21.12.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 457/15


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/2273 ÓN gCOIMISIÚN

an 20 Nollaig 2021

lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1956 a mhéid a bhaineann le caighdeáin chomhchuibhithe maidir le táirgí léasair, córais tiomána cumhachta leictrí le luas inchoigeartaithe, córais tiontairí leictreonacha cumhachta, fearais solais, lascghiar agus giar rialaithe ísealvoltais, córais chumhachta dhobhriste (UPS) agus trealamh áirithe eile leictreach a dheartar lena úsáid laistigh de theorainneacha áirithe voltais

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le caighdeánú Eorpach, lena leasaítear Treoir 89/686/CEE agus Treoir 93/15/CEE ón gComhairle agus Treoracha 94/9/CE, 94/25/CE, 95/16/CE, 97/23/CE, 98/34/CE, 2004/22/CE, 2007/23/CE, 2009/23/CE agus 2009/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinneadh 87/95/CEE ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 1673/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 10(6) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le hAirteagal 12 de Threoir 2014/35/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), trealamh leictreach atá i gcomhréir le caighdeáin chomhchuibhithe nó le codanna de chaighdeáin chomhchuibhithe ar foilsíodh na tagairtí dóibh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, glacfar leis go bhfuil siad i gcomhréir leis na cuspóirí sábháilteachta dá dtagraítear in Airteagal 3 den Treoir sin, cuspóirí a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin agus a chumhdaítear faoi na caighdeáin chomhchuibhithe sin nó faoi chodanna díobh.

(2)

Le litir M/511 an 8 Samhain 2012, rinne an Coimisiún iarraidh ar an gCoiste Eorpach um Chaighdeánú (CEN), ar Choiste Eorpach na gCaighdeán Leictriteicniúil (Cenelec) agus ar Institiúid Eorpach na gCaighdeán Teileachumarsáide (ETSI) an chéad liosta iomlán de theidil na gcaighdeán comhchuibhithe a sholáthar mar aon leis na caighdeáin chomhchuibhithe maidir le trealamh a dheartar lena úsáid laistigh de theorainneacha áirithe voltais, na caighdeáin sin a dhréachtú, a athbhreithniú agus a chur i gcrích chun tacú le Treoir 2014/35/AE. Na cuspóirí sábháilteachta dá dtagraítear in Airteagal 3 de Threoir 2014/35/AE agus a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin, is cuspóirí iad nár tháinig athrú orthu ó rinneadh an iarraidh ar CEN, Cenelec agus ETSI.

(3)

Ar bhonn iarraidh M/511, dhréachtaigh CEN agus Cenelec caighdeáin comhchuibhithe EN IEC 61010-2-202:2021 maidir le gníomhróirí comhlaí a oibrítear go leictreach agus EN IEC 61010-2-130:2021 maidir le trealamh atá beartaithe le bheith á úsáid ag leanaí i bhforais oideachais.

(4)

Ar bhonn iarraidh M/511, rinne CEN agus Cenelec athbhreithniú agus leasú ar na caighdeáin chomhchuibhithe seo a leanas, caighdeáin ar foilsíodh na tagairtí dóibh le Teachtaireacht (2018/C 326/02) ón gCoimisiún (3): EN 60335-2-43:2003; EN 60335-2-43:2003/A1:2006 agus EN 60335-2-43:2003/A2:2008; EN 60320-2-4:2006 agus EN 60320-2-4:2006/A1:2009; EN 60598-2-23:1996, EN 60598-2-23:1996/A1:2000 agus EN 60598-2-23:1996/AC:1997; EN 60947-3:2009, EN 60947-3:2009/A1:2012 agus EN 60947-3:2009/A2:2015; EN 60947-4-1:2010 agus EN 60947-4-1:2010/A1:2012; EN 62040-1:2008, EN 62040-1:2008/A1:2013 agus EN 62040-1:2008/AC:2009; EN 60838-1:2004, EN 60838-1:2004/A1:2008, agus EN 60838-1:2004/A2:2011; EN 60335-2-21:2003, EN 60335-2-21:2003/A1:2005, EN 60335-2-21:2003/A2:2008, EN 60335-2-21:2003/AC:2007, agus EN 60335-2-21:2003/AC:2010; EN 60670-1:2005, EN 60670-1:2005/A1:2013, EN 60670-1:2005/AC:2010, agus EN 60670-1:2005/AC:2007; EN 60947-5-8:2006; EN 60974-11:2010; EN 60974-13:2011.

