5.7.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 236/75


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1095 ÓN gCOIMISIÚN

an 2 Iúil 2021

lena mbunaítear an mhodheolaíocht chun costais a leithdháileadh a bhaineann le hoibríochtaí iasachtaíochta agus bainistithe fiachais faoi NextGenerationEU

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, (1) agus go háirithe Airteagal 15(4) de,

Ag féachaint do Chinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 ón gComhairle an 14 Nollaig 2020 maidir le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2014/335/AE, Euratom (2), agus go háirithe Airteagal 5(3) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhthéacs na freagartha ar ghéarchéim COVID-19, glacadh pacáiste téarnaimh NextGenerationEU (“NGEU”) chun tionscnaimh théarnaimh a mhaoiniú, agus ag an am céanna aistriú glas agus digiteach gheilleagar an Aontais Eorpaigh a éascú. I ndáil leis sin, is iad cláir NGEU na cláir sin a mhaoinítear faoi Airteagal 2(2) de Rialachán (AE) 2020/2094 ón gComhairle (3), a mhéid a chuireann siad na bearta dá dtagraítear in Airteagal 1(2) den Rialachán sin chun feidhme.

(2)

Faoi Airteagal 5(1) de Chinneadh (AE, Euratom) 2020/2053, tugtar de chumhacht don Choimisiún cistí a fháil ar iasacht ar mhargaí caipitil thar ceann an Aontais suas le EUR 750 000 milliún i bpraghsanna 2018, as a bhféadfar suas le EUR 360 000 milliún i bpraghsanna 2018 a úsáid chun iasachtaí a sholáthar agus féadfar suas le EUR 390 000 milliún i bpraghsanna 2018 a úsáid le haghaidh caiteachais.

(3)

Faoi Airteagal 5(2) de Chinneadh (AE, Euratom) 2020/2053, is ó bhuiséad an Aontais a aisíocfar príomhshuim na gcistí a fhaightear ar iasacht agus an t-ús dlite lena mbaineann.

(4)

I gcomhréir le hAirteagal 15(3) de Rialachán (AE) 2021/241 agus le pointe (e) d’Airteagal 220(5) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), is ar an mBallstát is tairbhí a bheidh na costais a bhaineann le cistí a fháil ar iasacht le haghaidh na n-iasachtaí a sholáthraítear faoi Rialachán (AE) 2021/241.

(5)

Le cur chun feidhme straitéis cistiúcháin éagsúlaithe an Choimisiúin le haghaidh oibríochtaí iasachtaíochta NGEU agus oibríochtaí iasachtaíochta bainistíochta fiachais NGEU, ní thiomsaítear caipiteal a thuilleadh ar bhonn idirbheart ar idirbheart. Faoin tsamhail sin, bhí costais an chistithe inaitheanta go soiléir agus nasctha le hidirbheart iasachtaíochta ar leith agus d’fhéadfaí na costais ghaolmhara a aistriú chuig tairbhí na hiasachta mar aon leis na fáltais ón idirbheart iasachta. I gcodarsnacht leis an méid sin, le straitéis cistiúcháin éagsúlaithe NGEU, tá eisíocaíochtaí faoi NGEU le maoiniú trí dhul ar iontaoibh cistiú comhthiomsaithe aonair, atá comhdhéanta d’ionstraimí cistiúcháin gearrthéarmacha agus fadtéarmacha, óna dtarraingítear acmhainní nuair is gá eisíocaíochtaí a dhéanamh le tairbhithe. Leis an straitéis cistiúcháin éagsúlaithe áirithítear na téarmaí is buntáistí nuair a bhíonn méideanna móra cistí, lena ngabhann aibíochtaí difriúla, á bhfáil ar iasacht. Dá bhrí sin, tá gá le cur chuige oiriúnaithe chun na costais chomhroinnte atá nasctha le gach eisíocaíocht a ríomh agus a shannadh ar bhonn cóir, cothrom agus trédhearcach.

(6)

Chun an cur chuige cóir, cothrom agus trédhearcach sin a áirithiú, ba cheart don Choimisiún modheolaíocht choiteann aontaithe a chur chun feidhme maidir le costais, a bheidh infheidhme maidir leis na heisíocaíochtaí a bhaineann le hiasachtaí agus maidir leis na heisíocaíochtaí a bhaineann le hioncam sannta seachtrach faoi Airteagal 3(1) de Rialachán (AE) 2020/2094.

