15.12.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 448/67


CINNEADH (AE) 2021/2233 ÓN gCOIMISIÚN

an 14 Nollaig 2021

lena bhformheastar, thar ceann an Aontais Eorpaigh, leasuithe ar Iarscríbhinn 10-A agus Iarscríbhinn 10-B a ghabhann leis an gComhaontú Saorthrádála idir an tAontas agus Singeapór

(a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2021) 8893)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Chinneadh (AE) 2019/1875 ón gComhairle an 8 Samhain 2019 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe Saorthrádála idir an tAontas agus Singeapór (1), agus go háirithe Airteagal 3 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tháinig an Comhaontú Saorthrádála idir an tAontas agus Singeapór (“an Comhaontú”) i bhfeidhm an 21 Samhain 2019.

(2)

Le hAirteagal 16.1 den Chomhaontú, bunaítear Coiste Trádála a fhéadfaidh, inter alia, leasuithe ar an gComhaontú a bhreithniú, nó forálacha an Chomhaontaithe a leasú i gcásanna dá bhforáiltear go sonrach sa Chomhaontú.

(3)

Foráiltear le hAirteagal 10.17.3 den Chomhaontú go nglacfaidh an Coiste Trádála cinneadh, a luaithe is indéanta tar éis thabhairt i gcrích na nósanna imeachta um thásca geografacha a chosaint, maidir leis na hainmneacha ó Iarscríbhinn 10-A (Liosta ainmneacha atá le cur i bhfeidhm le haghaidh cosanta mar Thásca Geografacha ar chríoch na bPáirtithe) a ghabhann leis an gComhaontú, a liostú in Iarscríbhinn 10-B (Tásca Geografacha faoi Chosaint) a ghabhann leis an gComhaontú.

(4)

Foráiltear le hAirteagal 10.18 den Chomhaontú go gcomhaontaíonn na páirtithe ar an bhféidearthacht leasú a dhéanamh ar liosta na dtásc geografach le haghaidh fíonta, biotáillí, táirgí talmhaíochta agus earraí bia a liostaítear in Iarscríbhinn 10-B atá le cosaint ag gach Páirtí.

(5)

Tá an nós imeachta um chosaint tugtha i gcrích ag Poblacht Shingeapór ar a críoch i leith dhá ainm (“Bardolino Superiore”, “Tiroler Speck”) a liostaítear in Iarscríbhinn 10-A a ghabhann leis an gComhaontú agus a cuireadh i bhfeidhm le haghaidh cosanta mar thásca geografacha de chuid an Aontais.

(6)

Tá an nós imeachta um chosaint tugtha i gcrích ag Poblacht Shingeapór ar a críoch i leith aon ainm amháin (“Saint-Emilion Grand Cru”) nár liostaíodh in Iarscríbhinn 10-A a ghabhann leis an gComhaontú agus a cuireadh i bhfeidhm le haghaidh cosanta mar thásc geografach de chuid an Aontais.

(7)

Tar éis tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas ón 1 Eanáir 2021 ar aghaidh, ba cheart an t-ainm “Scotch Whisky” a bhaint de na hainmneacha a liostaítear in Iarscríbhinn 10-B a ghabhann leis an gComhaontú i gcomhréir le hAirteagal 10.18 a ghabhann leis an gComhaontú sin.

(8)

Ní chosnaítear an t-ainm “Polish Cherry” san Aontas a thuilleadh agus ba cheart é a bhaint d’Iarscríbhinn 10-A a ghabhann leis an gComhaontú.

(9)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn 10-A agus Iarscríbhinn 10-B a ghabhann leis an gComhaontú a leasú trí na trí ainm bhreise sin a liostú in Iarscríbhinn 10-B mar thásca geografacha faoi chosaint de chuid an Aontais agus dhá cheann de na hainmneacha sin a bhaint d’Iarscríbhinn 10-A. Ba cheart na hainmneacha “Scotch Whisky” agus “Polish Cherry” a bhaint freisin d’Iarscríbhinn 10-B agus Iarscríbhinn 10-A faoi seach, mar a leagtar amach sa Dréachtchinneadh atá i gceangal agus ba cheart na leasuithe a fhormheas thar ceann an Aontais.