(5)

Is é an toradh a bhí air sin gur glacadh faoi seach; na caighdeáin chomhchuibhithe agus na leasuithe seo a leanas maille le ceartúchán amháin: EN IEC 60335-2-43:2020 agus EN IEC 60335-2-43:2020/A11:2020 maidir le triomadóirí éadaí agus ráillí tuáillí; EN IEC 60320-2-4:2021 maidir le cúplóirí atá spleách ar mheáchan an fhearais le haghaidh cúplála; EN IEC 60598-2-23:2021 maidir le córais soilsithe voltais an-ísil; EN IEC 60947-3:2021 maidir le lasca, dínascóirí, dínascóirí lasca agus aonaid comhcheangailte fiúsanna; EN IEC 60947-4-1:2019 agus EN IEC 60947-4-1:2019/AC:2020-05 maidir le teagmhálaithe agus dúisirí leictrimheicniúla mótair; EN IEC 62040-1:2019 agus EN IEC 62040-1:2019/A11:2021 maidir le córais chumhachta dhobhriste (UPS); EN 60838-1:2017, EN 60838-1:2017/A1:2017, EN 60838-1:2017/A2:2021 agus EN 60838-1:2017/A11:2021 maidir le cróite ilghnéitheacha lampaí; EN 60335-2-21:2021 maidir le taiscthéitheoirí uisce; EN IEC 60670-1:2021 agus EN IEC 60670-1:2021/A11:2021 maidir le boscaí agus iniaimh do chomhghabhálais leictreacha le haghaidh suiteálacha leictreacha seasta tí agus cosúla eile; EN IEC 60947-5-8:2021 maidir le giarlasc ísealvoltais agus giar rialaithe; EN IEC 60974-11:2021 maidir le coinneálaithe leictreoidí; EN IEC 60974-13:2021 maidir le clampa fillte srutha táthúcháin.

(6)

Ar bhonn iarraidh M/511, leasaigh CEN agus Cenelec na caighdeáin chomhchuibhithe seo a leanas freisin, caighdeáin a gcuimsítear a dtagairtí in Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1146 ón gCoimisiún (4): EN 60335-2-5:2015 maidir le miasniteoirí arna leasú le EN 60335-2-5:2015/A11:2019; EN 60335-1:2012 maidir le fearais tí agus fearais leictreacha dá samhail arna leasú EN 60335-1:2012/A11:2014, EN 60335-1:2012/A13:2017, EN 60335-1:2012/A1:2019, EN 60335-1:2012/A14:2019, EN 60335-1:2012/A2:2019. Is é an toradh a bhí air sin gur glacadh na caighdeáin chomhchuibhithe leasaitheacha seo a leanas: EN 60335-2-5:2015/A1:2020, EN 60335-1:2012/A15:2021. Ina theannta sin, leasaigh CEN agus Cenelec na caighdeáin chomhchuibhithe seo a leanas freisin, caighdeáin a gcuimsítear na tagairtí dóibh in Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1015 ón gCoimisiún (5): EN 60335-2-17:2013 maidir le pluideanna, pillíní, éadaí agus fearais sholúbtha téite dá samhail, arna leasú le EN 60335-2-17:2013/A11:2019, EN 60335-2-17:2013/A1:2020. Is é an toradh a bhí air sin gur glacadh caighdeán comhchuibhithe leasaitheach EN 60335-2-17:2013/A2:2021.

