13.12.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

LI 445/23


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (CBES) 2021/2199 ÓN gCOMHAIRLE

an 13 Nollaig 2021

lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh 2013/255/CBES maidir le bearta sriantacha i gcoinne na Siria

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 31(2) de,

Ag féachaint do Chinneadh 2013/255/CBES ón gComhairle an 31 Bealtaine 2013 maidir le bearta sriantacha i gcoinne na Siria (1), agus go háirithe Airteagal 30(1) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 31 Bealtaine 2013, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2013/255/CBES.

(2)

Is cúis mhór imní don Chomhairle fós an staid sa tSiria.

(3)

Rannchuidíonn Grúpa Wagner, eintiteas príobháideach míleata neamhchorpraithe atá bunaithe sa Rúis, go mór le hiarrachtaí cogaidh Bashar al-Assad sa tSiria, go háirithe trí oiliúint agus stiúradh a chur ar fhórsaí na Siria agus ar mhílístí atá cleamhnaithe le réimeas.

(4)

Measann an Chomhairle gur cheart beirt atá rannpháirteach in oibríochtaí míleata Ghrúpa Wagner sa tSiria, chomh maith le trí chuideachta a bhaineann tairbhe as réimeas na Siria agus a thacaíonn leis, a chur le liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas nó na gcomhlachtaí atá faoi réir bearta sriantacha in Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh 2013/255/CBES.

(5)

Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh 2013/255/CBES a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh 2013/255/CBES mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 13 Nollaig 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BORRELL FONTELLES


(1)   IO L 147, 1.6.2013, lch. 14


IARSCRÍBHINN

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh 2013/255/CBES mar a leanas:

(1)

cuirtear na hiontrálacha seo a leanas leis an liosta a leagtar amach i Roinn A (Daoine):

 

Ainm

Faisnéis aitheantais

Cúiseanna

Dáta an liostaithe

“316.

Andrey Nikolaevich TROSHEV

(ar a dtugtar freisin Andrei Mykolayvych TROSHEV)

Андрей Николаевич ТРОШЕВ

Post/poist: Coirnéal ar scor, Comhalta bunaidh agus Stiúrthóir Feidhmiúcháin (Ceann Forine) Ghrúpa Wagner;

Grád: Coirnéal ar scor;

Call sign: Siedoy;

Dáta breithe: 5.4.1953;

Áit bhreithe: Leningrad, iarUSSR (ar a dtugtar Russian Federation anois);

Náisiúntacht: Rúiseach;

Gaolta/Comhaltaí: Dimitriy Utkin (Bunaitheoir Ghrúpa Wagner); Andrey Bogatov (Ceann an 4ú Attack and Reconnaissance Company of the Wagner Group), Aleksandr Sergeevich Kuznetsov (Ceannasaí an 1d Attack and Reconnaissance Company of the Wagner Group);

Inscne: fireann

Stiúrthóir Feidhmiúcháin (Ceann Foirne) Ghrúpa Wagner, a oibríonn sa tSiria agus a chuireann oiliúint ar fhórsaí na Siria agus a stiúrann iad. Tacaíonn Grúpa Wagner freisin le réimeas Assad agus troideann sé in éineacht le mílístí atá cleamhnaithe le réimeas agus le harm na Siria.

Tá baint dhíreach ag Andrey Troshev le hoibríochtaí míleata Ghrúpa Wagner sa tSiria. Bhí baint ar leith aige i gceantar Deir ez-Zor. Sa cháil sin, rannchuidíonn sé go mór le hiarrachtaí cogaidh Bashar al-Assad agus dá bhrí sin, tacaíonn sé le réimeas na Siria agus baineann sé tairbhe as.

13.12.2021

317.