(10)

Chun na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 10.17.3 agus in Airteagal 10.18 den Chomhaontú a chomhlíonadh a luaithe is indéanta, is iomchuí an cinneadh seo a theacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe,

TAR ÉIS A CINNEADH MAR A LEANAS:

Airteagal 1

Leis seo, déantar na leasuithe ar Iarscríbhinn 10-A agus Iarscríbhinn 10-B a ghabhann leis an gComhaontú Saorthrádála idir an tAontas agus Singeapór, mar a leagtar amach sa Dréachtchinneadh ón gCoiste Trádála, a fhormheas thar ceann an Aontais Eorpaigh.

Leagtar amach an Dréachtchinneadh ón gCoiste Trádála san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Ar an Dréachtchinneadh seo a bhunófar an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa chéad chruinniú den Choiste Trádála. Féadfaidh ionadaithe an Aontais laistigh den Choiste mionathruithe ar an Dréachtchinneadh ón gCoiste a aontú, gan cinneadh eile ón gCoimisiún.

Airteagal 2

Údaraítear ionadaithe an Aontais Eorpaigh sa Choiste Trádála le cinneadh an Choiste sin a ghlacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Foilseofar an Cinneadh seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Tar éis a ghlactha, foilseofar an Cinneadh ón gCoiste Trádála in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 14 Nollaig 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

Janusz WOJCIECHOWSKI

Comhalta den Choimisiún


(1)  Cinneadh (AE) 2019/1875 ón gComhairle an 8 Samhain 2019 maidir leis an gComhaontú Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Shingeapór (IO L 294, 14.11.2019, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

DRÉACHTCHINNEADH Uimh. X/2021 ÓN gCOISTE TRÁDÁLA IDIR AE AGUS SINGEAPÓR

an [dáta]

lena leasaítear Iarscríbhinn 10-A agus Iarscríbhinn 10-B a ghabhann leis an gComhaontú Saorthrádála idir an tAontas agus Singeapór

TÁ AN COISTE TRÁDÁLA,

Ag féachaint don Chomhaontú Saorthrádála idir an tAontas agus Singeapór, agus go háirithe Airteagal 10.17.3 agus Airteagal 10.18 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tháinig an Comhaontú Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Shingeapór (“an Comhaontú”) i bhfeidhm an 21 Samhain 2019.

(2)

Foráiltear le hAirteagal 10.17.3 den Chomhaontú go nglacfaidh an Coiste Trádála cinneadh, a luaithe is indéanta tar éis thabhairt i gcrích na nósanna imeachta um thásca geografacha a chosaint, maidir leis na hainmneacha ó Iarscríbhinn 10-A (Liosta ainmneacha atá le cur i bhfeidhm le haghaidh cosanta mar Thásca Geografacha ar chríoch na bPáirtithe) a ghabhann leis an gComhaontú, a liostú in Iarscríbhinn 10-B (Tásca Geografacha faoi Chosaint) a ghabhann leis an gComhaontú.

(3)

Foráiltear le hAirteagal 10.18 den Chomhaontú go gcomhaontaíonn na páirtithe faoin bhféidearthacht leasú a dhéanamh ar liosta na dtásc geografach le haghaidh fíonta, biotáillí, táirgí talmhaíochta agus earraí bia a liostaítear in Iarscríbhinn 10-B atá le cosaint ag gach Páirtí.

(4)

Rinne Poblacht Shingeapór an nós imeachta um chosaint a thabhairt i gcrích ar a críoch i leith dhá ainm (“Bardolino Superiore”, “Tiroler Speck”) a liostaíodh in Iarscríbhinn 10-A a ghabhann leis an gComhaontú agus a cuireadh i bhfeidhm le haghaidh cosanta mar thásca geografacha de chuid an Aontais.