(7)

Leasaigh CEN agus Cenelec na caighdeáin chomhchuibhithe seo a leanas freisin, caighdeáin ar foilsíodh na tagairtí dóibh le Teachtaireacht (2018/C 326/02): EN 60825-1:2014 maidir le sábháilteacht táirgí léasair; EN 61800-5-1:2007 maidir le córais tiomána cumhachta leictrí le luas inchoigeartaithe; EN 62477-1:2012 maidir le córais tiontairí leictreonacha cumhachta agus trealamh cumhachta arna leasú le EN 62477-1:2012/A11:2014; EN 60335-2-73:2003 maidir le tumthéitheoirí seasta, arna leasú le EN 60335-2-73:2003/A1:2006, EN 60335-2-73:2003/A2:2009; EN 61995-1:2008 maidir le gairis le haghaidh fearais solais a nascadh chun críoch tí agus chun críoch comhchosúil; EN 62423:2012 maidir le scoradáin chiorcaid a oibríonn trí shruth de chineál F agus de chineál B; EN 60400:2017 maidir le cróite lampaí do lampaí fluaraiseacha feadánacha agus cróite tosaithe. Is é an toradh a bhí air sin gur glacadh na caighdeáin chomhchuibhithe leasaitheacha seo a leanas: EN 60825-1:2014/A11:2021; EN 61800-5-1:2007/A1:2017 agus EN 61800-5-1:2007/A11:2021; EN 62477-1:2012/A1:2017 agus EN 62477-1:2012/A12:2021; EN 60335-2-73:2003/A11:2021; EN 61995-1:2008/A1:2017 agus EN 61995-1:2008/A11:2021; EN 62423:2012/A11:2021, EN 60400:2017/A1:2021.

(8)

Na caighdeáin chomhchuibhithe sin agus na leasuithe agus na ceartúcháin atá déanta orthu, rinne an Coimisiún measúnú i gcomhar le CEN agus Cenelec féachaint an gcomhlíonann na caighdeáin sin iarraidh M/511.

(9)

Caighdeáin chomhchuibhithe EN IEC 61010-2-202:2021; EN IEC 61010-2-130:2021; EN IEC 60335-2-43:2020 arna leasú le EN IEC 60335-2-43:2020/A11:2020; EN IEC 60320-2-4:2021; EN IEC 60598-2-23:2021; EN IEC 60947-3:2021; EN IEC 60947-4-1:2019 arna gceartú le EN IEC 60947-4-1:2019/AC:2020-05; EN IEC 62040-1:2019 arna leasú le EN IEC 62040-1:2019/A11:2021; EN 60838-1:2017 arna leasú le EN 60838-1:2017/A1:2017, EN 60838-1:2017/A2:2021, agus EN 60838-1:2017/A11:2021; EN.60335-2-21:2021; EN IEC 60670-1:2021 arna leasú le EN IEC 60670-1:2021/A11:2021; EN IEC 60947-5-8:2021; EN IEC 60974-11:2021; EN IEC 60974-13:2021; EN 60335-2-5:2015 arna leasú le EN 60335-2-5:2015/A11:2019, agus EN 60335-2-5:2015/A1:2020; EN 60335-1:2012 arna leasú agus arna cheartú le EN 60335-1:2012/AC:2014, EN 60335-1:2012/A11:2014, EN 60335-1:2012/A13:2017, EN 60335-1:2012/A1:2019, EN 60335-1:2012/A14:2019, EN 60335-1:2012/A2:2019, agus EN 60335-1:2012/A15:2021; EN 60335-2-17:2013 arna leasú le EN 60335-2-17:2013/A11:2019, EN 60335-2-17:2013/A1:2020, agus EN 60335-2-17:2013/A2:2021; EN 60825-1:2014 arna leasú le EN 60825-1:2014/A11:2021; EN 61800-5-1:2007 arna leasú le EN 61800-5-1:2007/A1:2017, agus EN 61800-5-1:2007/A11:2021; EN 62477-1:2012 arna leasú le EN 62477-1:2012/A1:2017 agus EN 62477-1:2012/A12:2021; EN 60335-2-73:2003 arna leasú le EN 60335-2-73:2003/A1:2006, EN 60335-2-73:2003/A2:2009, agus EN 60335-2-73:2003/A11:2021; EN 61995-1:2008 arna leasú le EN 61995-1:2008/A1:2017, agus EN 61995-1:2008/A11:2021; EN 62423:2012 arna leasú le EN 62423:2012/A11:2021; Comhlíonann EN 60400:2017 arna leasú le EN 60400:2017/A1:2021 na ceanglais sábháilteachta is aidhm dó a chumhdach, ceanglais a leagtar amach i dTreoir 2014/35/AE. Dá bhrí sin, is iomchuí na tagairtí do na caighdeáin sin a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh i dteannta leis na tagairtí d’aon chaighdeán leasaitheach nó ceartaitheach ábhartha a bhaineann leo.

