22.10.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 374/54


CINNEADH (AE) 2021/1853 ÓN gCOMHAIRLE

an 18 Deireadh Fómhair 2021

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh laistigh den Chomhairle Comhlachais a cuireadh ar bun leis an gComhaontú Eora-Mheánmhara lena mbunaítear Comhlachas idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt, agus Poblacht Arabach na hÉigipte, den pháirt eile, a mhéid a bhaineann le síneadh a chur le bailíocht Thosaíochtaí Comhpháirtíochta an Aontais Eorpaigh agus na hÉigipte go dtí go nglacfaidh an Chomhairle Comhlachais Tosaíochtaí Comhpháirtíochta nua atá tugtha cothrom le dáta

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 217 i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An Comhaontú Eora-Mheánmhara lena mbunaítear Comhlachas idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt, agus Poblacht Arabach na hÉigipte, den pháirt eile (1) (an “Comhaontú”), síníodh é an 25 Meitheamh 2001 agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Meitheamh 2004.

(2)

Sa Chomhairle Comhlachais an 25 Iúil 2017, chomhaontaigh an tAontas Eorpach agus an Éigipt na Tosaíochtaí Comhpháirtíochta, mar a leagtar amach i Moladh Uimh. 1/2017 ón gComhairle Comhlachais (2).

(3)

Chomhaontaigh an dá thaobh gur cheart síneadh a chur le bailíocht Thosaíochtaí Comhpháirtíochta an Aontais Eorpaigh agus na hÉigipte mar dhoiciméad treorach chun an chomhpháirtíocht a chomhdhlúthú go dtí go nglacfar Tosaíochtaí Comhpháirtíochta nua atá tugtha cothrom le dáta.

(4)

Faoi Airteagal 76 den Chomhaontú, tá an chumhacht ag an gComhairle Comhlachais cinntí a ghlacadh chun cuspóirí an Chomhaontaithe a bhaint amach.

(5)

Tá an Chomhairle Comhlachais le moladh a ghlacadh trí nós imeachta i scríbhinn chun síneadh a chur le bailíocht na dTosaíochtaí Comhpháirtíochta go dtí go nglacfaidh an Chomhairle Comhlachais Tosaíochtaí Comhpháirtíochta nua atá tugtha cothrom le dáta.

(6)

Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhairle Comhlachais a bhunú, ós rud é go mbeidh éifeachtaí dlíthiúla leis an moladh ón gComhairle Comhlachais.

(7)

Ba cheart, dá bhrí sin, seasamh an Aontais laistigh den Chomhairle Comhlachais a bhunú ar an dréacht-Mholadh ón gComhairle Comhlachais,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais laistigh den Chomhairle Comhlachais a cuireadh ar bun leis an gComhaontú Eora-Mheánmhara lena mbunaítear Comhlachas idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt, agus Poblacht Arabach na hÉigipte, den pháirt eile, a mhéid a bhaineann le síneadh a chur le bailíocht Thosaíochtaí Comhpháirtíochta an Aontais Eorpaigh agus na hÉigipte go dtí go nglacfaidh an Chomhairle Comhlachais Tosaíochtaí Comhpháirtíochta nua atá tugtha cothrom le dáta, beidh sé bunaithe ar an dréacht-Mholadh ón gComhairle Comhlachais (3).

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, 18 Deireadh Fómhair 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BORRELL FONTELLES


(1)  IO L 304 30.9.2004, lch. 39.

(2)  Moladh Uimh. 1/2017 ó Chomhairle Comhlachais an Aontais Eorpaigh agus na hÉigipte an 25 Iúil 2017 lena gcomhaontaítear Tosaíochtaí Comhpháirtíochta an Aontais Eorpaigh agus na hÉigipte (IO L 255, 3.10.2017, lch. 26).

(3)  Féach doiciméad ST 12260/21 ar http://register.consilium.europa.eu.