22.12.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 458/512


CINNEADH (AE) 2021/2292 ÓN gCOMHAIRLE

an 30 Aibreán 2021

maidir le tíolacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, togra le haghaidh cinneadh ó Chomhlacht Feidhmiúcháin a bhaineann leis an modheolaíocht le haghaidh coigeartuithe chun athruithe ar an mballraíocht san Aontas a léiriú, d’fhonn an 41ú seisiún de chuid an Chomhlachta Feidhmiúcháin don Choinbhinsiúin Aerthruailliú Trasteorann Fadraoin, agus maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa seisiún sin

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1) i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

D’fhormheas an tAontas Prótacal 1999 a ghabhann le Laghdú a dhéanamh ar an Aigéadú, ar an Eotrófú agus ar an Ózón ar Leibhéal na Talún don Choinbhinsiún ar Aerthruailliú Trasteorann Fadraoin, arna leasú an 4 Bealtaine 2012 (“Prótacal Gothenburg leasaithe”), faoin le Cinneadh (AE) 2017/1757 (1) ón gComhairle agus tháinig sé i bhfeidhm an 7 Deireadh Fómhair 2019.

(2)

Sa 36ú seisiún de chuid Chomhlacht Feidhmiúcháin an Choinbhinsiúin ar Aerthruailliú Trasteorann Fadraoin (“an Coinbhinsiún”), d’iarr Páirtithe an Choinbhinsiúin ar an Aontas agus ar a Bhallstáit modheolaíocht a mholadh lena ndéanfar coigeartú ar uasteorainneacha astaíochtaí an Aontais a leagtar amach i dtábla 1 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Prótacal bunaidh Gothenburg a glacadh in 1999, chun athruithe ar an mballraíocht san Aontas Eorpach a thabhairt san áireamh;

(3)

Sa 37ú seisiún de chuid Chomhlacht Feidhmiúcháin an Choinbhinsiúin Aeir, glacadh an cinneadh a mhol an tAontas agus a Bhallstáit le Cinneadh 2017/3 ón gComhlacht Feidhmiúcháin.

(4)

Is gá an mhodheolaíocht lena ndéanfar coigeartú ar luacha an Aontais a leagtar amach i dtáblaí 2 go 6 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Prótacal Gothenburg, modheolaíocht atá bunaithe go heisiach ar ríomh matamaiticiúil nach n-úsáidtear ann ach faisnéis atá liostaithe cheana féin sna táblaí luaite chun athruithe ar bhallraíocht san Aontas Eorpach a chur san áireamh, chun go bhféadfar athruithe den sórt sin a léiriú i gceart i bhfianaise an athbhreithnithe a rinneadh ar chomhlíonadh an Aontais Eorpaigh maidir lena chuid oibleagáidí faoin leagan leasaithe de Phrótacal Gothenburg. Ní bhaineann sin le haon choigeartú ar uasteorainneacha astaíochtaí náisiúnta ná ar ghealltanais laghdaithe astaíochtaí sna táblaí céanna.

(5)

A luaithe a ghlacfaidh Comhlacht Feidhmiúcháin an Choinbhinsiúin an mhodheolaíocht le haghaidh coigeartuithe, ba cheart don Choimisiún, thar ceann an Aontais, na coigeartuithe is gá a chur faoi bhráid Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip, chun athruithe ar an mballraíocht san Aontas a thabhairt san áireamh ón nglacadh Prótacal Gothenburg leasaithe. Ba cheart don Choimisiún aon choigeartú is gá i gcás athruithe ar bhallraíocht san Aontas dá éis a thíolacadh.

(6)

Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gComhlacht Feidhmiúcháin an Choinbhinsiúin, a leagan síos, ós rud é go mbeidh na cinntí a dhéanann sé ina gceangal ar an Aontas.

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Sa 41ú seisiún de chuid Chomhlacht Feidhmiúcháin an Choinbhinsiúin, saothróidh an tAontas an cuspóir maidir leis an modheolaíocht a leagan síos lena bhféadfar coigeartuithe a dhéanamh ar bhunlínte astaíochtaí agus ar ghealltanais laghdaithe astaíochtaí an Aontais a leagtar amach i dtáblaí 2 go 6 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Prótacal Gothenburg, lena áirithiú gur féidir luachanna an Aontais sna táblaí sin a choigeartú chun líon iomlán bhunlínte astaíochtaí agus gealltanas laghduithe astaíochtaí a Bhallstát a léiriú go hiomchuí, tar éis athruithe a theacht ar an mballraíocht san Aontas.

2.   D’fhonn an 41ú seisiún de chuid Chomhlacht Feidhmiúcháin an Choinbhinsiúin, agus chun an cuspóir a leagtar amach i mír 1 a bhaint amach, déanfaidh an tAontas an togra le haghaidh na modheolaíochta riachtanaí is gá a thíolacadh (2).

3.   Cuirfidh an Coimisiún, thar ceann an Aontais, an togra seo in iúl do Rúnaíocht an Choinbhinsiúin.

Airteagal 2

1.   Féadfaidh an tAontas tacú le leasuithe arna moladh ag Páirtithe eile sa Choinbhinsiún ar choinníoll go rannchuideoidh siad le cuspóirí an Aontais a leagtar amach in Airteagal 1 a bhaint amach.

2.   I gcás ina molfaidh Páirtithe eile sa Choinbhinsiún go n-úsáidfidh cinneadh an Chomhlachta Feidhmiúcháin Airteagal 13(2) de Phrótacal Gothenburg mar bhunús dlí dó, féadfaidh an tAontas glacadh leis an togra sin agus dul i mbun caibidlíochta ina leith sin.

3.   I gcás ina n-iarrfaidh Páirtithe sa Choinbhinsiún eile go ndéanfar an nós imeachta chun luachanna nuashonraithe an Aontais a thíolacadh a ailíniú leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 13(4) agus (5) de Phrótacal Gothenburg, féadfaidh an tAontas nós imeachta simplithe a mholadh.

Airteagal 3

Féadfar mionchoigeartú ar an seasamh a leagtar amach in Airteagail 1 agus 2 a chomhaontú, i bhfianaise forbairtí ag an 41ú seisiún de Chomhdháil Feidhmiúcháin an Choinbhinsiúin, idir ionadaithe de chuid an Aontais, i gcomhairle leis na Ballstáit, le linn cruinnithe comhordaithe ar an láthair, gan aon chinneadh eile ón gComhairle.

Airteagal 4

A luaithe a ghlacfaidh Comhlacht Feidhmiúcháin an Choinbhinsiúin an mhodheolaíocht lena bhféadfar na nuashonruithe dá dtagraítear in Airteagal 1(1) a dhéanamh, déanfaidh an Coimisiún a thíolacadh, thar ceann an Aontais, na nuashonruithe is gá lena gcuirtear an mhodheolaíocht sin chun feidhme.

Airteagal 5

Dírítear an Cinneadh seo chuig an gCoimisiún.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 30 Aibreán 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. P. ZACARIAS


(1)  Cinneadh (AE) 2017/1757 ón gComhairle an 17 Iúil 2017 maidir le glacadh, thar ceann an Aontais, le Leasú ar an bPrótacal 1999 a ghabhann leis an gCoinbhinsiún ó 1979 ar laghdú a dhéanamh ar an Aigéadú, ar an Eotrófú agus ar an Ózón ar Leibhéal na Talún (IO L 248, 27.9.2017, lch. 3).

(2)  Féach doiciméad ST 7683/21 ar http://register.consilium.europa.eu.