4.10.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 349/19


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1752 ÓN gCOIMISIÚN

an 1 Deireadh Fómhair 2021

lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Threoir (AE) 2019/904 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le ríomh, fíorú agus tuairisciú sonraí i ndáil le bailiú ar leithligh dramhbhuidéal dí plaisteach aon úsáide

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir (AE) 2019/904 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir le laghdú a dhéanamh ar an tionchar atá ag táirgí plaisteacha áirithe ar an gcomhshaol (1), agus go háirithe Airteagal 9(3) agus Airteagal 13(4) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Treoir (AE) 2019/904 leagtar síos spriocanna i dtaca le bailiú ar leithligh le haghaidh athchúrsála a dhéanamh ar dhramhbhuidéil dí phlaisteacha aon úsáide a liostaítear i bPáirt F den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir sin (“dramhbhuidéil aon úsáide”). De bhun Airteagal 9(1) de Threoir (AE) 2019/904, is é an sprioc atá ann le haghaidh 2025 77 % de réir meáchain de na buidéil aon úsáide uile den chineál sin a chuirtear ar an margadh agus is é 90 % an sprioc le haghaidh 2029. Tá an Coimisiún le modheolaíocht a leagan síos i dtaca le ríomh agus fíorú na spriocanna bailiúcháin ar leithligh sin agus i dtaca leis an bhformáid nach mór do na Ballstáit a úsáid chun sonraí a thuairisciú maidir le dramhbhuidéil aon úsáide a bailíodh ar leithligh gach bliain.

(2)

Chun inchomparáideacht sonraí a áirithiú, is gá rialacha mionsonraithe a leagan amach maidir leis na pointí ina dtomhaistear meáchan na ndramhbhuidéal aon úsáide a bailíodh. Ba cheart a chur san áireamh sna rialacha sin na cleachtais bailithe ar leithligh atá ann cheana agus an méid d’ábhar agus de shubstaintí eile, de bhreis ar na buidéil sin, atá sa dramhaíl a bhailítear.

(3)

Chun inchomparáideacht na sonraí atá le tuairisciú a áirithiú, is gá rialacha mionsonraithe a chur ar fáil maidir le conas an dá mhodh mhalartacha a chur i bhfeidhm, dá dtagraítear in Airteagal 9(1) de Threoir (AE) 2019/904, lena ndéantar amach an méid de na buidéil aon úsáide sin a chuirtear ar an margadh.

(4)

Chun cruinneas na sonraí maidir le meáchan na ndramhbhuidéal aon úsáide a bhailítear a áirithiú, ba cheart a áirithiú leis an bhformáid tuairiscithe go sainaithnítear gach paraiméadar atá ábhartha chun an méid de dhramhbhuidéil aon úsáide a bhailítear ar leithligh a ríomh agus go gcuirtear ar fáil tuairisc ar na modheolaíochtaí a cuireadh i bhfeidhm chun na sonraí i gcás na bparaiméadar sin a ríomh agus a fhíorú.

(5)

Cé go n-éilítear faoin oibleagáid maidir le dramhaíl a bhailiú ar leithligh go ndéanfaí dramhaíl a choinneáil ar leithligh de réir cineáil, ba cheart é a bheith indéanta cineálacha áirithe dramhaíola a bhailiú le chéile ar choinníoll nach gcuirfeadh sin bac ar athchúrsáil ar ardcháilíocht i gcomhréir le hord na réiteach dramhaíola i gcomhréir le hAirteagal 10(2) agus pointe (a) d’Airteagal 10(3) de Threoir 2008/98/CE.

(6)

An mhodheolaíocht lena ríomhtar agus lena bhfíoraítear na spriocanna bailithe ar leithligh le haghaidh dramhbhuidéil aon úsáide dá dtagraítear in Airteagal 9(3) de Threoir (AE) 2019/904, tá dlúthbhaint aici leis an bhformáid le haghaidh tuairisciú ar bhailiú ar leithligh den sórt sin dá dtagraítear in Airteagal 13(4) den Treoir sin i bhfianaise ábhar na mbeart sin agus an chomhthéacs ina bhfuil siad le cur i bhfeidhm. Is iomchuí, dá bhrí sin, an gníomh seo a ghlacadh ar bhonn an dá fhoráil sin chun comhleanúnachas a áirithiú idir na rialacha maidir le ríomh, fíorú agus tuairisciú i ndáil le bailiú ar leithligh dramhbhuidéal aon úsáide agus rochtain ar na rialacha sin a éascú.

