16.12.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 450/143


CINNEADH (AE) 2021/2241 ÓN gCOMHAIRLE

an 13 Nollaig 2021

maidir le comhdhéanamh agus sainordú an Choiste um an Limistéar Eorpach Taighde agus um Nuálaíocht (CLETN)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 179(1) agus Airteagal 240(3) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rún an 14 Eanáir 1974 ón gComhairle (1), bunaíodh Coiste um Thaighde Eolaíoch agus Teicniúil (Crest). Cuireadh Rún ón gComhairle an 28 Meán Fómhair 1995 (2) in ionad an Rún sin, agus leasaíodh agus críochnaíodh é ansin, ar dtús le Rún ón gComhairle an 28 Bealtaine 2010 (3), lenar athraíodh ainm Crest go dtí “an Coiste um an Limistéar Eorpach Taighde”, ansin ag Rún ón gComhairle an 30 Bealtaine 2013 (4), lenar athraíodh an t-ainm sin go “an Coiste um an Limistéar Eorpach Taighde agus um Nuálaíocht” (“CLETN”), agus ansin le conclúidí ón gComhairle an 1 Nollaig 2015 maidir leis an athbhreithniú ar struchtúr comhairleach an Limistéir Eorpaigh Taighde (“LET”).

(2)

An 1 Nollaig 2020, ghlac an Chomhairle conclúidí maidir le Limistéar Eorpach Taighde nua (“LET nua”), inar sainíodh é mar limistéar barr feabhais atá taighde-lárnach, bunaithe ar luachanna agus tionchar-bhunaithe, ina dtugtar tacaíocht do thaighdeoirí, don eolas agus don teicneolaíocht agus inar féidir leo gluaiseacht faoi shaoirse.

(3)

An 26 Samhain 2021, ghlac an Chomhairle conclúidí maidir le rialachas LET nua amach anseo, lenar cuireadh chun suntais go bhfuil athdhearadh cuimsitheach ar rialachas reatha LET ag teastáil i gcomhair LET nua agus a thosaíochtaí agus dheimhnigh sí gurb é CLETN an comhchoiste comhairleach ardleibhéil um beartas straitéiseach, a chuirfidh luathchomhairle ar fáil don Chomhairle, don Choimisiún agus do na Ballstáit maidir le saincheisteanna beartais taighde agus nuálaíochta (T&N).

(4)

D’aontaigh an Chomhairle freisin go ndéanfadh sí athbhreithniú ar shainordú CLETN chun rialachas nua LET a léiriú agus chun comhaltas CLETN a theorannú d’ionadaithe ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún a bhfuil ardleibhéal feidhmiúcháin freagrachta acu maidir le beartais T&I. D’admhaigh an Chomhairle freisin an breisluach atá le comhchathaoirleacht na hionadaithe sin ó na Ballstáit agus ón gCoimisiúin ar CLETN.

(5)

Ba cheart, dá bhrí sin, sainordú CLETN a athbhreithniú,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Leis seo, glactar sainordú athbhreithnithe an Choiste um an Limistéar Eorpach Taighde agus Nuálaíochta.

2.   Leagtar amach téacs an tsainordaithe athbhreithnithe san Iarscríbhinn.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 13 Nollaig 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BORRELL FONTELLES


(1)  Rún ón gComhairle an 14 Eanáir 1974 maidir le comhordú beartas náisiúnta agus le sainiú na tionscadail infheistíochta ar spéis leis an gComhphobal in earnáil na heolaíochta agus na teicneolaíochta (IO C 7, 29.1.1974, lch. 2).

(2)  Rún ón gComhairle an 28 Meán Fómhair 1995 maidir le Crest (IO C 264, 11.10.1995, lch. 4).

(3)  Rún ón gComhairle an 28 Bealtaine 2010 maidir leis na forbairtí ar rialachas an Limistéir Eorpaigh Taighde (LET) - féach doiciméad ST 10255/10 ag http://register.consilium.europa.eu.

(4)  Rún ón gComhairle an 30 Bealtaine 2013 maidir leis an obair chomhairleach le haghaidh an Limistéir Eorpaigh Taighde - féach doiciméad ST 10331/13 ag http://register.consilium.europa.eu.


IARSCRÍBHINN

Sainordú an Choiste um an Limistéar Eorpach Taighde agus Nuálaíochta (CLETN)

CÚRAIMÍ AN CHOISTE

Airteagal 1

1.   Tá an Coiste um an Limistéar Eorpach Taighde agus um Nuálaíocht (“an Coiste”) ina chomhchoiste comhairleach ardleibhéil um beartas straitéiseach, a chuireann luathchomhairle ar an gComhairle, an Coimisiún agus na Ballstáit maidir le saincheisteanna beartais taighde straitéisigh agus nuálaíochta (T&N);

2.   Beidh na cúraimí seo a leanas ar an gCoiste:

(a)

comhairle a thabhairt ar threoshuíomhanna beartais straitéisigh agus ar threochtaí amach anseo a éilíonn mionchoigeartú ar bheartais T&N an Aontais agus ar bheartais T&N náisiúnta, lena n-áirítear beartais T&N réigiúnacha, lena n-áirítear maidir leis an gCreatchlár reatha T&N de chuid an Aontais agus leis an gcéad Chreatchlár eile agus tionscnaimh ábhartha eile de chuid an Aontais faoi thionchar T&N;

(b)

tús a chur le nuashonruithe ar chlár oibre beartais LET trí luathchomhairle straitéiseach a chur ar fáil a bheidh bunaithe, i measc nithe eile, ar mhachnamh a dhéanamh ar an dul chun cinn atá déanta i ngníomhaíochtaí LET atá ar siúl faoi láthair;

(c)

machnamh a dhéanamh agus comhairle a thabhairt maidir le héilimh ar bheartais nua, lena gcomhlíontar critéir chlár oibre beartais LET, agus Clár Oibre Beartais LET á chur chun feidhme;

(d)

idirghníomhú le struchtúir rialachais agus chomhordúcháin ar leibhéal comhchosúil i réimsí beartais ábhartha eile, amhail an t-ardoideachas agus an tionsclaíocht.