(7)

Ba cheart modheolaíocht nua a úsáid chun costais a leithdháileadh lena n-áiritheofar nach mbeidh aon tras-fhóirdheonú costas á dhéanamh ag catagóir amháin tairbhí thar ceann catagóir tairbhí eile. Ba cheart costais na n-iasachtaí a leagtar ar iasachtaí a líomhnú go hiomlán ar na Ballstáit a bhaineann tairbhe as iasachtaí faoi Rialachán (AE) 2021/241. Déanfar costais na n-iasachtaí a leagtar ar ioncam sannta seachtrach faoi Airteagal 3(1) de Rialachán (AE) 2020/2094 a líomhnú go hiomlán ar bhuiséad an Aontais, bunaithe ar na costais iarbhír a thabhaítear agus sciar na bhfáltas faoi seach á chruinniú agus á eisíoc leis na tairbhithe éagsúla. Ba cheart na costais uile a thabhaíonn an Coimisiún i leith iasachtaí a fháil faoi NGEU a bheith cumhdaithe sa mhodheolaíocht, lena n-áirítear na costais riaracháin go léir, agus ba cheart go n-áiritheofaí léi go ndéanfaí catagóirí éagsúla costas a ríomh le haghaidh gach eisíocaíochta.

(8)

Leis an modheolaíocht seo a bhaineann le costais a ríomh agus a leithdháileadh, ba cheart idirdhealú a dhéanamh idir trí chatagóir chostais. An chead rud is ea costas an chistithe a eascraíonn as an ús agus as táillí eile nach mór don Choimisiún a íoc ar na hionstraimí éagsúla arna n-eisiúint chun na heisíocaíochtaí atá i gceist a mhaoiniú. An dara rud is ea na costais a bhaineann le bainistiú leachtachta na costais a thabhaítear mar thoradh ar shuimeanna atá á sealbhú go sealadach i gcuntais leachtachta mar chúlchistí chun íocaíochtaí atá ag teacht chun cinn a íoc. An tríú rud is ea na costais riaracháin a bhaineann leis an acmhainn theicniúil agus oibríochtúil a thógáil agus a fhorbairt chun straitéis cistiúcháin éagsúlaithe a chur chun feidhme.

(9)

Ba cheart ríomh chostas an chistithe a eascraíonn as idirbhearta iasachtaíochta fadtéarmacha a bheith bunaithe ar na costais a eascraíonn as gach oibríocht iasachtaíochta a dhéantar le linn na tréimhse ama 6 mhí, mar riail ghinearálta, ina mbíonn dáta na heisíocaíochta. Déantar an catagóiriú ina thréimhsí 6 mhí i ngeall ar an ngá atá ann a áirithiú go mbíonn dlúthnasc ann idir costas an chistithe a ghearrtar ar an eisíocaíocht a dhéanamh agus na rátaí margaidh atá ann tráth a ndéantar an eisíocaíocht sin, agus nach bhfuil sé bunaithe ar chostais chistithe i dtréimhse ama i bhfad uainn. Ar an gcaoi sin, leithdháiltear na hionstraimí cistiúcháin, agus na costais lena mbaineann, ar na hurranna ábhartha. Ní shocraítear an cistiú comhthiomsaithe beacht d’ionstraimí cistiúcháin ach amháin nuair a dhúntar an urrann ama 6 mhí. Leis sin, ba cheart go bhféadfaí an costas céanna cistiúcháin a chur i bhfeidhm i leith aon eisíocaíocht chomhuaineach a leagtar ar an urrann ama chéanna agus ba cheart go n-áiritheofaí leis sin cur chuige cóir, cothrom agus trédhearcach idir na Ballstáit go háirithe. Ba cheart do na Ballstáit agus do bhuiséad an Aontais don ioncam sannta seachtrach faoi Airteagal 3(1) de Rialachán (AE) 2020/2094 a sciar féin a íoc. Seachnaíonn sé sin an treallachas nó ceist an tseans ba dhual don chóras traidisiúnta droim-le-droim, córas inarbh iad na costais a bhí ar aon tairbhí ar leith na téarmaí ab fhéidir a fháil an lá áirithe ar tugadh an iasacht. Seachas an chéad urrann ama, urrann dar ceart an tréimhse ón 1 Meitheamh 2021 go dtí an 31 Nollaig 2021 a chumhdach, ba cheart go gcumhdódh gach urrann ama tréimhse 6 mhí dar tús an 1 Eanáir nó an 1 Iúil. Ba cheart deireadh a theacht le tréimhse ghníomhach na hurrainne ama deireanaí an 31 Nollaig 2026, rud a chiallaíonn go mbeidh 11 urrann ama ann. Ba cheart deireadh a theacht leis na hurranna ama a luaithe a bhainfear amach aisíocaíocht iomlán na n-eisíocaíochtaí maoinithe.

(10)

Cé go mbeidh na rátaí úis a ghearrfar ar thairbhithe iasachta cobhsaí, déanfar na rátaí a athríomh go tréimhsiúil agus go himeallach nuair is gá na hionstraimí atá ag dul in aibíocht sa chistiú comhthiomsaithe a ionadú. Forbróidh an Coimisiún an cumas atá aige chun díorthaigh amhail babhtálacha a úsáid chun aon riosca úis atá fágtha a bhainistiú agus chun an rogha iasachtaí ar rátaí seasta úis a thairiscint do na Ballstáit. Ba cheart do na Ballstáit a úsáideann an rogha seo costais an ráta sheasta úis sin a íoc go hiomlán agus go heisiach.