(10)

I gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1956 ón gCoimisiún (6), cuirtear ar fáil in Iarscríbhinn I a ghabhann leis tagairtí na gcaighdeán comhchuibhithe lena dtugtar le fios go nglactar leis go bhfuil comhréir ann le Treoir 2014/35/AE. Chun a áirithiú gur in aon ghníomh amháin a liostaítear na tagairtí do na caighdeáin chomhchuibhithe a dréachtaíodh d'fhonn tacú le Treoir 2014/35/AE, ba cheart na tagairtí sin a chuimsiú san Iarscríbhinn sin.

(11)

Dá bhrí sin, na tagairtí do na caighdeáin chomhchuibhithe seo a leanas, agus na tagairtí d’aon chaighdeán leasaitheach nó ceartaitheach a bhaineann leo a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, is tagairtí iad sin is gá a tharraingt siar: EN 60335-2-43:2003; EN 60320-2-4:2006; EN 60598-2-23:1996; EN 60947-3:2009; EN 60947-4-1:2010; EN 62040-1:2008; EN 60838-1:2004; EN 60335-2-21:2003; EN 60670-1:2005; EN 60947-5-8:2006; EN 60974-11:2010; EN 60974-13:2011; EN 60825-1:2014; EN 61800-5-1:2007; EN 62477-1:2012; EN 60335-2-73:2003; EN 61995-1:2008; EN 62423:2012; EN.60400:2017.

(12)

In Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1956, liostaítear na tagairtí do na caighdeáin chomhchuibhithe a dréachtaíodh chun tacú le Treoir 2014/35/AE, tagairtí a tarraingíodh siar as sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Dá bhrí sin, is iomchuí na tagairtí sin a chuimsiú san Iarscríbhinn sin.

(13)

Ina theannta sin, na tagairtí do chaighdeáin chomhchuibhithe EN 60335-2-1:2012, EN 60335-2-5:2015 agus EN 60335-2-17:2013, agus na tagairtí d’aon chaighdeán leasaitheach nó ceartaitheach a bhaineann leo a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, is tagairtí iad sin is gá a tharraingt siar as sraith L d'Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, ós rud é gur leasaíodh iad nó gur ceartaíodh iad. Is iomchuí, dá bhrí sin, na tagairtí sin a scriosadh as Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1956.

(14)

