12.10.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 361/52


CINNEADH (CBES) 2021/1800 ÓN gCOMHAIRLE

an 11 Deireadh Fómhair 2021

lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2019/1720 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Nicearagua

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 14 Deireadh Fómhair 2019, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2019/1720 (1), a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Nicearagua.

(2)

Tá feidhm ag Cinneadh (CBES) 2019/1720 go dtí an 15 Deireadh Fómhair 2021. Ar bhonn athbhreithniú ar an gCinneadh sin, ba cheart síneadh a chur leis na bearta sriantacha a leagtar amach ann go dtí an 15 Deireadh Fómhair 2022.

(3)

Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh (CBES) 2019/1720 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 9 de Chinneadh (CBES) 2019/1720:

“Airteagal 9

Beidh feidhm ag an gCinneadh seo go dtí an 15 Deireadh Fómhair 2022 agus coimeádfar faoi athbhreithniú é go leanúnach. Déanfar é a athnuachan, nó a leasú de réir mar is iomchuí, má mheasann an Chomhairle nár comhlíonadh a chuspóirí.”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, 11 Deireadh Fómhair 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. PODGORŠEK


(1)  Cinneadh (CBES) 2019/1720 ón gComhairle an 14 Deireadh Fómhair 2019 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Nicearagua (IO L 262, 15.10.2019, lch. 58).