(7)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste arna bhunú de bhun Airteagal 39 de Threoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2),

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Modheolaíocht lena ríomhfar agus lena dtuairisceofar an méid de dhramhbhuidéil aon úsáide a bailíodh ar leithligh

1.   An méid a bailíodh ar leithligh de dhramhbhuidéil dí phlaisteacha aon úsáide a liostaítear i bPáirt F den Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir (AE) 2019/904 (“dramhbhuidéil aon úsáide”), déanfar é sin a ríomh trí mheáchan na ndramhbhuidéal aon úsáide a bailíodh ar leithligh a roinnt ar mheáchan na mbuidéal aon úsáide den chineál sin a cuireadh ar an margadh (“buidéil aon úsáide a chuirtear ar an margadh”). Is ina chéatadán a shloinnfear an cóimheas a gheofar leis an ríomh sin.

2.   Chun an méid de dhramhbhuidéil phlaisteacha aon úsáide a bhailítear ar leithligh a ríomh, cuirfidh na Ballstáit i bhfeidhm na foirmlí a leagtar síos in Iarscríbhinn I.

Airteagal 2

Modheolaíocht lena gcinntear meáchan na ndramhbhuidéal aon úsáide a bhailítear ar leithligh

1.   Áireofar meáchan chaipíní agus chláir na mbuidéal mar chuid de mheáchan na ndramhbhuidéal aon úsáide.

2.   Ní áireofar meáchan aon dí a bheadh fágtha sa bhuidéal mar chuid de mheáchan na ndramhbhuidéal aon úsáide.

3.   Ní fhéadfar meáchan na lipéad ná na ngreamachán a áireamh mar chuid de mheáchan na ndramhbhuidéal aon úsáide, ach amháin má áirítear freisin é mar chuid de mheáchan na ndramhbhuidéal aon úsáide a chuirtear ar an margadh.

4.   Measfar go ndearnadh dramhbhuidéil aon úsáide a bhailiú ar leithligh i gcás ina gcomhlíontar aon cheann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

rinneadh na dramhbhuidéil aon úsáide a bhailiú ar leithligh le haghaidh athchúrsála ó aon dramhaíl eile;

(b)

bailíodh na dramhbhuidéil aon úsáide i dteannta dramhchodanna pacáistíochta de dhramhaíl chathrach nó i dteannta codanna neamh-phacáistíochta eile plaistigh, miotail, páipéir nó gloine de dhramhaíl chathrach a bailíodh ar leithligh le haghaidh athchúrsála, agus

(i)

Ní bhailítear, leis an gcóras bailiúcháin, aon dramhaíl ar dhócha substaintí guaiseacha a bheith inti;

(ii)

deartar agus déantar an bailiú dramhaíola, agus an tsórtáil a dhéantar ar an dramhaíl ina dhiaidh sin, ar dhóigh a laghdaíonn a oiread is féidir an t-éilliú, ó phlaisteach dramhaíola nach de bhuidéil den chineál é agus ó dhramhaíl eile, a dhéantar ar na dramhbhuidéil aon úsáide a bhailítear;

(iii)

tá córais dearbhaithe cáilíochta ar bun ag na hoibreoirí dramhaíola chun a fhíorú go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach i bpointí (i) agus (ii).

5.   Na córais dearbhaithe cáilíochta dá dtagraítear i mír 4, pointe (b)(iii), beidh siad mar a leanas:

(a)

cuirfear san áireamh leo nithe mar leordhóthanacht an phearsanra, a gcuid eolais agus scileanna, maille le heagrú an ionaid próiseála agus an trealaimh ann a mhéid is gá chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh na dramhbhuidéil aon úsáide a bhailítear na coinníollacha a leagtar amach i mír 4, pointe (b)(i) agus pointe (b)(ii);

(b)

déanfar oibríochtaí fíorúcháin, dá mbíthin, i gcomhréir le miontreoracha agus nósanna a bheidh leagtha síos roimh ré;

(c)

beidh siad deimhnithe ag tríú páirtí neamhspleách.

6.   Is ag an bpointe ag a mbaileofar iad nó ag pointe aschuir na n-oibríochtaí sórtála a mheáfar na dramhbhuidéil aon úsáide a bhaileofar ar leithligh i gcomhréir le mír 4, pointe (a). Féadfar meáchan na ndramhbhuidéal sin a ríomh trí na buidéil a chomhaireamh ar choinníoll go gcuirfear fachtóirí coinbhéartachta i bhfeidhm, fachtóirí lena gcuirfear san áireamh meáchan gach buidéil de réir a méide, polaiméir-chineál na mbuidéal agus na caipíní agus na cláir mar aon leis na caillteanais ó oibríocht shórtála go chéile.