(5)

Rinne Poblacht Shingeapór an nós imeachta um chosaint a thabhairt i gcrích ar a críoch i leith aon ainm amháin (“Saint-Emilion Grand Cru”) nár liostaíodh in Iarscríbhinn 10-A a ghabhann leis an gComhaontú agus a cuireadh i bhfeidhm le haghaidh cosanta mar thásca geografacha de chuid an Aontais.

(6)

De réir Airteagal 10.18 den Chomhaontú, agus tar éis tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas ón 1 Eanáir 2021 ar aghaidh, ba cheart an t-ainm “Scotch Whisky” a bhaint de na hainmneacha a liostaítear in Iarscríbhinn 10-B a ghabhann leis an gComhaontú.

(7)

Ní chosnaítear an t-ainm “Polish Cherry” san Aontas a thuilleadh agus ba cheart é a bhaint d’Iarscríbhinn 10-A a ghabhann leis an gComhaontú.

(8)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn 10-A agus Iarscríbhinn 10-B a ghabhann leis an gComhaontú a leasú trí na trí ainm bhreise sin a liostú mar thásca geografacha faoi chosaint de chuid an Aontais in Iarscríbhinn 10-B agus dhá cheann de na hainmneacha sin a bhaint d’Iarscríbhinn 10-A. Ba cheart na hainmneacha “Scotch Whisky” agus “Polish Cherry” a bhaint freisin d’Iarscríbhinn 10-B agus Iarscríbhinn 10-A faoi seach.

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an téacs san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo in ionad Iarscríbhinn 10-A agus Iarscríbhinn 10-B a ghabhann leis an gComhaontú Saorthrádála idir an tAontas agus Singeapór.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.


IARSCRÍBHINN

“IARSCRÍBHINN 10-A

LIOSTA AINMNEACHA ATÁ LE CUR I bhFEIDHM LE hAGHAIDH COSANTA MAR THÁSCA GEOGRAFACHA AR CHRÍOCH NA bPÁIRTITHE

ROINN A

Tásca Geografacha de chuid an Aontais

 

An Ballstát

Tásc Geografach

Tuairisc an Táirge nó Aicme Táirge (1)

1.

Poblacht na Seice

Budějovické pivo

Beoracha

2.

Poblacht na Seice

Budějovický měšt'anský var

Beoracha

3.

an Ghearmáin

Mittelrhein

Fíon

4.

an Ghearmáin

Rheinhessen

Fíon

5.

an Ghearmáin

Rheingau

Fíon

6.

an Ghearmáin

Mosel

Fíon

7.

an Ghearmáin

Franken

Fíon

8.

an Ghearmáin

Bayerisches Bier

Beoracha

9.

an Ghearmáin

Hopfen aus der Hallertau

Táirgí eile d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh (spíosraí etc.) – Leannlusanna

10.

an Ghearmáin

Schwarzwälder Schinken

Táirgí feola (cócaráilte, saillte, deataithe, etc.)

11.

an Ghearmáin

Bremer Klaben

Arán, císte milis, cácaí, milseogra, brioscaí agus earraí eile báicéara

12.

an Ghréig

Ρετσίνα Αττικής (Retsina of Attiki)

Fíon

13.

an Ghréig

Σάμος (Samas)

Fíon

14.

an Spáinn

Utiel-Requena

Fíon

15.

an Spáinn

Pacharán Navarro

Biotáille

16.

an Spáinn

Sierra Mágina

Olaí agus saillte (im, margairín, ola, etc.) Ola olóige

17.

an Spáinn

Aceite del Baix Ebre-Montsía / Oli del Baix Ebre-Montsía

Olaí agus saillte (im, margairín, ola, etc.) Ola olóige

18.

an Spáinn

Aceite del Bajo Aragón

Olaí agus saillte (im, margairín, ola, etc.) Ola olóige

19.

an Spáinn

Antequera

Olaí agus saillte (im, margairín, ola, etc.) Ola olóige

20.

an Spáinn

Priego de Córdoba

Olaí agus saillte (im, margairín, ola, etc.) Ola olóige

21.

an Spáinn

Sierra de Cádiz

Olaí agus saillte (im, margairín, ola, etc.) Ola olóige

22.

an Spáinn

Sierra de Segura

Olaí agus saillte (im, margairín, ola, etc.) Ola olóige

23.