(11)

Ba cheart méideanna na n-eisíocaíochtaí in urrann ama a bheith cothrom le méid na n-ionstraimí cistiúcháin fadtéarmacha a leagtar ar an urrann ama sin. I bhformhór na gcásanna, beidh eisíocaíochtaí na bhfáltas san urrann ama chéanna le heisiúint na n-ionstraimí cistiúcháin fadtéarmacha a úsáidtear chun na fáltais a thiomsú, agus leagfar eisíocaíocht na bhfáltas sin ar an urrann ama chéanna sin. Mar sin féin, de dheasca moilleanna gan choinne a bheith ann maidir leis na heisíocaíochtaí a dhéanamh, d’fhéadfadh cásanna a bheith ann inar tiomsaíodh fáltais an chistithe fhadtéarmaigh ach nach féidir iad a eisíoc mar a bhí sceidealaithe ar dtús. Sa chás sin, d’fhéadfadh sé go mbeidh moill ar an eisíocaíocht agus féadfar é a dhéanamh le linn na hurrainne ama ina dhiaidh sin. Mar sin féin, más rud é gur tiomsaíodh na cistí do na riachtanais chistiúcháin áirithe sin cheana agus gur leagadh iad ar an urrann ama roimhe sin, ní féidir iad a úsáid le haghaidh riachtanas eile san urrann ama sin. Sna himthosca sin, ba cheart go bhféadfaí na heisíocaíochtaí gaolmhara a leagadh ar urrann ama ar sannadh na hionstraimí cistiúcháin ina leith. Ba cheart an fhéidearthacht a bheith ann freisin na hionstraimí cistiúcháin fadtéarmacha a leagadh ar an urrann ama a leanann an urrann ama a bhí ann roimhe sin sa chás nach leor méid na n-ionstraimí cistiúcháin fadtéarmacha don urrann ama sin chun méid na n-eisíocaíochtaí a chumhdach.

(12)

Beidh gá ann freisin go ndéanfaidh an Coimisiún réamh-mheas, le linn na hurrainne ama roimhe sin, maidir leis na riachtanais eisíocaíochta a thiocfaidh chun cinn go luath i saolré na chéad hurrainne ama atá le teacht. Chun freastal ar na cásanna sin agus chun a áirithiú go mbeidh na hacmhainní ar fáil ag an gCoimisiún ar théarmaí buntáisteacha chun eisíocaíochtaí a dhéanamh gar don aistriú idir na hurranna ama, ba cheart an deis a bheith ag an gCoimisiún ionstraimí cistiúcháin fadtéarmacha a shannadh ar an urrann ama ina dhiaidh sin.

(13)

Is gné lárnach den straitéis cistiúcháin éagsúlaithe é an cumas leachtacht na n-oibríochtaí cistiúcháin a bhainistiú trí rochtain a fháil ar iasacht ghearrthéarmach agus airgead tirim a shealbhú chun críoch stuamachta, agus is í an ghné is mó a shainíonn an straitéis sin. Cuirfidh an bainistiú leachtachta sin ar chumas an Choimisiúin na riachtanais íocaíochta uile a chomhlíonadh agus eisiúint a chur in oiriúint do dhálaí an mhargaidh. As an acmhainn sin eascraíonn costais a bhaineann le fáltais a thiomsú trí pháipéar gearrthéarmach a eisiúint, agus roinnt fáltas a shealbhú ar bhonn sealadach ar chuntas leachtachta ionas gur slán don chumas na híocaíochtaí uile a dhéanamh de réir mar a éilítear iad. Ba cheart go mbunófaí leis an gCinneadh seo bonn chun na costais leachtachta sin a ríomh agus na costais leachtachta sin a mhuirearú ar bhonn cóir cothromasach ar gach tairbhí ábhartha fáltas in imeacht na bliana i gceist.