Andrey Mikhailovich BOGATOV

(ar a dtugtar freisin Andrei Mychailovych BOGATOV)

Андрей Михайлович БОГАТОВ

Post/poist: Ceann an 4ú Attack and Reconnaissance Company of the Ghrúpa Wagner;

Call sign: Brodiaga;

Wagner group ID: M-1601;

Dáta breithe: 14.6.1964;

Áit bhreithe: Stary Oskol, Belgorod region, iarUSSR (ar a dtugtar Russian Federation anois);

Náisiúntacht: Rúiseach;

Gaolta/Comhaltaí: Dimitriy Utkin (Bunaitheoir an Ghrúpa Wagner); Andrey Nikolaevich Troshev (Duine de na bunaitheoirí and Executive Director (Chief of Staff) den Ghrúpa Wagner), Aleksandr Sergeevich Kuznetsov (Commander den 1d Attack and Reconnaissance Company of the Wagner Group);

Inscne: fireann

Ceann an 4ú Attack and Reconnaissance Company de Ghrúpa Wagner, a oibríonn sa tSiria agus a chuireann oiliúint ar fhórsaí na Siria agus a stiúrann iad. Tacaíonn Grúpa Wagner freisin le réimeas Assad agus troideann sé in éineacht le mílístí atá cleamhnaithe le réimeas agus le harm na Siria.

Tá Andrey Bogatov i gceannas ar oibríochtaí an Ghrúpa Wagner agus tá baint dhíreach aige le hoibríochtaí míleata Ghrúpa Wagner sa tSiria. Bhí baint ar leith aige i gcath Palmyra. Sa cháil sin, rannchuidíonn sé go mór le hiarrachtaí cogaidh Bashar al-Assad agus dá bhrí sin, tacaíonn sé le réimeas na Siria agus baineann sé tairbhe as.

13.12.2021”.

(2)

cuirtear na hiontrálacha seo a leanas leis an liosta a leagtar amach i Roinn B (eintitis):

 

Ainm

Faisnéis aitheantais

Cúiseanna

Dáta an liostaithe

“79.

Velada LLC

OOO Велада

Seoladh: Ochakovskoye Shosse, Dom 28, Building 2, Local 3, Room 8, Moscow, 119530, Russian Federation;

Dáta a chruthaithe: 29.6.2015

Is comhlacht príobháideach é Velada LLC, a bhfuil baint aige leis an earnáil ola agus gáis sa tSiria.

I mí na Nollag 2019, d’fhormheas Parlaimint na Siria conradh lena dtugtar an ceart do Velada LLC ola agus gás a fhorbairt sa tSiria, lena n-áirítear in olacheantair sna ceantair atá faoi rialú an réimis in Oirthuaisceart na Siria agus gáscheantar lastuaidh den Damaisc. Baineann sé tairbhe, dá bhrí sin, as réimeas na Siria nó tacaíonn sé leis.

13.12.2021

80.

Mercury LLC

OOO Меркурий

Seoladh: Leninsky Prospekt, Dom 137, Building 1, Local 2, Room 5, Moscow, Russian Federation

Is comhlacht príobháideach é Mercury LLC, a bhfuil baint aige leis an earnáil ola agus gáis sa tSiria.

I mí na Nollag 2019, d’fhormheas Parlaimint na Siria conradh lena dtugtar an ceart do Mercury LLC ola agus gás a fhorbairt sa tSiria, lena n-áirítear in olacheantair sna ceantair atá faoi rialú an réimis in Oirthuaisceart na Siria agus gáscheantar i dtuaisceart na Damaisce. Baineann sé tairbhe, dá bhrí sin, as réimeas na Siria nó tacaíonn sé leis.

13.12.2021

81.

Evro Polis LLC

OOO Евро Полис

Seoladh: Ulitsa Bratev, Gozozankinykh, Dom 2B, Pomeshchenie 3.1., Krasnogorsk, 143409, Russian Federation;

Gaolta/Comhaltaí: General Petroleum Corp.

Is cuideachta phríobháideach é Evro Polis LLC, atá nasctha le Grúpa Wagner sa tSiria, ag a bhfuil baint leis na hearnálacha mianadóireachta, ola agus gáis sa tSiria.

Is cuid de Ghrúpa Wagner i ndáiríre é Evro Polis LLC sa tSiria. Tá roinnt conarthaí sínithe aige le réimeas na Siria, tríd an General Petroleum Corp., ar leis an Stát é, faoina bhfaigheann sé 25 % de na fáltais ó tháirgeadh ola agus gáis i bpáirceanna a ghabh Grúpa Wagner. Baineann sé tairbhe, dá bhrí sin, as réimeas na Siria nó tacaíonn sé leis.

13.12.2021”.