|
21.7.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 259/8 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1201 ÓN gCOIMISIÚN
an 16 Iúil 2021
lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/668 a mhéid a bhaineann le caighdeáin chomhchuibhithe maidir le cosaintí éisteachta
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le caighdeánú Eorpach, lena leasaítear Treoracha 89/686/CEE agus 93/15/CEE ón gComhairle agus Treoracha 94/9/CE, 94/25/CE, 95/16/CE, 97/23/CE, 98/34/CE, 2004/22/CE, 2007/23/CE, 2009/23/CE agus 2009/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinneadh 87/95/CEE ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 1673/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 10(6) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
I gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) 2016/425 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), trealamh cosanta pearsanta atá i gcomhréir leis na caighdeáin chomhchuibhithe ar foilsíodh na tagairtí dóibh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó le codanna de na caighdeáin sin, glactar leis go bhfuil sé i gcomhréir leis na buncheanglais sláinte agus sábháilteachta a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán sin, ceanglais a chumhdaítear leis na caighdeáin sin nó na codanna sin díobh. |
|
(2) |
Le litir M/031 dar teideal “Sainordú caighdeánaithe do CEN/Cenelec maidir le caighdeáin i ndáil le trealamh cosanta pearsanta”, rinne an Coimisiún iarraidh ar an gCoiste Eorpach um Chaighdeánú (CEN) agus ar Choiste Eorpach na gCaighdeán Leictriteicniúil (Cenelec) caighdeáin chomhchuibhithe a fhorbairt agus a tharraingt suas chun tacú le Treoir 89/686/CEE ón gComhairle (3). |
|
(3) |
Ar bhonn iarraidh M/031 um chaighdeánú, dhréachtaigh CEN roinnt caighdeán nua agus rinne sé athbhreithniú ar roinnt caighdeán comhchuibhithe a bhí ann cheana. |
|
(4) |
An 19 Samhain 2020, chuaigh iarraidh M/031 um chaighdeánú in éag agus cuireadh iarraidh nua um chaighdeánú ina hionad faoi mar a leagtar amach i gCinneadh Cur Chun Feidhme C(2020) 7924 ón gCoimisiún (4). |
|
(5) |
Ós faoi scáth Rialachán (AE) 2016/425 feasta atá na buncheanglais sláinte agus sábháilteachta is infheidhme maidir le trealamh cosanta pearsanta, buncheanglais a leagtar síos le Treoir 89/686/CEE, dréacht-chaighdeáin chomhchuibhithe a forbraíodh faoi iarraidh M/031 um chaighdeánú, cumhdaítear iad faoin iarraidh um chaighdeánú a leagtar amach i gCinneadh Cur Chun Feidhme C(2020) 7924. Dá bhrí sin, ba cheart na tagairtí do na caighdeáin sin a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Dá bhrí sin fós, na caighdeáin sin a rinne CEN agus Cenelec a fhorbairt agus a fhoilsiú le linn na hidirthréimhse idir iarraidh M/031 um chaighdeánú agus an iarraidh um chaighdeánú a leagtar amach i gCinneadh Cur Chun Feidhme C(2020) 7924, is féidir glacadh leis go heisceachtúil nach bhfuil tagairt shainráite iontu don iarraidh um chaighdeánú a leagtar amach i gCinneadh Cur Chun Feidhme C(2020) 7924. |
|
(6) |
Ar bhonn iarraidh M/031 um chaighdeánú agus ar bhonn na hiarrata um chaighdeánú a leagtar amach i gCinneadh Cur Chun Feidhme C(2020) 7924, dhréachtaigh CEN agus Cenelec na caighdeáin chomhchuibhithe seo a leanas: EN 352-9:2020 maidir le ceanglais sábháilteachta i ndáil le plugaí cluaise maille le hionchur fuaime a bhaineann leis an tsábháilteacht, agus EN 352-10:2020 maidir le ceanglais sábháilteachta i ndáil le plugaí cluaise ina seinntear fuaimeanna chun siamsaíochta, dhá chaighdeán a thacaíonn le Rialachán (AE) 2016/425. |
