21.12.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 457/10


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/2272 ÓN gCOIMISIÚN

an 20 Nollaig 2021

lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1616 i dtaca le caighdeáin chomhchuibhithe i ndáil le feadáin chruach dhosmálta gan uaim agus táite, gaibhnithe de chruach atá gaibhnithe chun críoch brú ag teocht ard agus a bhfuil neart ard-dhíonach acu, árthaí brú neamhloiscthe agus fearais bhreoslaithe feithiclí le haghaidh feithiclí gáis nádúrtha

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le caighdeánú Eorpach, lena leasaítear Treoir 89/686/CEE agus Treoir 93/15/CEE ón gComhairle agus Treoracha 94/9/CE, 94/25/CE, 95/16/CE, 97/23/CE, 98/34/CE, 2004/22/CE, 2007/23/CE, 2009/23/CE agus 2009/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinneadh 87/95/CEE ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 1673/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 10(6) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le hAirteagal 12 de Threoir 2014/68/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), maidir le brú-threalamh nó cóimeálacha dá dtagraítear in Airteagal 4(1) agus (2) den Treoir sin atá i gcomhréir le caighdeáin chomhchuibhithe nó codanna de na caighdeáin chomhchuibhithe sin agus ar foilsíodh na tagairtí dóibh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, glacfar leis go bhfuil siad i gcomhréir leis na ceanglais riachtanacha sábháilteachta a chumhdaítear faoi na caighdeáin sin nó faoi chodanna de na caighdeáin sin dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin.

(2)

I litir M/071 dar dáta an 1 Lúnasa 1994, d’iarr an Coimisiún ar an gCoiste Eorpach um Chaighdeánú (CEN) na caighdeáin a bhaineann le táirgí agus na caighdeáin de chineál cothrománach a tharraingt suas i ndáil leis an mbrú-threalamh chun tacú le Treoir 97/23/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3). Cuireadh Treoir 2014/68/AE in ionad na Treorach sin gan athrú a dhéanamh ar na ceanglais riachtanacha sábháilteachta dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 97/23/CE.

(3)

Ar bhonn iarraidh M/071, dhréachtaigh CEN caighdeán comhchuibhithe EN 13445-10:2021 maidir le hárthaí brú neamhloiscthe de nicil agus de chóimhiotail nicile agus caighdeán comhchuibhithe EN 17278:2021 maidir le fearais breoslaithe feithiclí le haghaidh feithiclí gáis nádúrtha.

(4)

Ar bhonn iarraidh M/071 agus chun úrscothacht a léiriú, rinne CEN athbhreithniú agus leasú ar chuid de na caighdeáin chomhchuibhithe a bhí ann cheana. Go háirithe, rinne CEN athbhreithniú ar chaighdeáin chomhchuibhithe EN 10216-5:2013 agus EN 10217-7:2014, caighdeáin ar foilsíodh na tagairtí dóibh le Teachtaireacht 2016/C 293/01 ón gCoimisiún (4) agus dá thoradh sin, glacadh caighdeáin chomhchuibhithe EN 10216-5:2021 agus EN 10217-7:2021, faoi seach, maidir le feadáin chruach dhosmálta gan uaim agus táite chun críoch brú. Rinne CEN leasú freisin ar chaighdeáin chomhchuibhithe EN 10222-2:2017 agus EN 10222-4:2017, caighdeáin ar foilsíodh na tagairtí dóibh le Teachtaireacht 2017/C 389/01 ón gCoimisiún (5) agus dá thoradh sin glacadh caighdeáin chomhchuibhithe EN 10222-2:2017+A1:2021 agus EN 10222-4:2017+A1:2021 maidir le gaibhnithe de chruach atá gaibhnithe chun críoch brú.

(5)

Ina theannta sin, rinne CEN athbhreithniú ar na caighdeáin chomhchuibhithe seo a leanas maidir le hárthaí brú neamhloiscthe ar foilsíodh na tagairtí dóibh le Teachtaireacht 2016/C 293/01: EN 13445-1:2014, EN 13445-1:2014/A1:2014, EN 13445-4:2014, EN 13445-8:2014 agus EN 13445-8:2014/A1:2014. Is é an toradh a bhí air sin gur glacadh na caighdeáin chomhchuibhithe seo a leanas faoi seach: EN 13445-1:2021, EN 13445-4:2021 agus EN 13445-8:2021.

(6)

Ina theannta sin, ar bhonn iarraidh M/071, leasaigh CEN na caighdeáin seo a leanas, caighdeáin a gcuimsítear na tagairtí dóibh in Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1616 ón gCoimisiún (6): EN 13445-2:2014, EN 13445-2:2014/A1:2016, EN 13445-2:2014/A2:2018, EN 13445-2:2014/A3:2018 maidir le hábhair le haghaidh árthaí brú neamhloiscthe; EN 13445-3:2014, EN 13445-3:2014/A1:2015, EN 13445-3:2014/A2:2016, EN 13445-3:2014/A3:2017, EN 13445-3:2014/A4:2018, EN 13445-3:2014/A5:2018, EN 13445-3:2014/A6:2019, EN 13445-3:2014/A7:2019 agus EN 13445-3:2014/A8:2019 maidir le dearadh árthaí brú neamhloiscthe; EN 13445-5:2014, EN 13445-5:2014/A1:2018 maidir le cigireacht agus tástáil árthaí brú neamhloiscthe agus EN 13445-6:2014, EN 13445-6:2014/A2:2018 maidir le dearadh agus monarú árthaí brú neamhloiscthe atá déanta as iarann teilgthe graifíte sféaróidí. Is é an toradh a bhí air sin gur glacadh caighdeáin chomhchuibhithe EN 13445-2:2021, EN 13445-3:2021, EN 13445-5:2021 agus EN 13445-6:2021.