(14)

Maidir le riachtanais eisíocaíochta atá níos airde ná méid na n-ionstraimí cistiúcháin fadtéarmacha a leithdháiltear ar an urrann ama nó ar na híocaíochtaí úis lena mbaineann, féadfaidh easnamh leachtachta urrainne ama a bheith mar thoradh orthu. Maidir leis na heisíocaíochtaí atá níos ísle ná méid na n-ionstraimí cistiúcháin a leithdháiltear ar an urrann ama nó ar íocaíochtaí fuascailte arna bhfáil ag NGEU maidir leis na heisíocaíochtaí atá gan íoc agus atá leithdháilte ar an urrann ama sin, féadfaidh barrachas leachtachta a bheith mar thoradh orthu. Ceanglais dhosheachanta de chur chun feidhme straitéis cistiúcháin NGEU is ea na barrachais agus na heasnaimh leachtachta sin a chúiteamh. Níor cheart gur ar na hurranna ama faoi seach a bheidh na costais sin, ach ba cheart iad a leithlisiú agus a bhainistiú mar chuid de chostais bainistithe leachtachta ar leith. Is gá sásra a bhunú leis an gCinneadh seo chun costais a eascraíonn as easnaimh leachtachta nó barrachais leachtachta a dhínascadh ionas gur féidir iad a ionsú leis an gclár cistiúcháin níos leithne i bhfoirm costas bainistithe leachtachta. Ba cheart don Choimisiún urrann an bhainistithe leachtachta a úsáid chun aon chomhardú airgid dearfach nó diúltach sna hurranna ama a chothromú le méid iomlán na n-eisíocaíochtaí.

(15)

Chun an straitéis cistiúcháin éagsúlaithe a chur chun feidhme, ní mór na hacmhainneachtaí nua is gá a fháil chun an rochtain is buntáistí a fháil ar mhargaí caipitil agus chun a áirithiú go gcoinneofar an bonneagar sin ar bun ar bhealach leanúnach agus éifeachtach. Áirítear leis sin na costais is gá chun cuntais leachtachta a choinneáil ar bun, chun inniúlacht a fháil ceantanna a reáchtáil do Bhillí an Aontais agus Bannaí an Aontais agus chun acmhainneachtaí próiseála sonraí inmheánacha nua a chur chun feidhme. Ba cheart costais den sórt sin a eascraíonn go díreach as cur chun feidhme oibríochtaí iasachtaíochta agus eisíocaíochta NGEU a láimhseáil mar fhorchostais lena ndéantar idirdhealú idir costais a bhaineann le bunú agus costais a bhaineann le cothabháil bhonneagar iasachtaíochta agus íocaíochta NGEU. Ba cheart na costais sin a chuimsiú le costas na seirbhíse le haghaidh costais riaracháin.

(16)

Cuimsíonn costas seirbhíse na bhforchostas riaracháin na costais riaracháin uile a thabhaítear go díreach i gcur chun feidhme NGEU. Tiocfaidh na costais sin chun cinn mar chostais bhunaithe, a bhaineann le costais aonuaire chun acmhainneachtaí oibríochtúla áirithe a thógáil nó mar chostais athfhillteacha ar costais dhosheachanta iad atá inleagtha go díreach ar oibríochtaí NGEU agus a tharlaíonn le himeacht ama.

(17)

Cé gur cheart go mbeadh na costais athfhillteacha ina bpríomhchuid de na costais bhliantúla rialta a ghearrtar ar na heisíocaíochtaí a tharlaíonn in aon bhliain ar leith, ba cheart na costais bhunaithe a líomhnú mar tháillí aonuaire.

(18)

Ba cheart na costais riaracháin a áirítear sa chostas seirbhíse le haghaidh forchostais riaracháin a theorannú do liosta dúnta de chostais a bhaineann go díreach le NGEU. Is ionann costas comhiomlán na seirbhíse le haghaidh forchostais riaracháin agus sciar an-teoranta de na costais chomhiomlána ó oibríochtaí NGEU. Sheolfadh an Coimisiún comhairliúchán iomchuí, in éineacht le saineolaithe ó na Ballstáit, roimh an liosta de chostais riaracháin a leathnú sa chás go mbeadh gá lena leithéid amach anseo. Dhéanfaí comhairliúchán den sórt sin freisin sula ndéanfaí gnéithe eile den mhodheolaíocht sin a mhodhnú, ar modhnuithe iad a mbeadh tionchar acu ar na costais a bheidh le híoc ó bhuiséad an Aontais nó ag na Ballstáit.

(19)

Ba cheart an próiseas sonraiscthe ex post a bheith deartha chun a áirithiú go n-aisghabhfar costais ó 2022 ar aghaidh agus go dtí an tráth sin nach nginfear costais a thuilleadh le hoibríochtaí bainistithe iasachtaíochta agus fiachais NGEU.

(20)

Ba cheart don Choimisiún fógra deimhniúcháin a eisiúint i leith gach eisíocaíochta, bíodh baint ag an bhfógra sin le hioncam sannta seachtrach faoi Airteagal 3(1) de Rialachán (AE) 2020/2094 nó le hiasachtaí a thugtar do Bhallstáit faoi Rialachán (AE) 2021/241 (“iasachtaí ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta”).

