16.7.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 253/92 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1168 ÓN gCOIMISIÚN
an 27 Aibreán 2021
lena mbunaítear liosta na suirbhéanna taighde sainordaitheacha ar muir agus na dtairseacha sainordaitheacha mar chuid de chlár ilbhliantúil an Aontais maidir le bailiú agus bainistiú na sonraí in earnálacha an iascaigh agus an dobharshaothraithe ó 2022
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/1004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2017 maidir le creat Aontais a bhunú maidir le bailiú, bainistiú agus úsáid sonraí in earnáil an iascaigh agus maidir le tacaíocht a thabhairt do chomhairle eolaíochta a mhéid a bhaineann leis an gComhbheartas Iascaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 199/2008 ón gComhairle (1), agus go háirithe an chéad fhomhír agus an tríú fomhír d’Airteagal 4(1) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Faoi Airteagal 25 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), tá de cheanglas ar na Ballstáit sonraí bitheolaíocha, comhshaoil, teicniúla agus socheacnamaíocha a bhailiú, sonraí atá riachtanach le haghaidh bainistiú iascaigh. |
(2) |
Faoi Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) 2017/1004, tá sé de cheanglas ar an gCoimisiún clár ilbhliantúil de chuid an Aontais a bhunú le haghaidh bhailiú, bhainistiú agus úsáid na sonraí in earnáil an iascaigh (Plean Ilbhliantúil an Aontais Eorpaigh). |
(3) |
Tá gá le Plean Ilbhliantúil an Aontais Eorpaigh chun go mbeidh na Ballstáit in ann a ngníomhaíochtaí bailithe sonraí a shonrú agus a phleanáil mar chuid dá bpleananna oibre náisiúnta. Leagtar amach ann liosta mionsonraithe de cheanglais sonraí maidir le bailiú agus bainistiú na sonraí bitheolaíocha, comhshaoil agus socheacnamaíocha, liostaítear suirbhéanna sainordaitheacha ar muir agus leagtar amach na tairseacha maidir le bailiú sonraí. Le Cinneadh Tarmligthe (AE) 2019/910 ón gCoimisiún (3) agus le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/909 ón gCoimisiún (4), glacadh Plean Ilbhliantúil an Aontais Eorpaigh le haghaidh 2020-2021. Rachaidh an dá chinneadh in éag an 31 Nollaig 2021. |
(4) |
Bunaítear leis an gCinneadh sin, dá bhrí sin, liosta na suirbhéanna taighde sainordaitheacha ar muir agus na tairseacha ar faoina mbun nach bhfuil sé sainordaitheach do na Ballstáit sonraí a bhailiú faoina ngníomhaíochtaí iascaireachta agus dobharshaothraithe nó suirbhéanna ar muir a dhéanamh, dá dtagraítear in Airteagal 5(1)(b) agus (c) de Rialachán (AE) 2017/1004 ón 1 Eanáir 2022. Leagtar síos leis freisin limistéir na réigiún muirí chun críoch bailithe sonraí dá dtagraítear in Airteagal 9(11) de Rialachán (AE) 2017/1004. |
(5) |
Chuaigh an Coimisiún i gcomhairle leis na grúpaí ábhartha um chomhordú réigiúnach agus leis an gCoiste Eolaíoch, Teicniúil agus Eacnamaíoch um Iascach i gcomhréir le hAirteagal 4(2) de Rialachán (AE) 2017/1004. |
(6) |
Léifear an cinneadh seo i gcomhar le Cinneadh Tarmligthe (AE) 2021/1167 ón gCoimisiún (5) lena n-aisghairtear Cinneadh Tarmligthe (AE) 2019/910 agus lena leagtar síos socruithe mionsonraithe maidir le bailiú agus bainistiú sonraí bitheolaíocha, comhshaoil, teicniúla agus socheacnamaíocha ag na Ballstáit, dá dtagraítear in Airteagal 5(1)(a) de Rialachán (AE) 2017/1004, ón 1 Eanáir 2022. |
(7) |
Ar mhaithe le deimhneacht dhlíthiúil, ba cheart Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/909 a aisghairm le héifeacht ón 1 Eanáir 2022. |
(8) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste Bainistíochta um Iascach agus Dobharshaothrú, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
San Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo, leagtar amach liosta na suirbhéanna taighde sainordaitheacha ar muir, sainmhínithe na limistéar geografach is infheidhme maidir le bailiú sonraí iascaigh an Aontais, agus na tairseacha ar faoina mbun nach bhfuil sé sainordaitheach do na Ballstáit sonraí a bhailiú faoina ngníomhaíochtaí iascaireachta agus dobharshaothraithe nó suirbhéanna ar muir ó 2022. I dtaca le liosta na suirbhéanna agus na dtairseacha, is cuid de chlár ilbhliantúil an Aontais maidir le bailiú agus bainistiú sonraí in earnáil an iascaigh iad, dá dtagraítear i bpointí (b) agus (c) d’Airteagal 5(1) de Rialachán (AE) 2017/1004.
