6.12.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 433/19


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/2145 ÓN gCOIMISIÚN

an 3 Nollaig 2021

gan na dleachtanna frithdhumpála cinntitheacha a chur ar fionraí ar allmhairí sraithadhmaid beithe de thionscnamh na Rúise a fhorchuirtear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1930

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (1) (“an bun-Rialachán”), agus go háirithe Airteagal 14(4) de,

Tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste a bhunaítear le hAirteagal 15(2) den bhun-Rialachán,

De bharr an mhéid seo a leanas:

1.   NÓS IMEACHTA

(1)

An 14 Deireadh Fómhair 2020, thionscain an Coimisiún Eorpach (“an Coimisiún”) imscrúdú frithdhumpála maidir le hallmhairí sraithadhmaid beithe de thionscnamh na Rúise ar bhonn Airteagal 5 den bhun-Rialachán. An 11 Meitheamh 2021, rinne an Coimisiún dleacht frithdhumpála shealadach a fhorchur ar allmhairí sraithadhmaid beithe de thionscnamh na Rúise le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/940 ón gCoimisiún (2) (“an Rialachán sealadach”).

(2)

Tar éis an nochta shealadaigh, líomhain roinnt páirtithe gur tháinig athrú ar dhálaí margaidh i ndiaidh na tréimhse imscrúdaithe (“TI”) (1 Iúil 2019-30 Meitheamh 2020) agus mhaígh siad nach mbeadh údar leis na bearta cinntitheacha a fhorchur i bhfianaise na n-athruithe sin.

(3)

I gcomhthéacs an imscrúdaithe, an 18 Lúnasa 2021 d’iarr an Coimisiún ar pháirtithe leasmhara san Aontas faisnéis a sholáthar maidir leis an tréimhse i ndiaidh TI (Iúil 2020 go Meitheamh 2021) chun scrúdú agus measúnú a dhéanamh ar an tionchar, más ann dó, a líomhnaíodh a bhí ag na dálaí athraithe ar mhargadh an Aontais. Fuarthas faisnéis ó na trí tháirgeoir shampláilte de chuid an Aontais, ó tháirgeoir neamhshampláilte de chuid an Aontais, ó na Gearánaigh agus ó 63 pháirtí leasmhara lena n-áirítear úsáideoirí, allmhaireoirí, comhlachais agus táirgeoirí eile de chuid an Aontais. Chuir na táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais an fhaisnéis a iarradh maidir le táscairí áirithe ar fáil.

(4)

An 31 Lúnasa 2021, chuir an Coimisiún gach páirtí leasmhar ar an eolas maidir leis na fíorais agus na breithnithe fíor-riachtanacha a raibh sé beartaithe aige ar a mbonn sin dleacht frithdhumpála chinntitheach a fhorchur ar allmhairí sraithadhmaid beithe de thionscnamh na Rúise, ar fíorais agus breithnithe iad a bhí bunaithe ar an staid le linn na tréimhse imscrúdaithe ós rud é gur measadh gur forbairtí sealadacha iad na forbairtí i ndiaidh TI a líomhnaíodh. Deonaíodh tréimhse do na páirtithe uile ina bhféadfaidís barúlacha a thabhairt. Tar éis an nochta deiridh, d’iarr roinnt páirtithe leasmhara go gcuirfí ar fionraí na bearta frithdhumpála de bhun Airteagal 14(4) den bhun-Rialachán, agus iad ag déanamh tagairt do na hathruithe margaidh a líomhnaíodh a rinneadh i ndiaidh na tréimhse imscrúdaithe, a chaithfeadh amhras ar an ngá le dleachtanna a bhailiú tar éis iad a fhorchur. Ar bhonn na faisnéise a bhí ar fáil, chinn an Coimisiún scrúdú a dhéanamh lena fháil amach an mbeadh údar leis na bearta frithdhumpála cinntitheacha, más ann dóibh, a chur ar fionraí faoi Airteagal 14(4) den bhun-Rialachán.

(5)

An 11 Deireadh Fómhair 2021, nocht an Coimisiún go raibh rún aige gan na bearta faoi Airteagal 14(4) den bhun-Rialachán a chur ar fionraí. Deonaíodh tréimhse do na páirtithe uile ina bhféadfaidís barúlacha a thabhairt.