(21)

Cuirfear na hiasachtaí faoi Rialachán (AE) 2021/241 chun feidhme ar théarmaí caighdeánacha airgeadais (próifíl aibíochta agus aisíocaíochta) le haghaidh gach eisíocaíochta a dhéanfar le Ballstáit. Maidir le heisíocaíochtaí d’ioncam sannta seachtrach faoi Airteagal 3(1) de Rialachán (AE) 2020/2094, ba cheart an fógra deimhniúcháin a bheith ar an bpríomhghné tacaíochta lena gcinntear na téarmaí airgeadais sin do Bhuiséad an Aontais. Is ann don fhógra deimhniúcháin chun an t-éileamh ar chostas a chinneadh ar bhonn a théarmaí airgeadais. Sna téarmaí sin ba cheart dáta na heisíocaíochta, méid na tacaíochta airgeadais, dáta íocaíochtaí an chostais a bhaineann le hioncam sannta seachtrach a chistiú a bheith san áireamh faoi Airteagal 3(1) de Rialachán (AE) 2020/2094.

(22)

Soiléireofar le tagairtí iomchuí sna comhaontuithe iasachta arna síniú ag na Ballstáit go gcinnfear costais na n-eisíocaíochtaí trí chur i bhfeidhm na modheolaíochta a leagtar amach leis an gCinneadh seo.

(23)

Trí bhíthin na modheolaíochta maidir le leithdháileadh costas, cinntear an modh ina ríomhfar na costais a bhaineann le hiasachtaí a fháil ón mbuiséad i gcomhréir leis an gcéad fhomhír d’Airteagal 5(2) de Chinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 agus na costais a bhaineann le hiasachtaí a fháil ó na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 15(3) de Rialachán (AE) 2021/241. Dá réir sin, socrú atá sa mhodheolaíocht maidir le leithdháileadh costas chun na hoibríochtaí iasachtaíochta agus iasachtaithe a riar de réir bhrí Airteagal 5(3) de Chinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 agus Airteagal 15(4) de Rialachán (AE) 2021/241.

(24)

D’fhonn leithdháileadh aonfhoirmeach costas faoi phacáiste téarnaimh NGEU a áirithiú, ba cheart feidhm a bheith ag an gCinneadh seo ón 1 Meitheamh 2021. Ós rud é gur cheart feidhm a bheith ag an gCinneadh seo maidir le hidirbhearta iasachtaíochta agus eisíocaíochtaí faoi chlár NGEU a rinneadh sular tháinig an Cinneadh i bhfeidhm, ba cheart dó teacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Cur i bhfeidhm an chinnidh sin maidir le hiasachtaí do Bhallstáit faoi Rialachán (AE) 2021/241, is rud é ba cheart a dhéanamh ach a dtiocfaidh na comhaontuithe iasachta ábhartha i bhfeidhm,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Roinn 1

Ábhar, sainmhínithe agus rialacha ginearálta

Airteagal 1

Ábhar agus prionsabail rialaithe

1.   Bunaítear leis an gCinneadh seo modheolaíocht aonair aontaithe chun costais an chistithe, bainistithe leachtachta agus costais seirbhíse a leithdháileadh ar fhorchostais riaracháin a thabhaítear mar thoradh ar oibríochtaí iasachtaíochta agus bainistithe fiachais a dhéantar faoi chláir arna maoiniú faoi Airteagal 2(2) de Rialachán (AE) 2020/2094, a mhéid a chuireann siad bearta dá dtagraítear in Airteagal 1(2) den Rialachán sin chun feidhme.

2.   Beidh cur chun feidhme na modheolaíochta leithdháilte costas bunaithe ar phrionsabal na cothroime agus ar phrionsabal na déileála comhionainne, trína áirithiú go leithdháilfear costais ar bhonn sciar coibhneasta na tacaíochta a fuarthas.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Chinnidh seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

Ciallaíonn “ionstraimí cistiúcháin” bannaí, nótaí, páipéar tráchtála, billí státchiste nó aon idirbheart airgeadais iomchuí gearrthéarmach agus/nó fadtéarmach eile arna n-eisiúint faoi straitéis cistiúcháin an Choimisiúin chun oibríochtaí bainistithe iasachtaíochta agus fiachais NGEU a chur chun feidhme;

(2)

Ciallaíonn “comhaontú iasachta na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta” comhaontú idir an Coimisiún agus Ballstát i gcomhréir le hAirteagal 15(2) de Rialachán (AE) 2021/241;

(3)

Ciallaíonn “eisíocaíocht” aon eisíocaíocht le Ballstát faoi chomhaontú iasachta na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta faoi Airteagal 2(2)(b) de Rialachán (AE) 2020/2094 nó mar ioncam sannta seachtrach faoi Airteagal 3(1) de Rialachán (AE) 2020/2094;

(4)

Ciallaíonn “tréimhse úis” tréimhse 12 mhí, nó tréimhse eile a shonrófar san fhógra deimhniúcháin, dar tús dáta na heisíocaíochta nó an chéad dáta íoca úis;

(5)

