6.7.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 238/81


CINNEADH (AE) 2021/1102 ÓN gCOMHAIRLE

an 28 Meitheamh 2021

lena n-iarrtar ar an gCoimisiún staidéar – agus togra, más iomchuí, i bhfianaise thorthaí an staidéir – a thíolacadh ar staid agus roghanna an Aontais maidir le hoibreáin inveirtibreacha um rialú bitheolaíoch a thabhairt isteach, a mheas, a tháirgeadh, a mhargú agus a úsáid laistigh de chríoch an Aontais

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 241 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Is naimhdí, fiailí nó iomaitheoirí nádúrtha iad oibreáin um rialú bitheolaíoch, nó orgánaigh eile a úsáidtear chun lotnaidí plandaí a rialú, go díreach nó go hindíreach, lena n-áirítear lotnaidí coraintín, trí na veicteoirí, na fiailí agus na plandaí coimhthíocha ionracha lena ngabhann siad a rialú.

(2)

Chun críoch an Chinnidh seo, ní chumhdaítear ach Oibreáin inveirtibreacha um Rialú Bitheolaíoch amhail feithidí, lena n-áirítear feithidí steiriúla fireanna, speicis fíneoige agus néimeatóide (BCAnna).

(3)

Tá éagsúlacht mhór idir Ballstáit maidir lena gcur chuige agus maidir leis na cineálacha rialachán a chuireann siad i bhfeidhm maidir le scaoileadh, meastóireacht agus gluaiseacht BCAnna. Mar sin féin, ní aithníonn BCAnna teorainneacha agus féadfaidh siad leathadh lasmuigh de na críocha inar scaoileadh d’aon ghnó iad chun lotnaidí plandaí, fiailí agus plandaí coimhthíocha ionracha a rialú.

(4)

Is minic a úsáidtear BCAnna i dtáirgeadh i dtithe gloine agus is den tábhacht méadaitheach iad sa talmhaíocht agus san fhoraoiseacht inbhuanaithe, eadhon bainistiú comhtháite lotnaidí agus feirmeoireacht orgánach a chur chun feidhme. Cuireann córais feirmeoireachta inbhuanaithe go mór le haistriú an Aontais chuig córais bhia inbhuanaithe, mar a leagtar amach i dTeachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal A Farm to Fork strategy for a fair, healthy and environmentally-friendly food system [Straitéis ón bhFeirm go dtí an Forc le haghaidh córas bia atá cothrom, sláintiúil agus neamhdhíobhálach don chomhshaol] agus i dTeachtaireacht ón gCoimisiún ar “Chomhaontú Glas don Eoraip”, aistriú a dtacóidh an Comhbheartas Talmhaíochta a bheidh ann amach anseo leis. Cabhraíonn úsáid BCAnna sa chomhthéacs sin leis an spleáchas ar tháirgí cosanta plandaí ceimiceacha a laghdú.

(5)

Is é is aidhm do Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) an tAontas a chosaint ar lotnaidí nua a thabhairt isteach, agus ag an am céanna dul i ngleic le lotnaidí atá ann cheana ar bhealach níos éifeachtaí. Díríonn an beartas sláinte plandaí sa Rialachán sin go háirithe ar scagadh le haghaidh lotnaidí plandaí nua ar fud an domhain, cosc a chur ar theacht isteach na lotnaidí plandaí sin i gcríoch an Aontais agus, i gcás inar tugadh isteach, a luathbhrath agus a dhíothú.

(6)

Le teacht isteach, bunú agus leathadh lotnaidí plandaí, féadfar inbhuaine na talmhaíochta, na bhforaoisí, na timpeallachta nádúrtha, na bithéagsúlachta agus na n-éiceachóras a chur i mbaol. Le trádáil dhomhanda, le gluaiseacht daoine, leis an athrú aeráide agus le feiniméin adhaimsire, méadaítear leitheadúlacht lotnaidí agus rioscaí fíteashláintíochta. Is bagairt freisin iad speicis nua lotnaidí coimhthíocha ar chórais táirgthe talmhaíochta agus foraoiseachta an Aontais atá ann cheana agus ar fhlóra agus fána dúchasacha. D’fhéadfaí rannchuidiú le straitéis rialúcháin oiriúnach trí namhaid nádúrtha a thabhairt isteach ón réigiún as a dtagann an lotnaid, ach d’fhéadfadh rioscaí a bheith ann leis sin do fhlóra agus d’fhána dúchasacha. Dá bhrí sin, ní mór measúnú eolaíoch a dhéanamh ar na tionchair a d’fhéadfadh a bheith acu ar shláinte plandaí agus ar an mbithéagsúlacht, agus úsáid á baint as modheolaíocht chaighdeánach, lena n-áirítear maidir leis an tionchar neamh-inmhianaithe a d’fhéadfadh a bheith acu ar speicis nach spriocspeicis iad, ar éiceachórais agus ar an mbithéagsúlacht i gcoitinne sula dtabharfaí isteach BCAnna.