(6)

Ina dhiaidh sin ar an 9 Samhain 2021, d’fhorchuir an Coimisiún dleachtanna frithdhumpála cinntitheacha (3) ar shraithadhmad beithe ón Rúis ó 14,40 % agus 15,80 %. San am céanna, d’fhógair sí go ndéanfaí cinneadh níos déanaí maidir le fionraí a d’fhéadfadh tarlú.

2.   SCRÚDÚ AR DHÁLAÍ MARGAIDH A ATHRAÍODH

(7)

Foráiltear le hAirteagal 14(4) den bhun-Rialachán go bhféadfar, chun leas an Aontais, bearta frithdhumpála a chur ar fionraí i gcás ina bhfuil athrú sealadach tagtha ar dhálaí margaidh a mhéid nach dócha go ndéanfaí díobháil arís de dheasca na fionraí. Fágann sé sin nach bhféadfar bearta frithdhumpála a chur ar fionraí ach i gcás ina bhfuil athrú chomh mór sin tagtha ar na cúinsí nach ndéantar díobháil ábhartha do thionscal an Aontais a thuilleadh.

2.1.   Torthaí an imscrúdaithe frithdhumpála

(8)

Le linn na tréimhse faoi bhreathnú (2017-Meitheamh 2020), tháinig méadú 14 % ar allmhairí na Rúise agus ba 46 % a sciar den mhargadh le linn na tréimhse imscrúdaithe, méadú ó 40 % in 2017. An tráth céanna, léirigh staid eacnamaíoch thionscal an Aontais treocht dhiúltach i dtaca leis na mórtháscairí go léir: táirgeadh (- 14 %), díolacháin AE (- 17 %), sciar den mhargadh (ó 47 % go 39 %) agus brabúsacht (ó + 10 % go - 3 %). Ar an mbonn sin, chinn an Coimisiún gur bhain díobháil ábhartha do thionscal an Aontais mar gheall ar na hallmhairí dumpáilte. A mhéid a bhaineann le sonraí i ndiaidh TI, bhreithnigh an Coimisiún go raibh coinne leis gur rud sealadach a bheadh sna praghsanna a líomhnaíodh a bheith ard tar éis na tréimhse imscrúdaithe agus sa mhéadú iompair, rud neamhghnách ann féin, i ngeall ar an téarnamh eacnamaíoch domhanda tar éis COVID agus i ngeall ar an méadú ar éileamh. Dá bhrí sin, níor athraigh an fhaisnéis a bhí ar fáil don Choimisiún le linn na tréimhse i ndiaidh TI na conclúidí a mhéid a bhaineann le díobháil ábhartha agus nasc cúisíoch agus measadh gurbh iomchuí dleachtanna a fhorchur.

2.2.   Staid thionscal an Aontais i ndiaidh TI

(9)

Leis an anailís a rinneadh ar an bhfaisnéis bhreise a d’iarr an Coimisiún chun scrúdú a dhéanamh ar mhargadh an Aontais i ndiaidh na tréimhse imscrúdaithe faoi Airteagal 14(4) den bhun-Rialachán, léiríodh nár tháinig athrú suntasach ar staid thionscal an Aontais i gcomparáid leis an staid a bhí air le linn na tréimhse imscrúdaithe.

(10)

Le linn na tréimhse i ndiaidh TI, tháinig forbairt dhearfach ar dhíolacháin tháirgeoirí an Aontais san Aontas le páirtithe neamhghaolmhara agus tháinig méadú 9 % orthu i gcomparáid leis an tréimhse imscrúdaithe. Mar sin féin, nuair a chuirtear i gcomparáid iad le bliain tagartha na tréimhse faoi bhreathnú (is é sin 2017), bhí díolacháin san Aontas 15 % ní b’ísle go fóill. Ar an gcaoi chéanna, tháinig forbairt dhearfach ar an méid agus ar an acmhainneacht táirgeachta i ndiaidh na tréimhse imscrúdaithe agus méadú + 11 % ar an táirgeacht agus méadú + 4 % ar an acmhainneacht táirgeachta, méaduithe a d’fhág gur tháinig méadú 7 % ar an úsáid acmhainneachta. Ach nuair a dhéantar comparáid le 2017, tháinig laghdú - 8 % agus - 7 % ar mhéideanna táirgeachta agus ar úsáid acmhainneachta faoi seach sa tréimhse i ndiaidh TI.

