26.8.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 302/11


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1402 ÓN gCOIMISIÚN

an 25 Lúnasa 2021

maidir le caighdeáin chomhchuibhithe i ndáil le méadair gháis agus uirlisí tomhais eile a dréachtaíodh chun tacú le Treoir 2014/32/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le Caighdeánú Eorpach, lena leasaítear Treoir 89/686/CEE agus Treoir 93/15/CEE ón gComhairle agus Treoracha 94/9/CE, 94/25/CE, 95/16/CE, 97/23/CE, 98/34/CE, 2004/22/CE, 2007/23/CE, 2009/23/CE agus 2009/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinneadh 87/95/CEE ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 1673/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 10(6) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le hAirteagal 14 de Threoir 2014/32/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), uirlisí tomhais atá i gcomhréir le caighdeáin chomhchuibhithe nó le codanna díobh, caighdeáin ar foilsíodh na tagairtí dóibh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, glactar leis go bhfuil siad i gcomhréir leis na buncheanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn I agus sna hIarscríbhinní uirlis-shonracha ábhartha, ceanglais a chumhdaítear faoi na caighdeáin chomhchuibhithe sin nó faoi na codanna sin díobh.

(2)

Le Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2015) 8558 (3) ón gCoimisiún an 15 Nollaig 2015, rinne an Coimisiún iarraidh ar an gCoiste Eorpach um Chaighdeánú (CEN), ar Choiste Eorpach na gCaighdeán Leictriteicniúil (Cenelec), agus ar Institiúid Eorpach na gCaighdeán Teileachumarsáide (ETSI) caighdeáin chomhchuibhithe a dhréachtú chun tacú le Treoir 2014/32/AE i ndáil le huirlisí áirithe tomhais, sin agus athbhreithniú a dhéanamh ar na caighdeáin sin, agus iad a thabhairt i gcrích.

(3)

Ar bhonn na hiarrata a leagtar amach i gCinneadh Cur Chun Feidhme C(2015) 8558, rinne CEN agus Cenelec athbhreithniú ar chaighdeáin chomhchuibhithe EN 1359, EN 12261, EN 12405-1 agus EN 14236. Is é an toradh a bhí air sin gur glacadh na caighdeáin chomhchuibhithe seo a leanas faoi seach – EN 1359:2017 maidir le méadair gháis scannáin; EN 12261:2018 maidir le méadair gháis tuirbín; EN 12405-1:2018 maidir le gairis tiontaithe toirte gáis; agus EN 14236:2018 maidir le méadair ultrasonacha gáis tí.

(4)

Caighdeáin EN 1359:2017, EN 12261:2018, EN 12405-1:2018, agus EN 14236:2018, rinne an Coimisiún measúnú i gcomhar le CEN agus Cenelec féachaint an gcomhlíonann na caighdeáin sin an iarraidh a leagtar amach i gCinneadh Cur Chun Feidhme C(2015) 8558.

(5)

Caighdeáin EN 1359:2017, EN 12261:2018, EN 12405-1:2018, agus EN 14236:2018, is caighdeáin iad a chomhlíonann na ceanglais is aidhm dóibh a chumhdach, ceanglais a leagtar amach i dTreoir 2014/32/AE. Dá bhrí sin, is iomchuí na tagairtí do na caighdeáin sin a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(6)

Mar sin féin, na caighdeáin idirnáisiúnta agus Eorpacha dá dtagraítear i gclásal 2 “Tagairtí normatacha” de chaighdeáin EN 1359:2017, EN 12261:2018, EN 12405-1:2018, agus EN 14236:2018, is gá a shoiléiriú cé na leaganacha díobh atá le cur i bhfeidhm chun glacadh leis go bhfuil comhréireacht ann.

(7)

An obair a rinne CEN agus Cenelec ar bhonn na hiarrata ón gCoimisiún, is é an toradh a bhí uirthi go ndearnadh athbhreithniú ar na caighdeáin chomhchuibhithe seo a leanas, caighdeáin a foilsíodh i sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (4): EN 1359:1998/A1:2006; EN 12261:2002/A1:2006; EN 12405-1:2005+A2:2010; agus EN 14236:2007. Dá bhrí sin, is gá na tagairtí do na caighdeáin sin a tharraingt siar as Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Tarraingt siar na dtagairtí do na caighdeáin chomhchuibhithe sin, is gá í a chur siar ionas go mbeidh a ndóthain ama ag monaróirí ullmhú do na caighdeáin athbhreithnithe nó leasuithe ar chaighdeáin a chur i bhfeidhm.

