ionad trádála ina dtrádáiltear díorthaigh tráchtearraí talmhaíochta atá bunaithe ar an mbunús céanna agus a bhfuil na saintréithe céanna acu nó díorthaigh tráchtearraí chriticiúla nó suntasacha a thrádáiltear i méideanna suntasacha, agus maidir le húdaráis inniúla sealbhóirí suímh sna díorthaigh sin, déanfaidh siad socruithe comhair a chur i bhfeidhm, lena n-áireofar malartú sonraí ábhartha, chun faireachán agus forfheidhmiú na teorann suímh aonair a chumasú.

7.   Déanfaidh ESMA faireachán uair sa bhliain ar a laghad ar an tslí ar chuir na húdaráis inniúla na teorainneacha suímh, a leagadh síos i gcomhréir leis an modheolaíocht ríofa arna bunú ag ESMA faoi mhír 3, chun feidhme. Lena linn sin, áiritheoidh ESMA go mbeidh feidhm éifeachtach ag teorainn suímh aonair maidir leis na díorthaigh tráchtearraí talmhaíochta agus conarthaí criticiúla nó suntasacha atá bunaithe ar an mbunús céanna agus a bhfuil na saintréithe céanna acu gan beann ar an áit ina ndéantar iad a thrádáil i gcomhréir le mír 6.

8.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh gnólacht infheistíochta nó oibreoir margaidh a oibríonn ionad trádála a dhéanann díorthaigh tráchtearraí a thrádáil rialuithe ar bhainistiú suímh a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear cumhachtaí don ionad trádála chun na nithe seo a leanas a dhéanamh:

(a)

faireachán a dhéanamh ar shuíomhanna leasa oscailte na ndaoine;

(b)

faisnéis a fháil, lena n-áirítear an doiciméadacht ábhartha uile, ó dhaoine maidir le méid agus cuspóir suímh nó nochta a rinneadh, faisnéis maidir le húinéirí tairbhiúla nó foluiteacha, aon socruithe comhbheartaithe, agus aon sócmhainní nó dliteanais ghaolmhara sa mhargadh bunúsach, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, suíomhanna arna sealbhú i ndíorthaigh tráchtearraí atá bunaithe ar an mbunús céanna agus a bhfuil na saintréithe céanna acu ar ionaid trádála eile agus i gconarthaí thar an gcuntar atá coibhéiseach go heacnamaíoch trí chomhaltaí agus rannpháirtithe;

(c)

a iarraidh ar dhuine suíomh a fhoirceannadh nó a laghdú, ar bhonn sealadach nó buan, agus gníomh a dhéanamh go haontaobhach chun a áirithiú go ndéanfar an suíomh a fhoirceannadh nó a laghdú i gcás nach gcomhlíonann an duine an iarraidh sin; agus

(d)

ceangal a chur ar dhuine leachtacht a chur ar ais sa mhargadh ar phraghas agus ar mhéid comhaontaithe, ar bhonn sealadach, leis an rún sainráite maolú a dhéanamh ar na héifeachtaí a bhaineann le suíomh mór nó ceannasach.

Déanfaidh ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt chun inneachar rialuithe ar bhainistiú suímh a shonrú, agus ar an gcaoi sin, saintréithe na n-ionad trádála lena mbaineann a chur san áireamh.

Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 28 Samhain 2021.

Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Treoir seo a fhorlíonadh trí na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa dara fomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.”;

(d)

i mír 12, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):

“(d)

an sainmhíniú ar cad is méideanna suntasacha ann faoi mhír 6 den Airteagal seo;”;

(11)

Leasaítear Airteagal 58 mar a leanas:

(a)

i mír 1, cuirtear an fhomhír seo a leanas leis:

“Ní bheidh feidhm ag tuairisciú suímh maidir le haon urrúis eile amhail dá dtagraítear i bpointe (c) de phointe (44) d’Airteagal 4(1) a bhaineann le tráchtearra nó bunús amhail dá dtagraítear i Roinn C 10 d’Iarscríbhinn I.”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   Áiritheoidh na Ballstáit go soláthróidh gnólachtaí infheistíochta a thrádálann i ndíorthaigh tráchtearraí nó lamháltais astaíochtaí nó díorthaigh díobh lasmuigh d’ionad trádála don údarás inniúil lárnach dá dtagraítear in Airteagal 57(6) nó – i gcás nach ann d’údarás inniúil lárnach – d’údarás inniúil an ionaid trádála ina dtrádáiltear na díorthaigh tráchtearraí nó lámhaltais astaíochtaí nó díorthaigh díobh, ar bhonn laethúil ar a laghad, miondealú iomlán ar a suíomhanna arna nglacadh i gconarthaí thar an gcuntar atá coibhéiseach go heacnamaíoch agus, nuair is ábhartha, i ndíorthaigh tráchtearraí nó i lamháltais astaíochtaí nó i ndíorthaigh díobh a thrádáiltear ar ionad trádála, chomh maith le hiadsan a bhaineann lena gcliaint agus le cliaint na gcliant sin go dtí go sroichfear an cliant deiridh, i gcomhréir le hAirteagal 26 de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 agus, i gcás inarb infheidhme, d’Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011.”;

