3.12.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 432/63


CINNEADH (CBES) 2021/2136 ÓN gCOMHAIRLE

an 2 Nollaig 2021

maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun tacú le Fórsaí Armtha Phoblacht na Moldóive

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagail 28(1) agus 41(2) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le Cinneadh (CBES) 2021/509 ón gComhairle (1), bunaíodh Saoráid Eorpach Síochána (SES) chun go maoineodh Ballstáit gníomhaíochtaí an Aontais faoin gComhbheartas Eachtrach agus Slándála chun an tsíocháin a chaomhnú, coinbhleachtaí a chosc agus an tslándáil idirnáisiúnta a neartú de bhun Airteagal 21(2), pointe (c), den Chonradh. Go háirithe, de bhun Airteagal 1(2), pointe (b)(i) de Chinneadh (CBES) 2021/509, le SES is féidir gníomhaíochtaí a mhaoiniú chun acmhainneachtaí a bhaineann le cúrsaí míleata agus cosanta atá ag tríú Stáit agus eagraíochtaí réigiúnacha agus idirnáisiúnta a neartú.

(2)

Tacaíonn an tAontas go tréan le ceannasacht agus le hiomláine chríochach Phoblacht na Moldóive laistigh dá theorainneacha a aithnítear go hidirnáisiúnta, agus stádas speisialta ag an Tras-dnístria. Tá an tAontas tiomanta do réiteach cuimsitheach, síochánta agus inbhuanaithe ar choinbhleacht na Tras-dnístria faoi chuimsiú na formáide 5 + 2.

(3)

Is é is aidhm don Chomhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, dé pháirt, agus Poblacht na Moldóive, den pháirt eile (2), an t-idirphlé agus an comhar a dhoimhniú i réimse an bheartais eachtraigh agus slándála, lena n-áirítear an Comhbheartas Slándála agus Cosanta (CBSC), agus tugtar aghaidh ann inter alia ar na saincheisteanna a bhaineann le coinbhleachtaí a chosc, le bainistiú géarchéime agus leis an gcobhsaíocht réigiúnach.

(4)

I dTeachtaireacht Chomhpháirteach mhí an Mhárta 2020 ‘Eastern Partnership policy beyond 2020: Reinforcing Resilience - an Eastern Partnership that delivers for all’ agus i nDoiciméad Oibre Comhpháirteach mhí Iúil 2021 ‘Recovery, resilience and reform: post 2020 Eastern Partnership priorities’, tugtar suntas don athléimneacht a neartú do réigiún Chomhpháirtíocht an Oirthir sna blianta atá le teacht.

(5)

Tá ról nach beag ag Fórsaí Armtha Phoblacht na Moldóive maidir leis an tslándáil agus an chobhsaíocht a áirithiú sa tír féin. Agus cúrsaí slándála mar atá, ní mór cumais mhíleata a neartú, cumais a fhéadfar a úsáid freisin mar fhreagairt ar ghéarchéimeanna chun sábháilteacht agus slándáil an phobail shibhialta a áirithiú.

(6)

Tá athchóiriú á dhéanamh ag Rialtas Phoblacht na Moldóive, lena n-áirítear in earnáil na slándála agus na cosanta, rud lena ngabhann caiteachas suntasach airgeadais agus ábhartha. Chun tacú leis na hiarrachtaí sin, tá an tAontas ag féachaint le hacmhainneachtaí mhíleata shainaitheanta Fhórsaí Armtha Phoblacht na Moldóive a neartú.

(7)

Ina litir dar dáta an 11 Deireadh Fómhair 2021, a seoladh chuig Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (“an tArdionadaí”), d’iarr Leas-Phríomh-Aire agus Aire um Ghnóthaí Eachtracha agus Lánpháirtiú Eorpach Phoblacht na Moldóive, tacaíocht do na Fórsaí Armtha, i gcomhréir le hAirteagal 59(1) de Chinneadh (CBS) 2021/509, trí acmhainneachtaí na Seirbhíse Liachta Míleata agus Chathlán na nInnealtóirí a neartú.

(8)

Táthar chun an beart cúnaimh a chur chun feidhme agus na prionsabail agus na ceanglais a leagtar amach i gCinneadh (CBES) 2021/509 á gcur sin áireamh agus i gcomhréir leis na Rialacha do chur chun feidhme an ioncaim agus an chaiteachais a mhaoinítear faoin tSaoráid Eorpach Síochána agus i gcomhlíonadh Chomhsheasamh Comhpháirteach 2008/944/CBES (3).

(9)

Athdhearbhaíonn an Chomhairle go bhfuil rún daingean aici cearta an duine, saoirsí bunúsacha agus prionsabail dhaonlathacha a chosaint, a chur chun cinn agus a chomhlíonadh, an smacht reachta agus an dea-rialachas a neartú i gcomhréir le Cairt na Náisiún Aontaithe, le Dearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine agus leis an dlí idirnáisiúnta, go háirithe an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus an dlí daonnúil idirnáisiúnta,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Bunú, cuspóirí, raon feidhme agus ré

1.   Leis seo, bunaítear beart cúnaimh a rachaidh chun tairbhe Phoblacht na Moldóive (an “tairbhí”), atá le maoiniú faoin tSaoráid Eorpach Síochána (SES) (an “Beart Cúnaimh”).