(11)

Maidir leis an mbrabúsacht, rinne tionscal an Aontais caillteanas go fóill (- 1,1 %) le linn na tréimhse i ndiaidh TI, i bhfad faoi bhun an spriocbhrabúis (9,7 %) a socraíodh ag leibhéal 2017, mar go bhfuarthas amach go raibh tionscal an Aontais ag feidhmiú faoi ghnáthdhálaí margaidh gan dumpáil le linn na bliana sin. Léirítear leis sin nár bhain tionscal an Aontais tairbhe as an éileamh méadaithe ach go páirteach toisc go ndearnadh an méadú ar dhíolacháin agus ar phraghsanna a fhritháireamh, den chuid is mó, trí chostais táirgthe mhéadaitheacha (rinneadh difear d’amhábhair ar an dóigh chéanna mar gheall ar an méadú ar phraghsanna) agus trí choigeartuithe praghsanna ar cuireadh moill orthu mar gheall ar oibleagáidí conarthacha.

2.3.   Conclúidí maidir le staid thionscal an Aontais i ndiaidh TI

(12)

Ar bhonn an mhéid thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid cé gur bhain tionscal an Aontais tairbhe as an méadú ar an éileamh agus, go pointe áirithe, as na praghsanna ní b’airde ar an margadh i ndiaidh na tréimhse imscrúdaithe, mar a léiríodh le treocht dhearfach táscairí áirithe (féach aithrisí (10) agus (11)) i gcomparáid leis an tréimhse imscrúdaithe, ní raibh na comharthaí téarnaimh sin láidir go leor chun staid dhíobhálach thionscal an Aontais a chur ar mhalairt slí, mar a léiríodh leis na treochtaí i gcomparáid le 2017. Thairis sin, rinne tionscal an Aontais caillteanas go fóill le linn na tréimhse i ndiaidh TI. Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nár léirigh an fhianaise gur tháinig athrú sealadach ar dhálaí margaidh a mhéid nach dócha go ndéanfaí díobháil arís de dheasca na fionraí.

(13)

Tar éis nochtadh thorthaí an Choimisiúin, cheistigh páirtithe áirithe, lena n-áirítear táirgeoirí onnmhairiúcháin, allmhaireoirí agus úsáideoirí, an chonclúid san imscrúdú frithdhumpála inar mhaígh siad nár gortaíodh tionscal an Aontais de dheasca allmhairí Rúiseacha ach de dheasca tosca eile. Maíodh go sonrach gur gortaíodh tionscal an Aontais le linn na tréimhse i ndiaidh TI mar gheall ar chostais táirgthe agus moill ar choigeartuithe praghsanna.

(14)

Mheabhraigh an Coimisiún gur ábhar do na himeachtaí frithdhumpála ar leithligh a bhí san anailís ar naisc chúisíocha, imeachtaí inar tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go ndearna allmhairí dumpáilte ón Rúis díobháil ábhartha do thionscal an Aontais agus nár chaolaigh aon cheann de na fachtóirí, a ndearnadh anailís orthu ar leithligh nó go comhchoiteann, an nasc cúisíoch idir na hallmhairí dumpáilte agus an díobháil a d’fhulaing tionscal an Aontais sa chaoi is nach mbeadh an nasc sin fíor ná suntasach a thuilleadh (4). Baineann an scrúdú ar na heilimintí in Airteagal 14(4) den bhun-Rialachán le hábhar eile (is é sin, an dócha go ndéanfaí díobháil arís dá gcuirfí na bearta na fionraí) agus ní féidir an anailís a rinneadh cheana agus a raibh forchur beart mar thoradh uirthi a athoscailt. Dá bhrí sin agus ós rud é nár bhain an maíomh sin leis na torthaí ón gCoimisiún i gcomhthéacs Airteagal 14(4), diúltaíodh don mhaíomh.