7.   Maidir le meáchan na ndramhbhuidéal aon úsáide a bhaileofar ar leithligh i gcomhréir le mír 4, pointe (b), déanfar an mheá sin ag pointe aschuir na n-oibríochtaí sórtála ag a scartar iad ó dhramhaíl eile a bailíodh ina dteannta.

8.   I gcás ina mbeidh dramhbhuidéil aon úsáide agus dramhaíl eile ó phacáistíocht den pholaiméir-chineál amháin ann ag pointe aschuir na hoibríochta sórtála, beidh meáchan na ndramhbhuidéal aon úsáide comhréireach leis an gcion de dhramhbhuidéil aon úsáide ag pointe ionchuir na hoibríochta sórtála. Déanfar amach an cion sin trí bhíthin sampláil ionadaíoch maille le hanailís ina dhiaidh sin ar chomhdhéanamh na samplaí nó trí chlárlanna leictreonacha a úsáid.

Airteagal 3

Modheolaíocht lena ndéanfar amach meáchan na mbuidéal aon úsáide a cuireadh ar an margadh

1.   Agus meáchan na mbuidéal aon úsáide a cuireadh ar an margadh á dhéanamh amach, ní áireofar ach meáchan na mbuidéal den chineál sin ar buidéil iad a líonadh le deoch sular cuireadh ar an margadh iad.

2.   Maidir le meáchan na mbuidéal aon úsáide a cuireadh ar an margadh, i gcás ina ndéantar allmhairithe, onnmhairithe nó aistrithe suntasacha laistigh den Aontas i mbuidéil den chineál sin ag oibreoirí nó ag daoine nádúrtha le haghaidh a n-úsáide pearsanta féin, féadfar an meáchan sin a choigeartú chun na haistrithe sin a chur san áireamh.

3.   I gcásanna ina gcinnfidh na Ballstáit meáchan na mbuidéal aon úsáide a cuireadh ar an margadh ar bhonn mheáchan na dramhaíola ó na táirgí sin dá dtagraítear in Airteagal 9(1), an dara fomhír, de Threoir (AE) 2019/904, áireofar an méid seo a leanas i meáchan na dramhaíola sin:

(a)

dramhbhuidéil aon úsáide a bailíodh ar leithligh cibé acu a chomhlíonann siad na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 2(4), pointí (a) agus (b), nó nach gcomhlíonann;

(b)

dramhbhuidéil aon úsáide a bailíodh mar dhramhaíl chathrach mheasctha;

(c)

dramhbhuidéil aon úsáide a diúscraíodh mar bhruscar lasmuigh de na córais bailithe dramhaíola, cibé acu a bailíodh ina dhiaidh sin iad nó nár bailíodh.

Maidir leis na buidéil sin dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointí (b) agus (c), ríomhfar meáchan na mbuidéal sin trí bhíthin na modheolaíochta samplála agus na hanailíse ar chomhdhéanamh na dramhaíola a leagtar amach in Airteagal 4.

Airteagal 4

Modheolaíocht samplála agus anailís ar chomhdheánamh dramhaíola lena ríomhfar meáchan dramhbhuidéal aon úsáide a bailíodh mar dhramhaíl chathrach mheasctha nó a diúscraíodh mar bhruscar

1.   Is ar shuirbhéanna agus ar bhailiú samplaí ionadaíocha a bhunófar an bailiú sonraí le haghaidh na hanailíse ar chomhdhéanamh na samplaí. Cuirfear an méid seo a leanas san áireamh sa bhailiú sonraí sin:

(a)

athruithe séasúracha i dtaca le diúscairt dramhbhuidéal aon úsáide mar bhruscar lasmuigh de na córais bailithe dramhaíola;

(b)

athruithe i dtaca le méid an uirbithe;

(c)

éagsúlacht i dtaca le minicíocht, cineálacha agus ionaid an bhailithe dramhaíola cathrach.

2.   An bailiú sonraí agus an anailís dá dtagraítear i mír 1, cumhdóidh siad críoch iomlán Ballstáit faoi leith.

Airteagal 5

Sonraí a bhailiú agus a thuairisciú

1.   An bailiú sonraí lena ríomhfar meáchan na ndramhbhuidéal aon úsáide agus na mbuidéal aon úsáide a cuireadh ar an margadh i gcomhréir le hAirteagal 2 agus Airteagal 3, déanfar é gach bliain. Úsáidfidh na Ballstáit clárlanna leictreonacha, a mhéid is féidir, chun na sonraí a bhailiú agus a thuairisciú.