Ciallaíonn “bainistiú leachtachta” bainistiú sreafaí airgid a bhaineann le hionstraimí cistiúcháin agus le heisíocaíochtaí;

(6)

Ciallaíonn “oibríochtaí iasachtaíochta NGEU” oibríochtaí ar na margaí, go háirithe eisiúintí fiachais, chun méid suas le EUR 750 000 milliún i bpraghsanna 2018 a fháil ar iasacht, de bhun Airteagal 5(1) de Chinneadh (AE, Euratom) 2020/2053, lena n-áirítear iasachtaíocht tar-rollta;

(7)

Ciallaíonn “oibríochtaí bainistithe fiachais NGEU” oibríochtaí margaidh a bhaineann leis an bhfiachas a eascraíonn as oibríochtaí iasachtaíochta NGEU chun struchtúr an fhiachais gan íoc a bharrfheabhsú agus chun riosca úis, leachtacht agus rioscaí airgeadais eile a mhaolú;

(8)

Ciallaíonn “ionstraim chistiúcháin ghearrthéarmach” cistiú arna dhéanamh ag oibríochtaí iasachtaíochta NGEU ar feadh téarma atá cothrom le nó níos lú ná 1 bhliain amháin;

(9)

Ciallaíonn “ionstraim chistiúcháin fhadtéarmach” cistiú arna dhéanamh ag oibríochtaí iasachtaíochta NGEU ar feadh téarma is faide ná 1 bhliain amháin.

Roinn 2

Urranna agus ríomh costas

Airteagal 3

Urranna ama

1.   Ba cheart gach urrann ama a bheith gníomhach ar feadh tréimhse 6 mhí dar tús an 1 Eanáir nó an 1 Iúil. An tréimhse ón 1 Meitheamh 2021 go dtí an 31 Nollaig 2021 a chumhdófar leis an gcéad urrann ama, áfach. Tiocfaidh deireadh le tréimhse ghníomhaíochta na hurrainne ama deiridh an 31 Nollaig 2026.

2.   Is éard a bheidh san urrann ama na heisíocaíochtaí a dhéanfar le linn a tréimhse gníomhaí agus na hionstraimí cistiúcháin gaolmhara a leithdháiltear uirthi. Leagfar aon eisíocaíocht ar an urrann ama a bheidh gníomhach ar dháta na heisíocaíochta sin.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír, i gcás inar mó méid na bhfáltas ó ionstraimí cistiúcháin fadtéarmacha a leagadh ar an urrann ama a bhí ann roimhe sin ná méid na n-eisíocaíochtaí a leagadh ar an urrann sin a bhí ann roimhe sin i gcomhréir leis an gcéad fhomhír, leithdháilfear na heisíocaíochtaí ar an urrann ama roimhe sin go dtí go sroichfidh méid iomlán eisíocaíochtaí na hurrainne ama sin roimhe sin méid na bhfáltas ón ionstraim chistiúcháin fhadtéarmach a leagadh uirthi.

3.   Maidir le hionstraimí cistiúcháin fadtéarmacha seachas iad sin dá dtagraítear i mír 4, déanfar iad a leagadh ar an urrann ama a bheidh gníomhach an tráth a thabharfar i gcrích oibríocht iasachtaíochta de chuid NGEU a ghineann iad.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír:

(a)

féadfar ionstraimí cistiúcháin a tiomsaíodh d’fhonn eisíocaíocht a chistiú san urrann ama ina dhiaidh sin a leagadh ar an urrann ama sin;

(b)

i gcás inar mó méid na n-eisíocaíochtaí ag deireadh na hurrainne ama gníomhaí ná méid na bhfáltas ó ionstraimí cistiúcháin fadtéarmacha, déanfar na hionstraimí cistiúcháin fadtéarmacha a ghintear ó oibríochtaí iasachtaíochta NGEU tar éis dheireadh thréimhse ghníomhach na hurrainne ama a leagadh ar an urrann ama sin go dtí go sroichfidh méid na bhfáltas ó ionstraimí cistiúcháin fadtéarmacha méid na n-eisíocaíochtaí san urrann ama sin.

4.   Maidir le hionstraimí cistiúcháin fadtéarmacha a chuirtear in ionad ionstraimí cistiúcháin fadtéarmacha atá ag dul in aibíocht, déanfar iad a leagadh ar an urrann ama chéanna.

Airteagal 4

Urrann an bhainistithe leachtachta

1.   Beidh feidhm ag urrann an bhainistithe leachtachta sin go dtí go mbeidh na cistí dá dtagraítear in Airteagal 5(1) de Chinneadh 2020/2053 aisíoctha go hiomlán.