|
(7) |
Ar bhonn iarraidh M/031 um chaighdeánú agus ar bhonn na hiarrata um chaighdeánú a leagtar amach i gCinneadh Cur Chun Feidhme C(2020) 7924, rinne CEN athbhreithniú ar na caighdeáin chomhchuibhithe seo a leanas, caighdeáin ar foilsíodh na tagairtí dóibh i sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (5): EN 352-1:2002; EN 352-2:2002; EN 352-3:2002; EN 352-4:2001 a leasaíodh le EN 352-4:2001/A1:2005; EN 352-5:2002 a leasaíodh le EN 352-5:2002/A1:2005; EN 352-6:2002; EN 352-7:2002; EN 352-8:2008. Is é toradh a bhí ar an athbhreithniú sin gur glacadh caighdeáin chomhchuibhithe EN 352-1:2020 maidir le ceanglais ghinearálta i ndáil le cosaintí cluas, EN 352-2:2020 maidir le ceanglais ghinearálta i ndáil le plugaí cluaise, EN 352-3:2020 maidir le ceanglais ghinearálta i ndáil le cosaintí cluas agus iad ceangailte d’fheistí cosanta cloiginn agus/nó d’fheistí cosanta aghaidhe, EN 352-4:2020 maidir le ceanglais sábháilteachta i ndáil le cosaintí cluas a fheidhmíonn de réir leibhéal na fuaime, EN 352-5:2020 maidir le ceanglais sábháilteachta i ndáil le cosaintí cluas um laghdú gníomhach torainn, EN 352-6:2020 maidir le ceanglais sábháilteachta i ndáil le cosaintí cluas maille le hionchur fuaime a bhaineann leis an tsábháilteacht, EN 352-7:2020 maidir le ceanglais sábháilteachta i ndáil le plugaí cluaise a fheidhmíonn de réir leibhéal na fuaime, agus EN 352-8:2020 maidir le ceanglais sábháilteachta i ndáil le cosaintí cluas ina seinntear fuaimeanna chun siamsaíochta. |
|
(8) |
Na caighdeáin chomhchuibhithe a rinne CEN agus Cenelec a dhréachtú agus a athbhreithniú, rinne an Coimisiún measúnú i gcomhar le CEN agus Cenelec féachaint an gcomhlíonann na caighdeáin sin an iarraidh um chaighdeánú a leagtar amach i gCinneadh Cur Chun Feidhme C(2020) 7924 nó nach gcomhlíonann. |
|
(9) |
Caighdeáin chomhchuibhithe EN 352-4:2020, EN 352-5:2020, EN 352-6:2020, EN 352-7:2020, EN 352-8:2020, EN 352-9:2020 agus EN 352-10:2020, is caighdeáin iad a chomhlíonann na ceanglais is aidhm dóibh a chumhdach, ceanglais a leagtar amach i Rialachán (AE) 2016/425. Dá bhrí sin, is iomchuí na tagairtí do na caighdeáin chomhchuibhithe sin a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. |
|
(10) |
Caighdeáin chomhchuibhithe EN 352-1:2020, EN 352-2:2020 agus EN 352-3:2020, ní caighdeáin iad lena gceanglaítear go mbeadh lipéadú ar na táirgí a chuirfeadh in iúl cén leibhéal maolaithe torainn is acmhainn dóibh. Dá bhrí sin, ba cheart na caighdeáin chomhchuibhithe sin a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh maille le srian. |
|
(11) |
Na tagairtí do chaighdeáin chomhchuibhithe EN 352-1:2002, EN 352-2:2002, EN 352-3:2002, EN 352-4:2001 a leasaíodh le EN 352-4:2001/A1:2005, EN 352-5:2002 a leasaíodh le EN 352-5:2002/A1:2005, EN 352-6:2002, EN 352-7:2002 agus EN 352-8:2008, is tagairtí iad is gá a tharraingt siar ó shraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, ós rud é go ndearnadh athbhreithniú ar na caighdeáin sin. |
|
(12) |
Is in Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/668 ón gCoimisiún (6) a liostaítear na tagairtí do na caighdeáin chomhchuibhithe a dréachtaíodh chun tacú le Rialachán (AE) 2016/425, agus is in Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/668 a liostaítear na tagairtí don chuid sin de na caighdeáin chomhchuibhithe a dréachtaíodh chun tacú le Rialachán (AE) 2016/425 arb é a dtarraingt siar ó Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh atá i ndán dóibh, rud a tharlóidh ar na dátaí a leagtar amach san Iarscríbhinn. |
