8.12.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 439/1


CINNEADH (AE) 2021/2123 ÓN gCOMHAIRLE

an 11 Samhain 2021

maidir le síniú, thar cheann an Aontais Eorpaigh, agus le cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta maidir le hIascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Ioslamach na Máratáine agus an Phrótacail Cur Chun Feidhme a ghabhann leis an gComhaontú sin

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43 i gcomhar le hAirteagal 218(5) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An Comhaontú Comhpháirtíochta maidir le hIascaigh Inbhuanaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Ioslamach na Máratáine (“an Mháratáin’”, arna fhormheas le Rialachán (CE) Uimh. 1801/2006 ón gComhairle (1), tá sé á chur i bhfeidhm ar bhonn sealadach ón 8 Lúnasa 2008. Maidir leis an bPrótacal a ghabhann leis an gComhaontú, ar Prótacal é ina leagtar amach na deiseanna iascaireachta agus an ranníocaíocht airgeadais dá bhforáiltear sa Chomhaontú, agus tá an Prótacal sin á chur i bhfeidhm ar bhonn sealadach ón lá céanna leis an gComhaontú, rinneadh an Prótacal sin a ionadú roinnt uaireanta.

(2)

Rachaidh an Prótacal atá i bhfeidhm faoi láthair in éag an 15 Samhain 2021.

(3)

An 8 Iúil 2019 ghlac an Chomhairle Cinneadh lenar údaraíodh an Coimisiún tosú ar chaibidlíocht leis an Máratáin chun comhaontú comhpháirtíochta nua a thabhairt i gcrích maidir le hiascaireacht inbhuanaithe agus prótacal nua a thabhairt i gcrích lena gcuirfí an comhaontú sin chun feidhme.

(4)

Idir Meán Fómhair 2019 agus Iúil 2021, reáchtáladh ocht mbabhta caibidlíochta leis an Máratáin. Tugadh an chaibidlíocht sin chun críche, agus cuireadh inisealacha leis an gComhaontú Comhpháirtíochta maidir le hIascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Ioslamach na Máratáine (“an Comhaontú Comhpháirtíochta”) agus an Prótacal Cur Chun Feidhme a ghabhann leis (“an Prótacal”) an 28 Iúil 2021.

(5)

Is iad aidhmeanna an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta agus an Phrótacail soithí de chuid an Aontais a chumasú a ngníomhaireachtaí iascaireachta a dhéanamh in uiscí na Máratáine agus chun a chumasú don Aontas agus don Mháratáin comhoibriú go dlúth lena chéile chun forbairt beartais iascaigh inbhuanaithe agus saothrú freagrach acmhainní iascaigh i limistéar iascaireachta na Máratáine agus san Aigéan Atlantach a chur chun cinn tuilleadh, i gcomhréir le cuspóir acmhainní bitheolaíocha na mara a aithnítear i ndlí an Aontais a chaomhnú. Tacaíonn an comhar seo le dálaí oibre cuibhiúla a bhunú in earnáil na hiascaireachta freisin.

(6)

Ba cheart an Comhaontú Comhpháirtíochta agus an Prótacal a shíniú.

(7)

I bhfianaise na tábhachta eacnamaíche a bhaineann le gníomhaíochtaí iascaireachta an Aontais i limistéar iascaireachta na Máratáine agus an ghá atá ann tréimhse ama ina gcuirtear isteach ar na gníomhaíochtaí sin a sheachaint nó a laghdú a oiread is féidir, ba cheart go dtiocfadh an Comhaontú Comhpháirtíochta agus an Prótacal i bhfeidhm a luaithe is féidir.

(8)

Ba cheart an Comhaontú Comhpháirtíochta agus an Prótacal a chur i bhfeidhm ar bhonn sealadach, go dtí go gcríochnófar na nósanna imeachta is gá chun go dtiocfaidh siad i bhfeidhm.

(9)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42 de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) agus thug sé tuairim faoi an 14 Deireadh Fómhair 2021,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Údaraítear leis seo síniú, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta maidir le hIascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Ioslamach na Máratáine agus an Phrótacail a ghabhann leis, faoi réir thabhairt i gcrích an Chomhaontaithe sin agus an Phrótacail a ghabhann leis (3) .

Airteagal 2

Leis seo, údaraítear d’Uachtarán na Comhairle an duine/na daoine a ainmniú a mbeidh sé de chumhacht aige/acu an Comhaontú Comhpháirtíochta agus an Prótacal a shíniú, thar ceann an Aontais.

Airteagal 3

Beidh feidhm ag an gComhaontú Comhpháirtíochta agus ag an bPrótacal ar bhonn sealadach, i gcomhréir le hAirteagal 20 agus Airteagal 19 faoi seach, ó dháta a sínithe (4), go dtí go gcríochnófar na nósanna imeachta is gá chun go dtiocfaidh siad i bhfeidhm.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar lá a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 11 Samhain 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

Z. POČIVALŠEK


(1)  Rialachán (CE) Uimh. 1801/2006 ón gComhairle an 30 Samhain 2006 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Iascaigh idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Ioslamach na Máratáine (IO L 343, 8.12.2006, lch. 1).

(2)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, ag comhlachtaí, ag oifigí agus ag gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht na sonraí sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

(3)  Féach leathanach 3 den Iris Oifigiúil seo.

(4)  Foilseoidh Ardrúnaíocht na Comhairle an dáta óna gcuirfear an Comhaontú Comhpháirtíochta agus an Prótacal i bhfeidhm go sealadach in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.