26.10.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 378/6


CINNEADH (AE) 2021/1875 ÓN gCOMHAIRLE

an 22 Deireadh Fómhair 2021

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sna comhairliúcháin bhliantúla leis an Ríocht Aontaithe chun teacht ar chomhaontú maidir leis na gabhálacha iomlána incheadaithe

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(3), i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 29 Aibreán 2021, ghlac an Chomhairle Chinneadh (AE) 2021/689 (1), maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile (2) (“an Comhaontú Trádála agus Comhair”). Tháinig an Comhaontú Trádála agus Comhair i bhfeidhm an 1 Bealtaine 2021.

(2)

Faoi Airteagal 494 den Chomhaontú Trádála agus Comhair, chomhaontaigh an tAontas agus an Ríocht Aontaithe (“na Páirtithe”) comhoibriú le chéile d’fhonn a áirithiú, i dtaca le gníomhaíochtaí iascaireachta i leith stoic chomhroinnte ina n-uiscí, go mbeidh na gníomhaíochtaí sin inbhuanaithe san fhadtéarma ó thaobh an chomhshaoil de agus go rannchuideoidh siad le tairbhí eacnamaíocha agus sóisialta a bhaint amach, agus cearta agus oibleagáidí Stát cósta neamhspleách á n-urramú go hiomlán de réir mar a fheidhmíonn na Páirtithe iad. Tá sé de chuspóir coiteann ag na Páirtithe stoic chomhroinnte a shaothrú ag rátaí lena bhfuil sé beartaithe líon na speiceas a shaothraítear a choinneáil agus a athbhunú de réir a chéile os cionn na leibhéal bithmhaise lenar féidir an uastáirgeacht inbhuanaithe a bhaint amach.

(3)

De bhun Airteagal 498 den Chomhaontú Trádála agus Comhair, tá na Páirtithe le dul i mbun comhairliúcháin bhliantúla chun teacht ar chomhaontú maidir le gabhálacha iomlána incheadaithe (TACanna) le haghaidh stoic chomhroinnte.

(4)

Ba cheart don Choimisiún na comhairliúcháin bhliantúla a dhéanamh thar ceann an Aontais agus ar bhonn sheasaimh an Aontais a bhfuil an Chomhairle lena mbunú i gcomhréir le forálacha ábhartha na gConarthaí.

(5)

Maidir le rannpháirtíocht iomlán thráthrialta na Comhairle agus a comhlachtaí ullmhúcháin i bpróiseas na gcomhairliúchán bliantúil leis an Ríocht Aontaithe maidir le deiseanna iascaireachta le haghaidh na stoc i gceist a shocrú, ba cheart í a áirithiú trí bhíthin comhordú agus comhar cuimsitheach idir an Chomhairle agus an Coimisiún, i gcomhréir le prionsabal an chomhair dhílis idir institiúidí an Aontais a chumhdaítear in Airteagal 13(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE).

(6)

Tá Parlaimint na hEorpa le cur go hiomlán ar an eolas láithreach de bhun Airteagal 218(10) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).

(7)

Ceanglaítear le hAirteagal 2(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), go n-áiritheoidh an tAontas go mbeidh gníomhaíochtaí iascaireachta agus dobharshaothraithe inbhuanaithe san fhadtéarma ó thaobh an chomhshaoil de agus go ndéanfar iad a bhainistiú ar bhealach atá comhsheasmhach leis na cuspóirí tairbhí eacnamaíocha, sóisialta agus fostaíochta a bhaint amach agus leis an gcuspóir cur le hinfhaighteacht soláthairtí bia.

(8)

Ceanglaítear le hAirteagal 2(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 go gcuirfidh an tAontas cur chuige an réamhchúraim i bhfeidhm i leith bainistiú iascach agus go mbeidh mar aidhm leis a áirithiú go ndéanfaidh saothrú bheo-acmhainní bitheolaíocha na mara líon na speiceas atá á saothrú a athbhunú agus a choinneáil ag leibhéil atá in acmhainn uastáirgeacht inbhuanaithe a bhaint amach.

