19.10.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 369/11


CINNEADH (CBES) 2021/1823 ÓN gCOMHAIRLE

an 18 Deireadh Fómhair 2021

lena leasaítear Cinneadh 2013/798/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne Phoblacht na hAfraice Láir

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 23 Nollaig 2013, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2013/798/CBES (1), a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne Phoblacht na hAfraice Láir.

(2)

An 29 Iúil 2021, ghlac Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe Rún 2588 (2021), lena leathnaítear na díolúintí ón lánchosc arm agus lena leathnaítear raon feidhme na mbeart sriantach.

(3)

Tá gá le gníomhaíocht bhreise ón Aontas chun bearta áirithe a chur chun feidhme.

(4)

Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh 2013/798/CBES a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Cinneadh 2013/798/CBES mar a leanas:

(1)

in Airteagal 2(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (g):

“(g)

airm ag a bhfuil calabra 14,5 mm nó níos lú agus armlón agus comhpháirteanna atá saindeartha do na hairm sin, agus feithiclí míleata talún neamharmtha agus feithiclí míleata talún a bhfuil airm feistithe orthu ag a bhfuil calabra 14,5 mm nó níos lú, agus a bpáirteanna spártha, agus gránáidí roicéadtiomána, agus armlón atá saindeartha do na hairm sin, agus moirtéir ag a bhfuil calabra 60 mm agus 82 mm a dhíol, a sholáthar, a aistriú nó a onnmhairiú, agus cúnamh gaolmhar a thabhairt, d’fhórsaí slándála Phoblacht na hAfraice Láir, lena n-áirítear institiúidí sibhialta forfheidhmithe dlí an stáit, i gcás ina mbeidh na hairm, an t-armlón, na comhpháirteanna agus na feithiclí sin beartaithe go heisiach lena n-úsáid i bpróiseas athchóirithe earnáil slándála Phoblacht na hAfraice Láir nó chun tacú leis an bpróiseas sin, faoi mar a cuireadh in iúl roimh ré don Choiste;”;

(2)

in Airteagal 2a(1), cuirtear isteach an pointe seo a leanas:

“(k)

atá bainteach le gníomhaíochtaí i bPoblacht na hAfraice Láir a phleanáil, a stiúradh, a urrú nó a dhéanamh de shárú ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta, lena n-áirítear ionsaithe ar phearsanra míochaine nó ar phearsanra daonnúil,”;

(3)

in Airteagal 2b(1), cuirtear isteach an pointe seo a leanas:

“(k)

atá bainteach le gníomhaíochtaí i bPoblacht na hAfraice Láir a phleanáil, a stiúradh, a urrú nó a dhéanamh de shárú ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta, lena n-áirítear ionsaithe ar phearsanra míochaine nó ar phearsanra daonnúil,”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, 18 Deireadh Fómhair 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BORRELL FONTELLES


(1)  Cinneadh 2013/798/CBES ón gComhairle an 23 Nollaig 2013 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne Phoblacht na hAfraice Láir (IO L 352, 24.12.2013, lch. 51).