Ar mhaithe lena ndóthain ama a thabhairt do na monaróirí iad féin a ullmhú le haghaidh chur i bhfeidhm na gcaighdeán comhchuibhithe EN IEC 60335-2-43:2020 arna leasú le EN IEC 60335-2-43:2020/A11:2020; EN IEC 60320-2-4:2021; EN IEC 60598-2-23:2021; EN IEC 60947-3:2021; EN IEC 60947-4-1:2019 arna cheartú le EN IEC 60947-4-1:2019/AC:2020-05; EN IEC 62040-1:2019 arna leasú le EN IEC 62040-1:2019/A11:2021; EN 60838-1:2017 arna leasú le EN 60838-1:2017/A1:2017, EN 60838-1:2017/A2:2021, agus EN 60838-1:2017/A11:2021; EN.60335-2-21:2021; EN IEC 60670-1:2021 arna leasú le EN IEC 60670-1:2021/A11:2021; EN IEC 60947-5-8:2021; EN IEC 60974-11:2021; EN IEC 60974-13:2021; EN 60335-2-5:2015 agus EN 60335-2-5:2015/A11:2019 arna leasú le EN 60335-2-5:2015/A1:2020; EN 60335-1:2012 arna leasú agus arna cheartú le EN 60335-1:2012/AC:2014, EN 60335-1:2012/A11:2014, EN 60335-1:2012/A13:2017, EN 60335-1:2012/A1:2019, EN 60335-1:2012/A14:2019, EN 60335-1:2012/A2:2019, agus EN 60335-1:2012/A15:2021; EN 60335-2-17:2013 arna leasú le EN 60335-2-17:2013/A11:2019, EN 60335-2-17:2013/A1:2020, agus EN 60335-2-17:2013/A2:2021; EN 60825-1:2014 arna leasú le EN 60825-1:2014/A11:2021; EN 61800-5-1:2007 arna leasú le EN 61800-5-1:2007/A1:2017, agus EN 61800-5-1:2007/A11:2021; EN 62477-1:2012 agus EN 62477-1:2012/A11:2014 arna leasú le EN 62477-1:2012/A1:2017 agus EN 62477-1:2012/A12:2021; EN 60335-2-73:2003 arna leasú le EN 60335-2-73:2003/A1:2006, EN 60335-2-73:2003/A2:2009, agus EN 60335-2-73:2003/A11:2021; EN 61995-1:2008 arna leasú le EN 61995-1:2008/A1:2017, agus EN 61995-1:2008/A11:2021; EN 62423:2012 arna leasú le EN 62423:2012/A11:2021; EN 60400:2017 arna leasú le EN 60400:2017/A1:2021, tarraingt siar na dtagairtí do na caighdeáin chomhchuibhithe seo a leanas, agus na dtagairtí d’aon chaighdeán leasaitheach nó ceartaitheach, is rud é is gá a chur siar: EN 60335-2-43:2003; EN 60320-2-4:2006; EN 60598-2-23:1996; EN 60947-3:2009; EN 60947-4-1:2010; EN 62040-1:2008; EN 60838-1:2004; EN 60335-2-21:2003; EN 60670-1:2005; EN 60947-5-8:2006; EN 60974-11:2010; agus EN 60974-13:2011; EN 60335-2-5:2015; EN 60335-1:2012; EN 60335-2-17:2013; EN 60825-1:2014; EN 61800-5-1:2007; EN 62477-1:2012; EN 60335-2-73:2003; EN 61995-1:2008; EN 62423:2012; EN.60400:2017.

(15)

Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1956 a leasú dá réir.

(16)

Ón dáta a fhoilsítear an tagairt do chaighdeán comhchuibhithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, is rud é comhlíonadh an chaighdeáin sin a fhágann go nglactar leis go bhfuil comhréir ann leis na buncheanglais chomhfhreagracha a leagtar amach i reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais. Dá bhrí sin, ba cheart don Chinneadh seo a theacht i bhfeidhm lá a fhoilsithe,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1956 i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1956 i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag pointe (1), pointe (3) agus pointe (5) d’Iarscríbhinn I ón 21 Meitheamh 2023.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 20 Nollaig 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 316, 14.11.2012, lch. 12.

(2)  Treoir 2014/35/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trealamh leictreach a chur ar fáil ar an margadh, ar trealamh é a dheartar lena úsáid laistigh de theorainneacha áirithe voltais (IO L 96, 29.3.2014, lch. 357).

(3)  Teachtaireacht (2018/C 326/02) ón gCoimisiún faoi chuimsiú chur chun feidhme Threoir 2014/35/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trealamh leictreach a chur ar fáil ar an margadh, ar trealamh é a dheartar lena úsáid laistigh de theorainneacha áirithe voltais (IO C 326, 14.9.2018, lch. 4).

(4)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1146 ón gCoimisiún maidir leis na caighdeáin chomhchuibhithe i ndáil le trealamh leictreach a dheartar lena úsáid laistigh de theorainneacha áirithe voltais, caighdeáin a dréachtaíodh chun tacú le Treoir 2014/35/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 250, 3.8.2020, lch. 121).

(5)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1015 ón gCoimisiún maidir le caighdeáin chomhchuibhithe i ndáil le trealamh leictreach a dheartar lena úsáid laistigh de theorainneacha áirithe voltais, caighdeáin a dréachtaíodh chun tacú le Treoir 2014/35/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 222, 22.6.2021, lch. 40).

(6)  IO L 306, 27.11.2019, lch. 26.


