|
1.10.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 348/19 |
CINNEADH (AE) 2021/1740 ÓN gCOMHAIRLE
an 23 Meán Fómhair 2021
maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, laistigh de Chomhchoiste LEE a bhaineann le Prótacal 31 maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse, atá i gceangal le Comhaontú LEE (Clár LIFE), a leasú
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe d’Airteagal 192(1), i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 2894/94 ón gComhairle an 28 Samhain 1994 a bhaineann le socruithe le haghaidh chur chun feidhme an Chomhaontaithe ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (1), agus go háirithe Airteagal 1(3) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Tháinig an Comhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (2) (“Comhaontú LEE”) i bhfeidhm an 1 Eanáir 1994. |
|
(2) |
De bhun Airteagal 98 de Chomhaontú LEE, féadfaidh Comhchoiste LEE a chinneadh Prótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEEmaidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse (“Prótacal 31”), atá i gceangal le Comhaontú LEE, a leasú, inter alia. |
|
(3) |
Tá Rialachán (AE) 2021/783 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(4) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Prótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir. |
|
(5) |
Ba cheart, dá bhrí sin, seasamh an Aontais i gComhchoiste LEE a bheith bunaithe ar an dréachtchinneadh ó Chomhchoiste LEE, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
An seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais laistigh de Chomhchoiste LEE i ndáil leis an leasú atá beartaithe ar Phrótacal 31 maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse, atá i gceangal le Comhaontú LEE, bunófar é ar an dréachtchinneadh ó Chomhchoiste LEE (4).
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 23 Meán Fómhair 2021.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
G. DOVŽAN
(1) IO L 305, 30.11.1994, lch. 6.
(3) Rialachán (AE) 2021/783 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 lena mbunaítear Clár don Chomhshaol agus do Ghníomhú ar son na hAeráide (LIFE), agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1293/2013 (IO L 172, 17.5.2021, lch. 53).
(4) Féach doiciméad ST 11528/21 ar http://register.consilium.europa.eu