2.   Is é príomhchuspóir an Bhirt Cúnaimh cur le hacmhainneachtaí Sheirbhís Liachta Mhíleata na bhFórsaí Armtha agus Chathlán na nInnealtóirí de Fhórsaí Armtha Phoblacht na Moldóive (“Fórsaí Armtha”), lena n-áirítear a gcumas a gcuid seirbhísí faoi seach a chur ar fáil do shibhialtaigh a bheadh buailte ag géarchéim nó i gcásanna éigeandála, mar aon le le feabhas a chur ar acmhainneacht na Moldóive rannchuidiú le misin agus oibríochtaí míleata CBCS.

3.   D’fhonn an cuspóir a leagtar amach i mír 2 a bhaint amach, maoineoidh an Beart Cúnaimh soláthar an trealaimh nach bhfuil deartha chun forneart marfach a sheachadadh agus na soláthairtí seo a leanas do na haonaid de chuid na bhFórsaí Armtha dá dtagraítear sa mhír sin:

(a)

Trealamh liachta don tSeirbhís Liachta Mhíleata; agus

(b)

Trealaimh diúscartha ordanáis phléascaigh do Chathlán na nInnealtóirí.

4.   Mairfidh ré an Bhirt Cúnaimh go ceann 36 mhí ón dáta a dhéanfar an comhaontú idir an riarthóir um bhearta cúnaimh, ag gníomhú dó ina cháil mar oifigeach údarúcháin, agus an t-eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 4(2) den Chinneadh seo a thabhairt i gcrích i gcomhréir le hAirteagal 32(2), pointe (a), de Chinneadh (CBES) 2021/509.

Airteagal 2

Socruithe airgeadais

1.   Uasmhéid EUR 7 000 000 a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais atá ceaptha chun an caiteachas a bhaineann leis an mBeart Cúnaimh a chumhdach. I gcomhréir le hAirteagal 29(5) de Chinneadh (CBES) 2021/509, féadfaidh an riarthóir um bearta cúnaimh glao ar thograí a dhéanamh tar éis glacadh an Chinnidh seo, suas go 6 300 000. Ní úsáidfear cistí a ghlaofaidh an riarthóir um bhearta cúnaimh ach chun caiteachas a íoc laistigh de na teorainneacha arna bhformheas ag an gCoiste arna bhunú le Cinneadh (CBES) 2021/509 i mbuiséad leasaitheach a fhreagraíonn don Bheart Cúnaimh seo.

2.   Déanfar an caiteachas go léir a bhainistiú i gcomhréir le Cinneadh (CBES) 2021/509 agus leis na rialacha maidir le hioncam agus caiteachas arna maoiniú faoi SES a chur chun feidhme.

Airteagal 3

Socruithe leis an tairbhí

1.   Déanfaidh an tArdionadaí pé socruithe is gá leis an tairbhí chun a áirithiú go gcomhlíonann an tairbhí an dlí idirnáisiúnta, go háirithe na ceanglais agus na coinníollacha arna mbunú leis an gCinneadh seo, mar choinníoll le soláthar na tacaíochta faoin mBeart Cúnaimh.

2.   Áireofar sna socruithe dá dtagraítear i mír 1 forálacha lena gcuirtear d’oibleagáid ar an tairbhí an méid seo a leanas a áirithiú:

(a)

go gcomhlíonfaidh aonaid na bhFórsaí Armtha dá dtugtar tacaíocht faoin mBeart Cúnaimh an dlí idirnáisiúnta ábhartha, go háirithe an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus an dlí daonnúil idirnáisiúnta;

(b)

go mbainfear úsáid chuí agus éifeachtúil as aon sócmhainní a chuirtear ar fáil faoin mBeart Cúnaimh chun na gcríoch dár soláthraíodh iad;

(c)

go ndéanfar cothabháil leordhóthanach ar aon sócmhainní a chuirtear ar fáil faoin mBeart Cúnaimh chun a áirithiú go mbeidh siad inúsáidte agus go mbeidh siad ar fáil le haghaidh oibríochtaí i gcaitheamh a saolré;

(d)

nach gcaillfear aon sócmhainní a chuirfear ar fáil faoin mBeart Cúnaimh, ná nach n-aistreofar iad gan toiliú ó Choiste na Saoráide arna bhunú faoi Chinneadh (CBES) 2021/509 chuig aon duine nó eintiteas seachas chucu siúd a shainaithnítear sna socruithe sin, ag deireadh a saolré.

3.   Áireofar sna socruithe dá dtagraítear i mír 1 forálacha maidir le tacaíocht a fhionraí agus a fhoirceannadh faoin mBeart Cúnaimh i gcás ina suitear go bhfuil na hoibleagáidí a leagtar amach i mír 2 á sárú ag an tairbhí.

