|
27.8.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 303/8 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1407 ÓN gCOIMISIÚN
an 26 Lúnasa 2021
lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/919 a mhéid a bhaineann le caighdeáin chomhchuibhithe i ndáil le píobáin bhreosla dhódhíonacha, do phíobáin bhreosla neamh-dhódhíonacha, do chomhlaí farraige agus d’fheistis trí chabhail, do chomhpháirteanna breosla, ola agus leictreacha atá feistithe ar inneall, agus do rothaí stiúrtha
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le caighdeánú Eorpach, lena leasaítear Treoracha 89/686/CEE agus 93/15/CEE ón gComhairle agus Treoracha 94/9/CE, 94/25/CE, 95/16/CE, 97/23/CE, 98/34/CE, 2004/22/CE, 2007/23/CE, 2009/23/CE agus 2009/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinneadh 87/95/CEE ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 1673/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 10(6) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
I gcomhréir le hAirteagal 14 de Threoir 2013/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), táirgí atá i gcomhréir le caighdeáin chomhchuibhithe nó le codanna de chaighdeáin chomhchuibhithe, caighdeáin ar foilsíodh na tagairtí dóibh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, glactar leis go bhfuil siad i gcomhréir leis na ceanglais dá gcumhdaítear leis na caighdeáin sin nó na codanna díobh a leagtar amach in Airteagal 4(1) de Threoir 2013/53/AE agus in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin. |
|
(2) |
Le Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2015) 8736 ón gCoimisiún (3), rinne an Coimisiún iarraidh ar an gCoiste Eorpach um Chaighdeánú (CEN) agus ar Choiste Eorpach na gCaighdeán Leictriteicniúil (Cenelec) maidir le caighdeáin chomhchuibhithe a dhréachtú agus a athbhreithniú chun tacú le Treoir 2013/53/AE lena dtugtar aghaidh ar bhunriachtanais níos déine a leagtar amach in Airteagal 4(1) de Threoir 2013/53/AE agus in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin, i gcomparáid le Treoir 94/25/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a aisghaireadh (4). |
|
(3) |
Le Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2015) 8736 iarradh ar an gCoiste Eorpach um Chaighdeánú agus ar Choiste Eorpach na gCaighdeán Leictriteicniúil caighdeáin a athbhreithniú, a bhfoilsíodh tagairtí dóibh le Teachtaireacht 2015/C 087/01 ón gCoimisiún (5). |
|
(4) |
Ar bhonn na hiarrata a leagtar amach i gCinneadh Cur Chun Feidhme C(2015) 8736, rinne an Coiste Eorpach um Chaighdeánú na caighdeáin comhchuibhithe seo a leanas a athbhreithniú, a bhfoilsíodh tagairt dóibh i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/919 ón gCoimisiún (6): EN ISO 7840:2018 maidir le píobáin bhreosla dhódhíonacha, EN ISO 8469:2018 maidir le píobáin bhreosla neamh-dhódhíonacha, caighdeáin chomhchuibhithe EN ISO 9093-1:2018 agus EN ISO 9093-2:2018 maidir le comhlaí farraige agus feistis trí chabhail, agus EN ISO 16147:2017 ar innill díosail istigh, comhpháirteanna breosla, agus leictreacha atá feistithe ar inneall. Is é an toradh a bhí air sin gur glacadh na caighdeáin chomhchuibhithe seo a leanas: EN ISO 7840:2021, EN ISO 8469:2021, EN ISO 9093:2021 agus EN ISO 16147:2021. |
|
(5) |
Ar bhonn na hiarrata a leagtar amach i gCinneadh Cur Chun Feidhme C(2015) 8736, dhréachtaigh an Coiste Eorpach um Chaighdeánú caighdeán comhchuibhithe nua EN ISO 23411:2021 maidir le rothaí stiúrtha freisin. |
|
(6) |
Na caighdeáin a rinne an Coiste Eorpach um Chaighdeánú a dhréachtú nó a athbhreithniú, rinne an Coimisiún measúnú i gcomhar leis an gCoiste Eorpach um Chaighdeánú féachaint an gcomhlíonann siad sin an iarraidh a leagtar amach i gCinneadh Cur Chun Feidhme C(2015) 8736. |
|
(7) |
Leagtar amach sa chaighdeán EN ISO 7840:2021 ceanglais ghinearálta agus tástálacha fisiciúla maidir le píobáin bhreosla dhódhíonacha chun peitreal nó peitreal a chumasctar le heatánól a iompar, agus breosla díosail nó breosla díosail a chumasctar le heistear meitile aigéid shailligh (FAME), píobáin atá deartha le haghaidh bhrú oibre nach mó ná 0,34 MPa i gcás píobáin a bhfuil trastomhas laistigh acu suas go 10 mm agus an méid sin san áireamh, agus 0,25 MPa i gcás píobáin suas go 63 mm de thrastomhas laistigh in árthaí beaga. |
|
(8) |
