12.10.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 361/51


CINNEADH (CBES) 2021/1799 ÓN gCOMHAIRLE

an 11 Deireadh Fómhair 2021

lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2018/1544 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne leathadh agus úsáid arm ceimiceach

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 15 Deireadh Fómhair 2018, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2018/1544 (1) a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne leathadh agus úsáid arm ceimiceach.

(2)

Tá feidhm ag Cinneadh (CBES) 2018/1544 go dtí an 16 Deireadh Fómhair 2021. Ar bhonn athbhreithniú ar an gCinneadh sin, ba cheart na bearta sriantacha a leagtar amach ann a fhadú go dtí an 16 Deireadh Fómhair 2022.

(3)

Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh (CBES) 2018/1544 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8 de Chinneadh (CBES) 2018/1544:

“Airteagal 8

Beidh feidhm ag an gCinneadh seo go dtí an 16 Deireadh Fómhair 2022. Coimeádfar an Cinneadh seo faoi athbhreithniú go leanúnach. Déanfar é a athnuachan, nó a leasú de réir mar is iomchuí, má mheasann an Chomhairle nár comhlíonadh a chuspóirí”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, 11 Deireadh Fómhair 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. PODGORŠEK


(1)  Cinneadh (CBES) 2018/1544 ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2018 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne leathadh agus úsáid arm ceimiceach (IO L 259, 16.10.2018, lch. 25).