|
4.11.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 389/21 |
CINNEADH (AE) 2021/1919 ÓN gCOMHAIRLE
an 29 Deireadh Fómhair 2021
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh maidir le cinneadh a ghlacadh, trí nós imeachta i scríbhinn, ag na Rannpháirtithe sa Socrú maidir le Creidmheasanna Onnmhairiúcháin arna dTacú go hOifigiúil chun athbhreithniú a dhéanamh ar Thuiscint na hEarnála Giniúna Leictreachais Gualbhreoslaithe atá in Iarscríbhinn VI den Socrú sin
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe d’Airteagal 207(4), an chéad fhomhír, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Na treoirlínte atá sa Socrú maidir le Creidmheasanna Onnmhairiúcháin arna dTacú go hOifigiúil (“an Socrú”) de chuid na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (“ECFE”), lena n-áirítear Tuiscint na hEarnála Giniúna Leictreachais Gualbhreoslaithe (“CFSU”) atá in Iarscríbhinn VI a ghabhann leis an Socrú, rinneadh iad a thrasuí, agus dá bhrí sin, rinneadh ceangailteach ó thaobh dlí de iad san Aontas Eorpach le Rialachán (AE) Uimh. 1233/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1). |
|
(2) |
I gcomhréir le CFSU, tá na rannpháirtithe sa Socrú (na “Rannpháirtithe”) chun cinneadh a ghlacadh, trí nós imeachta i scríbhinn, chun athbhreithniú a dhéanamh ar CFSU agus é mar chuspóir aige a chuid téarmaí agus a chuid coinníollacha a neartú tuilleadh d’fhonn rannchuidiú leis an sprioc choiteann arb í aghaidh a thabhairt ar an athrú aeráide agus leanúint de bheith ag cur deireadh de réir a chéile leis an tacaíocht oifigiúil le haghaidh gléasraí cumhachta gualbhreoslaithe. |
|
(3) |
Ba cheart an cinneadh chun athbhreithniú a dhéanamh ar CFSU a bheith i gcomhréir le gealltanais idirnáisiúnta an Aontais Eorpaigh de bhun Chomhaontú Pháras agus bheartas aeráide an Aontais. |
|
(4) |
Ina conclúidí maidir le Taidhleoireacht Aeráide agus Fuinnimh – an ghné sheachtrach den Chomhaontú Glas don Eoraip a Bhaint Amach an 25 Eanáir 2021, d’iarr an Chomhairle go ndéanfaí fóirdheontais breosla iontaise atá díobhálach don chomhshaol a chéimniú amach ar bhonn domhanda de réir amlíne shoiléir agus go ndéanfaí aistriú cobhsaí cóir i dtreo aeráidneodrachta ar fud an domhain, lena n-áirítear deireadh a chur de réir a chéile le húsáid guail gan staonadh i dtáirgeadh fuinnimh agus, mar chéim thosaigh, deireadh láithreach a chur leis an maoiniú uile do bhonneagar nua le haghaidh guail i dtríú tíortha. |
|
(5) |
Is iomchuí an seasamh a bhunú atá le glacadh thar ceann an Aontais maidir le cinneadh a ghlacadh, trí nós imeachta i scríbhinn, ag na Rannpháirtithe chun athbhreithniú a dhéanamh ar CFSU, de bhrí go mbeidh an cinneadh ó na Rannpháirtithe ceangailteach ar an Aontas, agus go mbeidh sé in ann tionchar cinntitheach a bheith aige ar inneachar dhlí an Aontais, de bhua Rialachán (AE) Uimh. 1233/2011, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i ndáil le cinneadh a ghlacadh, trí nós imeachta i scríbhinn, ag na Rannpháirtithe chun athbhreithniú a dhéanamh ar Thuiscint na hEarnála Giniúna Leictreachais Gualbhreoslaithe atá in Iarscríbhinn VI a ghabhann leis an Socrú maidir le Creidmheasanna Onnmhairiúcháin arna dTacú go hOifigiúil de chuid na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta, beidh sé bunaithe ar sheasamh an Aontais Eorpaigh (2).
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 29 Deireadh Fómhair 2021.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
G. DOVŽAN
(1) Rialachán (AE) Uimh. 1233/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Samhain 2011 maidir le treoirlínte áirithe a chur i bhfeidhm i réimse na gcreidmheasanna onnmhairiúcháin arna dtacú go hoifigiúil agus lena n-aisghairtear Cinntí 2001/76/CE agus 2001/77/CE ón gComhairle (IO L 326, 8.12.2011, lch. 45).
(2) Féach doiciméad ST 12623/21 ar http://register.consilium.europa.eu.