IARSCRÍBHINN I

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1956 mar a leanas:

(1)

scriostar ró 2a

(2)

cuirtear an ró 2b seo a leanas isteach:

“2b.

EN 60335-1:2012

Fearais tí agus fearais leictreacha dá samhail - Sábháilteacht - Cuid 1: Ceanglais ghinearálta IEC 60335-1:2010 (Modhnaithe)

EN 60335-1:2012/A11:2014

EN 60335-1:2012/A13:2017

EN 60335-1:2012/A1:2019

EN 60335-1:2012/A2:2019

EN 60335-1:2012/A14:2019

EN 60335-1:2012/A15:2021”

(3)

scriostar ró 29;

(4)

cuirtear an ró 29a seo a leanas isteach:

“29a.

EN 60335-2-5:2015

Fearais tí agus fearais leictreacha dá samhail – Sábháilteacht – Cuid 2-5: Ceanglais ar leith maidir le miasniteoirí

EN 60335-2-5:2015/A11:2019

EN 60335-2-5:2015/A1:2020”

(5)

scriostar ró 33a

(6)

cuirtear an ró 33b seo a leanas isteach:

“33b.

EN 60335-2-17:2013

Fearais tí agus fearais leictreacha dá samhail – Sábháilteacht – Cuid 2-17: Ceanglais ar leith maidir le pluideanna, pillíní, éadaí agus fearais sholúbtha téite dá samhail

EN 60335-2-17:2013/A11:2019

EN 60335-2-17:2013/A1:2020

EN 60335-2-17:2013/A2:2021”

(7)

cuirtear na rónna seo a leanas leis:

Uimh

An tagairt don chaighdeán

“80.

EN IEC 61010-2-202:2021

Ceanglais sábháilteachta maidir le trealamh leictreach le haghaidh tomhais, rialaithe agus úsáid saotharlainne - Cuid 2-202: Ceanglais ar leith maidir le gníomhróirí comhlaí a oibrítear go leictreach

81.

EN IEC 60335-2-43:2020

Fearais tí agus fearais leictreacha dá samhail - Sábháilteacht - Cuid 2-43: Ceanglais ar leith maidir le triomadóirí éadaí agus ráillí tuáillí

EN IEC 60335-2-43:2020/A11:2020

82.

EN IEC 60320-2-4:2021

Cúplóirí fearais chun críoch tí agus chun críoch ginearálta comhchosúil - Cuid 2-4: Cúplóirí fearais atá spleách ar mheáchan an fhearais le haghaidh cúplála

83.

EN IEC 60598-2-23:2021

Fearais solais - Cuid 2-23: Ceanglais ar leith - Córais soilsithe an-ísealvoltais le haghaidh le haghaidh foinsí solais ELV

84.

EN IEC 60947-3:2021

Lascghiar agus giar rialaithe ísealvoltais - Cuid 3: Lasca, dínascóirí, dínascóirí lasca agus aonaid comhcheangailte fiúsanna

85.

EN IEC 60947-4-1:2019

Lascghiar agus giar rialaithe ísealvoltais - Cuid 4-1: Teagmhálaithe agus dúisirí mótair - Teagmhálaithe agus dúisirí leictrimheicniúla mótair

EN 60947-4-1:2019/AC:2020-05

86.

EN IEC 62040-1:2019

Córais chumhachta dhobhriste (UPS) - Cuid 1: Ceanglais sábháilteachta

EN IEC 62040-1:2019/A11:2021

87.

EN 60825-1:2014

Sábháilteacht táirgí léasair Cuid 1: Aicmiú agus ceanglais trealaimh

EN 60825-1:2014/A11:2021

88.

EN 61800-5-1:2007

Córais tiomána cumhachta leictrí le luas inchoigeartaithe - Cuid 5-1: Ceanglais sábháilteachta - Leictreacha, teirmeacha agus fuinnimh

EN 61800-5-1:2007/A1:2017

EN 61800-5-1:2007/A11:2021

89.