an Spáinn

Sierra de Cazorla

Olaí agus saillte (im, margairín, ola, etc.) Ola olóige

24.

an Spáinn

Siurana

Olaí agus saillte (im, margairín, ola, etc.) Ola olóige

25.

an Spáinn

Aceite de Terra Alta / Oli de Terra Alta

Olaí agus saillte (im, margairín, ola, etc.) Ola olóige

26.

an Spáinn

Estepa

Olaí agus saillte (im, margairín, ola, etc.) Ola olóige

27.

an Spáinn

Guijuelo

Táirgí feola (cócaráilte, saillte, deataithe, etc.) – Liamhása

28.

an Spáinn

Jamón de Teruel

Táirgí feola (cócaráilte, saillte, deataithe, etc.) – Liamhása

29.

an Spáinn

Salchichón de Vic / Llonganissa de Vic

Táirgí feola (cócaráilte, saillte, deataithe, etc.) – Ispíní

30.

an Spáinn

Mahón-Menorca

Cáis

31.

an Spáinn

Cítricos Valencianos / Cîtrics Valencians

Torthaí, glasraí agus gránaigh úra nó phróiseáilte – Citreas

32.

an Spáinn

Jijona

Arán, císte milis, cácaí, milseogra, brioscaí agus earraí eile báicéara - Eithneagán

33.

an Spáinn

Turrón de Alicante

Arán, císte milis, cácaí, milseogra, brioscaí agus earraí eile báicéara

34.

an Spáinn

Azafrán de la Mancha

Táirgí eile d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh (spíosraí etc.) – Cróch

35.

an Fhrainc

Moselle

Fíon

36.

an Fhrainc

Alsace

Fíon

37.

an Iodáil

Pecorino Sardo

Cáis

38.

an Iodáil

Cappero di Pantelleria

Torthaí, glasraí agus gránaigh úra nó phróiseáilte

39.

an Iodáil

Kiwi Latina

Torthaí, glasraí agus gránaigh úra nó phróiseáilte

40.

an Iodáil

Lenticchia di Castelluccio di Norcia

Torthaí, glasraí agus gránaigh úra nó phróiseáilte

41.

an Iodáil

Pesca e nettarina di Romagna

Torthaí, glasraí agus gránaigh úra nó phróiseáilte

42.

an Iodáil

Pomodoro di Pachino

Torthaí, glasraí agus gránaigh úra nó phróiseáilte

43.

an Iodáil

Dolcetto d’Alba

Fíon

44.

an Iodáil

Campania

Fíon

45.

an Iodáil

Veneto

Fíon

46.

an Ostair

Steirischer Kren

Torthaí, glasraí agus gránaigh úra nó phróiseáilte

47.

an Pholainn

Wódka ziołowa z Niziny Północnopodlaskiej aromatyzowana ekstraktem z trawy żubrowej / Herbal vodka from the North Podlasie Lowland aromatised with an extract of bison grass

Biotáille

48.

an Phortaingéil

Bairrada

Fíon

49.

an Phortaingéil

Alentejo

Fíon

50.

an Rómáin

Cotnari

Fíon

51.

an Rómáin

Coteşti

Fíon

52.

an Rómáin

Panciu

Fíon

53.

an Rómáin

Recaş

Fíon

54.

an Rómáin

Odobeşti

Fíon

55.

an tSlóvaic

Vinohradnícka oblasť Tokaj

Fíon

ROINN B

Tásca geografacha Shingeapór

IARSCRÍBHINN 10-B

TÁSCA GEOGRAFACHA FAOI CHOSAINT

ROINN A

Tásca Geografacha an Aontais

 

An Ballstát

Tásc Geografach

Tuairisc an Táirge nó Aicme Táirge (2)

1.

an Chipir

Κουμανδαρία

Fíon

2.

an Chipir

Ζιβανία/Τζιβανία/

Ζιβάνα/Zivania

Biotáille

3.

Poblacht na Seice

České pivo

Beoracha

4.

Poblacht na Seice

Českobudějovické pivo

Beoracha

5.

