|
1.10.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 348/15 |
CINNEADH (AE) 2021/1738 ÓN gCOMHAIRLE
an 23 Meán Fómhair 2021
maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, i gComhchoiste LEE a bhaineann leis an leasú ar Phrótacal 31 maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse, atá i gceangal le Comhaontú LEE (Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 196 agus Airteagal 322(1), pointe (a), i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 2894/94 ón gComhairle an 28 Samhain 1994 a bhaineann le socruithe le haghaidh chur chun feidhme an Chomhaontaithe ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (1), agus go háirithe Airteagal 1(3) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Tháinig an Comhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (2) (“Comhaontú LEE”) i bhfeidhm an 1 Eanáir 1994. |
|
(2) |
De bhun Airteagal 98 de Chomhaontú LEE, féadfaidh Comhchoiste LEE a chinneadh, inter alia, Prótacal 31 maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse (“Prótacal 31”), atá i gceangal le Comhaontú LEE, a leasú. |
|
(3) |
Tá Rialachán (AE) 2021/836 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(4) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Prótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin. |
|
(5) |
Ba cheart, dá bhrí sin, seasamh an Aontais i gComhchoiste LEE a bheith bunaithe ar an dréachtchinneadh ó Chomhchoiste LEE |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais, i gComhchoiste LEE i ndáil leis an leasú atá beartaithe ar Phrótacal 31 maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse, atá i gceangal le Comhaontú LEE, beidh sé bunaithe ar an dréachtchinneadh ó Chomhchoiste LEE (4).
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 23 Meán Fómhair 2021.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
G. DOVŽAN
(1) IO L 305, 30.11.1994, lch. 6.
(3) Rialachán (AE) 2021/836 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 lena leasaítear Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE maidir le Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta (IO L 185, 26.5.2021, lch. 1).
(4) Féach doiciméad ST 11255/21 ar http://register.consilium.europa.eu.