5.8.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 282/34


CINNEADH (AE) 2021/1298 ÓN gCOMHAIRLE

an 30 Iúil 2021

lena gceaptar comhalta malartach, arna mholadh ag Ríocht na Spáinne, de Choiste na Réigiún

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 305 de,

Ag féachaint do Chinneadh (AE) 2019/852 ón gComhairle an 21 Bealtaine 2019 lena gcinntear comhdhéanamh Choiste na Réigiún (1),

Ag féachaint don togra ó Rialtas na Spáinne,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

De bhun Airteagal 300(3) den Chonradh, tá Coiste na Réigiún le bheith comhdhéanta d’ionadaithe do chomhlachtaí réigiúnacha agus áitiúla a bhfuil sainordú toghchánach in údarás réigiúnach nó áitiúil acu nó atá freagrach go polaitiúil do thionól tofa.

(2)

An 20 Eanáir 2020, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2020/102 (2), lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025.

(3)

Tá suíochán comhalta mhalartaigh ar Choiste na Réigiún tagtha chun bheith folamh ar dhul in éag don sainordú náisiúnta ar dá bhun a rinneadh an togra i dtaobh Juan José MARTÍNEZ LOZANO.

(4)

Mhol rialtas na Spáinne Adrián Ariel ZITTELLI FERRARI, ar ionadaí de chomhlacht réigiúnach é atá freagrach go polaitiúil do thionól tofa, Director General de Unión Europea de la Región de Murcia - Asamblea Regional de Murcia (Ard-Stiúrthóir um Ghnóthaí an Aontais Eorpaigh do Réigiún Murcia - Tionól Réigiúnach Murcia), mar chomhalta malartach de Choiste na Réigiún ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, a leanfaidh go dtí an 25 Eanáir 2025,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, ceaptar Adrián Ariel ZITTELLI FERRARI, ionadaí de chomhlacht réigiúnach atá freagrach go polaitiúil do thionól tofa, Director General de Unión Europea de la Región de Murcia - Asamblea Regional de Murcia - (Ard-Stiúrthóir um Ghnóthaí an Aontais Eorpaigh do Réigiún Murcia - Tionól Réigiúnach Murcia), mar chomhalta malartach de Choiste na Réigiún ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, a leanfaidh go dtí an 25 Eanáir 2025.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 30 Iúil 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

G. DOVŽAN


(1)   IO L 139, 27.5.2019, lch. 13.

(2)  Cinneadh (AE) 2020/102 ón gComhairle an 20 Eanáir 2020 lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025 (IO L 20, 24.1.2020, lch. 2).