1.9.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 307/20


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1427 ÓN gCOIMISIÚN

an 21 Bealtaine 2021

maidir le tionscadal píolótach chun na forálacha maidir le comhar riaracháin a chur chun feidhme trí bhíthin Chóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh, forálacha a bhaineann le cinntí diúltaithe i leith údaruithe a dheonú agus a leagtar amach i dTreoir (AE) 2021/555 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le comhar riaracháin trí Chóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2008/49/CE ón gCoimisiún (“Rialachán IMI”) (1), agus go háirithe Airteagal 4(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Is éard atá i gCóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh (“IMI”) arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012, feidhmchlár bogearraí a bhfuil fáil air tríd an idirlíon agus a d’fhorbair an Coimisiún i gcomhar leis na Ballstáit, chun cabhrú leis na Ballstáit na ceanglais maidir le malartú faisnéise a leagtar síos i ngníomhartha de chuid an Aontais a chomhlíonadh trí shásra cumarsáide láraithe a sholáthar lena n-éascaítear malartú trasteorann faisnéise agus cúnamh frithpháirteach.

(2)

Faoi Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012, is féidir leis an gCoimisiún tionscadail phíolótacha a dhéanamh chun éifeachtacht IMI a mheas ó thaobh chur chun feidhme na bhforálacha maidir le comhair riaracháin i ngníomhartha de chuid an Aontais nach liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán sin.

(3)

Le Treoir (AE) 2021/555 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), déantar foráil maidir le comhar riaracháin idir na Ballstáit i ndáil le rialuithe i dtaca le fáil agus seilbh arm tine. Le hAirteagal 18 den Treoir sin, tá sé de cheangal ar an gCoimisiún socruithe mionsonraithe a leagan síos maidir leis an malartú córasach faisnéise trí mhodhanna leictreonacha dá dtagraítear san Airteagal sin. Ghlac an Coimisiún Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1423 (3) lena leagtar síos socruithe mionsonraithe maidir leis an malartú córasach faisnéise a luaitear i mír 4 den Airteagal sin a bhaineann le cinntí diúltaithe i leith údaruithe a dheonú. D’fhéadfadh IMI a bheith ina uirlis éifeachtach ó thaobh chur chun feidhme na forála maidir le comhar riaracháin a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin Tharmligthe sin. Dá bhrí sin, ba cheart an fhoráil maidir le comhar riaracháin a bheith faoi réir tionscadal píolótach faoi Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012.

(4)

Ba cheart do IMI an fheidhmiúlacht theicniúil a sholáthar, lena n-áirítear stór a bhunú, chun gur féidir le húdaráis inniúla na mBallstát a n-oibleagáidí a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1423 a chomhlíonadh.

(5)

Ba cheart do IMI comhar riaracháin idir údaráis na mBallstát a éascú, trí chead a thabhairt dóibh stór IMI a chuardach chun seiceáil a dhéanamh an bhfuil cosc ar dhuine ar leith arm tine a fháil nó seilbh a bheith aige air. Chun urraim a thabhairt do chearta cosanta sonraí na ndaoine a ndéantar sonraí a thaifeadadh sa stór i ndáil leo, ba cheart d’údaráis náisiúnta a bheith in ann an fhaisnéis a bhaineann le duine ar leith a chuardach, agus an fhaisnéis sin amháin. Níor cheart dóibh a bheith in ann cuardach a dhéanamh de réir critéir eile, cuir i gcás, cuardach a dhéanamh ar gach diúltú le linn tréimhse áirithe nó i gcás Ballstát áirithe.

(6)

Chun a áirithiú go ndéanfar sonraí pearsanta arna malartú mar chuid den tionscadal píolótach a bhlocáil a luaithe nach mbeidh gá leo a thuilleadh i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012, an dáta a mheasfar nach bhfuil gá leis na sonraí sin a thuilleadh chun críocha an Airteagail sin, ba cheart an dáta sin a dhéanamh soiléir. Ba cheart an dáta sin a beith i gcomhréir leis an dáta a chinntear i gcomhréir le hAirteagal 5 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1423 mar an dáta nach mbeidh rochtain a thuilleadh ar fhaisnéis maidir leis an gcinneadh diúltaithe in IMI. Is iomchuí a shoiléiriú, tráth a dhéanfar na sonraí a bhlocáil, go ndéanfar iad a scriosadh go huathoibríoch in IMI 3 bliana ina dhiaidh sin, gan gá le dúnadh foirmiúil a bheith ann.