(15)

Ar an gcaoi chéanna, thug an Coimisiún dá aire san anailís a rinne sé ar na forbairtí i ndiaidh TI (Roinn 2.2 thuas) nár aimsigh sé gur mar gheall ar na costais táirgthe a bhí ag dul i méid ba chúis leis an díobháil leanúnach. A mhalairt atá fíor, de réir mar a mhínítear in aithris (12), bhain tionscal an Aontais tairbhe as an méadú ar an éileamh agus, go pointe áirithe, as na praghsanna ní b’airde ar an margadh. Thug an Coimisiún dá aire freisin, gan beann ar na héifeachtaí a bhí ag an moill ar choigeartuithe praghsanna agus ar chostas an táirgthe de bharr forbairtí margaidh i ndiaidh TI, go raibh an toradh go ndearna allmhairí Rúiseacha díobháil ábhartha le linn na tréimhse imscrúdaithe i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1930 ón gCoimisiún bunaithe ar an bhfaisnéis a bhaineann leis an tréimhse 2017-Meitheamh 2020 agus nár tugadh aghaidh i gcomhthéacs na hanailíse ar na heilimintí in Airteagal 14(4) den bhun-Rialachán. Dá bhrí sin, diúltaíodh do na maímh sin.

(16)

Tar éis an nochta, mhaígh roinnt páirtithe freisin, lena n-áirítear táirgeoirí onnmhairiúcháin, allmhaireoirí agus úsáideoirí, gur cheart don Choimisiún anailís ionchasach a dhéanamh féachaint ar tháinig “athrú sealadach ar dhálaí margaidh a mhéid nach dócha go ndéanfaí díobháil arís de dheasca na fionraí” de bhun Airteagal 14(4) den bhun-Rialachán. Ar an gcaoi chéanna, mhaígh roinnt páirtithe freisin gur cheart don Choimisiún breithniú a dhéanamh ar an éagothroime idir soláthar agus éileamh mar a rinneadh san imeacht a bhaineann le hallmhairiú táirgí cothromrollta alúmanaim de thionscnamh na Síne.

(17)

A mhéid a bhaineann leis an anailís ionchasach, mheabhraigh an Coimisiún gurb é an chonclúid a tháinig ón anailís ar shonraí i ndiaidh TI go raibh díobháil déanta fós do thionscal an Aontais agus, dá bhrí sin, nár comhlíonadh na dálaí maidir le fionraí. Dá bhrí sin, ní raibh aon fhoras ann chun anailís ionchasach a dhéanamh féachaint an dócha nach ndéanfaí díobháil arís de dheasca fionraí, ós rud é gur léiríodh san anailís go raibh díobháil ábhartha á déanamh do thionscal an Aontais le linn na tréimhse i ndiaidh TI. Ar an gcaoi chéanna agus ós rud é go bhfuil díobháil á déanamh do thionscal an Aontais go fóill, measadh nach raibh údar leis an anailís ionchasach ar an éagothroime idir soláthar agus éileamh.

(18)

Tar éis an nochta, mhaígh Segezha Group, táirgeoir onnmhairiúcháin, freisin gurb í dleacht i bhfoirm íosphraghas allmhairiúcháin (“MIP”) an fhoirm den bheart lena mbeadh an t-údar is mó. Mheabhraigh an Coimisiún go bhfuil anailís ar fhoirm na mbeart lasmuigh de raon feidhme an nós imeachta reatha, agus dá bhrí sin dhiúltaigh sé don mhaíomh.

(19)

Tar éis an nochta, mhaígh Syktyvkar Plywood Mill, táirgeoir-onnmhaireoir Rúiseach sampláilte, nach ndearna an Coimisiún tagairt sa doiciméad um nochtadh d’fhaisnéis a chuir páirtithe leasmhara eile seachas táirgeoirí de chuid an Aontais ar fáil. Mheabhraigh an Coimisiún nach bhfuil aon oibleagáid tagairt a dhéanamh ina dhoiciméad um nochtadh féin do na barúlacha uile ó na páirtithe leasmhara uile, ós rud é go ndearnadh an foras a bhí lena chuid conclúidí a mhionsonrú agus a mhíniú i gceart. Mar sin féin, thug an Coimisiún dá aire go ndearnadh scrúdú agus breithniú cuí ar gach aighneacht agus barúil ó na páirtithe leasmhara agus anailís á déanamh ar fhionraí a d’fhéadfaí a dhéanamh faoi Airteagal 14(4) den bhun-Rialachán.