Poblacht na Seice

Žatecký chmel

Táirgí eile d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh (spíosraí etc.) – Leannlusanna

6.

an Ghearmáin

Korn / Kornbrand  (3)

Biotáille

7.

an Ghearmáin

Münchener Bier

Beoracha

8.

an Ghearmáin

Nürnberger Bratwürste / Nürnberger Rostbratwürste

Táirgí feola (cócaráilte, saillte, deataithe, etc.) – Ispíní

9.

an Ghearmáin

Aachener Printen

Arán, císte milis, cácaí, milseogra, brioscaí agus earraí eile báicéara

10.

an Ghearmáin

Nürnberger Lebkuchen

Arán, císte milis, cácaí, milseogra, brioscaí agus earraí eile báicéara

11.

an Ghearmáin

Lübecker Marzipan

Arán, císte milis, cácaí, milseogra, brioscaí agus earraí eile báicéara

12.

an Danmhairg

Danablu

Cáis

13.

Éire

Irish Whiskey / Uisce Beatha Éireannach / Irish Whisky

Biotáille

14.

Éire

Irish cream

Biotáille

15.

an Ghréig

Ούζο / Ouzo (4)

Biotáille

16.

an Ghréig

Ελιά Καλαμάτας / Elia Kalamatas

Torthaí, glasraí agus gránaigh úra nó phróiseáilte – Ológa boird

17.

an Ghréig

Μαστίχα Χίου / Masticha Chiou

Gumaí agus roisín nádúrtha - Guma coganta

18.

an Ghréig

Φέτα / Feta

Cáis

19.

an Spáinn

Málaga

Fíon

20.

an Spáinn

Rioja

Fíon

21.

an Spáinn

Jerez / Xérès / Sherry

Jerez-Xérès-Sherry

Fíon

22.

an Spáinn

Manzanilla - Sanlúcar de Barrameda / Manzanilla

Fíon

23.

an Spáinn

La Mancha

Fíon

24.

an Spáinn

Cava

Fíon

25.

an Spáinn

Navarra

Fíon

26.

an Spáinn

Valencia

Fíon

27.

an Spáinn

Somontano

Fíon

28.

an Spáinn

Ribera del Duero

Fíon

29.

an Spáinn

Penedès

Fíon

30.

an Spáinn

Bierzo

Fíon

31.

an Spáinn

Empordà

Fíon

32.

an Spáinn

Priorat

Fíon

33.

an Spáinn

Rueda

Fíon

34.

an Spáinn

Rías Baixas

Fíon

35.

an Spáinn

Jumilla

Fíon

36.

an Spáinn

Toro

Fíon

37.

an Spáinn

Valdepeñas

Fíon

38.

an Spáinn

Cataluña / Catalunya

Fíon

39.

an Spáinn

Alicante

Fíon

40.

an Spáinn

Brandy de Jerez

Biotáille

41.

an Spáinn

Baena

Olaí agus saillte (im, margairín, ola, etc.) Ola olóige

42.

an Spáinn

Les Garrigues

Olaí agus saillte (im, margairín, ola, etc.) Ola olóige

43.

an Spáinn

Jabugo

Táirgí feola (cócaráilte, saillte, deataithe, etc.) – Liamhása

44.

an Spáinn

Queso Manchego

Cáis

45.

an Fhrainc

Beaujolais

Fíon

46.

an Fhrainc

Bordeaux

Fíon

47.

an Fhrainc

Bourgogne

Fíon

48.

an Fhrainc

Chablis

Fíon

49.

an Fhrainc

Seaimpéin

Fíon

50.

an Fhrainc

Graves

Fíon

51.

an Fhrainc

Médoc

Fíon

52.

an Fhrainc

Saint-Emilion

Fíon

53.

an Fhrainc

Sauternes

Fíon

54.

an Fhrainc

Haut-Médoc

Fíon

55.

an Fhrainc

Côtes du Rhône

Fíon

56.

an Fhrainc

Languedoc / Coteaux du Languedoc

Fíon

57.

an Fhrainc

Côtes du Roussillon

Fíon

58.

