29.10.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 384/108


CINNEADH (CBES) 2021/1893 ÓN gCOMHAIRLE

an 28 Deireadh Fómhair 2021

lena leasaítear Cinneadh 2010/573/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne cheannaireacht réigiún Tras-dnístria Phoblacht na Moldóive

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 27 Meán Fómhair 2010, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2010/573/CBES (1), a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne cheannaireacht réigiún Tras-dnístria Phoblacht na Moldóive.

(2)

Ar bhonn athbhreithniú ar Chinneadh 2010/573/CBES, ba cheart síneadh a chur leis na bearta sriantacha i gcoinne cheannaireacht réigiún Tras-dnístria Phoblacht na Moldóive go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2022. Déanfaidh an Chomhairle athbhreithniú ar an staid maidir leis na bearta sriantacha tar éis 6 mhí.

(3)

Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh 2010/573/CBES a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, cuirtear an méid a leanas in ionad Airteagal (4)2 de Chinneadh 2010/573/CBES:

“2.   Beidh feidhm ag an gCinneadh seo go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2022. Déanfar é a choimeád faoi athbhreithniú leanúnach. Déanfar é a athnuachan nó a leasú, de réir mar is iomchuí, má mheasann an Chomhairle nár comhlíonadh a chuspóirí.”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 28 Deireadh Fómhair 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

G. DOVŽAN


(1)  Cinneadh 2010/573/CBES ón gComhairle an 27 Meán Fómhair 2010 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne cheannaireacht réigiún Tras-dnístria Phoblacht na Moldóive (IO L 253, 28.9.2010, lch. 54).