2.   Is san fhormáid a leagtar síos in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gCinneadh seo a thuairisceoidh na Ballstáit na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 13(1), pointe (c), de Threoir (AE) 2019/904 agus is san fhormáid a leagtar síos in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an gCinneadh seo a bheidh an tuarascáil maidir le seiceáil cáilíochta dá dtagraítear in Airteagal 13(2) den Treoir sin a chuirfidh siad isteach maidir leis na sonraí sin.

3.   Foilseoidh an Coimisiún na sonraí arna dtuairisciú ag na Ballstáit mura soláthróidh Ballstát, sa tuarascáil dá dtagraítear i mír 2, iarraidh a bhfuil bonn cirt léi go gcoinneofaí siar foilsiú sonraí áirithe.

Airteagal 6

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,1 Deireadh Fómhair 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 155, 12.6.2019, lch. 1.

(2)  Treoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le dramhaíl agus lena n-aisghairtear Treoracha áirithe (IO L 312, 22.11.2008, lch. 3).


IARSCRÍBHINN I

MODHEOLAÍOCHT LENA RÍOMHFAR AN MÉID DE DHRAMHBHUIDÉIL AON ÚSÁIDE A BAILÍODH AR LEITHLIGH

ASCB = (WSCB apart + WSCB blended)/(WBPM + WEWG) × 100 %

Nuair is é:

ASCB

an méid de dhramhbhuidéil aon úsáide a bailíodh le haghaidh athchúrsála dá dtagraítear in Airteagal 1

WSCB apart

meáchan na ndramhbhuidéal aon úsáide a bailíodh ar leithligh le haghaidh athchúrsála ó aon dramhaíl eile i gcomhréir le hAirteagal 2(4), pointe (a)

WSCB blended

meáchan na ndramhbhuidéal aon úsáide a bailíodh ar leithligh le haghaidh athchúrsála i dteannta aon dramhaíl eile i gcomhréir le hAirteagal 2(4), pointe (b)

WBPM

meáchan na mbuidéal aon úsáide a cuireadh ar an margadh dá dtagraítear in Airteagal 3(1) agus (2)

WEWG

meáchan na mbuidéal aon úsáide a cuireadh ar an margadh agus a rinneadh amach ar bhonn mheáchan na dramhaíola ó tháirgí den chineál sin dá dtagraítear in Airteagal 3(3)

WBPM = WBPM gross – WB out + WB in

WBPM gross

meáchan na mbuidéal aon úsáide a cuireadh ar an margadh dá dtagraítear in Airteagal 3(1)

WB out

meáchan na mbuidéal aon úsáide a cuireadh ar an margadh a onnmhairíodh nó a aistríodh go Ballstáit eile ag oibreoirí nó ag daoine nádúrtha le haghaidh a n-úsáide pearsanta dá dtagraítear in Airteagal 3(2)

WB in

meáchan na mbuidéal aon úsáide a cuireadh ar an margadh a allmhairíodh ó Bhallstáit eile ag oibreoirí nó ag daoine nádúrtha, nó a fuair siad ó Bhallstáit eile, le haghaidh a n-úsáide pearsanta dá dtagraítear in Airteagal 3(2)

WB out = W B out moved to other MS  + W B out exp  + W B out moved to other MS by natural persons  + W B out by natural persons

W B out moved to other MS

meáchan na mbuidéal aon úsáide a cuireadh ar an margadh a aistríodh go Ballstáit eile ag oibreoirí

W B out exp

meáchan na mbuidéal aon úsáide a cuireadh ar an margadh a onnmhairíodh ag oibreoirí

W B out moved to other MS by natural persons

an meastachán ar mheáchan na mbuidéal aon úsáide a cuireadh ar an margadh a aistríodh ó Bhallstát eile ag daoine nádúrtha le haghaidh a n-úsáide pearsanta

W B out by natural persons

an meastachán ar mheáchan na mbuidéal aon úsáide a cuireadh ar an margadh a onnmhairíodh ag daoine nádúrtha le haghaidh a n-úsáide pearsanta

WB in = W B in from other MS  + W B in imported  + W B in moved from other MS by natural persons + W B in by natural persons