Airteagal 2

Cuirfidh an Coiste a chomhairle ar fáil, agus tabharfaidh sé tuairimí agus tuarascálacha, arna iarraidh sin don Chomhairle nó don Choimisiún nó ar a thionscnamh féin.

COMHDHÉANAMH

Airteagal 3

1.   Is iad na Ballstáit agus an Coimisiún comhaltaí an Choiste. (“comhaltaí”).

2.   Ceapfaidh gach comhalta suas go beirt ionadaithe don Choiste ag a mbeidh ardleibhéal feidhmiúcháin freagrachta as beartais T&I.

3.   Féadfaidh comhalta nach mbeidh in ann freastal ar chruinniú den Choiste ionadaí don chruinniú sin a cheapadh nó na feidhmeanna atá aige nó aici a tharmligean chuig comhalta eile. Cuirfear comhchathaoirligh agus Rúnaíocht an Choiste ar an eolas faoi sin i scríbhinn roimh an gcruinniú.

NA CATHAOIRLIGH AGUS AN RÚNAÍOCHT

Airteagal 4

1.   Beidh ionadaí ó Bhallstát agus ionadaí ón gCoimisiún ina gcomhchathaoirligh ar an gCoiste.

2.   Toghfaidh an Coiste, trí thromlach a chomhaltaí, comhchathaoirleach as measc ionadaithe na mBallstát. Beidh téarma oifige Chathaoirleach den sórt sin ar feadh thréimhse 3 bliana, a bheidh inathnuaite uair amháin.

3.   Beidh ag an mBallstát a gceapfar a ionadaí ina chomhchathaoirleach ar an gCoiste agus ag an gCoimisiún ionadaí amháin breise ar an gCoiste ar feadh théarma oifige an chomhchathaoirligh.

4.   Ní bheidh cearta vótála ag na comhchathaoirligh.

Airteagal 5

I gcás nach mbeidh duine de na comhchathaoirligh in ann dualgais mar chomhchathaoirleach a chomhlíonadh, ceapfaidh an comhchathaoirleach sin ionadaí le comhaontú an chomhchathaoirligh eile.

Airteagal 6

Soláthróidh Ardrúnaíocht na Comhairle seirbhísí rúnaíochta an Choiste.

IMEACHTAÍ

Airteagal 7

Má iarrtar vóta, is trí thromlach simplí na gcomhaltaí a ghlacfar tuairimí agus tuarascálacha. Beidh aon vóta amháin ag gach comhalta. Tuairisceoidh an Coiste ar thuairimí mionlaigh nó easaontacha a cuireadh in iúl le linn an phlé.

Airteagal 8

Ní fhéadfaidh ach comhaltaí labhairt le linn chruinnithe an Choiste. Féadfaidh na comhchathaoirligh a mhalairt a chomhaontú, áfach, in imthosca eisceachtúla.

Airteagal 9

Féadfar cuireadh a thabhairt d’ionadaithe ó thíortha atá comhlachaithe le Clár Réime T&N an Aontais agus ó thríú tíortha ábhartha, ó shaineolaithe seachtracha agus ó gheallsealbhóirí chun cruinnithe ábhartha den Choiste, de réir mar is iomchuí, le haghaidh míreanna sonracha ar an gclár oibre agus i gcomhréir le Rialacha Nós Imeachta na Comhairle.

Airteagal 10

Féadfaidh an Coiste, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, cúraimí sonracha a chur de chúram ar Thascfhórsaí sealadacha ad hoc.

Airteagal 11

1.   Tionólfar an Coiste dhá uair sa bhliain. Má éileoidh an staid amhlaidh, déanfaidh na comhchathaoirligh cruinniú urghnách den Choiste a chomóradh chomh maith.

2.   Is sa Bhruiséil a thionólfar cruinnithe an Choiste de ghnáth ach féadfaidh an tír ag a bhfuil Uachtaránacht rothlach Chomhairle an Aontais Eorpaigh iad a óstáil i gcomhréir le Rialacha Nós Imeachta na Comhairle.

Airteagal 12

1.   Beidh Bord Stiúrtha ag an gCoiste. Beidh an Bord Stiúrtha comhdhéanta de chomhchathaoirligh CLETN agus d’ionadaí amháin ó gach ceann de na Ballstáit atá i bhfoireann trí Uachtaránacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh faoi láthair agus na foirne a thiocfaidh ina dhiaidh sin.

2.   Roghnóidh agus ullmhóidh an Bord Stiúrtha ábhair do phléití straitéiseacha an Choiste, le tacaíocht, de réir mar is gá, ó Thascfhórsaí ad hoc an Choiste.

Airteagal 13

Cuirfidh an Coimisiún an Coiste ar an eolas ar bhonn rialta faoi obair Fhóram LET.

Airteagal 14

Glacfaidh an Coiste a shocruithe nóis imeachta féin i gcomhréir le Rialacha Nós Imeachta na Comhairle.