(9)

Ceanglaítear le hAirteagal 2(5), pointe (j), de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 gur cheart an bainistiú iascaigh a bheith i gcomhréir leis an gcuspóir dea-stádas comhshaoil a bhaint amach a leagtar amach i dTreoir 2008/56/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4). Ina theannta sin, ceanglaítear le hAirteagal 2(5), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 7(1), pointe (d), den Rialachán sin, go ndéanfaidh an tAontas ábhar muirí aischurtha a dhíchur trí, inter alia, mhodhanna iascaireachta a chur chun cinn a chuideoidh le hiascaireacht níos roghnaí agus a chuideoidh le gabhálacha de thaisme a sheachaint agus a laghdú, a mhéid is féidir, chomh maith le hiascaireacht a chur chun cinn a mbeidh tionchar íseal aici ar an éiceachóras muirí agus ar acmhainní iascaigh.

(10)

Foráiltear le hAirteagal 3, pointe (c), de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 go bhfuil an tAontas le bearta bainistíochta agus caomhnaithe a dhéanamh ar bhonn an chomhairle eolaíoch is fearr atá ar fáil.

(11)

Foráiltear le hAirteagal 28 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 go stiúrfaidh an tAontas a gcaidrimh sheachtracha iascaigh i gcomhréir leis na cuspóirí agus na prionsabail a leagtar amach in Airteagal 2 agus Airteagal 3 den Rialacháin sin,, agus, inter alia, go dtacóidh sé go gníomhach le heolas eolaíochta agus le comhairle eolaíochta agus go gcuirfidh sé leo. Foráiltear le hAirteagail 28 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 freisin go bhfuil na forálacha maidir le beartas seachtrach a leagtar amach i gCuid VI den Rialachán sin gan dochar d’fhorálacha sonracha arna nglacadh faoi Airteagal 218 CFAE.

(12)

Le hAirteagal 33 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, leagtar síos na prionsabail agus na cuspóirí maidir le bainistiú stoc ar leas coiteann iad don Aontas agus do thríú tíortha, mar aon le forálacha a bhaineann le comhaontuithe maidir le malartú agus bainistiú comhpháirteach.

(13)

I bhfianaise chineál athraitheach na n-acmhainní iascaigh a chumhdaítear leis an gComhaontú Trádála agus Comhair agus i bhfianaise an ghá atá leis go gcuirfí forbairtí nua san áireamh i seasamh an Aontais, lena n-áirítear faisnéis eolaíoch nua agus faisnéis ábhartha eile a chuirtear i láthair roimh na comhairliúcháin bhliantúla nó lena linn, ba cheart forálacha a leagan síos le haghaidh na sonraíochta ó bhliain go bliain maidir le seasamh an Aontais sna comhairliúcháin sin. Ba cheart na forálacha sin a bheith i gcomhréir le prionsabal an chomhair dhílis idir institiúidí an Aontais a chumhdaítear in Airteagal 13(2) CAE.

(14)

De bhun Iarscríbhinn II, pointe 2(c), a ghabhann le Cinneadh (AE) 2021/1765 ón gComhairle (5), féadfaidh an tAontas féachaint le hábhair atá comhaontaithe ag na Páirtithe a thaifeadadh tar éis dul i gcomhairle le chéile faoi Airteagal 498 den Chomhaontú Trádála agus Comhair.

(15)

Dá bhrí sin, is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sna comhairliúcháin bhliantúla leis an Ríocht Aontaithe a bhunú, ós rud é gur cheart toradh na gcomhairliúchán sin a chur chun feidhme i ndlí an Aontais,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sna comhairliúcháin bhliantúla leis an Ríocht Aontaithe maidir le deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic chomhroinnte, lena n-áirítear stoic dhomhainfharraige, faoi Airteagal 498 den Chomhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile (“an Comhaontú Trádála agus Comhair”), leagtar amach é san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

2.   Déanfar sonraíocht sheasamh an Aontais, dá dtagraítear i mír 1, a stiúradh ar bhonn bliantúil i gcomhréir le hAirteagal 2.