|
(13) |
Caighdeáin chomhchuibhithe EN 352-1:2020, EN 352-2:2020 agus EN 352-3:2020, as na caighdeáin chomhchuibhithe a dréachtaíodh chun tacú le Rialachán (AE) 2016/425, sin iad na caighdeáin maille le srian is túisce a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Na tagairtí do na caighdeáin chomhchuibhithe chun tacú le Rialachán (AE) 2016/425 a dréachtaíodh iad, ar maille le srian a foilsíodh iad in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, ba cheart Iarscríbhinn nua ina liostófaí na tagairtí sin a chur le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/668. |
|
(14) |
Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/668 a leasú dá réir. |
|
(15) |
Tarraingt siar na dtagairtí do na caighdeáin a liostaítear in Iarscríbhinn II, is gá í a chur siar ionas go mbeidh a ndóthain ama ag na monaróirí iad féin a ullmhú do chur i bhfeidhm na gcaighdeán leasaithe. |
|
(16) |
Ón dáta a fhoilsítear an tagairt do chaighdeán comhchuibhithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, is rud é comhlíonadh an chaighdeáin sin a fhágann go bhfuil glacadh leis go bhfuil comhréir ann leis na buncheanglais chomhfhreagracha a leagtar amach i reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais. Ba cheart an Cinneadh seo a theacht i bhfeidhm lá a fhoilsithe, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/668 mar a leanas:
|
(1) |
cuirtear Airteagal 2a seo a leanas isteach: “Airteagal 2a Caighdeáin chomhchuibhithe maidir le trealamh cosanta pearsanta, caighdeáin ar chun tacú le Rialachán (AE) 2016/425 a dréachtaíodh iad, arb in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an gCinneadh seo a liostaítear iad, déantar na tagairtí do na caighdeáin sin a fhoilsiú leis seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh maille le srian.”; |
|
(2) |
leasaítear Iarscríbhinn I i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an gCinneadh seo; |
|
(3) |
leasaítear Iarscríbhinn II i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an gCinneadh seo; |
|
(4) |
an téacs a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an gCinneadh seo, cuirtear an téacs sin isteach agus is í Iarscríbhinn III atá ann. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 16 Iúil 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 316, 14.11.2012, lch. 12.
(2) Rialachán (AE) 2016/425 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le trealamh cosanta pearsanta agus lena n-aisghairtear Treoir 89/686/CEE ón gComhairle (IO L 81, 31.3.2016, lch. 51).
(3) Treoir 89/686/CEE ón gComhairle an 21 Nollaig 1989 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trealamh cosanta pearsanta (IO L 399, 30.12.1989, lch. 18).
(4) Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2020) 7924 ón gCoimisiún an 19.11.2020 maidir le hiarraidh um chaighdeánú i ndáil le trealamh cosanta pearsanta ar an gCoiste Eorpach um Chaighdeánú agus chuig Coiste Eorpach na gCaighdeán Leictriteicniúil, ionas go dtacófaí le Rialachán (AE) 2016/425 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
(5) IO C 113, 27.3.2018, lch. 41.
(6) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/668 ón gCoimisiún an 18 Bealtaine 2020 maidir le caighdeáin chomhchuibhithe i ndáil le trealamh cosanta pearsanta, caighdeáin a dréachtaíodh chun tacú le Rialachán (AE) 2016/425 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 156, 19.5.2020, lch. 13).