2.   Is éard a bheidh sin urrann an bhainistithe leachtachta ionstraimí cistiúcháin gearrthéarmacha.

Airteagal 5

Na costais a ríomh

Déanfar na costais maidir le cistiú, na costais a bhaineann le bainistiú leachtachta agus na costais seirbhíse le haghaidh forchostais riaracháin a ríomh i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Roinn 3

Sonrascadh

Airteagal 6

Fógra deimhniúcháin

1.   I ndáil le gach eisíocaíocht, eiseoidh an Coimisiún fógra deimhniúcháin ina leagfar amach téarmaí an éilimh ar chostas.

2.   Cinnfear leis an bhfógra deimhniúcháin na téarmaí chun costais an chistithe agus na príomh-aisíocaíochta a íoc i ndáil le gach eisíocaíocht.

3.   Beidh na gnéithe seo a leanas go háirithe san fhógra deimhniúcháin dá dtagraítear i mír 1:

(a)

méid na heisíocaíochta;

(b)

aibíocht na heisíocaíochta;

(c)

an sceideal aisíocaíochta;

(d)

leagadh na heisíocaíochta ar urrann ama;

(e)

an tréimhse úis agus an dáta íocaíochta sonraithe do chostas an chistithe.

4.   Beidh gnéithe breise a léirítear i gcomhaontuithe iasachta na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta san fhógra deimhniúcháin d’iasachtaí.

Airteagal 7

Costas an chistithe a shonrascadh

Déanfaidh an Coimisiún costais an chistithe a shonrascadh ag deireadh na tréimhse úis dá dtagraítear in Airteagal 2(4). Maidir le heisíocaíochtaí mar ioncam sannta seachtrach faoi Airteagal 3(1) de Rialachán (AE) 2020/2094, féadfar na sonraisc a ghrúpáil in aghaidh gach ráithe den bhliain féilire.

Airteagal 8

Na costais a bhaineann le bainistiú leachtachta a shonrascadh

Déanfaidh an Coimisiún na costais a bhaineann le bainistiú leachtachta a shonrascadh ag tús gach bliana féilire le haghaidh na gcostas a tabhaíodh i rith na bliana féilire roimhe sin.

Airteagal 9

Na costais seirbhíse le haghaidh forchostais riaracháin a shonrascadh

Déanfaidh an Coimisiún na Ballstáit a bhaineann tairbhe as iasachtaí ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta a shonrascadh as costas seirbhíse d’fhorchostais riaracháin a tabhaíodh i rith na bliana féilire roimhe sin.

Roinn 4

Forálacha críochnaitheacha

Airteagal 10

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Meitheamh 2021.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 2 Iúil 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 57, 18.2.2021, lch. 17.

(2)  IO L 424, 15.12.2020, lch. 1.

(3)  Rialachán (AE) 2020/2094 ón gComhairle an 14 Nollaig 2020 lena mbunaítear Ionstraim Théarnaimh de chuid an Aontais Eorpaigh chun tacú leis an téarnamh i ndiaidh ghéarchéim COVID-19 (IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 23).

(4)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014 agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

1.   Costas an chistithe a ríomh

Ríomhfar costas an chistithe de réir na gcéimeanna seo a leanas:

 

Céim 1: Ríomh costas iomlán laethúil ionstraime cistiúcháin aonair in urrann ama nó in urrann bainistíochta leachtachta

Ríomhfar na fabhruithe laethúla:

 

Image 1

I gcás gach ionstraime cistiúcháin, leithdháilfear agio/disagio go líneach thar shaolré na hionstraime:

 

Image 2

más Praghas eisiúna = Praghas iomlán (lena n-áirítear táillí bainc)

I gcás gach ionstraime cistiúcháin, déanfar na costais iomlána laethúla a ríomh mar a leanas:

 

Image 3

 

Céim 2: Méid comhiomlán chostais laethúla iomlána an chistithe a ríomh

I gcás gach urrainne ama (TC1-TC11), is éard a bheidh i gcostais laethúla iomlána le haghaidh na hurrainne roimh leibhéalú na n-iarmhéideanna leachtachta suim chostais laethúla iomlána gach ionstraime cistiúcháin a leagtar ar an urrann ama:

 

Image 4

I gcás urrann an bhainistithe leachtachta is éard a bheidh i gcostas laethúil an chistithe an méid seo a leanas:

Image 5

 

Céim 3: An comhardú leachtachta laethúla sna hurranna ama a ríomh

Ríomhfar leibhéal an chomhardaithe leachtachta laethúla in urrann ama go laethúil mar a leanas:

 

Image 6

 

Céim 4: Costas laethúil sciar ionstraimí cistiúcháin mar bharrachas leachtachta urrainne ama a ríomh

Ríomhfar costais laethúla an chistithe a bhaineann leis an sciar ionstraimí cistiúcháin de thoradh dearfach ar chéim 3 (‘barrachas leachtachta’) mar a leanas:

 

Image 7

 

Céim 5: Costas cistithe urrainne ama agus costas bainistithe leachtachta urrainne i gcás urrainne ama a bhfuil barrachas leachtachta ag gabhail léi a ríomh

Aistreofar an barrachas leachtachta ón urrann ama faoi seach go dtí an urrann bainistithe leachtachta.