EN 62477-1:2012

Ceanglais sábháilteachta maidir le córais tiontairí leictreonacha cumhachta agus trealamh cumhachta- Cuid 1: Ginearálta

EN 62477-1:2012/A11:2014

EN 62477-1:2012/A1:2017

EN 62477-1:2012/A12:2021.

90.

EN 60335-2-73:2003

Fearais tí agus fearais leictreacha dá samhail - Sábháilteacht - Cuid 2-73: Ceanglais ar leith maidir le tumthéitheoirí seasta

EN 60335-2-73:2003/A1:2006

EN 60335-2-73:2003/A2:2009

EN 60335-2-73:2003/A11:2021

91.

EN 61995-1:2008

Gairis le haghaidh fearais solais a nascadh chun críoch tí agus chun críoch cosúil - Cuid 1: Riachtanais ghinearálta

EN 61995-1:2008/A1:2017

EN 61995-1:2008/A11:2021

92.

EN 62423:2012

Scoradáin chiorcaid a oibríonn trí shruth de chineál F agus de chineál B le agus gan cosaint forshrutha chomhtháite d’úsáidí tí agus úsáidí comhchosúla

EN 62423:2012/A11:2021

93.

EN 60400:2017

Cróite lampaí do lampaí fluaraiseacha feadánacha agus cróite tosaithe

EN 60400:2017/A1:2021

94.

EN IEC 61010-2-130:2021

Ceanglais sábháilteachta maidir le trealamh leictreach le haghaidh tomhais, rialú agus úsáid saotharlainne - Cuid 2-130: Riachtanais shainiúla do threalamh atá beartaithe le bheith á úsáid ag leanaí i bhforais oideachais

95.

EN 60838-1:2017

Cróite ilghnéitheacha lampaí - Cuid 1: Ceanglais ghinearálta agus tástálacha

EN 60838-1:2017/A1:2017

EN 60838-1:2017/A2:2021

EN 60838-1:2017/A11:2021

96.

EN 60335-2-21:2021

Fearais tí agus fearais leictreacha chomhchosúla - Sábháilteacht - Cuid 2-21: Riachtanais shainiúla do thaiscthéitheoirí uisce

97.

EN IEC 60670-1:2021

Boscaí agus iatáin do chomhghabhálais leictreacha le haghaidh suiteálacha leictreacha seasta tí agus cosúla eile - Cuid 1: Riachtanais ghinearálta

EN IEC 60670-1:2021/A11:2021

98.

EN IEC 60947-5-8:2021

Giarlasc ísealvoltais agus giar rialaithe - Cuid 5-8: Fearais ciorcaid rialaithe agus gnéithe lasctha - Lasca cumasaithe trí shuíomh

99.

EN IEC 60974-11:2021

Trealamh stuatháthaithe - Cuid 11: Coinneálaithe leictreoidí

100.

EN IEC 60974-13:2021

Trealamh stuatháthaithe - Cuid 13: Clampa fillte srutha táthúcháin”


IARSCRÍBHINN II

In Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1956, cuirtear isteach na rónna seo a leanas:

Uimh.

An tagairt don chaighdeán

Dáta an tarraingt siar

“77.

EN 60335-2-43:2003

Fearais tí agus fearais leictreacha dá samhail - Sábháilteacht - Cuid 2-43: Ceanglais ar leith maidir le triomadóirí éadaí agus ráillí tuáillí

EN 60335-2-43:2003/A1:2006

EN 60335-2-43:2003/A2:2008

21 Meitheamh 2023

78.

EN 60320-2-4:2006

Cúplóirí fearais chun críoch tí agus chun críoch ginearálta comhchosúil - Cuid 2-4: Cúplóirí fearais atá spleách ar mheáchan an fhearais le haghaidh cúplála

EN 60320-2-4:2006/A1:2009

21 Meitheamh 2023

79.

EN 60598-2-23:1996

Fearais solais - Cuid 2-23: Ceanglais ar leith - Córais soilsithe an-ísealvoltais le haghaidh lampaí filiméid

EN 60598-2-23:1996/A1:2000

EN 60598-2-23:1996/AC:1997

21 Meitheamh 2023

80.