Airteagal 2
Aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/909.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2022.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 27 Aibreán 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 157, 20.6.2017, lch. 1.
(2) Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1954/2003 agus (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 2371/2002 agus (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 22).
(3) Cinneadh Tarmligthe (AE) 2019/910 ón gCoimisiún an 13 Márta 2019 lena mbunaítear clár ilbhliantúil an Aontais maidir le bailiú agus bainistiú sonraí bitheolaíocha, comhshaoil, teicniúla agus socheacnamaíocha in earnálacha an iascaigh agus an dobharshaothraithe (IO L 145, 4.6.2019, lch. 27).
(4) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/909 ón gCoimisiún an 18 Feabhra 2019 lena mbunaítear liosta na suirbhéanna taighde sainordaitheacha agus na tairseacha chun críocha chlár ilbhliantúil an Aontais maidir le bailiú agus bainistiú sonraí in earnálacha an iascaigh agus an dobharshaothraithe (IO L 145, 4.6.2019, lch. 21).
(5) Cinneadh Tarmligthe (AE) 2021/1167 ón gCoimisiún an 27 Aibreán 2021 lena mbunaítear an creat ilbhliantúil Aontais maidir le bailiú agus bainistiú sonraí bitheolaíocha, comhshaoil, teicniúla agus socheacnamaíocha in earnáil an iascaigh agus san earnáil dobharshaothraithe ó 2022 (Féach leathanach 51 den Iris Oifigiúil seo).
IARSCRÍBHINN
CAIBIDIL I
Suirbhéanna taighde ar muir
1. |
Déanfar na suirbhéanna taighde ar muir a liostaítear i dtábla 1 thíos, ar a laghad, ach amháin má chinntear le hathbhreithniú eolaíoch ar shuirbhéanna nach bhfuil ceann amháin nó níos mó de na suirbhéanna sin iomchuí a thuilleadh chun eolas a chur ar fáil faoi stocmheasúnú agus bainistiú iascach. Is féidir suirbhéanna nua a chur leis an tábla ar bhonn na gcritéar céanna sin.
Sna pleananna oibre náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 21 de Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 (1), leagfaidh na Ballstáit amach na suirbhéanna taighde ar muir atá le déanamh agus beidh siad freagrach as na suirbhéanna sin. Le pleananna oibre náisiúnta na mBallstát nó le pleananna oibre réigiúnacha na mBallstát i gcás inarb infheidhme, áireofar go mbeidh leanúnachas ann le dearaí suirbhéanna roimhe seo. |
2. |
Níl sé sainordaitheach do na Ballstáit a bheith rannpháirteach (go fisiceach nó ar bhonn airgeadais) i suirbhéanna taighde ar muir a bhaineann le speiceas amháin i gcás:
|
3. |
Le haghaidh suirbhéanna ar ilspeiceas nó éiceachórais, is féidir na tairseacha a shocrú ar leibhéal an réigiúin mhuirí. |
4. |
Ballstáit a rannchuidíonn le suirbhéanna taighde idirnáisiúnta, déanfaidh siad a gcuid iarrachtaí a chomhordú laistigh den réigiún muirí céanna.
