28.12.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 462/17


CINNEADH (AE, Euratom) 2021/2320 ÓN gCOMHAIRLE

an 22 Nollaig 2021

lena leasaítear Rialacha Nós Imeachta na Comhairle

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 240(3) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tráth atá gníomh le glacadh ag an gComhairle trí thromlach cáilithe, ní mór a fhíorú gurb ionann na Ballstáit a seasann an tromlach cáilithe dóibh agus 65 %, ar a laghad, de dhaonra an Aontais.

(2)

Déantar an céatadán sin a ríomh de réir na bhfigiúirí daonra a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialacha Nós Imeachta na Comhairle (“Rialacha Nós Imeachta”) (1).

(3)

Foráiltear, le hAirteagal 11(6) de na Rialacha Nós Imeachta, go bhfuil an Chomhairle, le héifeacht ón 1 Eanáir gach bliain, chun na figiúirí a leagtar amach san Iarscríbhinn sin a leasú, i gcomhréir leis na sonraí atá ar fáil d’Oifig Staidrimh an Aontais Eorpaigh an 30 Meán Fómhair den bhliain roimhe sin.

(4)

Ba cheart, dá bhrí sin, na Rialacha Nós Imeachta a leasú dá réir don bhliain 2022.

(5)

I gcomhréir le hAirteagal 106a den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, tá feidhm ag Airteagal 240 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir leis an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Iarscríbhinn III a ghabhann leis na Rialacha Nós Imeachta:

“IARSCRÍBHINN III

Na figiúirí maidir le daonra an Aontais agus daonra gach Ballstáit i gcás chur chun feidhme na bhforálacha a bhaineann le vótáil trí thromlach cáilithe sa Chomhairle

An Ballstát

Daonra

Céatadán de dhaonra an Aontais (%)

an Ghearmáin

83 120 520

18,57

an Fhrainc

67 439 614

15,07

an Iodáil

59 862 348

13,38

an Spáinn

47 394 223

10,59

an Pholainn

37 840 001

8,45

an Rómáin

19 186 201

4,29

an Ísiltír

17 617 840

3,94

an Bheilg

11 566 041

2,58

an Ghréig

10 682 547

2,39

an tSeicia

10 574 153

2,36

an tSualainn

10 370 000

2,32

an Phortaingéil

10 298 252

2,30

an Ungáir

9 730 772

2,17

an Ostair

8 926 000

1,99

an Bhulgáir

6 916 548

1,55

an Danmhairg

5 833 883

1,30

an Fhionlainn

5 527 493

1,24

an tSlóvaic

5 459 781

1,22

Éire

5 006 324

1,12

an Chróit

4 036 355

0,90

an Liotuáin

2 795 680

0,62

an tSlóivéin

2 108 977

0,47

an Laitvia

1 893 223

0,42

an Eastóin

1 330 068

0,30

an Chipir

896 000

0,20

Lucsamburg

633 347

0,14

Málta

516 100

0,12 .”

AE 27

447 562 291

 

Tairseach (65 %)

290 915 489

 

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2022.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 22 Nollaig 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

G. DOVŽAN


(1)  Cinneadh 2009/937/AE ón gComhairle an 1 Nollaig 2009 lena nglactar Rialacha Nós Imeachta na Comhairle (IO L 325, 11.12.2009, lch. 35).