W B in from other MS

meáchan na mbuidéal aon úsáide a cuireadh ar an margadh a aistríodh go Ballstáit eile ag oibreoirí

W B in imported

meáchan na mbuidéal aon úsáide a cuireadh ar an margadh a allmhairíodh ag oibreoirí

W B in moved from other MS by natural persons

an meastachán ar mheáchan na mbuidéal aon úsáide a cuireadh ar an margadh a aistríodh ó Bhallstát eile ag daoine nádúrtha le haghaidh a n-úsáide pearsanta

W B in by natural persons

an meastachán ar mheáchan na mbuidéal aon úsáide a cuireadh ar an margadh a allmhairíodh ag daoine nádúrtha le haghaidh a n-úsáide pearsanta

WEWG = TWSCB + Wother SCB + WMSW + Wlitter

TWSCB

meáchan na ndramhbhuidéal aon úsáide a bailíodh ar leithligh le haghaidh athchúrsála i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 2(4), pointí (a) agus (b), dá dtagraítear in Airteagal 3(3), pointe (a)

Wother SCB

meáchan na ndramhbhuidéal aon úsáide a bailíodh ar leithligh le haghaidh athchúrsála nach bhfuil i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 2(4), pointí (a) agus (b), dá dtagraítear in Airteagal 3(3), pointe (a)

WMSW

meáchan na ndramhbhuidéal aon úsáide a bailíodh mar dhramhaíl chathrach dá dtagraítear in Airteagal 3(3), pointe (b)

Wlitter

meáchan na ndramhbhuidéal aon úsáide a diúscraíodh mar bhruscar dá dtagraítear in Airteagal 3(3), pointe (c)


IARSCRÍBHINN II

AN FHORMÁID INA dTUAIRISCEOFAR NA SONRAÍ

I.   An fhormáid ina dtuairisceofar sonraí arna ríomh trí bhíthin na modheolaíochta a leagtar amach in Airteagal 3

Tábla 1

Meáchan na mbuidéal aon úsáide a cuireadh ar an margadh arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 3 (ina thonaí)

TÍR:

 

BLIAIN TAGARTHA:

 

Meáchan na mbuidéal aon úsáide arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 3(1), ina thonaí

Meáchan na mbuidéal aon úsáide a cuireadh ar an margadh (1)

 

Coigeartú ar mheáchan na mbuidéal aon úsáide arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 3(2)

 

Meáchan na mbuidéal aon úsáide a cuireadh ar an margadh a allmhairíodh ag oibreoirí (2)

 

Meáchan na mbuidéal aon úsáide a cuireadh ar an margadh a fuarthas ó Bhallstáit eile agus a fuair oibreoirí (3)

 

Meáchan na mbuidéal aon úsáide a cuireadh ar an margadh a onnmhairíodh ag oibreoirí (4)

 

Meáchan na mbuidéal aon úsáide a cuireadh ar an margadh a aistríodh go Ballstáit eile ag oibreoirí (5)

 

An meastachán ar mheáchan na mbuidéal aon úsáide a cuireadh ar an margadh a onnmhairíodh ag daoine nádúrtha le haghaidh a n-úsáide pearsanta (6)

 

An meastachán ar mheáchan na mbuidéal aon úsáide a cuireadh ar an margadh a allmhairíodh ag daoine nádúrtha le haghaidh a n-úsáide pearsanta (7)

 

An meastachán ar mheáchan na mbuidéal aon úsáide a cuireadh ar an margadh a aistríodh go Ballstát eile ag daoine nádúrtha le haghaidh a n-úsáide pearsanta (8)

 

An meastachán ar mheáchan na mbuidéal aon úsáide a cuireadh ar an margadh a aistríodh ó Bhallstát eile ag daoine nádúrtha le haghaidh a n-úsáide pearsanta (9)

 

Meáchan na mbuidéal aon úsáide a cuireadh ar an margadh arna choigeartú (10)

 

 

Meáchan na mbuidéal aon úsáide a cuireadh ar an margadh arna dhéanamh amach ar bhonn mheáchan na dramhaíola ó tháirgí den chineál sin arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 3(3)

Meáchan na ndramhbhuidéal aon úsáide a bailíodh ar leithligh le haghaidh athchúrsála i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 2(4) (a) agus (b (11)

 

Meáchan na ndramhbhuidéal aon úsáide a bailíodh ar leithligh le haghaidh athchúrsála nach bhfuil i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 2(4) (a) agus (b)(  (12)

 