(7)

Aithnítear go bhfuil méadú ag teacht ar úsáid BCAnna, i bhfianaise an éilimh níos mó ó fheirmeoirí, ó bhainisteoirí spásanna glasa agus ó gharraíodóirí atá ag iarraidh a spleáchas ar tháirgí cosanta plandaí ceimiceacha a laghdú.

(8)

D’fhorbair eagraíochtaí idirnáisiúnta, go háirithe an Eagraíocht Bia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe tríd an gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta Cosanta Plandaí (IPPC) agus an Eagraíocht Eorpach agus Meánmhara um Chosaint Plandaí (EPPO), caighdeáin idirnáisiúnta fíteashláintíochta agus treoir maidir le húsáid shábháilte BCAnna, agus tá ról tábhachtach acu i bhforbairt caighdeán le haghaidh anailís riosca agus taighde.

(9)

Cuireann táirgeoirí BCAnna, lena n-áirítear fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), réitigh nuálacha shonracha ar fáil maidir le cosaint barr. Is ceangal bunriachtanach é an rialú cáilíochta ar BCAnna chun a sábháilteacht agus a bhfeidhmíocht a áirithiú.

(10)

D’fhéadfadh cur chuige níos comhsheasmhaí idir na Ballstáit forbairt BCAnna sábháilte a éascú chomh maith le rochtain margaidh orthu. Chabhródh sé sin le deiseanna a chruthú don talmhaíocht agus do chórais táirgthe foraoiseachta agus le lotnaidí plandaí a rialú, agus cosaint sláinte agus cosaint an chomhshaoil á n-áirithiú ag an am céanna.

(11)

Measann an Chomhairle go bhfuil gá le staidéar ar staid agus roghanna an Aontais maidir le BCAnna a thabhairt isteach, a mheas, a tháirgeadh, a mhargú agus a úsáid laistigh de chríoch an Aontais, chun a n-infhaighteacht agus a n-inrochtaineacht a fheabhsú d’úsáideoirí agus sábháilteacht daoine, ainmhithe, plandaí, an chomhshaoil agus slándála bia á n-áirithiú ag an am céanna, i gcomhréir le Comhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (2), agus go háirithe mír 10 de, i dtaca le hAirteagail 225 agus 241 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm.

(12)

D’fhéadfadh sé go n-áireofaí leis na roghanna sin measúnú a dhéanamh ar an acmhainneacht maidir leis an méid a leanas: critéir, nósanna imeachta agus cinnteoireacht san Aontas a chomhchuibhiú; cláir thaighde, nuálaíochta agus scaipthe eolais de chuid an Aontais agus comhar treisithe le heagraíochtaí idirnáisiúnta ábhartha chun dlús a chur le rochtain margaidh agus le hinrochtaineacht BCAnna a mhéadú; agus chun tacú le hinfheistíocht, le nuálaíocht agus le húsáid shábháilte BCAnna le haghaidh rialú lotnaidí plandaí, mar chéad chéim i dtreo sainmhíniú comhchuibhithe ar choincheap níos leithne bithrialúcháin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, iarrann an Chomhairle ar an gCoimisiún staidéar a thíolacadh, faoin 31 Nollaig 2022, ar an staid maidir le hOibreáin inveirtibreacha um Rialú Bitheolaíoch (BCAnna) a thabhairt isteach, a tháirgeadh, a mheas, a mhargú agus a úsáid laistigh de chríoch an Aontais. Ba cheart meastóireacht a dhéanamh freisin ar na féidearthachtaí i ndáil le nósanna imeachta a chomhchuibhiú ar fud chríoch an Aontais chun cur chun cinn imscartha agus rochtain margaidh BCAnna a éascú, chun tacú le hinfheistíocht in BCAnna agus le nuálaíocht i ndáil leo agus chun rannchuidiú lena n-úsáid shábháilte, lena n-áirítear i gcás ina bhfuil gá leo le haghaidh rialú lotnaidí coraintín de réir mar a fhorchuireann údaráis sláinte plandaí é.

Airteagal 2

Iarrann an Chomhairle ar an gCoimisiún togra a thíolacadh, más iomchuí i bhfianaise thorthaí an staidéir, nó an Chomhairle a chur ar an eolas ar bhealach eile faoi aon bhearta a d’fhéadfaí a dhéanamh mar obair leantach tar éis an staidéir.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, 28 Meitheamh 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. do C. ANTUNES


(1)  Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le bearta cosantacha i gcoinne lotnaidí plandaí, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 228/2013, (AE) Uimh. 652/2014 agus (AE) Uimh. 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoracha 69/464/CEE, 74/647/CEE, 93/85/CEE, 98/57/CE, 2000/29/CE, 2006/91/CE agus 2007/33/CE ón gComhairle (IO L 317, 23.11.2016, lch. 4).

(2)  Comhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (IO L 123, 12.5.2016, lch. 1).