15.12.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 448/66


CINNEADH (AE) 2021/2232 ÓN gCOMHAIRLE

an 14 Nollaig 2021

lena gceaptar comhaltaí an phainéil dá bhforáiltear in Airteagal 255 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 255, an dara mír, de,

Ag féachaint don tionscnamh ó Uachtarán na Cúirte Breithiúnais an 26 Deireadh Fómhair 2021,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

De bhun Airteagal 255, an chéad mhír, den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, cuireadh painéal ar bun chun tuairim a thabhairt ar oiriúnacht na n-iarrthóirí chun feidhmeanna Breithimh agus Abhcóide Ghinearálta den Chúirt Bhreithiúnais agus den Chúirt Ghinearálta a fheidhmiú sula ndéanfaidh rialtais na mBallstát na ceapacháin (“an painéal”).

(2)

Tá ar an bpainéal seachtar arna dtoghadh as measc iarchomhaltaí na Cúirte Breithiúnais agus na Cúirte Ginearálta, comhaltaí de chúirteanna uachtaracha náisiúnta agus dlíodóirí a n-aithnítear a n-inniúlacht, duine amháin a mhol Parlaimint na hEorpa ina measc.

(3)

Ba cheart aird a thabhairt ar chomhaltas cóimheáite an phainéil, go háirithe a mhéid a bhaineann le dáileadh geografach na gcomhaltaí agus a mhéid a bhaineann le hionadaíocht ó chórais dhlíthiúla na mBallstát.

(4)

Ba cheart, dá bhrí sin, comhaltaí agus Uachtarán an phainéil a cheapadh,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ceapfar na daoine seo a leanas ina gcomhaltaí den phainéal dá bhforáiltear in Airteagal 255 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar feadh tréimhse 4 bliana ón 1 Márta 2022:

 

Allan ROSAS, Uachtarán

 

Frank CLARKE

 

Julia LAFFRANQUE

 

Maria Eugénia MARTINS DE NAZARÉ RIBEIRO

 

Barbara POŘÍZKOVÁ

 

Silvana SCIARRA

 

Vassilios SKOURIS

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 1 Márta 2022.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 14 Nollaig 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

G. DOVŽAN