EN 60947-3:2009

Lascghiar agus giar rialaithe ísealvoltais - Cuid 3: Lasca, dínascóirí, dínascóirí lasca agus aonaid comhcheangailte fiúsanna

EN 60947-3:2009/A1:2012

EN 60947-3:2009/A2:2015

21 Meitheamh 2023

81.

EN 60947-4-1:2010

Lascghiar agus giar rialaithe ísealvoltais - Cuid 4-1: Teagmhálaithe agus dúisirí mótair - Teagmhálaithe agus dúisirí leictrimheicniúla mótair

EN 60947-4-1:2010/A1:2012

21 Meitheamh 2023

82.

EN 62040-1:2008

Córais chumhachta dhobhriste (UPS) - Cuid 1: Ceanglais ghinearálta agus sábháilteachta do UPS

EN 62040-1:2008/A1:2013,

EN.62040-1:2008/AC:2009

21 Meitheamh 2023

83.

EN 60838-1:2004

Cróite ilghnéitheacha lampaí - Cuid 1: Ceanglais ghinearálta agus tástálacha

EN 60838-1:2004/A1:2008

EN 60838-1:2004/A2:2011

21 Meitheamh 2023

84.

EN 60335-2-21:2003

Fearais tí agus fearais leictreacha dá samhail - Sábháilteacht - Cuid 2-21: Ceanglais ar leith maidir le taiscthéitheoirí uisce

EN 60335-2-21:2003/A1:2005

EN 60335-2-21:2003/AC:2007

EN 60335-2-21:2003/A2:2008

EN 60335-2-21:2003/AC:2010

21 Meitheamh 2023

85.

EN 60670-1:2005

Boscaí agus iniaimh do chomhghabhálais leictreacha le haghaidh suiteálacha leictreacha seasta tí agus cosúla eile - Cuid 1: Riachtanais ghinearálta

EN 60670-1:2005/AC:2007

EN 60670-1:2005/AC:2010

EN 60670-1:2005/A1:2013

21 Meitheamh 2023

86.

EN 60947-5-8:2006

Giarlasc ísealvoltais agus giar rialaithe - Cuid 5-8: Fearais ciorcaid rialaithe agus gnéithe lasctha - Lasca cumasaithe trí shuíomh

21 Meitheamh 2023

87.

EN 60974-11:2010

Trealamh stuatháthaithe - Cuid 11: Coinneálaithe leictreoidí

21 Meitheamh 2023

88.

EN 60974-13:2011

Trealamh stuatháthaithe - Cuid 13: Clampa táthaithe

21 Meitheamh 2023

89.

EN 60825-1:2014

Sábháilteacht táirgí léasair – Cuid 1: Aicmiú agus ceanglais trealaimh

21 Meitheamh 2023

90.

EN 61800-5-1:2007

Córais tiomána cumhachta leictrí le luas inchoigeartaithe - Cuid 5-1: Riachtanais sábháilteachta - Leictreacha, teirmeacha agus fuinnimh

21 Meitheamh 2023

91.

EN 62477-1:2012

Ceanglais sábháilteachta maidir le córais tiontairí leictreonacha cumhachta agus trealamh cumhachta- Cuid 1: Ginearálta

EN 62477-1:2012/A11:2014

21 Meitheamh 2023

92.

EN 60335-2-73:2003

Fearais tí agus fearais leictreacha dá samhail - Sábháilteacht - Cuid 2-73: Ceanglais ar leith maidir le tumthéitheoirí seasta

EN 60335-2-73:2003/A1:2006

EN 60335-2-73:2003/A2:2009

21 Meitheamh 2023

93.

EN 61995-1:2008

Gairis le haghaidh fearais solais a nascadh chun críoch tí agus chun críoch comhchosúil - Cuid 1: Riachtanais ghinearálta

21 Meitheamh 2023

94.

EN 62423:2012

Scoradáin chiorcaid a oibríonn trí shruth de chineál F agus de chineál B le agus gan cosaint forshrutha chomhtháite d’úsáidí tí agus úsáidí comhchosúla

21 Meitheamh 2023

95.

EN 60400:2017

Cróite lampaí do lampaí fluaraiseacha feadánacha agus cróite tosaithe

21 Meitheamh 2023”