22.12.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 458/517


CINNEADH (AE) 2021/2294 ÓN gCOMHAIRLE

an 20 Nollaig 2021

lena gceaptar comhalta agus comhalta malartach, arna moladh ag Ríocht na hÍsiltíre, de Choiste na Réigiún

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 305 de,

Ag féachaint do Chinneadh (AE) 2019/852 ón gComhairle an 21 Bealtaine 2019 lena gcinntear comhdhéanamh Choiste na Réigiún (1),

Ag féachaint don togra ó Rialtas na hÍsiltíre,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

De bhun Airteagal 300(3) den Chonradh, tá Coiste na Réigiún le bheith comhdhéanta d’ionadaithe do chomhlachtaí réigiúnacha agus áitiúla a bhfuil sainordú toghchánach acu in údarás réigiúnach nó áitiúil nó atá freagrach go polaitiúil do thionól tofa.

(2)

An 10 Nollaig 2019, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2019/2157 (2), lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025.

(3)

Tá suíochán comhalta ar Choiste na Réigiún tagtha chun bheith folamh tar éis deireadh a theacht leis an sainordú náisiúnta ar dá bhun a moladh Andy DRITTY a cheapadh.

(4)

Mhol Rialtas na hÍsiltíre Henk STAGHOUWER, ar ionadaí do chomhlacht réigiúnach é atá freagrach go polaitiúil do thionól tofa, gedeputeerde provincie Groningen (comhalta d’Fheidhmeannas Cúige Groningen), mar chomhalta de Choiste na Réigiún go dtí an 15 Márta 2023.

(5)

Beidh suíochán comhalta mhalartaigh ar Choiste na Réigiún tagtha chun bheith folamh tar éis cheapadh Henk STAGHOUWER ina chomhalta de Choiste na Réigiún.

(6)

Mhol Rialtas na hÍsiltíre Maarten VAN GAANS-GIJBELS, ar ionadaí do chomhlacht réigiúnach é atá freagrach go polaitiúil do thionól tofa, gedeputeerde provincie Limburg (comhalta d’Fheidhmeannas Cúige Limburg), mar chomhalta malartach de Choiste na Réigiún go dtí an 15 Márta 2023,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, ceaptar na hionadaithe seo a leanas, ar ionadaithe do chomhlachtaí réigiúnacha iad agus atá freagrach go polaitiúil do thionól tofa, chuig Coiste na Réigiún go dtí an 15 Márta 2023:

(a)

mar chomhalta:

Henk STAGHOUWER, gedeputeerde provincie Groningen (comhalta d’Fheidhmeannas Cúige Groningen),

agus

(b)

mar chomhalta malartach:

Maarten VAN GAANS-GIJBELS, gedeputeerde provincie Limburg (comhalta d’Fheidhmeannas Cúige Limburg).

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 20 Nollaig 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. VIZJAK


(1)   IO L 139, 27.5.2019, lch. 13.

(2)  Cinneadh (AE) 2019/2157 ón gComhairle an 10 Nollaig 2019 lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025 (IO L 327, 17.12.2019, lch. 78).