(8)

Caighdeáin chomhchuibhithe EN 14154-1:2005+A2:2011, EN 14154-2:2005+A2:2011, agus EN 14154-3:2005+A2:2011 maidir le méadair uisce, is caighdeáin iad a rinne CEN agus Cenelec a tharraingt siar. Ní den úrscothacht na caighdeáin sin a thuilleadh, ba cheart a mheas go bhfuil siad as feidhm. Dá bhrí sin is gá na tagairtí do na caighdeáin sin a tharraingt siar as Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (5). Ionas go mbeidh an t-am is gá ag monaróirí chun iad féin a oiriúnú, is gá tarraingt siar na dtagairtí do na caighdeáin sin a chur siar 6 mhí.

(9)

Ar mhaithe leis an tsoiléireacht agus an deimhneacht dhlíthiúil, na caighdeáin chomhchuibhithe a dréachtaíodh chun tacú le Treoir 2014/32/AE, caighdeáin a chomhlíonann na buncheanglais is aidhm dóibh a chumhdach, ba cheart liosta iomlán de na tagairtí do na caighdeáin sin a fhoilsiú in aon ghníomh amháin. Dá bhrí sin, na tagairtí eile do chaighdeáin a foilsíodh ar dtús i dTeachtaireacht 2012/C 218/08 (6) ón gCoimisiún, ba cheart na tagairtí sin a chuimsiú sa Chinneadh seo freisin, is é sin trína mbailíocht a dheimhniú nó trí dháta a leagan síos ar a ndéanfar iad a tharraingt siar as Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Dá bhrí sin ba cheart an Teachtaireacht sin a aisghairm ó dháta theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo. Mar sin féin, na tagairtí do na caighdeáin a ndéantar iad a tharraingt siar leis an gCinneadh seo, ba cheart feidhm a bheith ag an Teachtaireacht chéanna go fóill i ndáil leis na tagairtí sin, ós rud é gur gá tarraingt siar na dtagairtí sin a chur siar.

(10)

Ón dáta a fhoilsítear an tagairt do chaighdeán comhchuibhithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, is rud é comhlíonadh an chaighdeáin sin a fhágann go nglactar go bhfuil comhréir ann leis na buncheanglais chomhfhreagracha a leagtar amach i reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais. Dá bhrí sin, ba cheart an Cinneadh seo a theacht i bhfeidhm lá a fhoilsithe,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Na tagairtí do na caighdeáin chomhchuibhithe maidir le huirlisí tomhais, caighdeáin a dréachtaíodh chun tacú le Treoir 2014/32/AE agus a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gCinneadh seo, déantar leis seo iad a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 2

Aisghairtear Teachtaireacht 2012/C 218/08 ón gCoimisiún. Beidh feidhm aici go fóill i ndáil leis na tagairtí do na caighdeáin a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gCinneadh seo go dtí na dátaí a leagtar amach san Iarscríbhinn sin.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 25 Lúnasa 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 316, 14.11.2012, lch. 12.

(2)  Treoir 2014/32/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le huirlisí tomhais a chur ar fáil ar an margadh (IO L 96, 29.3.2014, lch. 149).

(3)  Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2015) 8558 final ón gCoimisiún an 15 Nollaig 2015 maidir le hiarraidh um chaighdeánú ar an gCoiste Eorpach um Chaighdeánú, ar Choiste Eorpach na gCaighdeán Leictriteicniúil agus ar Institiúid Eorpach na gCaighdeán Teileachumarsáide de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i ndáil le huirlisí áirithe tomhais.

(4)  Teachtaireacht ón gCoimisiún faoi chuimsiú chur chun feidhme Threoir 2004/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le huirlisí tomhais (IO C 218, 24.7.2012, lch. 7).

(5)   IO C 218, 24.7.2012, lch. 7.

(6)   IO C 218, 24.7.2012, lch. 7.


IARSCRÍBHINN I

Uimh.