(7)

Na caighdeán sin maidir le brú-threalamh a dhréachtaigh, a leasaigh nó a d’athbhreithnigh CEN, rinne an Coimisiún measúnú i gcomhar le CEN féachaint an gcomhlíonann siad iarraidh M/071.

(8)

Comhlíonann na caighdeáin maidir le brú-threalamh a dhréachtaigh, a leasaigh nó a d’athbhreithnigh CEN na ceanglais is aidhm dóibh a chumhdach, ceanglais dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/68/AE. Dá bhrí sin, is iomchuí na tagairtí do na caighdeáin sin a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(9)

In Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1616, liostaítear sonraí tagartha na gcaighdeán comhchuibhithe a dréachtaíodh chun tacú le Treoir 2014/68/AE. Ba cheart na tagairtí do chaighdeáin chomhchuibhithe EN 13445-10:2021, EN 17278:2021, EN 10216-5:2021, EN 10217-7:2021, EN 10222-2:2017+A1:2021, EN 10222-4:2017+A1:2021, EN 13445-1:2021, EN 13445-4:2021, EN 13445-8:2021, EN 13445-2:2021, EN 13445-3:2021, EN 13445-5:2021 agus EN 13445-6:2021 a chuimsiú san Iarscríbhinn sin.

(10)

In Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1616, liostaítear na tagairtí do na caighdeáin chomhchuibhithe a dréachtaíodh chun tacú le Treoir 2014/68/AE agus atá tarraingthe siar as Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Na caighdeáin chomhchuibhithe seo a leanas ar foilsíodh na tagairtí dóibh le Teachtaireachtaí 2016/C 293/01 agus 2017/C 389/01, rinneadh iad a athbhreithniú nó a leasú, nó cuireadh ábhar eile ina n-áit: EN 10216-5:2013, EN 10217-7:2014, EN 10222-2:2017, EN 10222-4:2017, EN 13445-1:2014, EN 13445-1:2014/A1:2014, EN 13445-4:2014, EN 13445-8:2014, EN 13445-8:2014/A1:2014. Dá bhrí sin, ba cheart na tagairtí do na caighdeáin chomhchuibhithe sin a chuimsiú in Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1616.

(11)

Ina theannta sin, is gá na tagairtí do chaighdeáin chomhchuibhithe EN 13445-2:2014, EN 13445-3:2014, EN 13445-5:2014 agus EN 13445-6:2014 a tharraingt siar mar aon le haon leasuithe orthu a foilsíodh le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1616, ós rud é gur cuireadh caighdeáin eile ina n-áit. Is iomchuí, dá bhrí sin, na tagairtí sin a scriosadh as Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gCinneadh Cur Chun Feidhme sin.

(12)

Tarraingt siar thagairtí na gcaighdeán comhchuibhithe, is gá é a chur siar ar mhaithe lena ndóthain ama a thabhairt do mhonaróirí ullmhú do chur i bhfeidhm na gcaighdeán nua, na gcaighdeán athbhreithnithe nó na gcaighdeán leasaithe.

(13)

Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1616 a leasú dá réir.

(14)

Is éard a thugtar le fios le caighdeán comhchuibhithe a chomhlíonadh go nglactar leis go bhfuil comhréir ann leis na ceanglais riachtanacha chomhfhreagracha a leagtar amach i reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais ón dáta a fhoilsítear an tagairt do chaighdeáin den chineál sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Dá bhrí sin, ba cheart don Chinneadh seo teacht i bhfeidhm lá a fhoilsithe,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1616 mar a leanas:

(1)

leasaítear Iarscríbhinn I i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an gCinneadh seo.

(2)

Lleasaítear Iarscríbhinn II i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag pointe (1) d’Iarscríbhinn I ón 21 Meitheamh 2023.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 20 Nollaig 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 316, 14.11.2012, lch. 12.

(2)  Treoir 2014/68/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le brú-threalamh a chur ar fáil ar an margadh (IO L 189, 27.6.2014, lch. 164).

(3)  Treoir 97/23/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Bealtaine 1997 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le brú-threalamh (IO L 181, 9.7.1997, lch. 1).

(4)  Teachtaireacht ón gCoimisiún faoi chuimsiú chur chun feidhme Threoir 2014/68/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le brú-threalamh a chur ar fáil ar an margadh (Foilsiú teideal caighdeán comhchuibhithe agus tagairtí do chaighdeáin chomhchuibhithe faoi reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais) (IO C 293, 12.8.2016, lch. 1).

