|
11.10.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 359/117 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1789 ÓN gCOIMISIÚN
an 8 Deireadh Fómhair 2021
lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/450 a mhéid a bhaineann le foilsiú tagairtí do Dhoiciméid um Measúnú Eorpach le haghaidh píobán aisréid solúbtha ar a bhfuil feistithe cinn, agus táirgí foirgníochta eile
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 305/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2011 lena leagtar síos coinníollacha comhchuibhithe maidir le táirgí foirgníochta a mhargú agus lena n-aisghairtear Treoir 89/106/CEE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 22 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
I gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 305/2011, úsáidfidh Comhlachtaí um Measúnú Teicniúil na modhanna agus na critéir a sholáthraítear i nDoiciméid um Measúnú Eorpach, doiciméid ar foilsíodh na tagairtí dóibh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, chun measúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht táirgí foirgníochta a chumhdaítear leis na doiciméid sin i ndáil lena mbuntréithe. |
|
(2) |
I gcomhréir le hAirteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 305/2011, ar lorg roinnt iarratais ó mhonaróirí ar Mheasúnuithe Teicniúla Eorpacha, tá 14 Dhoiciméad um Measúnú Eorpach tarraingthe suas agus glactha ag eagraíocht na gComhlachtaí um Measúnú Teicniúil. |
|
(3) |
Na Doiciméid um Measúnú Eorpach a tharraing na Comhlachtaí um Measúnú Teicniúil suas agus a ghlac siad, baineann siad leis na táirgí foirgníochta seo a leanas:
|
|
(4) |
Na Doiciméid um Measúnú Eorpach a tharraing eagraíocht na gComhlachtaí um Measúnú Teicniúil suas agus a ghlac sí, comhlíonann siad na riachtanais atá le comhlíonadh maidir leis na buncheanglais i ndáil le hoibreacha foirgníochta a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 305/2011. Dá bhrí sin, is iomchuí tagairtí na nDoiciméad um Measúnú Eorpach sin a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. |
|
(5) |
Foilsítear liosta tagairtí na nDoiciméad um Measúnú Eorpach le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/450 ón gCoimisiún (2). Ar mhaithe le soiléireacht, ba cheart tagairtí do Dhoiciméid nua um Measúnú Eorpach a chur leis an liosta sin. |
|
(6) |
Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/450 a leasú dá réir. |
|
(7) |
Chun gur féidir na Doiciméid um Measúnú Eorpach a úsáid a luaithe agus is féidir, ba cheart an Cinneadh seo a theacht i bhfeidhm lá a fhoilsithe. |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/450 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 8 Deireadh Fómhair 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 88, 4.4.2011, lch. 5.
(2) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/450 ón gCoimisiún an 19 Márta 2019 maidir le foilsiú na nDoiciméad um Measúnú Eorpach (EADanna) le haghaidh táirgí foirgníochta arna ndréachtú chun tacú le Rialachán (AE) Uimh. 305/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 77, 20.3.2019, lch. 78).
IARSCRÍBHINN
San Iarscríbhinn, cuirtear isteach na rónna seo a leanas in ord seicheamhach de réir ord na n-uimhreacha tagartha:
|
“100012-00-1106 |
Píobán aisréid solúbtha ar a bhfuil feistithe cinn |
|
130348-00-0304 |
Adhmad deighleoige lannaithe ina bhfuil trasghearradh dronuilleogach agus atá déanta as lomáin a gearradh go radúil |
|
130484-00-0304 |
Adhmad soladach a siúntáladh le méaralt agus ar ar tástáladh ualach promhaidh teannais agus is féidir a phróiseáil go ndéantar adhmad lannaithe gliúáilte nó adhmad soladach gliúáilte de |
|
130661-00-0304 |
Adhmad lannaithe gliúáilte ina bhfuil méaralt trasghearrtha iomlán |
|
210134-00-1202 |
Cláir fuaimdhíonta/scríd thirim agus stiallacha ualachiompartha atá déanta as cairtchlár rocach atá líonta le gaineamh grianchloiche |
|
230145-00-0105 |
Comhdhúil le haghaidh biotúmain agus meascáin bhiotúmanacha atá déanta as púdar rubair gránaithe |
|
260067-00-0301 |
Macrashnáithíní polaiméire atá treisithe le snáithín basailt le húsáid i gcoincréit |
|
280004-00-0702 |
Comhlaí cothromaithe faoi fheire |
|
330008-03-0601 |
Claiseanna ancaire (le cur in ionad na sonraíochta teicniúla ‘EAD 330008-02-0601’) |
|
330087-01-0601 |
Córais le haghaidh naisc barraí treisiúcháin iarshuiteáilte ina bhfuil moirtéal (le cur in ionad na sonraíochta teicniúla ‘EAD 330087-00-0601’) |
|
330232-01-0601 |
Ceanglóirí meicniúla le húsáid i gcoincréit (le cur in ionad na sonraíochta teicniúla ‘EAD 330232-00-0601’) |
|
330232-01-0601 -v01 |
Ceanglóirí leathnúcháin torcrialaithe le húsáid i gcoincréit agus saolré inathraithe feidhme suas le 50 bliain acu |
|
330250-00-0601 |
Ceanglóirí iarshuiteáilte i gcoincréit faoi ualach timthriallach strustuirse |
|
340309-00-0305 |
Fearais/córais bhuana comhalra neamh-ualachiompartha atá bunaithe ar bhloic chuasacha nó ar phainéil ábhair insliúcháin agus in amanna ar choincréit (le cur in ionad na sonraíochta teicniúla ‘ETAG 009’)” |