(20)

Tar éis an nochta, mhaígh roinnt páirtithe leasmhara nach mbeadh forchur na mbeart chun leas an Aontais. Mheabhraigh an Coimisiún go ndearnadh anailís chuí cheana ar leas an Aontais a mhéid a bhaineann le bearta a fhorchur sna himeachtaí frithdhumpála (go háirithe, aithrisí (213) go (236) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1930 inar thángthas ar an gconclúid nach raibh aon chúis láidir ann nach chun leas an Aontais é bearta a fhorchur ar allmhairí sraithadhmad beithe de thionscnamh na Rúise). Meabhraítear freisin, faoi Airteagal 14(4) den bhun-Rialachán, nach mbeidh an anailís ar leas an Aontais ábhartha ach amháin mura ndéanfar dochar do thionscal an Aontais a thuilleadh agus nach dócha go ndéanfaí díobháil arís de dheasca fionraí. Ós rud é gur thángthas ar an gconclúid san anailís a rinneadh ar fhorbairtí i ndiaidh TI go raibh díobháil fós á déanamh do thionscal an Aontais agus, dá bhrí sin, nár comhlíonadh na dálaí maidir le fionraí, mheas an Coimisiún nár ghá meastóireacht a dhéanamh ar leas an Aontais faoi Airteagal 14(4) den bhun-Rialachán.

(21)

Tar éis an nochta, mhaígh roinnt páirtithe leasmhara gur cheart don Choimisiún na bearta cinntitheacha maidir le painéil chearnógacha a chur ar fionraí. Ar an gcéad dul síos, thug an Coimisiún dá aire go bhforáiltear le hAirteagal 14(4) den bhun-Rialachán maidir leis na bearta a fhorchuirtear ar allmhairí an táirge lena mbaineann ina iomláine, seachas cuid de, a chur ar fionraí. Thug an Coimisiún dá aire freisin gur tugadh aghaidh ar an iarratas ar eisiamh maidir le painéil chearnógacha ag na himeachtaí frithdhumpála comhthreomhar inar diúltaíodh don iarratas ar eisiamh maidir le painéil chearnógacha (5). Diúltaíodh, dá bhrí sin, don mhaíomh.

3.   CONCLÚID

(22)

Ós rud é gur léiríodh sa scrúdú ar fhorbairtí i ndiaidh TI gur bhain staid dhíobhálach do thionscal an Aontais go fóill, níorbh fhéidir leis an gCoimisiún teacht ar an gconclúid go raibh athrú sealadach tagtha ar dhálaí margaidh a mhéid nach dócha go ndéanfaí díobháil arís de dheasca fionraí, agus go mbeadh sé chun leas an Aontais na bearta dá bhforáiltear in Airteagal 14(4) den bhun-Rialachán a chur ar fionraí. Tá an cinneadh seo gan dochar do cheart an Choimisiúin cinneadh a dhéanamh de bhun Airteagal 14(4) den bhun-Rialachán, dá dtiocfadh athrú ar dhálaí an mhargaidh amach anseo.

(23)

Dá bhrí sin, chinn an Coimisiún gan na dleachtanna frithdhumpála a chur ar fionraí ar allmhairí sraithadhmaid beithe ón Rúis a fhorchuirtear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1930.

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Na dálaí maidir leis an dleacht frithdhumpála chinntitheach a chur ar fionraí ar allmhairí sraithadhmaid beithe de thionscnamh na Rúise, dleacht a fhorchuirtear le hAirteagal 1 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1930 i gcomhréir le hAirteagal 14(4) de Rialachán (AE) 2016/1036, ní chomhlíontar na dálaí sin.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 3 Nollaig 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 176, 30.6.2016, lch. 21.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/940 ón gCoimisiún an 10 Meitheamh 2021 lena bhforchuirtear dleacht shealadach ar allmhairí sraithadhmaid beithe de thionscnamh na Rúise (IO L 205, 11.6.2021, lch. 47).

(3)  Rialachán Cinntitheach, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1930 ón gCoimisiún an 8 Samhain 2021 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach agus lena mbailítear go cinntitheach an dleacht shealadach arna forchur ar allmhairí de shraithadhmad beithe de thionscnamh na Rúise (IO L 394, 9.11.2021, lch. 7).

(4)  Féach aithris (203) den Rialachán Cinntitheach, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1930.

(5)  Féach aithrisí (27) go (29) den Rialachán Cinntitheach, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1930.