Meáchan na ndramhbhuidéal aon úsáide a bailíodh mar dhramhaíl chathrach mheasctha (13)

 

Meáchan na ndramhbhuidéal aon úsáide a diúscraíodh mar bhruscar (14)

 

Nótaí:

Boscaí faoi scáthdhathú dorcha: Ar bhonn deonach a dhéantar an tuairisciú

II.   An fhormáid ina dtuairisceofar sonraí arna ríomh trí bhíthin na modheolaíochta a leagtar amach in Airteagal 2(4)

Tábla 2

Meáchan na mbuidéal aon úsáide a bailíodh ar leithligh le haghaidh athchúrsála arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 2(4) (ina thonaí)

TÍR:

 

BLIAIN TAGARTHA:

 

 

 

(a)

Meáchan na ndramhbhuidéal aon úsáide a bailíodh ar leithligh ó aon dramhaíl eile (15)

 

(b)

Meáchan na ndramhbhuidéal aon úsáide a bailíodh i dteannta dramhaíola de chineálacha eile (16)

 

Nótaí:


(1)  Arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 3(1). (W BPM gross )

(2)  Arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 3(2). (W B in imported )

(3)  Arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 3(2). (W B in from other MS)

(4)  Arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 3(2). (W B out exp )

(5)  Arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 3(2). (W B out moved to other MS )

(6)  Arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 3(2). (W B out by natural persons )

(7)  Arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 3(2). (W B in by natural persons )

(8)  Arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 3(2). (W B out moved to other MS by natural persons )

(9)  Arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 3(2). (W B in moved from other MS by natural persons)

(10)  Arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 3(2). (W BPM )

(11)  Arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 3(3), pointe (a). (TW SCB )

(12)  Arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 3(3), pointe (a). (W other SCB )

(13)  Arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 3(3), pointe (b). (W MSW )

(14)  Arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 3(3), pointe (c). (W litter )

(15)  Arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 2(4), pointe (a). (W SCB apart)

(16)  Arna bhailiú i dteannta dramhchodanna pacáistíochta eile de dhramhaíl chathrach nó i dteannta codanna neamhghuaiseacha, neamh-phacáistíochta eile plaistigh, miotail, páipéir nó gloine de dhramhaíl chathrach a bailíodh ar leithligh le haghaidh athchúrsála agus arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 2(4), pointe (b). (W SCB blended)


IARSCRÍBHINN III

AN FHORMÁID INA mBEIDH AN TUARASCÁIL MAIDIR LE SEICEÁIL CÁILÍOCHTA

I.   Faisnéis Ghinearálta

1.1.

Ballstát:

 

1.2.

An eagraíocht a sholáthair na sonraí agus an tuairisc:

 

1.3.

Ainm an teagmhálaí:

 

1.4.

Seoladh ríomhphoist an teagmhálaí:

 

1.5.

Uimhir theileafóin an teagmhálaí:

 

1.6.

Bliain tagartha:

 

1.7.

Dáta/leagan seachadta:

 

1.8.

Nasc chuig foilsiú na sonraí ag an mBallstát (más ann dó):

 

II.   Tuairisc ar na hinstitiúidí a bhfuil baint acu leis an mbailiú sonraí

Ainm na hinstitiúide

Tuairisc ar na príomhdhualgais

 

 

 

 

Cuir rónna leis de réir mar is iomchuí.

III.   Tuairisc ar na modhanna a úsáideadh

3.1.   Buidéil aon úsáide a cuireadh ar an margadh (Iarscríbhinn II, Tábla 1)

3.1.1.   Tuairisc ar mhodheolaíocht na suirbhéanna agus na hanailíse comhdhéanaimh

Maidir le meáchan na mbuidéal aon úsáide a cuireadh ar an margadh, i gcás ina ndéantar amach an meáchan sin ar bhonn mheáchan na dramhaíola ó tháirgí den chineál sin, tugtar tuairisc ar an modheolaíocht a úsáidtear sa tsampláil agus san anailís ar chomhdhéanamh dramhaíola dá dtagraítear in Airteagal 4.

 

An mhodheolaíocht a úsáideadh

Athrúcháin a cuireadh san áireamh

Dramhbhuidéil aon úsáide a bailíodh mar dhramhaíl chathrach mheasctha

 

 

Dramhbhuidéil aon úsáide a diúscraíodh mar bhruscar

 

 

3.1.2.   Tuairisc ar aon mhór-neamhréireachtaí idir meáchan na mbuidéal aon úsáide a cuireadh ar an margadh agus meáchan na dramhaíola pacáistíochta a gineadh nó aon saincheisteanna gaolmhara eile

I gcás inarb iomchuí, tuairisc ar bhearta ceartaitheacha atá beartaithe nó a rinneadh.