Airteagal 2

1.   Maidir le rannpháirtíocht iomlán agus thráthrialta na Comhairle le linn na gcomhairliúchán bliantúil, déanfar í a áirithiú trí bhíthin comhordú agus comhar cuimsitheach idir an Chomhairle agus an Coimisiún.

2.   Sula dtosóidh na comhairliúcháin bhliantúla leis an Ríocht Aontaithe, agus lena linn, déanfaidh an Coimisiún gach beart is gá chun go gcuirfear an chomhairle eolaíoch is déanaí agus aon fhaisnéis ábhartha eile atá ar fáil san áireamh sa seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais, i gcomhréir leis na prionsabail agus na treoshuíomhanna a leagtar amach san Iarscríbhinn. Léireofar an seasamh sa taifead i scríbhinn ina ndéantar doiciméadú ar na socruithe arna ndéanamh idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe mar thoradh ar na comhairliúcháin faoi Airteagal 498 den Chomhaontú Trádála agus Comhair.

3.   Chuige sin, déanfaidh an Coimisiún, in am trátha roimh na comhairliúcháin bhliantúla agus, i gcás inar gá, lena linn, doiciméad i scríbhinn, ar bhonn na comhairle agus na faisnéise dá dtagraítear i mír 2, a sheoladh chuig an gComhairle ina mbeidh an tsonraíocht atá beartaithe le haghaidh sheasamh an Aontais agus a úsáidfear chun mionsonraí an tseasaimh atá le léiriú thar ceann an Aontais a phlé agus a fhormhuiniú. Fanfaidh an Chomhairle faoi bhreithniú an ábhair le linn an phróisis agus, déanfaidh an Coimisiún, in am trátha sula síneofar an taifead i scríbhinn dá dtagraítear i mír 2, seasamh an Aontais a sheoladh chuig an gComhairle chun mionsonraí na gcomhairliúchán bliantúil a fhormhuiniú.

4.   Áireofar sa phróiseas dá dtagraítear san Airteagal seo cruinnithe comhordúcháin in situ, cuir i láthair, glacadh cuntas agus pléití, agus rannpháirtíocht iomlán na dtoscaireachtaí náisiúnta sna comhairliúcháin bhliantúla, lena n-áirítear a rannpháirtíocht mar chuid de thoscaireacht an Aontais, agus, nuair is gá, sna cruinnithe teicniúla.

5.   Mura féidir leis an Aontas, le linn na gcomhairliúchán bliantúil, teacht ar chomhaontú leis an Ríocht Aontaithe, agus chun go gcuirfidh seasamh an Aontais gnéithe nua san áireamh, cuirfidh an Coimisiún an t-ábhar faoi bhráid na Comhairle.

6.   Más iomchuí, i ndiaidh thabhairt i gcrích na gcomhairliúchán, na TACanna a leasú sa bhliain nó sna blianta ar comhaontaíodh iad ina leith, déanfaidh an Coimisiún, in am trátha agus ar bhonn na faisnéise eolaíche is déanaí agus ar bhonn faisnéis ábhartha eile agus i gcomhréir leis na prionsabail agus na treoshuíomhanna a leagtar amach san Iarscríbhinn, doiciméad nua i scríbhinn a chur faoi bhráid na Comhairle ina leagtar amach an tsonraíocht atá beartaithe maidir le seasamh an Aontais i dtaobh an leasaithe sin, chun mionsonraí an tseasaimh atá le léiriú thar ceann an Aontais a phlé agus a fhormhuiniú, sula síneofar taifead i scríbhinn.

