3.8.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 279/43


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1288 ÓN gCOIMISIÚN

an 2 Lúnasa 2021

lena gcuirtear ar atráth dáta éaga an fhormheasa maidir le haigéad bórach a úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 8

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid (1), agus go háirithe Airteagal 14(5) de,

Tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBuanchoiste um Tháirgí Bithicídeacha,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Áiríodh an tsubstaint ghníomhach aigéad bórach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 98/8/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 8, agus de bhun Airteagal 86 de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 meastar, dá bhrí sin, í a bheith formheasta faoin Rialachán sin, faoi réir na sonraíochtaí agus na gcoinníollacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin.

(2)

An formheas maidir le haigéad bórach a úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 8, rachaidh sé in éag an 31 Lúnasa 2021. An 28 Feabhra 2020, cuireadh iarratas isteach i gcomhréir le hAirteagal 13(1) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ar fhormheas aigéid bhóraigh a athnuachan.

(3)

Ós rud é go bhfuil aigéad bórach aicmithe mar shubstaint thocsaineach i leith atáirgeadh de chatagóir 1B i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), comhlíonann sé na critéir eisiaimh a leagtar amach in Airteagal 5(1), pointe (c), de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012.

(4)

An 2 Iúil 2020, chuir údarás inniúil meastóireachta na hÍsiltíre an Coimisiún ar an eolas gur chinn sé, de bhun Airteagal 14(1) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, gur ghá meastóireacht iomlán a dhéanamh ar an iarratas. De bhun Airteagal 8(1) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, déanfaidh an t-údarás inniúil meastóireachta meastóireacht iomlán ar an iarratas laistigh de 365 lá tar éis a bhailíochtaithe.

(5)

Féadfaidh an t-údarás inniúil meastóireachta, de réir mar is iomchuí, iarraidh ar an iarratasóir sonraí leordhóthanacha a sholáthar chun an mheastóireacht a dhéanamh, i gcomhréir le hAirteagal 8(2) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012. Sa chás sin, cuirfear an tréimhse 365 lá ar fionraí ar feadh tréimhse nach faide ná 180 lá ar an iomlán ach amháin má tá call le fionraí níos faide mar gheall ar chineál na sonraí a iarrtar nó mar gheall ar imthosca eisceachtúla.

(6)

Laistigh de 270 lá tar éis di moladh a fháil ón údarás inniúil meastóireachta, déanfaidh an Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (“an Ghníomhaireacht”) tuairim maidir le hathnuachan fhormheas na substainte gníomhaí a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhréir le hAirteagal 14(3) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012.

(7)

Dá bhrí sin, ar chúiseanna nach bhfuil neart ag an iarratasóir orthu, is dóigh gur in éag a rachaidh an formheas maidir le haigéad bórach a úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 8 sula nglacfar cinneadh maidir lena athnuachan. Dá bhrí sin is iomchuí dáta éaga an fhormheasa maidir le haigéad bórach a úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 8 a chur ar atráth go ceann tréimhse leordhóthanach chun gur féidir scrúdú a dhéanamh ar an iarratas. I bhfianaise na dteorainneacha ama le haghaidh na meastóireachta ag an údarás inniúil meastóireachta, le haghaidh ullmhú agus chur isteach na tuairime ag an nGníomhaireacht, agus i bhfianaise na tréimhse ama is gá chun a chinneadh ar comhlíonadh ceann amháin ar a laghad de na coinníollacha in Airteagal 5(2), an chéad fhomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 agus an bhféadfar formheas aigéid bhóraigh a athnuachan dá bhrí sin, is iomchuí dáta éaga an fhormheasa a chur ar atráth go dtí an 28 Feabhra 2024.

(8)

Seachas dáta éaga an fhormheasa, leanfaidh aigéad bórach de bheith formheasta lena úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 8 faoi réir na sonraíochtaí agus na gcoinníollacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 98/8/CE,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

I dtaca le dáta éaga an fhormheasa maidir le haigéad bórach a úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 8, cuirtear ar atráth é go dtí an 28 Feabhra 2024.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 2 Lúnasa 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 167, 27.6.2012, lch. 1.

(2)  Treoir 98/8/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 1998 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar an margadh (IO L 123, 24.4.1998, lch. 1).

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Treoir 67/548/CEE agus Treoir 1999/45/CE, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 (IO L 353, 31.12.2008, lch. 1).