10.11.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 396/64


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (CBES) 2021/1942 ÓN gCOMHAIRLE

an 9 Samhain 2021

lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh (CBES) 2015/1333 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 31(2) de,

Ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2015/1333 ón gComhairle an 31 Iúil 2015 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia, agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2011/137/CBES (1), agus go háirithe Airteagal 12(2) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 31 Iúil 2015, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2015/1333 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia.

(2)

Ar bhonn athbhreithniú ón gComhairle, ba cheart iontráil a bhaineann le duine amháin atá liostaithe a scriosadh.

(3)

Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh (CBES) 2015/1333 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinní II agus IV a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2015/1333 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 9 Samhain 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A.ŠIRCELJ


(1)  IO L 206, 1.8.2015, lch. 34


IARSCRÍBHINN

Leasaítear Iarscríbhinní II agus IV a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2015/1333 mar a leanas:

(1)

in Iarscríbhinn II (Liosta na ndaoine agus na n-eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 8(2)), Cuid A (Daoine), scriostar iontráil 7 (a bhaineann le AL-MAHMOUDI, Baghdadi);

(2)

in Iarscríbhinn IV (Liosta na ndaoine agus na n-eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 9(2)), Cuid A (Daoine), scriostar iontráil 7 (a bhaineann le AL-MAHMOUDI, Baghdadi).