Airteagal 3

Beidh feidhm ag an gCinneadh seo go dtí an 30 Meitheamh 2027. Déanfaidh an Chomhairle é a mheasúnú de réir mar is gá agus, i gcás inarb iomchuí, déanfaidh sí é a athbhreithniú ar thogra ón gCoimisiún. Déanfar athbhreithniú in aon chás faoin 30 Meitheamh 2023.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 22 Deireadh Fómhair 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

G. DOVŽAN


(1)  Cinneadh (AE) 2021/689 ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt amháin, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile, agus an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bhaineann le nósanna imeachta slándála le haghaidh malartú agus cosaint faisnéise rúnaicmithe (IO L 149, 30.4.2021, lch. 2).

(2)  IO L 149, 30.4.2021, lch. 10.

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1954/2003 agus (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 2371/2002 agus (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 22).

(4)  Treoir 2008/56/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2008 lena mbunaítear creat le haghaidh gníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais muirthimpeallachta (an Treoir Réime um Straitéis Mhuirí) (IO L 164, 25.6.2008, lch. 19).

(5)  Cinneadh (AE) 2021/1765 ón gComhairle an 5 Deireadh Fómhair 2021 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh, le haghaidh na tréimhse 2021–2026, sa Choiste Speisialaithe um Iascach arna bhunú leis an gComhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile (IO L 355, 7.10.2021, lch. 135).


IARSCRÍBHINN

AN SEASAMH ATÁ LE GLACADH THAR CEANN AN AONTAIS SNA COMHAIRLIÚCHÁIN BHLIANTÚLA LEIS AN RÍOCHT AONTAITHE CHUN TEACHT AR CHOMHAONTÚ MAIDIR LEIS NA GABHÁLACHA IOMLÁNA INCHEADAITHE

1.   PRIONSABAIL

Faoi chuimsiú na gcomhairliúchán bliantúil leis an Ríocht Aontaithe, déanfaidh an tAontas na nithe seo a leanas:

(a)

féachfaidh sé lena áirithiú go mbeidh na deiseanna iascaireachta arna n-aontú comhsheasmhach leis an dlí idirnáisiúnta, go háirithe le forálacha Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe (“NA”) maidir le Dlí na Farraige 1982 agus le Comhaontú na Náisiún Aontaithe i ndáil le Caomhnú agus le Bainistiú Stoc Éisc Traslimistéir agus Stoc Éisc Mór-imirceach 1995;

(b)

féachfaidh sé lena áirithiú go mbítear á urramú gealltanais idirnáisiúnta an Aontais;

(c)

féachfaidh sé le comhsheasmhacht agus sineirge a chur ar fáil ann maidir leis na beartais atá á saothrú ag an Aontas mar chuid dá chaidreamh déthaobhach iascaigh le tríú tíortha eile agus laistigh d’eagraíochtaí réigiúnacha bainistithe iascaigh, agus áiritheoidh sé comhsheasmhacht lena bheartais eile, go háirithe i réimsí an chaidrimh sheachtraigh, na fostaíochta, an chomhshaoil, na trádála, na forbartha, agus an taighde agus na nuálaíochta;

(d)

a áirithiú go socrófar na TACanna agus na bearta eile a bhfuil baint fheidhmiúil acu ar bhealach a bheidh i gcomhréir leis an gComhaontú Trádála agus Comhair agus lena gcuirfear san áireamh go hiomlán aon bhearta nó aon treoir arna bunú ag an gCoiste Speisialaithe um Iascach;

(e)

féachfaidh sé lena áirithiú go gcinnfear na TACanna go comhpháirteach i gcomhréir le cuspóir an chomhbheartais iascaigh (CBI) na hiascaigh a bheith inbhuanaithe san fhadtéarma ó thaobh an chomhshaoil de agus iad a bheith á mbainistiú ar bhealach atá comhsheasmhach leis na cuspóirí tairbhí eacnamaíocha, sóisialta agus fostaíochta a bhaint amach, lena n-áirítear croíchuspóir caomhnaithe CBI, amhail an uastáirgeacht inbhuanaithe, mar aon leis na pleananna ilbhliantúla is infheidhme;

