|
16.12.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 450/148 |
CINNEADH (AE) 2021/2242 ÓN gCOMHAIRLE
an 13 Nollaig 2021
lena leasaítear Cinneadh 2009/908/AE, lena leagtar síos bearta chun Cinneadh ón gComhairle Eorpach maidir le feidhmiú Uachtaránacht na Comhairle, agus maidir le cathaoirleacht comhlachtaí ullmhúcháin de chuid na Comhairle a chur chun feidhme
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Chinneadh 2009/881/AE ón gComhairle Eorpach an 1 Nollaig 2009 maidir le feidhmiú Uachtaránacht na Comhairle (1), agus go háirithe Airteagal 4 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Cinneadh 2009/908/AE (2), leag an Chomhairle síos bearta chun Cinneadh 2009/881/AE a chur chun feidhme. Comhlachtaí ullmhúcháin na Comhairle nach bhfuil an Uachtaránacht 6 mhí ina chathaoirleach orthu, liostaítear iad in Iarscríbhinn III de Chinneadh 2009/908/AE, faoi mar a fhoráiltear in Airteagal 2, an tríú fomhír, de Chinneadh 2009/881/AE. |
|
(2) |
I bhfianaise nádúr comhairleach agus chineál na gcúraimí a dhéanann an Coiste um an Limistéar Eorpach Taighde agus Nuálaíochta, chomh maith leis an taithí a fuarthas ar na cúraimí sin, ba cheart an coiste sin a chur le liosta na gcomhlachtaí ullmhúcháin nach bhfuil an Uachtaránacht 6 mhí ina chathaoirleach orthu. |
|
(3) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh 2009/908/AE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
In Iarscríbhinn III a ghabhann le Cinneadh 2009/908/AE, cuirtear an comhlacht ullmhúcháin seo a leanas leis an liosta dár teideal “Cathaoirligh tofa”
“An Coiste um an Limistéar Eorpach Taighde agus Nuálaíochta”.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Foilseofar é in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 13 Nollaig 2021.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. BORRELL FONTELLES
(1) IO L 315, 2.12.2009, lch. 50.
(2) Cinneadh 2009/908/AE ón gComhairle an 1 Nollaig 2009, lena leagtar síos bearta chun Cinneadh ón gComhairle Eorpach maidir le feidhmiú Uachtaránacht na Comhairle, agus maidir le cathaoirleacht comhlachtaí ullmhúcháin de chuid na Comhairle a chur chun feidhme (IO L 322, 9.12.2009, lch. 28).