an Fhrainc

Châteauneuf-du-Pape

Fíon

59.

an Fhrainc

Côtes de Provence

Fíon

60.

an Fhrainc

Margaux

Fíon

61.

an Fhrainc

Touraine

Fíon

62.

an Fhrainc

Anjou

Fíon

63.

an Fhrainc

Pays d'Oc

Fíon

64.

an Fhrainc

Val de Loire

Fíon

65.

an Fhrainc

Cognac

Biotáille

66.

an Fhrainc

Armagnac

Biotáille

67.

an Fhrainc

Calvados

Biotáille

68.

an Fhrainc

Comté

Cáis

69.

an Fhrainc

Reblochon / Reblochon de Savoie

Cáis

70.

an Fhrainc

Roquefort

Cáis

71.

an Fhrainc

Camembert de Normandie

Cáis

72.

an Fhrainc

Brie de Meaux

Cáis

73.

an Fhrainc

Emmental de Savoie

Cáis

74.

an Fhrainc

Pruneaux d'Agen

Torthaí, glasraí agus gránaigh úra nó phróiseáilte – Plumaí cócaráilte triomaithe

75.

an Fhrainc

Huîtres Marennes Oléron

Iasc úr, moilisc, agus crústaigh agus táirgí a fhaightear uathu sin - Oisrí

76.

an Fhrainc

Canard à foie gras du Sud-Ouest (Chalosse, Gascogne, Gers, Landes, Périgord, Quercy)

Táirgí feola (cócaráilte, saillte, deataithe, etc.) – Lachain

77.

an Fhrainc

Jambon de Bayonne

Táirgí feola (cócaráilte, saillte, deataithe, etc.) – Liamhása

78.

an Fhrainc

Huile d'olive de Haute-Provence

Olaí agus saillte (im, margairín, ola, etc.) Ola olóige

79.

an Fhrainc

Huile essentielle de lavande de Haute-Provence / Essence de lavande de Haute-Provence

Bláthola - Lus liath

80.

an Fhrainc

Saint-Emilion Grand Cru

Fíon

81.

an Iodáil

Aceto balsamico tradizionale di Modena

Táirgí eile d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh (spíosraí etc.) – Anlainn

82.

an Iodáil

Aceto balsamico di Modena

Táirgí eile d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh (spíosraí etc.) – Anlainn

83.

an Iodáil

Cotechino Modena

Táirgí feola (cócaráilte, saillte, deataithe, etc.)

84.

an Iodáil

Zampone Modena

Táirgí feola (cócaráilte, saillte, deataithe, etc.)

85.

an Iodáil

Bresaola della Valtellina

Táirgí feola (cócaráilte, saillte, deataithe, etc.)

86.

an Iodáil

Mortadella Bologna

Táirgí feola (cócaráilte, saillte, deataithe, etc.)

87.

an Iodáil

Prosciutto di Parma

Táirgí feola (cócaráilte, saillte, deataithe, etc.) – Liamhása

88.

an Iodáil

Prosciutto di San Daniele

Táirgí feola (cócaráilte, saillte, deataithe, etc.) – Liamhása

89.

an Iodáil

Prosciutto Toscano

Táirgí feola (cócaráilte, saillte, deataithe, etc.) – Liamhása

90.

an Iodáil

Provolone Valpadana

Cáis

91.

an Iodáil

Taleggio

Cáis

92.

an Iodáil

Asiago

Cáis

93.

an Iodáil

Fontina

Cáis

94.

an Iodáil

Gorgonzola

Cáis

95.

an Iodáil

Grana Padano

Cáis

96.

an Iodáil

Mozzarella di Bufala Campana

Cáis

97.

an Iodáil

Parmigiano Reggiano

Cáis

98.

an Iodáil

Pecorino Romano

Cáis

99.

an Iodáil

Pecorino Toscano

Cáis

100.

an Iodáil

Arancia Rossa di Sicilia

Torthaí, glasraí agus gránaigh úra nó phróiseáilte

101.