(f)

féachfaidh sé le bheith i gcomhréir le conclúidí ón gComhairle an 19 Márta 2012 maidir le Teachtaireacht ón gCoimisiún i ndáil le gné sheachtrach CBI;

(g)

féachfaidh sé le rialacha neamh-idirdhealaitheacha a áirithiú le haghaidh chabhlach an Aontais agus na rialacha sin a bhunú ar na prionsabail agus na caighdeáin chéanna atá infheidhme faoi dhlí an Aontais;

(h)

féachfaidh sé le hamlínte a bhunú le haghaidh na gcomhairliúchán bliantúil maidir le deiseanna iascaireachta;

(i)

féachfaidh sé le comhsheasmhacht a áirithiú le reachtaíocht chomhshaoil an Aontais, go háirithe le Treoir 2008/56/CE, chomh maith le beartais eile de chuid an Aontais.

2.   TREOSHUÍOMHANNA

Tá an tAontas le gach iarracht a dhéanamh chun teacht ar chomhaontú leis an Ríocht Aontaithe maidir le deiseanna iascaireachta (na TACanna agus na bearta lena bhfuil baint fheidhmiúil acu), agus é sin bunaithe ar an gcur chuige a leagtar amach thíos.

Á dhéanamh sin dó, oibreoidh an Coimisiún go dlúth leis an gComhairle le linn na gcomhairliúchán bliantúil, chun na nithe seo a leanas a dhéanamh:

(a)

féachaint leis na TACanna a bhunú, bunaithe ar an gcomhairle eolaíoch is fearr dá bhfuil ar fáil, chun ráta saothraithe na huastáirgeachta inbhuanaithe a bhaint amach;

(b)

féachaint leis na TACanna a bhunú faoi chur chuige an réamhchúraim maidir le hiascaigh i gcás nach bhfuil an chomhairle eolaíoch sin maidir le rátaí saothraithe na huastáirgeachta inbhuanaithe ar fáil;

(c)

féachaint le cosc a chur ar róshaothrú na stoc éisc ábhartha trí na TACanna uile a shocrú ag leibhéal a bheidh ar aon dul leis an leibhéal a socraíodh sna blianta roimhe sin i gcás nach bhfuil comhairle eolaíoch ar fáil;

(d)

féachaint le cineálacha éagsúla comhairle eolaíche a chumasc maidir leis na TACanna a bhunú, lena n-áirítear comhairle ina gcumasctar an uastáirgeacht inbhuanaithe agus comhairle réamhchúraim, maidir leis na TACanna lena mbaineann neamhréir idir an limistéar comhairle agus na limistéir bhainistíochta, nó i gcás ina mbeidh cumasc de speicis éagsúla sna TACanna, agus féachaint le cur chuige iomchuí a bhaint amach maidir le comhairle á chur san áireamh agus na TACanna á mbunú le haghaidh sciataí agus roc;

(e)

féachaint le TACanna a bhunú trí mheasúnú uastáirgeachta inbhuanaithe agus comhairle FMSY i gcomhréir le cuspóir na huastáirgeachta inbhuanaithe atá ag an gComhbheartas Iascaigh agus sna pleananna ilbhliantúla is infheidhme; i gcás ina gceadaítear sna pleananna ilbhliantúla úsáid a bhaint as na raonta FMSY a chuireann an Chomhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara (ICES) ar fáil, ba cheart don Aontas féachaint le leas a bhaint as na forálacha sin, má chomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach sna pleananna ilbhliantúla;

(f)

féachaint leis na TACanna a shocrú bunaithe ar chur chuige an réamhchúraim a fhreagróidh don phríomhchomhairle atá i mbileog chomhairle eolaíche ICES ina bhfuil comhairle réamhchúraim maidir leis na nithe seo a leanas: (i) stoic foghabhála (faoi phleananna ilbhliantúla); (ii) spriocstoic (faoi phleananna ilbhliantúla) i gcás nach gcuireann ICES ach comhairle réamhchúraim ar fáil; agus (iii) TACanna le comhairle réamhchúraim ilbhliantúil, sna cásanna sin inar cheart cobhsaíocht a shaothrú;