Leagtar amach sa chaighdeán EN ISO 8469:2021 ceanglais ghinearálta agus tástálacha fisiciúla maidir le píobáin bhreosla neamh-dhódhíonacha chun peitreal nó peitreal a chumasctar le heatánól a iompar, agus breosla díosail nó breosla díosail a chumasctar le FAME, píobáin atá deartha le haghaidh brú oibre nach mó ná 0,34 MPa i gcás píobáin a bhfuil trastomhas laistigh acu suas go 10 mm agus an méid sin san áireamh, agus 0,25 MPa i gcás píobáin suas go 63 mm de thrastomhas laistigh in árthaí beaga suas le 24 m. |
|
(9) |
Leagtar amach sa chaighdeán EN ISO 9093:2021 ceanglais maidir le feistis trí chabhail, comhlaí farraige, cónaisc phíobáin, na feistis a bhaineann leo agus a suiteáil in árthaí beaga suas le 24 m. |
|
(10) |
Leagtar amach sa chaighdeán EN ISO 16147:2021 ceanglais maidir le dearadh agus suiteáil comhpháirteanna breosla, ola agus leictreacha atá feistithe ar inneall díosail istigh chun sceitheadh breosla, riosca turrainge leictrí agus riosca agus/nó leathadh tine ar árthaí beaga suas go 24 m a íoslaghdú. |
|
(11) |
Leagtar amach sa chaighdeán EN ISO 23411:2021 ceanglais maidir le dearadh agus tástáil do rothaí stiúrtha le haghaidh árthaí beaga suas le 24 m. |
|
(12) |
Comhlíonann na caighdeáin EN ISO 7840:2021, EN ISO 8469:2021, EN ISO 9093:2021, EN ISO 16147:2021 agus EN ISO 23411:2021 ceanglais is aidhm dóibh a chumhdach agus a leagtar amach in Airteagal 4(1) de Threoir 2013/53/AE, agus i gCuid A d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin. Dá bhrí sin, is iomchuí na tagairtí do na caighdeáin sin a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. |
|
(13) |
Tá caighdeán EN ISO 7840:2021 le cur in ionad chaighdeán EN ISO 7840:2018. Tá caighdeán EN ISO 8469:2021 le cur in ionad chaighdeán EN ISO 8469:2018. Tá caighdeán EN ISO 9093:2021 le cur in ionad chaighdeáin EN ISO 9093:-1:2018 agus EN ISO 9093-2:2018. Tá caighdeán EN ISO 16147:2021 le cur in ionad chaighdeán EN ISO 16147:2017. Tá caighdeán EN ISO 23411:2021 le cur in ionad chaighdeáin EN ISO 9775:2017 agus EN ISO 15652:2017 arna bhfoilsiú ag Teachtaireacht 2018/C 209/05 ón gCoimisiún (7). |
|
(14) |
Dá bhrí sin, is iomchuí na tagairtí do chaighdeáin EN ISO 7840:2018, EN ISO 8469:2018, EN ISO 9093-1:2018, EN ISO 9093-2:2018, EN ISO 9775:2017, EN ISO 15652:2017 agus EN ISO 16147:2017 a tharraingt siar ó Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (8). |
|
(15) |
Chun a ndóthain ama a thabhairt do mhonaróirí a dtáirgí a chur in oiriúint do na leaganacha athbhreithnithe de chaighdeáin chomhchuibhithe EN ISO 7840:2018, EN ISO 8469:2018, EN ISO 9093-1:2018, EN ISO 9093-2:2018, EN ISO 9775:2017, EN ISO 15652:2017 agus EN ISO 16147:2017, is gá tarraingt siar na dtagairtí do na caighdeáin sin a chur siar. |
|
(16) |
In Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/919, liostaítear sonraí tagartha na gcaighdeán comhchuibhithe arna ndréachtú chun tacú le Treoir 2013/53/AE. Ba cheart na tagairtí do chaighdeáin chomhchuibhithe EN ISO 7840:2021, EN ISO 8469:2021, EN ISO 9093:2021, EN ISO 16147:2021, agus EN ISO 23411:2021 a áireamh san Iarscríbhinn sin. Ba cheart na tagairtí do chaighdeáin chomhchuibhithe EN ISO 7840:2018, EN ISO 8469:2018, EN ISO 9093-1:2018, EN ISO 9093-2:2018 a scriosadh ón Iarscríbhinn sin. |
|
(17) |
In Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/919 liostaítear tagairtí na gcaighdeán comhchuibhithe arna ndréachtú chun tacú le Treoir 2013/53/AE a aistarraingítear ó Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Ba cheart na tagairtí do chaighdeáin chomhchuibhithe EN ISO 9775:2017, EN ISO 15652:2017 agus EN ISO 16147:2017 a áireamh san Iarscríbhinn sin. |
|
(18) |
Ba cheart Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/919 a leasú dá réir sin. |
|
(19) |
Ón dáta a fhoilsítear an tagairt do chaighdeán comhchuibhithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, is rud é comhlíonadh an chaighdeáin sin a fhágann go nglactar leis go bhfuil comhréir ann leis na buncheanglais chomhfhreagracha a leagtar amach i reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais. Ba cheart, dá bhrí sin, don Chinneadh a theacht i bhfeidhm ar lá a fhoilsithe, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/919 mar a leanas:
|
(1) |
Leasaítear Iarscríbhinn I i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an gCinneadh seo; |
|
(2) |
Leasaítear Iarscríbhinn II i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an gCinneadh seo. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm ag pointe (2) d’Iarscríbhinn I ón 27 Feabhra 2023.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 26 Lúnasa 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 316, 14.11.2012, lch. 12.