Tábla 1 Suirbhéanna taighde ar muir
|
CAIBIDIL II
Tairseacha maidir leis an mbailiú sonraí
1. |
Leis an gCaibidil seo, socraítear tairseacha le haghaidh bhailiú shonraí iascaigh an Aontais dá dtagraítear i gCinneadh Tarmligthe (AE) 2021/1167 ón gCoimisiún (2). |
2. |
Níl sé sainordaitheach do na Ballstáit sonraí bitheolaíocha a bhailiú ar stoic áirithe i gcás ina gcomhlíontar ceann de na coinníollacha seo a leanas:
I gcás ina sroichtear an tairseach comhchoiteann 25 % dá dtagraítear i bpointe (a), roinnfidh na Ballstáit lena mbaineann na cúraimí a bhaineann le bailiú na sonraí bitheolaíocha ar leibhéal an réigiúin mhuirí chun a áirithiú go gcumhdófar na stoic ábhartha trí shampláil i gcomhréir le riachtanais úsáideoirí deiridh. |
3. |
Is iad na tairseacha mar a leagtar amach i gceanglais Eagraíochtaí Réigiúnacha Bainistithe Iascaigh (RFMO) a mbeidh feidhm acu maidir le speicis faoin RFMO maidir le tuinnín. |
4. |
Ní bheidh feidhm ag aon tairseach maidir leis na speicis seo a leanas:
|
5. |
Ní bheidh feidhm ag aon tairseach maidir le meastacháin ghabhála a fháil ó ghabhálacha áineasa. Aontófar agus comhordófar ar leibhéal an réigiúin mhuirí na tairseacha maidir le sonraí bitheolaíocha a bhailiú ó ghabhálacha áineasa agus is ar riachtanais úsáideoirí deiridh a bheidh siad bunaithe. |
6. |
Gan dochar d’oibleagáidí sonracha idirnáisiúnta faoi na hEagraíochtaí Réigiúnacha Bainistithe Iascaigh, níl sé sainordaitheach sonraí bitheolaíocha a bhailiú i gcás inar lú ná 10 % sciar an Aontais de stoc a shaothraítear ar bhonn idirnáisiúnta. |
7. |
A mhéid a bhaineann le bailiú na sonraí eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil maidir le dobharshaothrú:
Ríomhfar na tairseacha dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) ar bhonn an fhoilseacháin Eurostat is déanaí faoi shonraí an Bhallstáit ábhartha. Gan dochar do phointí (a), (b) agus (c), baileoidh na Ballstáit sonraí maidir le luach agus meáchan a dtáirgthe dobharshaothraithe, ar bhonn bliantúil. |
CAIBIDIL III
Srathú geografach de réir réigiúin
Chun sonraí iascaigh an Aontais a shonraítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Tarmligthe (AE) 2021/1167 a bhailiú, beidh feidhm ag na sainmhínithe ar na limistéir gheografacha maidir le réigiúin mhuirí a liostaítear i dtábla 2 thíos.
Tábla 2
Srathú geografach de réir réigiúin
Na limistéir ba cheart a bheith cumhdaithe chun críocha DCF |
Réigiún |
Réigiún Supra (4) |
|
Muir Bhailt (limistéar FAO 27) |
Limistéir ICES 3b-d |
Muir Bhailt |
Muir Bhailt; An Mhuir Thuaidh; An tArtach Thoir; NAFO; uiscí leathnaithe an Iarthuaiscirt (limistéir ICES 5, 6 agus 7) agus uiscí leathnaithe an Iardheiscirt (limistéir ICES 10, 12 agus 14) |
An tArtach Thoir, an Mhuir Ioruach, Muir Barents, Skagerrak agus Kattegat, an Mhuir Thuaidh agus an Mhuir nIocht Thoir, An tAtlantach Thoir Thuaidh agus an Mhuir nIocht Thiar (limistéar FAO 27) |
Limistéir ICES 1, 2, 3a, 4 agus 7d |
An Mhuir Thuaidh agus an tArtach Thoir |
|
Limistéir ICES 5, 6, 7 (ach amháin 7d), 8, 9, 10, 12 agus 14 |
An tAtlantach Thoir Thuaidh |
||
An tAtlantach Thiar Thuaidh (limistéar FAO 21) |
Limistéar Choinbhinsiún NAFO |
Limistéir eile ina n-oibríonn soithigh de chuid an Aontais iascaigh lasmuigh d’uiscí an Aontais Eorpaigh agus atá faoi oibleagáidí maidir le tuairisciú le hEagraíochtaí Réigiúnacha Bainistithe Iascaigh (RFMO) nó comhlachtaí réigiúnacha iascaigh dar páirtí conarthach nó breathnóir é an Aontas. |