(g)

féachaint lena chur san áireamh go ngabhann deacrachtaí le hiascaireacht gach uile stoc éisc, ar leibhéal na huastáirgeachta inbhuanaithe, ag an tráth céanna, in iascach measctha, agus go háirithe i gcás inar deacair feiniméan an tachtspeicis a sheachaint, lena n-áirítear na TACanna a gcomhairlítear gabháil nialasach ina leith maidir le TACanna spriocghabhála nó TACanna foghabhála; ba cheart don Aontas, i gcás inarb ábhartha faoi na pleananna ilbhliantúla, féachaint le bearta ceartaitheacha a leagan síos sna himchuacha farraigí ábhartha chomh maith leis an leibhéal TAC a shocrú;

(h)

féachaint leis na TACanna a bhunú chun críoch eolaíoch nó faireacháin i gcomhréir leis an gcomhairle eolaíoch;

(i)

féachaint le comhsheasmhacht a chur ar fáil leis an dlí is infheidhme de chuid an Aontais i ndáil le speicis shonracha agus le stoic shonracha;

(j)

féachaint le cóineasú dearcaidh a chur chun cinn maidir leis na speicis a dtoirmiscfear iad a iascach, bunaithe ar chomhairle eolaíoch, lena n-áirítear an toirmeasc ginearálta ar iascaigh siorcanna domhainfharraige;

(k)

féachaint le cuir chuige comhaontaithe a bheith ann maidir le modh agus cur i bhfeidhm na gcoigeartuithe ar na TACanna comhaontaithe i ndiaidh chur i bhfeidhm na ndíolúintí ón oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír (díolúintí de minimis agus inmharthanachta ón oibleagáid na gabhálacha uile a thabhairt i dtír). Ba cheart don Aontas féachaint leis an leibhéal is airde is féidir de chuir chuige comhaontuithe a bhaint amach maidir leis na díolúintí sin ar bhealach a bheidh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013;

(l)

féachaint le teacht ar chomhaontú maidir leis an gcur chuige chun doingean mara an tuaiscirt a chaomhnú, bunaithe ar chomhairle eolaíoch ICES;

(m)

féachaint le teacht ar chomhaontú maidir le bearta eile a bhfuil baint fheidhmiúil acu i ndáil le TACanna, go háirithe maidir le coinníollacha speisialta agus solúbthachtaí idirlimistéir atá ann cheana, i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, go háirithe Airteagal 15(8) agus (9) de;

(n)

féachaint leis na stoic a measfar a bheith mar “stoic speisialta” a shainaithint chun TACanna sealadacha a bhunú i gcás nach féidir na comhairliúcháin bhliantúla a thabhairt i gcrích go tráthúil i gcomhréir le hAirteagal 498(2) den Chomhaontú Trádála agus Comhair, bunaithe ar an gcomhairle eolaíoch is fearr dá bhfuil ar fáil, agus i gcomhréir le hAirteagal 499(4) den Chomhaontú Trádála agus Comhair;

(o)

féachaint le teacht ar chomhaontú maidir le hiarrataí comhpháirteacha chuig ICES nuair a shainaithnítear go bhfuil gá le comhairle bhreise;

(p)

féachaint lena áirithiú go ndéanfar leibhéil TAC a bhunú, i gcomhréir leis an gcomhairle eolaíoch, in am do thús na bliana iascaireachta i gcás corr ghainimh, salán agus trosc Ioruach sa Mhuir Thuaidh, i gcás nach ionann an bhliain iascaireachta agus an bhliain féilire;

(q)

féachaint le leanúint leis an sásra sealadach um malartuithe cuótaí atá ann faoi láthair go dtí go mbunóidh an Coiste Speisialaithe um Iascach sásra buan.