4.10.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 351/1


CINNEADH (AE) 2021/1744 ÓN gCOMHAIRLE

an 28 Meán Fómhair 2021

lena mbunaítear an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an 15ú Comhthionól Ginearálta de chuid na hEagraíochta Idir-rialtasaí um Iompar Idirnáisiúnta d’Iarnród (OTIF)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 91, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

De bhun Chinneadh 2013/103/AE ón gComhairle (1), a d’aontaigh an tAontas don Choinbhinsiún maidir le hIompar Idirnáisiúnta d’Iarnród an 9 Bealtaine 1980, arna leasú le Prótacal Vilnias an 3 Meitheamh 1999 (“COTIF”).

(2)

Cuireadh Comhthionól Ginearálta OTIF ar bun i gcomhréir hAirteagal 13, roinn 1, litir a), de COTIF (an “Comhthionól Ginearálta”).

(3)

Bíonn an tAontas rannpháirteach sa Chomhthionól Ginearálta i gcomhréir le COTIF, Rialacha Nós Imeachta an Chomhthionóil Ghinearálta, agus an Comhaontú maidir le hAontachas an Aontais do COTIF.

(4)

Ag an 15ú seisiún dá chuid atá le bheith ar siúl ón 28 go dtí an 29 Meán Fómhair 2021, meastar go ndéanfaidh an Comhthionól Ginearálta cinneadh maidir leis na nithe seo a leanas: ullmhú straitéise fadtéarmaí do OTIF; togra le haghaidh Rialachán maidir le toghadh agus coinníollacha seirbhíse an Ard-Rúnaí; togra chun gníomhaíochtaí an Choiste ad hoc um Chomhar agus Mheitheal na Saineolaithe Dlí a chumasc in aon Choiste ad hoc um Ghnóthaí Dlíthiúla agus Comhar Idirnáisiúnta amháin; togra le haghaidh cinneadh maidir le faireachán agus measúnú a dhéanamh ar ionstraimí dlí OTIF; agus, tograí le haghaidh modhnú ar Rialacha Nós Imeachta an Chomhthionóil Ghinearálta.

(5)

Ag an seisiún sin, meastar go bhfoirmeoidh an Comhthionól Ginearálta tuairimí OTIF i dtaobh thionscnamh Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (UNECE) maidir le Dlí Iarnróid Aontaithe freisin, a mhéid a bhaineann le dhá chur chuige mhalartacha i dtaobh dlí iarnróid a aontú ar an leibhéal domhanda.

(6)

Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag an 15ú Comhthionól Ginearálta OTIF a bhunú, ós rud é gur ball de OTIF an tAontas agus go bhfuil tionchar ag na cinntí atá le glacadh ag an gComhthionól Ginearálta ar fheidhmiú agus straitéis forbartha na heagraíochta.

(7)

Measfaidh an 15ú Comhthionól Ginearálta ionstraim atá ceangailteach ó thaobh dlí a ghlacadh lena rialófaí toghadh agus coinníollacha seirbhíse an Ard-Rúnaí, ceann de bhrainsí OTIF a leagtar amach in Airteagal 13 de COTIF. Leis an ionstraim nua, sholáthrófaí creat cuimsitheach a chlúdódh príomhghnéithe uile an ábhair (prionsabail toghcháin, critéir cháilíochta, glao ar iarratas, tíolacadh agus scrúdú iarratas, trédhearcacht, vótáil, coinníollacha seirbhíse, etc.).

(8)

A mhéid a bhaineann le forbairt straitéiseach OTIF, beartaíonn an tArd-Rúnaí leanúint leis an bplé ar dhréacht-togra le haghaidh OTIF agus é a threisiú, tar éis an chomhairliúcháin a eagraíodh ag tús 2021. Dhéanfaí dréacht-togra athbhreithnithe a thíolacadh ina dhiaidh sin lena mheas agus lena ghlacadh ag an gComhthionól Ginearálta ag an gcéad ghnáthsheisiún eile dá chuid. Measfar go dtabharfaidh an Comhthionól Ginearálta treoir don Ard-Rúnaí na gníomhaíochtaí is gá a dhéanamh chun na críche sin.

(9)

Measfaidh an Comhthionól Ginearálta an deis chun gníomhaíochtaí an Choiste ad hoc um Chomhar agus gníomhaíochtaí Mheitheal na Saineolaithe Dlí a chumasc in aon Choiste ad hoc um Ghnóthaí Dlíthiúla agus Comhar Idirnáisiúnta amháin. Tugtar faoi deara go sainmhínítear creat institiúideach OTIF i dTeideal III de COTIF. De bhun Airteagal 13, roinn 2 de COTIF, féadfaidh an Comhthionól Ginearálta a chinneadh coistí eile a bhunú go sealadach le haghaidh cúraimí sonracha. Dá bhrí sin, maidir le togra an Ard-Rúnaí chun Coiste ad hoc um Ghnóthaí Dlíthiúla agus Comhar Idirnáisiúnta a bhunú go sealadach, déanfar é a mheas laistigh de chreat institiúideach reatha OTIF.