An tagairt don chaighdeán

1.

EN 1359:2017

Méadair gháis - Méadair gháis scannáin

Srianta:

(a)

chun críocha an chlásail “dhá Thagairt normatacha”, tá feidhm ag na leaganacha seo a leanas de chaighdeáin:

(i)

EN ISO 4892-3:2016;

(ii)

ISO 7724-3:1984

2.

EN 12261:2018

Méadair gháis - Méadair gháis tuirbín

Srianta: chun críocha an chlásail “dhá Thagairt normatacha”, tá feidhm ag na leaganacha seo a leanas de chaighdeáin:

(i)

EN 10204:2004

(ii)

EN 60079-0:2018 arna cheartú le EN 60079-0:2018/AC:2020-02

(iii)

EN 60079-11:2012

(iv)

EN 60529:1991 arna leasú agus arna cheartú le EN 60529:1991/A2:2013/AC:2019-02

(v)

EN 60947-5-6:2000

(vi)

EN 62246-1:2015

3.

EN 12405-1:2018

Méadair ghais - Gairis tiontaithe - Cuid 1: Tiontú toirte

Srianta: chun críocha an chlásail “dhá Thagairt normatacha”, tá feidhm ag na leaganacha seo a leanas de chaighdeáin:

(i)

EN 437:2021

(ii)

EN 1776:2015

(iii)

EN 55011:2016 arna leasú le EN 55011:2016/A2:2021

(iv)

EN 60068-2-1:2007

(v)

EN 60068-2-2:2007

(vi)

EN 60068-2-30:2005

(vii)

EN 60068-2-31:2008

(viii)

EN 60068-2-64:2008 arna leasú le EN 60068-2-64:2008/A1:2019

(ix)

EN 60068-2-78:2013

(x)

EN 60068-3-1:2011

(xi)

EN 60079-0:2018/AC:2020-02

(xii)

EN 60079-1:2014/AC:2018-09

(xiii)

EN 60079-2:2014/AC:2015

(xiv)

EN 60079-5:2015

(xv)

EN 60079-6:2015

(xvi)

EN 60079-7:2015/A1:2018

(xvii)

EN 60079-11:2012

(xviii)

EN 60079-25:2010/AC:2013

(xix)

EN 60529:1991/A2:2013/AC:2019-02

(xx)

EN 60751:2008

(xxi)

EN 60950-1:2006/A2:2013

(xxii)

EN 61000-4-2:2009

(xxiii)

EN 61000-4-3:2006/A2:2010

(xxiv)

EN 61000-4-4:2012

(xxv)

EN 61000-4-5:2014/A1:2017

(xxvi)

EN 61000-4-6:2014/AC:2015

(xxvii)

EN 61000-4-8:2010

(xxviii)

EN 61000-4-11:2020/AC:2020-06

(xxix)

EN 61000-4-29:2000

4.

EN 14236:2018

Méadair ultrasonacha gáis tí

Srianta:

(a)

chun críocha an chlásail “dhá Thagairt normatacha”, tá feidhm ag na leaganacha seo a leanas de chaighdeáin:

(i)

EN 55032:2015/A11:2020

(ii)

EN 60068-2-5:2018

(iii)

EN 60068-2-30:2005

(iv)

EN IEC 60079-0:2018/AC:2020-02

(v)

EN 60079-10-1:2021

(vi)

EN 60079-10-2:2015

(vii)

EN 60079-11:2012

(viii)

EN IEC 60079-15:2019

(ix)

EN IEC 60086-1:2021

(x)

EN IEC 60086-4:2019/AC:2020-05

(xi)

EN 60529:1991/A2:2013/AC:2019-02

(xii)

EN 60695-11-5:2017

(xiii)

EN 60695-11-10:2013/AC:2014

(xiv)

EN 61000-4-2:2009

(xv)

EN IEC 61000-4-3:2020

(xvi)

EN 61000-4-8:2010

(xvii)

EN 61000-4-9:2016

(xviii)

EN IEC 61000-6-1:2019

(xix)

EN IEC 61000-6-2:2019

(xx)

EN ISO 1518-1:2019

(xxi)

EN ISO 1518-2:2019

(xxii)

EN ISO 2409:2020

(xxiii)

EN ISO 4892-3:2016

(xxiv)

EN ISO 6270-1:2018

(xxv)

EN ISO 6272-1:2011

(xxvi)

EN ISO 9227:2017

(xxvii)

ISO 834-1:1999/AMD 1:2012

(xxviii)

ISO 7724-3:1984

5.

