|
12.11.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 400/157 |
CINNEADH (CBES) 2021/1966 ÓN gCOMHAIRLE
an 11 Samhain 2021
lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2019/1894 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí druileála neamhúdaraithe na Tuirce sa Mheánmhuir Thoir
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 11 Samhain 2019, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2019/1894 (1) maidir le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí druileála neamhúdaraithe na Tuirce sa Mheánmhuir Thoir. |
|
(2) |
Rinne an Chomhairle athbhreithniú ar na bearta sriantacha a leagtar amach i gCinneadh (CBES) 2019/1894. Bunaithe ar an athbhreithniú sin, ba cheart síneadh a chur leis na bearta sin go dtí an 12 Samhain 2022 agus na hiontrálacha atá i liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas nó na gcomhlachtaí a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh sin a thabhairt cothrom le dáta. |
|
(3) |
Ba cheart Cinneadh (CBES) 2019/1894 a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Cinneadh (CBES) 2019/1894 mar a leanas:
|
(1) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8: “Airteagal 8 Beidh feidhm ag an gCinneadh seo go dtí an 12 Samhain 2022 agus leanfar d’athbhreithniú leanúnach a dhéanamh air. Déanfar é a athnuachan nó a leasú, mar is iomchuí, i gcás ina measfaidh an Chomhairle nach bhfuil a cuspóirí á gcomhlíonadh.”; |
|
(2) |
Leasaítear an Iarscríbhinn mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 11 Samhain 2021.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
Z. POČIVALŠEK
(1) Cinneadh (CBES) 2019/1894 ón gComhairle an 11 Samhain 2019 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí druileála neamhúdaraithe na Tuirce sa Mheánmhuir Thoir (IO L 291, 12.11.2019, lch. 47).
IARSCRÍBHINN
San Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2019/1894, cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontrálacha 1 agus 2:
|
|
Ainm |
Faisnéis sainaitheantais |
Cúiseanna |
Dáta an liostaithe |
||||||||||||
|
“1. |
Mehmet Ferruh AKALIN |
Dáta breithe: 9.12.1960 Uimhir Phas nó Aitheantais: 13571379758 Náisiúntacht: Turcach Inscne: fireann |
Tá Mehmet Ferruh Akalın ina Leas-Uachtarán (Bainisteoir Cúnta Ginearálta) agus ina chomhalta ar Bhord Stiúrthóirí Chorparáid Pheitriliam na Tuirce (TPAO). Tá sé ina cheann ar Roinn Taiscéalaíochta TPAO. Ina cháil mar Leas-Uachtarán TPAO agus mar cheann na Roinne Taiscéalaíochta, tá Mehmet Ferruh Akalın freagrach as gníomhaíochtaí taiscéalaíochta hidreacarbóin amach ón gcósta de chuid TPAO a phleanáil, a stiúradh agus a chur chun feidhme. Áirítear orthu siúd gníomhaíochtaí druileála TPAO, nár údaraigh Poblacht na Cipire iad, mar a leagtar amach thíos. Rinne na soithí seo a leanas na gníomhaíochtaí druileála neamhúdaraithe sin:
|
27.2.2020 |
||||||||||||
|
2. |
Ali Coscun NAMOGLU |
Dáta breithe: 27.11.1956 Uimhir Phas nó Aitheantais: 11096919534 Náisiúntacht: Turcach Inscne: fireann |
Tá Ali Coscun Namoglu ina Leas-Stiúrthóir ar Roinn Taiscéalaíochta Chorparáid Pheitriliam na Tuirce (TPAO). Sa cháil sin, tá Ali Coscun Namoglu páirteach i ngníomhaíochtaí taiscéalaíochta hidreacarbóin amach ón gcósta de chuid TPAO a phleanáil, a stiúradh agus a chur chun feidhme. Áirítear orthu siúd gníomhaíochtaí druileála TPAO nár údaraigh Poblacht na Cipire iad, mar a leagtar amach thíos. Rinne na soithí seo a leanas na gníomhaíochtaí druileála neamhúdaraithe sin:
|
27.2.2020” |