19.7.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 256/97


CINNEADH (AE) 2021/1180 ÓN gCOMHAIRLE

an 13 Iúil 2021

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa nós imeachta i scríbhinn ag na Rannpháirtithe sa Socrú maidir le Creidmheasanna Onnmhairiúcháin arna dTacú go hOifigiúil a mhéid a bhaineann le cinneadh a ghlacadh lena leasaítear na forálacha maidir le Rátaí Tagartha don Ús Tráchtálach sa Socrú

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe an chéad fhomhír d’Airteagal 207(4), i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá feidhm ag na treoirlínte atá sa Socrú maidir le Creidmheasanna Onnmhairiúcháin arna dTacú go hOifigiúil (‘an Socrú’) a forbraíodh faoi chuimsiú na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta san Aontas Eorpach de bhua Rialachán (AE) Uimh. 1233/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1).

(2)

De bhun Airteagal 63 den Socrú, ba cheart do Rannpháirtithe sa Socrú (‘na Rannpháirtithe’) an córas lena socraítear Rátaí Tagartha don Ús Tráchtála (CIRRanna) a athbhreithniú go tráthrialta d’fhonn a áirithiú go léiríonn na rátaí fógartha coinníollacha reatha an mhargaidh agus go bhfuil na haidhmeanna is bun leis na rátaí atá i bhfeidhm á gcomhlíonadh acu. Leis na hathbhreithnithe sin, ba cheart an corrlach a bheidh le cur isteach nuair a chuirtear na rátaí sin i bhfeidhm a chumhdach freisin.

(3)

Tá na Rannpháirtithe le cinneadh trí nós imeachta i scríbhinn maidir le cinneadh atá beartaithe chun leasú a dhéanamh ar na forálacha maidir le CIRRanna a leagtar amach in Iarscríbhinn XVI a ghabhann leis an Socrú.

(4)

Leis an gcinneadh atá beartaithe chun na forálacha maidir le CIRRanna a leasú, ba cheart comhchuibheas beartais níos mó a sholáthar, mar aon le cleachtais iasachtóireachta a chomhchuibhiú, agus feabhas á chur ar chothrom na féinne i measc na Rannpháirtithe. Thairis sin, na rátaí úis sheasta a thairgtear in idirbhearta creidmheasa onnmhairiúcháin arna dtacú go hoifigiúil, is rátaí iad ba cheart a thabhairt níos gaire do rátaí an mhargaidh, sin agus a áirithiú go ndéantar na rátaí úis sheasta sin a oiriúnú níos fearr do na téarmaí agus na coinníollacha atá ar fáil sa mhargadh airgeadais príobháideach. Ba cheart go dtabharfadh idirthréimhse dhá bhliain an t-am do na gníomhaireachtaí creidmheasa onnmhairiúcháin na treoirlínte nua a ghlacadh agus a chur in iúl.

(5)

Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais maidir leis an gcinneadh atá le glacadh ag na Rannpháirtithe sa nós imeachta i scríbhinn a bhunú, mar go mbeidh an cinneadh atá beartaithe chun na forálacha maidir le CIRRanna a leasú ina cheangal ar an Aontas agus go mbeidh sé in ann tionchar cinntitheach a imirt ar inneachar dhlí an Aontais de bhua Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 1233/2011,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa nós imeachta i scríbhinn ag na Rannpháirtithe sa Socrú maidir leis na Creidmheasanna Onnmhairiúcháin arna dTacú go hOifigiúil a mhéid a bhaineann le cinneadh a ghlacadh lena leasaítear forálacha maidir le Rátaí Tagartha don Ús Tráchtála, beidh sé bunaithe ar an dréachtchinneadh ó na Rannpháirtithe sa Socrú (2).

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 13 Iúil 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. ŠIRCELJ


(1)  Rialachán (AE) Uimh. 1233/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Samhain 2011 maidir le treoirlínte áirithe a chur i bhfeidhm i réimse na gcreidmheasanna onnmhairiúcháin arna dtacú go hoifigiúil agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2001/76/CE ón gComhairle agus Cinneadh 2001/77/CE ón gComhairle (IO L 326, 8.12.2011, lch. 45).

(2)  Féach doiciméad ST 10046/21 ar http://register.consilium.europa.eu