IARSCRÍBHINN I
In Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/668, cuirtear isteach na hiontrálacha seo a leanas:
|
Uimh. |
An tagairt don chaighdeán |
|
“32. |
EN 352-4:2020 Cosaintí éisteachta - Ceanglais sábháilteachta – Cuid 4: Cosaintí cluas a fheidhmíonn de réir leibhéal na fuaime |
|
33. |
EN 352-5:2020 Cosaintí éisteachta - Ceanglais sábháilteachta – Cuid 5: Cosaintí cluas um laghdú gníomhach torann |
|
34. |
EN 352-6:2020 Cosaintí éisteachta - Ceanglais sábháilteachta – Cuid 6: Cosaintí cluas maille le hionchur fuaime a bhaineann leis an tsábháilteacht |
|
35. |
EN 352-7:2020 Cosaintí éisteachta - Ceanglais sábháilteachta – Cuid 7: Plugaí cluaise a fheidhmíonn de réir leibhéal na fuaime |
|
36. |
EN 352-8:2020 Cosaintí éisteachta - Ceanglais sábháilteachta – Cuid 8: Cosaintí cluas siamsaíochta |
|
37. |
EN 352-9:2020 Cosaintí éisteachta - Ceanglais sábháilteachta – Cuid 9: Plugaí cluaise maille le hionchur fuaime a bhaineann leis an tsábháilteacht |
|
38. |
EN 352-10:2020 Cosaintí éisteachta - Ceanglais sábháilteachta – Cuid 10: Plugaí cluaise ina seinntear fuaimeanna chun siamsaíochta” |
IARSCRÍBHINN II
In Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/668, cuirtear isteach na hiontrálacha seo a leanas:
|
Uimh. |
An tagairt don chaighdeán |
Dáta an tarraingt siar |
|
“22. |
EN 352-1:2002 Cosaintí éisteachta - Ceanglais ghinearálta – Cuid 1: Cosaintí Cluas |
21 Eanáir 2023 |
|
23. |
EN 352-2:2002 Cosaintí éisteachta - Ceanglais ghinearálta – Cuid 2: Plugaí cluaise |
21 Eanáir 2023 |
|
24. |
EN 352-3:2002 Cosaintí éisteachta - Ceanglais ghinearálta – Cuid 3: Cosaintí cluas agus iad ceangailte de chlogad tionsclaíoch sábháilteachta |
21 Eanáir 2023 |
|
25. |
EN 352-4:2001 Cosaintí éisteachta - Ceanglais sábháilteachta agus tástáil - Cuid 4: Cosaintí cluas a fheidhmíonn de réir leibhéal na fuaime EN 352-4:2001/A1:2005 |
21 Eanáir 2023 |
|
26. |
EN 352-5:2002 Cosaintí éisteachta - Ceanglais sábháilteachta agus tástáil – Cuid 5: Cosaintí cluas um laghdú gníomhach torann EN 352-5:2002/A1:2005 |
21 Eanáir 2023 |
|
27. |
EN 352-6:2002 Cosaintí éisteachta - Ceanglais sábháilteachta agus tástáil – Cuid 6: Cosaintí cluas maille le hionchur fuaime leictreach |
21 Eanáir 2023 |
|
28. |
EN 352-7:2002 Cosaintí éisteachta - Ceanglais sábháilteachta agus tástáil – Cuid 7: Cosaintí cluas a fheidhmíonn de réir leibhéal na fuaime |
21 Eanáir 2023 |
|
29. |
EN 352-8:2008 Cosaintí éisteachta - Ceanglais sábháilteachta agus tástáil – Cuid 8: Cosaintí cluas ina seinntear fuaimeanna chun siamsaíochta |
21 Eanáir 2023” |
IARSCRÍBHINN III
‘IARSCRÍBHINN III
|
Uimh. |
An tagairt don chaighdeán |
|
1. |
EN 352-1:2020 Cosaintí éisteachta - Ceanglais ghinearálta – Cuid 1: Cosaintí cluas Fógra: Ní caighdeán é seo lena gceanglaítear lipéadú a chur ar an táirge a chuirfeadh in iúl cén leibhéal maolaithe torainn is acmhainn dó. Dá bhrí sin, comhlíonadh an chaighdeáin seo, ní rud é a thugann le fios go bhfuil comhréir ann le pointe 3.5 den dara mír d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/425. |
|
2. |
EN 352-2:2020 Cosaintí éisteachta - Ceanglais ghinearálta – Cuid 2: Plugaí cluaise Fógra: Ní caighdeán é seo lena gceanglaítear lipéadú a chur ar an táirge a chuirfeadh in iúl cén leibhéal maolaithe torainn is acmhainn dó. Dá bhrí sin, comhlíonadh an chaighdeáin seo, ní rud é a thugann le fios go bhfuil comhréir ann le pointe 3.5 den dara mír d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/425. |
|
3. |
EN 352-3:2020 Cosaintí éisteachta - Ceanglais ghinearálta – Cuid 3: Cosaintí cluas agus iad ceangailte d’fheistí cosanta cloiginn agus/nó d’fheistí cosanta aghaidhe Fógra: Ní caighdeán é seo lena gceanglaítear lipéadú a chur ar an táirge a chuirfeadh in iúl cén leibhéal maolaithe torainn is acmhainn dó. Dá bhrí sin, comhlíonadh an chaighdeáin seo, ní rud é a thugann le fios go bhfuil comhréir ann le pointe 3.5 den dara mír d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/425. |