(10)

Chun faireachán níos fearr a dhéanamh ar chur i bhfeidhm COTIF agus é a fheabhsú, measfar go nglacfaidh an Comhthionól Ginearálta cinneadh inmheánach maidir le faireachán agus measúnú a dhéanamh ar chreat dlíthiúil COTIF. Leis an gcinneadh atá beartaithe, cuirtear chun gnímh cúraimí OTIF a leagtar amach in Airteagal 2, roinn 1, litir e) de COTIF chun súil a choinneáil ar chur i bhfeidhm na rialacha agus na moltaí (ionstraimí dlí) uile arna mbunú laistigh den eagraíocht. Chuige sin, bunaítear leis an dréachtchinneadh ceanglais shonracha le haghaidh Ard-Rúnaí OTIF agus bhaill OTIF, go háirithe an méid seo a leanas: déanfaidh an tArd-Rúnaí faireachán agus measúnú go córasach ar chur chun feidhme COTIF; beidh teidlíocht ag brainsí OTIF chun faireachán agus measúnú a thionscnamh ar chur i bhfeidhm ionstraime dlí faoi leith laistigh de raon feidhme a n-inniúlachtaí nó a forálacha sonracha; beidh an tArd-Rúnaí in ann faireachán agus measúnú ar aon ionstraim dlí a thionscnamh; oibreoidh baill OTIF i gcomhar leis an Ard-Rúnaí agus cuirfidh siad ar fáil an fhaisnéis ábhartha go léir chun faireachán agus measúnú a dhéanamh ar ionstraimí dlí.

(11)

Déanfaidh an Comhthionól Ginearálta seasamh ar na forbairtí is déanaí de chuid UNECE maidir le Dlí Iarnróid Aontaithe a mheas agus a ghlacadh freisin. Féadfaidh an Comhthionól Ginearálta, go háirithe, a thacaíocht a léiriú do bhunú agus do ghlacadh dlí comhéadain chun iompar lastas iarnróid idirnáisiúnta idir an Eoraip agus an Áise a éascú, ar choinníoll nach mbeidh an dlí comhéadain sin ag teacht salach ar rialacha COTIF. Chuirfí an seasamh sin in iúl don 74ú seisiún de chuid Mheitheal UNECE um Iompar d’Iarnród i mí na Samhna 2021, arb é an buanchomhlacht atá inniúil chun na chéad chéimeanna eile den tionscnamh maidir le Dlí Iarnróid Aontaithe a chinneadh.

(12)

Ag an 15ú seisiún, déanfaidh an Comhthionól Ginearálta cinneadh ar an modhnú ar a rialacha nós imeachta freisin. Déanfar leagan comhdhlúite de na rialacha nós imeachta a ghlacadh agus ba cheart don leagan sin a theacht i bhfeidhm ar an gcéad lá tar éis an tseisiúin.

(13)

Tá na cinntí atá beartaithe i gcomhréir le dlí agus cuspóirí straitéiseacha an Aontais, agus ba cheart don Aontas tacú leo dá réir.

(14)

I gcomhréir le hIarscríbhinn III a ghabhann le Cinneadh 2013/103/AE, cuimsíonn comhordú ar an láthair cruinnithe OTIF a ullmhú. Féadfar mionathruithe ar an seasamh seo ón Aontas a aontú le linn an chomhordaithe ar an láthair gan gá le cinneadh breise ón gComhairle, go háirithe chun go mbeifear in ann freagairt ar thograí agus ar fhorbairtí nár cuireadh san áireamh tráth an Chinnidh seo,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leagtar amach san Iarscríbhinn (2) an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag an 15ú Comhthionól Ginearálta de chuid na hEagraíochta Idir-rialtasaí um Iompar Idirnáisiúnta d’Iarnród (OTIF).

Maidir le mionathruithe ar an seasamh a leagtar amach san Iarscríbhinn, féadfaidh ionadaithe an Aontais iad a chomhaontú ag an gComhthionól Ginearálta gan cinneadh breise ón gComhairle.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá a ghlacfar é.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 28 Meán Fómhair 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

S. KUSTEC


(1)  Cinneadh 2013/103/AE ón gComhairle an 16 Meitheamh 2011 maidir le síniú agus tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus an Eagraíocht Idir-rialtasach um Iompar Idirnáisiúnta d’Iarnród maidir le hAontachas an Aontais Eorpaigh don Choinbhinsiún maidir le hIompar Idirnáisiúnta d’Iarnród (COTIF) an 9 Bealtaine 1980, arna leasú le Prótacal Vilnias an 3 Meitheamh 1999 (IO L 51, 23.2.2013, lch. 1).

(2)  Ní ann do théacs na hIarscríbhinne sa Ghaeilge.