 

Cuir rónna leis de réir mar is iomchuí

3.2.   Faisnéis maidir le dramhbhuidéil aon úsáide a bailíodh ar leithligh (Iarscríbhinn II, Tábla 2)

3.2.1.   Tuairisc ar an modheolaíocht lena ríomhfar agus lena dtuairisceofar meáchan na ndramhbhuidéal aon úsáide a bailíodh ar leithligh

Mínigh na cleachtais a chuirtear san áireamh agus ríomh á dhéanamh ar an gcionn de dhramhbhuidéil aon úsáide a bailíodh ar leithligh, agus na modhanna lena gcinntear, maidir le dramhbhuidéil aon úsáide a bailíodh i dteannta dramhaíl eile, go bhfuil cáilíocht na ndramhbhuidéal sin inchomparáide le cáilíocht dramhbhuidéal aon úsáide a bailíodh ar leithligh ó aon dramhaíl eile. Cuir isteach doiciméadacht na gcóras dearbhaithe cáilíochta agus an fhíorúcháin tríú páirtí atá curtha ar bun ag na hoibreoirí dramhaíola chun a fhíorú go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 2(4)(b), pointí (i) agus (ii).

 

Cuir rónna leis de réir mar is iomchuí

IV.   Córas fíorúcháin agus rialaithe sonraí

4.1   Fíorú ar shonraí maidir le dramhbhuidéil aon úsáide a bailíodh ar leithligh

Nósanna imeachta um fhíorú agus rialú

Cuirtear i bhfeidhm iad i dtaca leis na sonraí maidir leo seo thíos

Nótaí tráchta breise, más ábhartha

Buidéil aon úsáide a cuireadh ar an margadh

(cuireadh/níor cuireadh)

Dramhbhuidéil aon úsáide

Dramhbhuidéil aon úsáide a bailíodh ar leithligh ó dhramhaíl eile dá dtagraítear in Airteagal 2(4), pointe (a)

(cuireadh/níor cuireadh)

Dramhbhuidéil aon úsáide a bailíodh i dteannta dramhaíl de chineálacha eile dá dtagraítear in Airteagal 2(4), pointe (b)

(cuireadh/níor cuireadh)

Coigeartú lena gcuirtear san áireamh ábhair eile a tógadh trí bhíthin an bhailithe ar leithligh, ar ábhar é nach bhfuil ina chuid de na buidéil aon úsáide (1) (cuireadh/níor cuireadh)

Seiceálacha ar iomláine na sonraí

 

 

 

 

 

 

Tras-seiceálacha

 

 

 

 

 

 

Seiceálacha i dtaca le hamshraith

 

 

 

 

 

 

Seiceálacha iniúchóireachta

 

 

 

 

 

 

Eile (sonraigh)

 

 

 

 

 

 

4.2   Tuairisc ar na príomh-imthosca a dhéanann difear do chruinneas na sonraí a tuairiscíodh maidir le dramhbhuidéil aon úsáide, le buidéil aon úsáide a cuireadh ar an margadh agus/nó le dramhbhuidéil aon úsáide a bailíodh ar leithligh

Imthosca a d’fhéadfadh difear a dhéanamh d’iontaofacht na sonraí

Imthosca

Tuairisc ar an gcaoi a ndéantar difear d’iontaofacht na sonraí agus ar na modheolaíochta a cuireadh i bhfeidhm chun tionchar sonraí neamhchruinne a laghdú a oiread is féidir

Buidéil aon úsáide a cuireadh ar an margadh

(déantar difear/ní dhéantar difear)

Dramhbhuidéil aon úsáide

(déantar difear/ní dhéantar difear)

Dramhbhuidéil aon úsáide a bailíodh ar leithligh

(déantar difear/ní dhéantar difear)

Earráidí sa tsampláil (2) (e.g. comhéifeachtaí athrúcháin)

 

 

 

 

Earráidí sa chumhdach (3) (e.g. rialacha de minimis, an cumhdach réigiúnach)

 

 

 

 

Earráidí sa tomhas (4) (e.g. an t-aonad tomhais, ábhar nach cuid é de bhuidéal aon úsáide folamh lena n-áirítear caipíní agus cláir an bhuidéil)

 

 

 