(2) Treoir 2013/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Samhain 2013 maidir le hárthaí áineasa agus árthaí uisce pearsanta agus lena n-aisghairtear Treoir 94/25/CE (IO L 354, 28.12.2013, lch. 90).
(3) Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2015) 8736 ón gCoimisiún an 15 Nollaig 2015 maidir le hiarraidh ar chaighdeánú ar an gCoiste Eorpach um Chaighdeánú agus ar Choiste Eorpach na gCaighdeán Leictriteicniúil a mhéid a bhaineann le hárthaí áineasa agus árthaí uisce pearsanta chun tacú le Treoir 2013/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Samhain 2013 maidir le hárthaí áineasa agus árthaí uisce pearsanta agus lena n-aisghairtear Treoir 94/25/CE (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).
(4) Treoir 94/25/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meitheamh 1994 maidir le comhfhogasú dhlíthe, rialacháin agus fhorálacha riaracháin na mBallstát a bhaineann le hárthaí áineasa (IO L 164, 30.6.1994, lch. 15).
(5) Teachtaireacht ón gCoimisiún faoi chuimsiú chur chun feidhme Threoir 94/25/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meitheamh 1994 maidir le comhfhogasú dhlíthe, rialacháin agus fhorálacha riaracháin na mBallstát a bhaineann le hárthaí áineasa (Foilsiú teideal caighdeán comhchuibhithe agus tagairtí do chaighdeáin chomhchuibhithe faoi reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais) (IO C 87, 13.3.2015, lch. 1).
(6) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/919 ón gCoimisiún an 4 Meitheamh 2019 maidir le caighdeáin chomhchuibhithe d’árthaí áineasa agus árthaí uisce pearsanta arna ndréachtú chun tacú le Treoir 2013/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 146, 5.6.2019, lch. 106).
(7) Teachtaireacht ón gCoimisiún faoi chuimsiú chur chun feidhme Threoir 2013/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Samhain 2013 maidir le hárthaí áineasa agus árthaí uisce pearsanta agus lena n-aisghairtear Treoir 94/25/CE (Foilsiú teideal caighdeán comhchuibhithe agus tagairtí do chaighdeáin chomhchuibhithe faoi reachtaíocht comhchuibhithe an Aontais) (IO C 209, 15.6.2018, lch. 137).
IARSCRÍBHINN I
Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/919 mar a leanas:
|
(1) |
cuirtear isteach na hiontrálacha seo a leanas:
|
|
(2) |
scriostar na hiontrálacha Uimh. 5, 6, 9 agus 10. |
IARSCRÍBHINN II
In Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/919, cuirtear isteach na hiontrálacha seo a leanas:
|
Uimh. |
An tagairt don chaighdeán |
Dáta an tarraingt siar |
|
“33 |
EN ISO 9775:2017 Árthach beag - Córais chianda stiúrtha do mhótair transaim aonair de chumhacht 15 kW go 40 kW (ISO 9775:1990) |
27 Feabhra 2023 |
|
34 |
EN ISO 15652:2017 Árthach beag - Córais chianda stiúrtha le haghaidh mionbhád scairde istigh (ISO 15652:2003) |
27 Feabhra 2023 |
|
35 |
EN ISO 16147:2017 Árthach beag - Innill díosail istigh - Comhpháirteanna breosla, agus leictreacha atá feistithe ar inneall (ISO 16147:2002, A1:2013) |
27 Feabhra 2023” |