(7)

De bhun Airteagal 4(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012, tá an Coimisiún chun meastóireacht ar thoradh an tionscadail phíolótaigh a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Is iomchuí an dáta a shonrú faoinar cheart an mheastóireacht a bheith curtha isteach.

(8)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste arna bhunú le hAirteagal 24 de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

An tionscadal píolótach

Mír 4 d’Airteagal 18 de Threoir (AE) 2021/555, a mhéid a thagann an malartú faisnéise a luaitear sa mhír sin faoi raon feidhme Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1423, beidh sí faoi réir tionscadal píolótach chun an fhoráil maidir le comhar riaracháin arna leagan síos sa mhír sin a chur chun feidhme, trí bhíthin Chóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh (“IMI”), faoi mar a mhionsonraítear a thuilleadh sa Rialachán Tarmligthe sin.

Airteagal 2

Údaráis inniúla

Chun críocha an tionscadail phíolótaigh, measfar gurb údaráis inniúla iad na húdaráis náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 18(3) de Threoir (AE) 2021/555.

Airteagal 3

Comhar riaracháin idir údaráis inniúla

Chun críocha an tionscadail phíolótaigh, cuirfidh IMI an fheidhmiúlacht seo a leanas ar fáil:

(a)

stór le haghaidh faisnéis maidir le cinntí diúltaithe a stóráil agus a chomhroinnt i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1423;

(b)

áis chuardaigh lenar féidir le húdaráis inniúla an stór a chuardach chun a sheiceáil an bhfuil faisnéis ann maidir le cinntí diúltaithe i ndáil le duine ar leith;

(c)

áis lenar féidir iontrálacha a bhaint agus a nuashonrú i gcomhréir le hAirteagal 4 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1423;

(d)

córas lena seoltar meabhrúcháin ríomhphoist chuig na húdaráis inniúla go rialta chun a mheabhrú dóibh iontrálacha áirithe a athbhreithniú i gcomhréir le hAirteagal 4 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1423.

Airteagal 4

Sonraí pearsanta a choinneáil

Chun sonraí pearsanta a bhlocáil de bhun Airteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012, sonraí arna stóráil agus arna gcomhroinnt sa stór mar chuid den tionscadal píolótach, an dáta a bhfuil sé le meas gurb é an dáta nach gá sonraí pearsanta a stóráil ná a chomhroinnt a thuilleadh é, i gcás gach cinneadh diúltaithe, is éard a bheidh sa dáta sin an dáta nach mbeidh rochtain a thuilleadh ar fhaisnéis a bhaineann leis an gcinneadh diúltaithe sin, i gcomhréir le hAirteagal 5 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1423. Déanfar na sonraí blocáilte a scriosadh go huathoibríoch in IMI 3 bliana tar éis an dáta a rinneadh iad a bhlocáil.

Airteagal 5

Faireachán agus tuairisciú

Cuirfidh an Coimisiún staitisticí ar fáil do na Ballstáit maidir leis an méid iontrálacha arna dtaifeadadh sa stór. Ní áireofar faisnéis maidir le cinntí diúltaithe aonair sa tuairisciú sin.

Airteagal 6

Meastóireacht

An mheastóireacht a dhéanfar ar thoradh an tionscadail phíolótaigh de réir mar a cheanglaítear le hAirteagal 4(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012, cuirfear faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle í faoin [… IO: cuir isteach an dáta arb é 3 bliana tar éis theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo].

Airteagal 7

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 21 Bealtaine 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 316, 14.11.2012, lch. 1.

(2)  Treoir (AE) 2021/555 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Márta 2021 maidir le fáil agus seilbh arm a rialú (IO L 115, 6.4.2021, lgh. 1-25).

(3)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1423 ón gCoimisiún an 21 Bealtaine 2021 lena leagtar síos na socruithe mionsonraithe faoi Threoir (AE) 2021/555 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an malartú córasach faisnéise, trí mhodhanna leictreonacha, i dtaca le diúltú údaruithe a dheonú i ndáil le fáil nó seilbh arm tine áirithe (Féach leathanach 3 den Iris Oifigiúil seo).