|
An tAtlantach Thoir Láir (limistéar FAO 34) |
Limistéar Choinbhinsiún CECAF |
Réigiúin eile |
|
An tAtlantach Thiar Láir (limistéar FAO 31) |
Limistéar Choinbhinsiún WECAFC (*1) |
||
An tAtlantach Thoir Theas (limistéar FAO 47) |
Limistéar Choinbhinsiún SEAFO |
||
An tAigéan Ciúin Theas (limistéir FAO 81 agus 87) |
Limistéar Choinbhinsiún SPRFMO |
||
An tAigéan Atlantach agus na farraigí máguaird (FAO 21, 27, 31, 37, 41, 47, 34, 48) |
Limistéar Choinbhinsiún ICCAT |
||
An tAigéan Indiach (limistéir FAO 51 agus 57) |
Limistéar Choinbhinsiún IOTC |
||
An tAigéan Indiach (limistéir FAO 51 agus 57) |
Limistéar Choinbhinsiún SIOFA |
||
An tAigéan Indiach (limistéir FAO 51 agus 57) |
Limistéar Choinbhinsiún CCSBT |
||
An tAigéan Ciúin Thiar Láir (limistéar FAO 71) |
Limistéar Choinbhinsiún WCPFC |
||
An tAigéan Ciúin Thoir Láir (limistéir FAO 77 agus 87) |
Limistéar Choinbhinsiún IATTC |
||
An tAigéan Antartach agus an tAigéan Indiach Theas (limistéir FAO 48, 58 agus 88) |
Limistéar Choinbhinsiún CAMLR |
||
Na réigiúin is forimeallaí san Aontas Eorpach |
Uiscí an Aontais Eorpaigh mórthimpeall Mayotte agus oileáin la Réunion |
Na réigiúin is forimeallaí |
|
Uiscí an Aontais Eorpaigh mórthimpeall Ghuáin na Fraince, Martinique, na hOileáin Guadalúipe |
|||
Uiscí an Aontais Eorpaigh mórthimpeall na nAsór (FAO 27.10.a.2) |
Muir Bhailt; An Mhuir Thuaidh; An tArtach Thoir; NAFO; uiscí leathnaithe an Iarthuaiscirt (limistéir ICES 5, 6 agus 7) agus uiscí leathnaithe an Iardheiscirt (limistéir ICES 10, 12 agus 14) |
||
Uiscí an Aontais Eorpaigh mórthimpeall Mhaidéara agus na nOileán Canárach (FAO 34.1.2) |
|||
An Mheánmhuir agus an Mhuir Dhubh (limistéar FAO 37) |
GFCM FGL 1-29 |
An Mheánmhuir agus an Mhuir Dhubh |
An Mheánmhuir agus an Mhuir Dhubh |
(1) Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 2328/2003, (CE) Uimh. 861/2006, (CE) Uimh. 1198/2006 agus (CE) Uimh. 791/2007 ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 1255/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 149, 20.5.2014, lch. 1).
(2) Cinneadh Tarmligthe (AE) 2021/1167 ón gCoimisiún an 27 Aibreán 2021 lena mbunaítear an creat ilbhliantúil Aontais maidir le bailiú agus bainistiú sonraí bitheolaíocha, comhshaoil, teicniúla agus socheacnamaíocha in earnáil an iascaigh agus san earnáil dobharshaothraithe ó 2022 (IO L 253 …… 51).
(3) Rialachán (AE) 2019/1241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le hacmhainní iascach a chaomhnú agus le héiceachórais mhara a chosaint trí bhearta teicniúla, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1967/2006, (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus Rialacháin (AE) Uimh. 1380/2013, (AE) 2016/1139, (AE) 2018/973, (AE) 2019/472 agus (AE) 2019/1022 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 894/97, (CE) Uimh. 850/98, (CE) Uimh. 2549/2000, (CE) Uimh. 254/2002, (CE) Uimh. 812/2004 agus (CE) Uimh. 2187/2005 ón gComhairle (IO L 198, 25.7.2019, lch. 105).
(4) Aon soitheach nach bhfuil i mbun iascaireacht fhadraoin, leithdháilfear é chuig réigiún supra bunaithe ar an líon laethanta ar muir (níos mó ná 50 %) a caitheadh sa réigiún supra.
(*1) lena n-eisiatar uiscí an Aontais Eorpaigh