(12)

in Airteagal 73, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   Cuirfidh na Ballstáit de cheangal go mbeidh nósanna imeachta iomchuí i bhfeidhm ag gnólachtaí infheistíochta, oibreoirí margaidh, APAnna agus ARManna atá údaraithe i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 a bhfuil maolú acu de réir Airteagal 2(3) den Rialachán sin, institiúidí creidmheasa i ndáil le seirbhísí infheistíochta nó gníomhaíochtaí agus seirbhísí coimhdeacha, agus brainsí de ghnólachtaí tríú tír ionas go bhféadfaidh a bhfostaithe sáruithe ionchasacha nó iarbhír a thuairisciú go hinmheánach trí chainéal sonrach, neamhspleách agus uathrialach.”;

(13)

in Airteagal 89, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 2 go 5:

“2.   Tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 2(3), Airteagal 2(4), sa dara fomhír d’Airteagal 4(1)(2), in Airteagal 4(2), Airteagal 13(1), Airteagal 16(12), Airteagal 23(4), Airteagal 24(13), Airteagal 25(8), Airteagal 27(9), Airteagal 28(3), Airteagal 30(5), Airteagal 31(4), Airteagal 32(4), Airteagal 33(8), Airteagal 52(4), Airteagal 54(4), Airteagal 58(6), Airteagal 64(7), Airteagal 65(7) agus in Airteagal 79(8), tabharfar don Choimisiún é go ceann tréimhse neamhchinntithe ama ón 2 Iúil 2014.

3.   Tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 2(3), Airteagal 2(4), sa dara fomhír d’Airteagal 4(1)(2) agus in Airteagal 4(2), Airteagal 13(1), Airteagal 16(12), Airteagal 23(4), Airteagal 24(13), Airteagal 25(8), Airteagal 27(9), Airteagal 28(3), Airteagal 30(5), Airteagal 31(4), Airteagal 32(4), Airteagal 33(8), Airteagal 52(4), Airteagal 54(4), Airteagal 58(6), Airteagal 64(7), Airteagal 65(7) agus Airteagal 79(8), féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle é a chúlghairm tráth ar bith. Cuirfidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 2(3), Airteagal 2(4), an dara fomhír d’Airteagal 4(1)(2), Airteagal 4(2), Airteagal 13(1), Airteagal 16(12), Airteagal 23(4), Airteagail 24(13), Airteagal 25(8), Airteagal 27(9), Airteagal 28(3), Airteagal 30(5), Airteagal 31(4), Airteagal 32(4), Airteagal 33(8), Airteagal 52(4), Airteagal 54(4), Airteagal 58(6), Airteagal 64(7), Airteagal 65(7) nó Airteagal 79(8) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse trí mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a bheith tugtha do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Cuirfear síneadh 3 mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.”;

(14)

in Airteagal 90, cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

“1a.   Faoin 31 Nollaig 2021, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar thionchar na díolúine a leagtar síos i bpointe (j) d’Airteagal 2(1) maidir le lamháltais astaíochtaí nó díorthaigh díobh, agus beidh togra reachtach chun an díolúine sin a leasú ag gabháil leis an athbhreithniú sin, i gcás inarb iomchuí. Sa chomhthéacs sin, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an trádáil i lamháltais astaíochtaí agus i ndíorthaigh díobh san Aontas agus i dtríú tíortha, déanfaidh sé measúnú ar thionchar na díolúine a leagtar síos i bpointe (j) d’Airteagal 2(1) ar chosaint infheisteoirí, ar shláine agus trédhearcacht na margaí i lamháltais astaíochtaí agus i ndíorthaigh díobh agus ar cibé ar cheart bearta a ghlacadh i ndáil le trádáil a dhéantar ar ionaid trádála i dtríú tíortha.”.

Airteagal 2

Leasuithe ar Threoir (AE) 2019/878

In Airteagal 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Glacfaidh agus foilseoidh na Ballstáit, faoin 28 Nollaig 2020 na bearta is gá chun:

(a)

forálacha na Treorach seo a chomhlíonadh a mhéid a bhaineann siad le hinstitiúidí creidmheasa;

(b)

Airteagal 1(1) agus (9) den Treoir seo a chomhlíonadh a mhéid a bhaineann le hAirteagal 2(5) agus (6) agus Airteagal 21b de Threoir 2013/36/AE, a mhéid a bhaineann siad le hinstitiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta.

Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoin méid sin láithreach.

Cuirfidh siad na bearta sin i bhfeidhm ón 29 Nollaig 2020. Mar sin féin, beidh feidhm ag na forálacha is gá le go gcomhlíonfar na leasuithe a leagtar amach i bpointe (21) agus i bpointí (29) (a), (b) agus (c) d’Airteagal 1 den Treoir seo maidir le hAirteagal 84 agus Airteagal 98(5) agus (5a) de Threoir 2013/36/AE ón 28 Meitheamh 2021 agus beidh feidhm ag na forálacha is gá le go gcomhlíonfar na leasuithe a leagtar amach i bpointí (52) agus (53) d’Airteagal 1 den Treoir seo maidir le hAirteagail 141b agus 141c agus Airteagal 142(1) de Threoir 2013/36/AE ón 1 Eanáir 2022.

Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun forálacha na Treorach seo a chomhlíonadh a ghlacadh, a fhoilsiú agus a chur i bhfeidhm faoin 26 Meitheamh 2021 a mhéid a bhaineann siad le gnólachtaí infheistíochta, cé is moite de na bearta sin dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Leagfaidh na Ballstáit síos an bealach a ndéanfar tagairtí den sórt sin.”.

Airteagal 3

Leasuithe ar Threoir 2013/36/AE

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fomhír, an cheathrú fomhír agus an chúigiú fomhír d’Airteagal 94(2):

“Chun baill foirne a shainaithint a bhfuil tionchar ábhartha ag a ngníomhaíochtaí gairmiúla ar phróifíl riosca na hinstitiúide amhail dá dtagraítear in Airteagal 92(3), ach amháin maidir le baill foirne i ngnólachtaí infheistíochta, forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ina leagfar amach na critéir chun an méid seo a leanas a shainiú:

(a)

freagrachtaí bainistíochta agus feidhmeanna rialála;

(b)

aonad gnó ábhartha agus tionchar suntasach ar phróifíl riosca an aonaid gnó ábhartha; agus

(c)

catagóirí eile foirne nach dtagraítear go sainráite dóibh in Airteagal 92(3) a bhfuil tionchar ag a ngníomhaíochtaí gairmiúla ar phróifíl riosca na hinstitiúide, ar tionchar é atá chomh hábhartha céanna le tionchar na gcatagóirí foirne dá dtagraítear sa mhír sin.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 28 Nollaig 2019.

Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Treoir seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010. Maidir leis na caighdeáin theicniúla rialála a bhfuil feidhm acu maidir le gnólachtaí infheistíochta mar a shainmhínítear i bpointe (2) d’Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, leanfaidh an cumhachtú a leagtar síos in Airteagal 94(2) den Treoir seo arna leasú le Treoir (AE) 2018/843 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*3), d’fheidhm a bheith aige go dtí an 26 Meitheamh 2021.

Airteagal 4

Trasuí

1.   Glacfaidh agus foilseoidh na Ballstáit faoi 28 Samhain 2021 na dlíthe, rialacháin agus forálacha riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh. Déanfaidh siad téacs na mbeart sin a chur in iúl láithreach don Choimisiún.

Cuirfidh siad na bearta sin i bhfeidhm ón 28 Feabhra 2022.

2.   Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

3.   De mhaolú ar mhír 1, beidh feidhm ag na leasuithe ar Threoracha 2013/36/AE agus (AE) 2019/878 ón 28 Nollaig 2020.

Airteagal 5

Athbhreithniú

Faoin 31 Iúil 2021, agus bunaithe ar thoradh comhairliúcháin phoiblí a dhéanfaidh an Coimisiún, athbhreithneoidh an Coimisiún, inter alia, (a) oibriú struchtúr na margaí urrús, a léiríonn an réaltacht eacnamaíoch nua tar éis 2020, saincheisteanna sonraí agus cáilíochta sonraí a bhaineann le struchtúr an mhargaidh, agus na rialacha trédhearcachta, lena n-áirítear saincheisteanna a bhaineann le tríú tíortha, (b) na rialacha maidir le taighde, (c) na rialacha maidir le gach cineál íocaíochta le comhairleoirí agus leibhéal a gcáilíochta gairmiúla, (d) rialachas táirgí, (e) tuairisciú caillteanais agus (f) catagóiriú cliant. Más iomchuí, déanfaidh an Coimisiún togra reachtach a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.

Airteagal 6

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 7

Seolaithe

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.

Arna déanamh sa Bhruiséil, 16 Feabhra 2021.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

D. M. SASSOLI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. P. ZACARIAS


(1)  IO C 10, 11.1.2021, lch. 30.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Feabhra 2021 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 15 Feabhra 2021.

(3)  Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais lena leasaítear Treoir 2002/92/CE ón gComhairle agus Treoir 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349).

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 84).

(5)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 173, 12.6.2014, lch. 84).

(7)  Treoir (AE) 2019/2034 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir le maoirseacht stuamachta ar ghnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Treoracha 2002/87/CE, 2009/65/CE, 2011/61/AE, 2013/36/AE, 2014/59/AE agus 2014/65/AE (IO L 314, 5.12.2019, p. 64).

(8)  Treoir (AE) 2019/878 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 lena leasaítear Treoir 2013/36/AE a mhéid a bhaineann le heintitis dhíolmhaithe, cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais, cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais measctha, luach saothair, bearta maoirseachta agus cumhachtaí agus bearta caomhnaithe caipitil (IO L 150, 7.6.2019, lch. 253).

(9)  Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus ar ghnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/48/CE agus Treoir 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338).

(10)  IO C 369, 17.12.2011, lch. 14.