an Iodáil

Mela Alto Adige / Südtiroler Apfel

Torthaí, glasraí agus gránaigh úra nó phróiseáilte

102.

an Iodáil

Grappa

Biotáille

103.

an Iodáil

Chianti

Fíon

104.

an Iodáil

Marsala

Fíon

105.

an Iodáil

Asti

Fíon

106.

an Iodáil

Barbaresco

Fíon

107.

an Iodáil

Barolo

Fíon

108.

an Iodáil

Acqui / Brachetto d’Acqui

Fíon

109.

an Iodáil

Brunello di Montalcino

Fíon

110.

an Iodáil

Vino nobile di Montepulciano

Fíon

111.

an Iodáil

Bolgheri Sassicaia

Fíon

112.

an Iodáil

Franciacorta

Fíon

113.

an Iodáil

Lambrusco di Sorbara

Fíon

114.

an Iodáil

Lambrusco Grasparossa di Castelvetro

Fíon

115.

an Iodáil

Montepulciano d’Abruzzo

Fíon

116.

an Iodáil

Soave

Fíon

117.

an Iodáil

Sicilia

Fíon

118.

an Iodáil

Toscano / Toscana

Fíon

119.

an Iodáil

Conegliano – Prosecco / Conegliano Valdobbiadene – Prosecco / Valdobbiadene – Prosecco

Fíon

120.

an Iodáil

Bardolino Superiore

Fíon

121.

an Ostair

Tiroler Speck

Táirgí feola (cócaráilte, saillte, deataithe, etc.) – Liamhása

122.

an Ungáir

Tokaj/Tokaji

Fíon

123.

an Ungáir

Törkölypálinka

Biotáille

124.

an Ungáir

Pálinka

Biotáille

125.

an Ungáir

Szegedi téliszalámi / Szegedi szalámi

Táirgí feola (cócaráilte, saillte, deataithe, etc.)

126.

an Ostair

Jägertee / Jagertee / Jagatee

Biotáille

127.

an Ostair

Inländerrum

Biotáille

128.

an Pholainn

Polska Wódka/Polish Vodka

Biotáille

129.

an Phortaingéil

Queijo S. Jorge

Cáis

130.

an Phortaingéil

Madeira / Vinho da Madeira / Madère / Vin de Madère / Madeira Wine / Madeira Wein / Madera / Vino di Madera / Madeira Wijn

Fíon

131.

an Phortaingéil

Porto / vinho do Porto / Port / Port Wine / vin de Porto / Oporto / Portvin / Portwein / Portwijn

Fíon

132.

an Phortaingéil

Douro

Fíon

133.

an Phortaingéil

Dão

Fíon

134.

an Phortaingéil

Vinho Verde

Fíon

135.

an Rómáin

Dealu Mare

Fíon

136.

an Rómáin

Murfatlar

Fíon

137.

an Rómáin

Târnave

Fíon

138.

an Fhionlainn

Suomalainen Vodka / Finsk Vodka / Vodca of Finland

Biotáille

139.

an Fhionlainn

Suomalainen Marjalikööri / Suomalainen Hedelmälikööri / Finsk Bärlikör / Finsk Fruktlikör / Finnish berry liqueur / Finnish fruit liqueur

Biotáille

140.

an tSualainn

Svensk Vodca/ Swedish Vodka / Vodca Sualannach

Biotáille

ROINN B

Tásca geografacha Shingeapór


(1)  De réir aicmiú na dTásc Geografach a chumhdaítear le Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí mar a leagtar amach in Iarscríbhinn XI a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 668/2014 ón gCoimisiún an 13 Meitheamh 2014 lena leagtar síos rialacha maidir le Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí a chur i bhfeidhm.

(2)  De réir aicmiú na dTásc Geografach a chumhdaítear le Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí mar a leagtar amach in Iarscríbhinn XI a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 668/2014 ón gCoimisiún an 13 Meitheamh 2014 lena leagtar síos rialacha maidir le Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí a chur i bhfeidhm.

(3)  Táirge na Gearmáine, na hOstaire, na Beilge (Pobal na Gearmáinise).

(4)  Táirge na Gréige nó na Cipire.