 

Ionstraimí tástála an bhailithe sonraí (5) (e.g. tástáil na gceistneoirí)

 

 

 

 

Earráidí sa phróiseáil (6) (e.g. Sainaithint earráidí, ceartú earráidí)

 

 

 

 

Earráidí ó neamhfhreagairt (7)

 

 

 

 

Earráidí toimhdean na samhla (8)

 

 

 

 

Eile (sonraigh)

 

 

 

 

4.3   Míniú maidir le raon feidhme agus bailíocht na suirbhéanna chun sonraí a bhailiú maidir le dramhbhuidéil aon úsáide, dramhbhuidéil aon úsáide a cuireadh ar an margadh agus/nó le dramhbhuidéil aon úsáide a bailíodh ar leithligh

 

Cuir rónna leis de réir mar is iomchuí

4.4   Difríochtaí sna sonraí a tuairiscíodh le haghaidh na mblianta tagartha atá imithe

Athruithe móra modheolaíochta i dtaca leis an modh ríofa a úsáideadh le haghaidh na bliana reatha i ndáil leis an modh ríofa a úsáideadh le haghaidh blianta tagartha roimhe sin, más ann dóibh (go háirithe athbhreithnithe cúlghabhálacha, cineál na n-athbhreithnithe sin agus tásc lena léirítear an gá neamhleanúnachas sa tsraith a lua le haghaidh bliain áirithe).

 

Cuir rónna leis de réir mar is iomchuí

4.5   Míniú ar an difríocht sa tonnáiste

I gcás ina léiríonn na sonraí tuairiscithe athrúchán is mó ná 10 % i dtaca leis na sonraí a cuireadh isteach le haghaidh na bliana tagartha roimhe sin.

Na cúiseanna atá leis an difríocht nó bunchúis na ndifríochtaí i meáchan na ndramhbhuidéal aon úsáide, na mbuidéal aon úsáide a cuireadh ar an margadh agus/nó na ndramhbhuidéal aon úsáide a bailíodh ar leithligh.

Dramhbhuidéil aon úsáide, buidéil aon úsáide a cuireadh ar an margadh agus/nó dramhbhuidéil aon úsáide a bailíodh ar leithligh

Athrúchán (%)

An phríomhchúis leis an athrúchán

 

 

 

Cuir rónna leis de réir mar is iomchuí

V.   Rúndacht

An t-údar atá leis an iarraidh go gcoinneofaí siar foilsiú sonraí áirithe sa tuarascáil seo, mar aon le liosta de na codanna sonracha a iarradh a choinneáil siar.

 

VI.   Príomhshuíomhanna gréasáin náisiúnta, príomhdhoiciméid tagartha agus príomhfhoilseacháin

Ainm agus URL na bpríomhshuíomhanna gréasáin náisiúnta, na bpríomhdhoiciméad tagartha agus na bpríomhfhoilseachán a bhaineann leis an mbailiú sonraí seo.

 

Cuir rónna leis de réir mar is iomchuí


(1)  Lipéid, greamacháin, dríodar na dí a bhí sna buidéil agus aon ábhar eile nach cuid é den bhuidéal aon úsáide ná de chaipíní ná de chláir an bhuidéil.

(2)  Tabhair tuairisc ar an meastachán ar na comhéifeachtaí athrúcháin agus ar na modheolaíochtaí a cuireadh i bhfeidhm chun meastachán a dhéanamh ar an athrúchán.

(3)  Tabhair tuairisc ar chineál na n-earráidí cumhdaigh agus ar a méid.

(4)  Tabhair tuairisc ar na hionstraimí lena laghdaítear rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann agus ar na hionstraimí lena seachadtar earráidí.

(5)  Tabhair tuairisc ar na hionstraimí agus ar na modheolaíochtaí a chuirtear i bhfeidhm i dtaca le slándáil na n-ionstraimí cáilíochta agus na n-ionstraimí ábhartha bailithe sonraí.

(6)  Tabhair tuairisc ar na céimeanna próiseála idir an bailiú sonraí agus tairgeadh an staidrimh agus liostaigh aon earráidí próiseála a sainaithníodh agus méid na n-earráidí sin.

(7)  Tabhair tuairisc ar na rátaí neamhfhreagartha aonaid agus ar na rátaí neamhfhreagartha ítime i dtaca leis na príomhathróga agus na modhanna barúlacha (más ann dóibh).

(8)  Tabhair tuairisc ar chineál earráidí toimhdean na samhla agus ar a méid.