30.7.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 272/71 |
CINNEADH (CBES) 2021/1251 ÓN gCOMHAIRLE
an 29 Iúil 2021
lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2015/1333 a mhéid a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 31 Iúil 2015, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2015/1333 (1). |
(2) |
De bhun Airteagal 17(2) de Chinneadh (CBES) 2015/1333, tá athbhreithniú déanta ag an gComhairle ar liostaí na ndaoine agus na n-eintiteas ainmnithe a leagtar amach in Iarscríbhinn II agus Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an gCinneadh sin. |
(3) |
Is é tátal na Comhairle gur cheart an iontráil maidir le duine amháin, atá básaithe, agus maidir le duine eile, a raibh bearta sriantacha infheidhme ina leith go dtí an 2 Aibreán 2021, a scriosadh agus gur cheart na bearta sriantacha i gcoinne gach duine agus gach eintitis eile atá ar na liostaí a leagtar amach in Iarscríbhinn II agus Iarscríbhinn IV a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2015/1333 a choinneáil ar bun. Ina theannta sin, ba cheart an fhaisnéis chéannachta a bhaineann le duine amháin a uasdátú. |
(4) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh (CBES) 2015/1333 a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Cinneadh (CBES) 2015/1333 mar a leanas:
(1) |
in Airteagal 17, scriostar míreanna 3 agus 4; |
(2) |
leasaítear Iarscríbhinn II agus Iarscríbhinn IV i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 29 Iúil 2021.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
G. DOVŽAN
(1) Cinneadh (CBES) 2015/1333 ón gComhairle an 31 Iúil 2015 a mhéid a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia, agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2011/137/CBES (IO L 206, 1.8.2015, lch. 34).
IARSCRÍBHINN
Leasaítear Cinneadh (CBES) 2015/1333 mar a leanas:
(1) |
in Iarscríbhinn II (Liosta na ndaoine agus na n-eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 8(2)), leasaítear Cuid A (Daoine) mar a leanas:
|
(2) |
in Iarscríbhinn IV, (Liosta na ndaoine agus na n-eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 9(2)), leasaítear Cuid A (Daoine) mar a leanas:
|