EN 62058-11:2010

Trealamh méadraithe leictreachais (a.c.) - Iniúchadh inghlacthachta - Cuid 11: Modhanna ginearálta iniúchta inghlacthachta

6.

EN 62058-21:2010

Trealamh méadraithe leictreachais (a.c.) - Iniúchadh inghlacthachta - Cuid 21: Ceanglais áirithe maidir le méadair leictrimeicniúla le haghaidh fuinneamh gníomhach (aicmí 0,5, 1 agus 2 agus innéacsanna aicme A agus B)

7.

EN 62058-31:2010

Trealamh méadraithe leictreachais (a.c.) - Iniúchadh inghlacthachta - Cuid 31: Ceanglais áirithe maidir le méadair statacha le haghaidh fuinneamh gníomhach (aicmí 0,2 S, 0,5 S, 1 agus 2, agus innéacsanna aicme A, B agus C)

8.

EN 62059-32-1:2012

Trealamh méadraithe leictreachais - Iontaofacht - Cuid 32-1: Marthanacht - Cobhsaíocht saintréithe méadreolaíocha a thástáil trí theocht ardaithe a chur i bhfeidhm


IARSCRÍBHINN II

Uimh.

An tagairt don chaighdeán

Dáta an tarraingt siar

1.

EN 1359:1998

Méadair gháis - Méadair gháis scannáin

EN 1359:1998/A1:2006

26 Feabhra 2023

2.

EN 1434-1:2007

Méadair theasa - Cuid 1: Ceanglais ghinearálta

26 Feabhra 2023

3.

EN 1434-2:2007

Méadair theasa - Cuid 2: Ceanglais tógála

EN 1434-2:2007/AC:2007

26 Feabhra 2023

4.

EN 1434-4:2007

Méadair theasa - Cuid 4: Tástálacha formheasta múnlaí

EN 1434-4:2007/AC:2007

26 Feabhra 2023

5.

EN 1434-5:2007

Méadair theasa - Cuid 5: Tástálacha fíorúcháin thosaigh

26 Feabhra 2023

6.

EN 12261:2002

Méadair gháis - Méadair gháis tuirbín

EN 12261:2002/AC:2003

EN 12261:2002/A1:2006

26 Feabhra 2023

7.

EN 12405-1:2005+A2:2010

Méadair gháis - Gairis tiontaithe - Cuid 1: Tiontú toirte

26 Feabhra 2023

8.

EN 12480:2002

Méadair gháis - Méadair gháis díláithriúcháin rothlacha

EN 12480:2002/A1:2006

26 Feabhra 2023

9.

EN 14154-1:2005+A2:2011

Méadair uisce - Cuid 1: Ceanglais ghinearálta

26 Feabhra 2022

10.

EN 14154-2:2005+A2:2011

Méadair uisce - Cuid 2: Suiteáil agus coinníollacha úsáide

26 Feabhra 2022

11.

EN 14154-3:2005+A2:2011

Méadair uisce - Cuid 3: Modhanna agus trealamh tástála

26 Feabhra 2022

12.

EN 14236:2007

Méadair ultrasonacha gáis tí

26 Feabhra 2023

13.

EN 50470-1:2006

Trealamh méadraithe leictreachais (a.c.) - Cuid 1: Ceanglais ghinearálta, tástálacha agus dálaí tástála - Trealamh méadraithe (innéacsanna aicme A, B agus C)

26 Feabhra 2023

14.

EN 50470-2:2006

Trealamh méadraithe leictreachais (a.c.) - Cuid 2: Ceanglais áirithe - Méadair leictrimeicniúla le haghaidh fuinneamh gníomhach (innéacsanna aicme A agus B)

26 Feabhra 2023

15.

EN 50470-3:2006

Trealamh méadraithe leictreachais (a.c.) - Cuid 3: Ceanglais áirithe - Méadair statacha le haghaidh fuinneamh gníomhach (innéacsanna aicme A agus B)

26 Feabhra 2023