13.7.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 247/100


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1145 ÓN gCOIMISIÚN

an 30 Meitheamh 2021

maidir le cur i bhfeidhm Threoir 2009/103/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le seiceálacha ar árachas i gcoinne dliteanas sibhialta i leith úsáid mótarfheithiclí a bhíonn bunaithe de ghnáth i Montainéagró agus sa Ríocht Aontaithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir 2009/103/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 a bhaineann le hárachas i gcoinne dliteanas sibhialta i leith úsáid mótarfheithiclí, agus le forfheidhmiú na hoibleagáide chun árachú i gcoinne an dliteanais sin (1), agus go háirithe Airteagal 2, pointe (b), i gcomhréir le hAirteagal 8, mír 2 den Treoir sin,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le hAirteagal 8(1), an dara fomhír de Threoir 2009/103/CE, tá feithiclí a bhíonn bunaithe de ghnáth i dtríú tír le láimhseáil, a mhéid a bhaineann le cárta glas bailí nó deimhniú árachais teorann i ndáil le húsáid na bhfeithiclí sin, mar fheithiclí a bhíonn bunaithe de ghnáth san Aontas i gcás ina ráthaíonn biúrónna náisiúnta na mBallstát uile ina gceann agus ina gceann i gcomhréir le forálacha a ndlí náisiúnta féin maidir le hárachas éigeantach, socrú éilimh i leith tionóiscí a tharlaíonn ina gcríoch arb iad na feithiclí sin ba chúis leo.

(2)

Le hAirteagal 2 de Threoir 2009/103/CE cuirtear cur i bhfeidhm Airteagal 8 den Treoir sin maidir le feithiclí a bhíonn bunaithe i dtríú tír de ghnáth faoi réir tabhairt i gcrích comhaontaithe idir biúrónna náisiúnta árachóirí na mBallstát agus biúró náisiúnta árachóirí an tríú tír sin. Sa bhreis air sin, le go mbeidh feidhm ag Airteagal 8 den Treoir sin maidir leis na feithiclí sin, ba cheart don Choimisiún dáta chur i bhfeidhm na forála sin a shocrú le haghaidh na bhfeithiclí sin, agus na cineálacha feithiclí a bhfuil feidhm le bheith ag an bhforáil sin maidir leo, tar éis dó a fhionnadh i ndlúthchomhar leis na Ballstáit gur tugadh comhaontú den sórt sin i gcrích.

(3)

An 30 Bealtaine 2002, thug biúrónna náisiúnta árachóirí Bhallstáit an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch agus Stáit chomhlacha eile comhaontú i gcrích faoina ráthaítear socrú éileamh a thagann chun cinn i leith tionóiscí a tharlaíonn ina gcríoch arb iad feithiclí a bhíonn bunaithe de ghnáth i gcríoch na bpáirtithe eile sa chomhaontú sin is cúis leo, gan beann ar cé acu atá na feithiclí sin árachaithe nó nach bhfuil (an “Comhaontú”).

(4)

An 6 Eanáir 2021, shínigh biúrónna náisiúnta árachóirí na mBallstát agus biúrónna náisiúnta árachóirí Andóra, na Boisnia agus na Heirseagaivéine, na hÍoslainne, Lichtinstéin, na hIorua, na Seirbia, na hEilvéise agus na Ríochta Aontaithe aguisín a ghabhann leis an gcomhaontú lenar leasaíodh an Comhaontú chun biúró náisiúnta árachóirí Mhontainéagró a áireamh. San aguisín déantar foráil maidir le socruithe praiticiúla chun deireadh a chur le seiceálacha i leith feithiclí a bhíonn bunaithe de ghnáth ar chríoch Mhontainéagró agus atá faoi réir an Chomhaontaithe.

(5)

Shínigh biúró náisiúnta árachóirí na Ríochta Aontaithe Comhaontú an 30 Bealtaine 2002. A mhéid a bhaineann le gealltanais bhiúró náisiúnta árachóirí Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann i leith biúrónna náisiúnta árachóirí eile, níl aon athrú ann mar gheall ar tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach.

(6)

Dá bhrí sin, tá na coinníollacha uile maidir le baint na seiceálacha ar mhótarárachas i gcoinne dliteanas sibhialta i leith úsáid mótarfheithiclí a bhíonn bunaithe de ghnáth i Montainéagró agus sa Ríocht Aontaithe comhlíonta i gcomhréir le Treoir 2009/103/CE.

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ón 2 Lúnasa 2021 staonfaidh na Ballstáit ó sheiceálacha árachais a dhéanamh i gcoinne dliteanas sibhialta i leith na gcineálacha uile feithiclí a bhíonn bunaithe de ghnáth i Montainéagró, seachas feithiclí míleata atá cláraithe ann, ar theacht isteach san Aontas dóibh.

Airteagal 2

Ón 2 Lúnasa 2021 staonfaidh na Ballstáit ó sheiceálacha árachais a dhéanamh i gcoinne dliteanas sibhialta i leith na gcineálacha uile feithiclí a bhíonn bunaithe de ghnáth sa Ríocht Aontaithe seachas feithiclí míleata atá cláraithe inti, ar theacht isteach san Aontas dóibh.

Airteagal 3

Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas láithreach maidir leis na bearta atá glactha acu chun an Cinneadh seo a chur i bhfeidhm.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 30 Meitheamh 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 263, 7.10.2009, lch. 11.