(5)  Teachtaireacht ón gCoimisiún faoi chuimsiú chur chun feidhme Threoir 2014/68/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le brú-threalamh a chur ar fáil ar an margadh (Foilsiú teideal caighdeán comhchuibhithe agus tagairtí do chaighdeáin chomhchuibhithe faoi reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais) (IO C 389, 17.11.2017, lch. 1).

(6)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1616 ón gCoimisiún an 27 Meán Fómhair 2019 maidir le caighdeáin chomhchuibhithe i dtaca le brú-threalamh arna ndréachtú chun tacú le Treoir 2014/68/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 250, 30.9.2019, lch. 95).


IARSCRÍBHINN I

Leasaítear Iarscríbhinn I mar a leanas:

(1)

scriostar iontrálacha 7, 8, 9, agus 10;

(2)

cuirtear isteach iontrálacha 7a, 8a, 9a agus 10a san áit iomchuí go seicheamhach de réir uimhir na hiontrála:

Uimh.

An tagairt don chaighdeán

“7a.

EN 13445-2:2021

Árthaí brú neamhloiscthe – Cuid 2: Ábhair”

“8a.

EN 13445-3:2021

Árthaí brú neamhloiscthe – Cuid 3: Dearadh”

“9a.

EN 13445-5:2021

Árthaí brú neamhloiscthe – Cuid 5: Cigireacht agus tástáil”

“10a.

EN 13445-6:2021

Árthaí brú neamhloiscthe – Cuid 6: Ceanglais maidir le dearadh agus monarú árthaí brú agus brúpháirteanna déanta as iarann teilgthe graifíte sféaróidí”;

(3)

cuirtear isteach na hiontrálacha seo a leanas:

Uimh.

An tagairt don chaighdeán

“42.

EN 10216-5:2021

Feadáin chruach gan uaim chun críoch brú – coinníollacha seachadta teicniúla – Cuid 5: Feadáin chruach dhosmálta

43.

EN 10217-7:2021

Feadáin chruach tháite chun críoch brú – Coinníollacha seachadta teicniúla – Cuid 7: Feadáin chruach dhosmálta

44.

EN 10222-2:2017+A1:2021

Gaibhnithe cruach atá gaibhnithe chun críoch brú – Cuid 2: Cruacha feiríteach agus mártainsíteach a bhfuil saintréithe teochta ardaithe sonraithe acu

45.

EN 10222-4:2017+A1:2021

Gaibhnithe cruach atá gaibhnithe chun críoch brú – Cuid 4: Cruacha mínghráinní intáthaithe a bhfuil neart ard-dhíonach acu

46.

EN 13445-1:2021

Árthaí brú neamhloiscthe – Cuid 1: Ginearálta

47.

EN 13445-4:2021

Árthaí brú neamhloiscthe – Cuid 4: Monarú

48.

EN 13445-8:2021

Árthaí brú neamhloiscthe – Cuid 8: Ceanglais bhreise maidir le hárthaí brú d’alúmanam agus de chóimhiotail alúmanaim

49.

EN 13445-10:2021

Árthaí brú neamhloiscthe – Cuid 10: Ceanglais bhreise maidir le hárthaí brú de nicil agus de chóimhiotail nicile

50.

EN 17278:2021

Feithiclí gáis nádúrtha – Fearais breoslaithe feithiclí”.


IARSCRÍBHINN II

In Iarscríbhinn II, cuirtear isteach na hiontrálacha seo a leanas:

Uimh.

An tagairt don chaighdeán

Dáta an tarraingt siar

“40.

EN 10216-5:2013

Feadáin chruach gan uaim chun críoch brú – coinníollacha seachadta teicniúla – Cuid 5: Feadáin chruach dhosmálta

21 Meitheamh 2023

41.

EN 10217-7:2014

Feadáin chruach tháite chun críoch brú – Coinníollacha seachadta teicniúla – Cuid 7: Feadáin chruach dhosmálta

21 Meitheamh 2023

42.

EN 10222-2:2017

Gaibhnithe cruach atá gaibhnithe chun críoch brú – Cuid 2: Cruacha feiríteach agus mártainsíteach a bhfuil saintréithe teochta ardaithe sonraithe acu

21 Meitheamh 2023

43.

EN 10222-4:2017

Gaibhnithe cruach atá gaibhnithe chun críoch brú – Cuid 4: Cruacha mínghráinní intáthaithe a bhfuil neart ard-dhíonach acu

21 Meitheamh 2023

44.

EN 13445-1:2014

Árthaí brú neamhloiscthe – Cuid 1: Ginearálta

EN 13445-1:2014/A1:2014

21 Meitheamh 2023

45.

EN 13445-4:2014

Árthaí brú neamhloiscthe – Cuid 4: Monarú

21 Meitheamh 2023

46.

EN 13445-8:2014

Árthaí brú neamhloiscthe – Cuid 8: Ceanglais bhreise maidir le hárthaí brú d’alúmanam agus de chóimhiotail alúmanaim

EN 13445-8:2014/A1:2014

21 Meitheamh 2023”