Airteagal 4

Cur chun feidhme

1.   Beidh an tArdionadaí freagrach as a áirithiú go gcuirfear an Cinneadh seo chun feidhme i gcomhréir le Cinneadh (CBES) 2021/509 agus leis na Rialacha maidir leis an ioncam agus an caiteachas arna maoiniú faoi SES a chur chun feidhme, agus go comhsheasmhach leis an gCreat Modheolaíochta Comhtháite chun na bearta agus na rialuithe is gá le haghaidh bearta cúnaimh faoi SES a mheasúnú agus a shainaithint.

2.   Is í Lár-Ghníomhaireacht na Liotuáine um Bainistiú Tionscadal (CPMA) a chuirfidh chun feidhme na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 1(3).

Airteagal 5

Faireachán, rialú agus meastóireacht

1.   Áiritheoidh an tArdionadaí go ndéanfar faireachán ar urramú na n-oibleagáidí arna mbunú i gcomhréir le hAirteagal 3 ag an tairbhí. Leis an bhfaireachán sin, músclófar feasacht ar an gcomhthéacs agus ar na rioscaí a ghabhann le sáruithe ar na hoibleagáidí arna mbunú i gcomhréir le hAirteagal 3 agus rannchuideofar le sáruithe den sórt sin a chosc, lena n-airítear sáruithe ar an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta ag aonaid na bhFórsaí Armtha dá dtugtar tacaíocht faoin mBeart Cúnaimh.

2.   Mar seo a leanas a dhéanfar rialú an trealaimh agus na soláthairtí a eagrú tar éis a loingsithe:

(a)

fíorú ar a sheachadadh, arb iad na húsáideoirí deiridh atá chun na deimhnithe seachadta a shíniú tráth a aistreofar an úinéireacht;

(b)

tuairisciú ar ghníomhaíochtaí, trína bhfuil an tairbhí chun tuairisc bhliantúil a thabhairt ar na gníomhaíochtaí atá bainteach le trealamh ainmnithe a sholáthraítear faoin mBeart Cúnaimh go dtí go measfaidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála nach dteastaíonn tuairisciú den sórt sin a thuilleadh.

(c)

rialú ar an láthair, ar tríd atá an tairbhí chun rochtain a thabhairt don Ardionadaí chun rialú ar an láthair a dhéanamh arna iarraidh sin.

3.   Déanfaidh an tArdionadaí meastóireacht, i bhfoirm chéad mheasúnaithe struchtúraithe ar a mBeart Cúnaimh, sé mhí tar éis an chéad soláthar trealaimh. Féadfaidh sé go ngabhfaidh cuairteanna ar an láthair leis an méid seo chun rialú a dhéanamh ar an dtrealamh, na soláthairtí agus na seirbhísí a seachadadh faoin mBeart Cúnaimh, nó aon fhoirmeacha eile faisnéise a chuirtear ar fáil go neamhspleách. Déanfar meastóireacht chríochnaitheach ar sheachadadh an trealaimh, na soláthairtí agus na seirbhísí faoin mBeart Cúnaimh a chríochnú chun a mheasúnú ar chabhraigh an Beart Cúnaimh le baint amach na gcuspóirí arna lua.

Airteagal 6

Tuairisciú

Le linn na tréimhse cur chun feidhme, soláthróidh an tArdionadaí tuarascálacha don Choiste Polaitiúil agus Slándála gach sé mhí maidir le cur chun feidhme an Bhirt Cúnaimh i gcomhréir le hAirteagal 63 de Chinneadh (CBES) 2021/509. Cuirfidh an riarthóir um bearta cúnaimh Coiste na Saoráide arna bhunú le Cinneadh (CBES) 2021/509 ar an eolas go rialta maidir le cur chun feidhme ioncaim agus caiteachais i gcomhréir le hAirteagal 38 den Chinneadh sin, lena n-áirítear trí fhaisnéis a sholáthar faoi na soláthróirí agus na fochonraitheoirí lena mbaineann.

Airteagal 7

Fionraí agus foirceannadh

Féadfaidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála cinneadh a dhéanamh cur chun feidhme an Bhirt Cúnaimh a fhionraí go hiomlán nó go páirteach i gcomhréir le hAirteagal 64 de Chinneadh (CBES) 2021/509.

Ina theannta sin, féadfaidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála a mholadh go ndéanfadh an Chomhairle an Beart Cúnaimh a fhoirceannadh.

Airteagal 8

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 2 Nollaig 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. VRTOVEC


(1)  Cinneadh (CBES) 2021/509 ón gComhairle an 22 Márta 2021 lena mbunaítear Saoráid Síochána Eorpach, agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2015/528 (IO L 102, 24.3.2021, lch. 14).

(2)   IO L 260, 30.8.2014, lch. 4.

(3)  Comhsheasamh ón gComhairle 2008/944/CBES an 8 Nollaig 2008 lena sainmhínítear rialacha comhchoiteanna chun onnmhairí de theicneolaíocht agus de threalamh míleata a rialú (IO L 335, 13.12.2008, lch. 99).