Ríomhfar costas cistithe na hurrainne ama sin óna n-aistrítear an barrachas leachtachta mar a leanas:

 

Image 8

Ríomhfar costas urrainne bainistithe leachtachta a fhaigheann an barrachas leachtachta mar a leanas:

Image 9

 

Céim 6: Costas cistithe na hurrainne ama a bhfuil easnamh leachtacha ag gabháil léi a ríomh

Déanfar toradh diúltach ar chéim 3 (‘easnamh leachtachta’) in urrann ama a leibhéalú le haistriú leachtachta ón urrann bainistithe leachtachta ag a costais cistithe laethúla (Céim 5).

Image 10

 

Céim 7: Costas laethúil cistithe eisíocaíochta a ríomh

Is éard a bheidh sa chostas laethúil cistithe eisíocaíochta costas laethúil chistiú na hurrainne ama tar éis an leibhéalta arna iolrú faoi sciar choibhneasta na heisíocaíochta i ndáil leis an urrann ama a leithdháileadh an sciar sin ina leith.

Image 11

2.   Costas Bainistithe Leachtachta a ríomh

Ríomhfar costais bainistithe leachtachta (LIQM) in aghaidh ráithe na bliana féilire mar a leanas:

Image 12

De mhaolú ar an gcéad fhomhír, ríomhfar na costais bainistithe leachtachta thar an tréimhse ón 1 Meitheamh 2021 go dtí an 31 Nollaig 2021 le haghaidh na tréimhse iomláine sin mar a leanas:

Image 13

Leagtar LIQM in aghaidh na ráithe ar gach eisíocaíocht mar a leanas:

 

Image 14

3.   Costas Seirbhíse le haghaidh forchostais riaracháin a ríomh

Is éard a bheidh sna costais seirbhíse le haghaidh forchostais riaracháin na costais riaracháin athfhillteacha agus na costais bhunaithe le haghaidh iasachtaí RRF.

3.1.   Costais riaracháin athfhillteacha a ríomh

Is éard a bheidh sna costais riaracháin athfhillteacha aon chostas a thabhaíonn an Coimisiún agus é i mbun oibríochtaí iasachtaíochta agus oibríochtaí bainistithe fiachais NGEU, arb iad na cineálacha costas seo a leanas iad:

(a)

táillí dlíthiúla, lena n-áirítear táillí a thabhaítear maidir le tuairimí dlíthiúla;

(b)

costais athfhillteacha bainistithe cuntas;

(c)

costais le haghaidh iniúchadh seachtrach;

(d)

táillí cothabhála ar ardán ceantála;

(e)

táillí na gníomhaíochta rátála;

(f)

táillí ar liostú, ar chánacha, ar chlárú, ar fhoilsiú agus ar shocrú;

(g)

táillí ar theicneolaíocht faisnéise;

(h)

speansais a bhaineann le taighde margaidh.

A mhéid atá na costais sin comhchoiteann i gcás oibríochtaí iasachtaíochta NGEU arna gcur chun feidhme maidir le cláir cúnaimh airgeadais eile, ríomhfar na costais a áirítear sa ríomh mar an sciar pro rata a leagtar ar oibríochtaí iasachtaíochta NGEU agus oibríochtaí bainistithe fiachais NGEU sa bhliain féilire ábhartha. Ní bheidh aon chostas dlite i leith iasachtaí RRF le haghaidh na bliana 2021.

Ríomhfar na costais riaracháin athfhillteacha mar a leanas:

 

Image 15

Sannfar na costais riaracháin athfhillteacha mar a leanas:

Image 16

3.2.   Na costais bhunaithe a ríomh agus a leithdháileadh

Cuimseofar sna costais bhunaithe aon chostas a thabhaíonn an Coimisiún agus oibríochtaí iasachtaíochta NGEU agus na hoibríochtaí bainistithe fiachais á ndéanamh aige nó a thabhaítear maidir le cúnamh teicniúil i ndáil leis na hoibríochtaí sin, lena n-áirítear costas a bhaineann leis na nithe seo a leanas:

(a)

bunú chuntais NGEU;

(b)

bunú ardáin ceantála;

(c)

bunú na huirlise bainistíochta infheisteora;

(d)

costais teicneolaíochta faisnéise eile;

(e)

taighde margaidh;

(f)

táillí comhairliúcháin.

Ríomhfar na costais bhunaithe in aghaidh thairbhí iasachtaí RRF de réir na gcéimeanna seo a leanas seo a leanas:

(i)

Ríomhfar na costais bhunaithe le haghaidh iasachtaí RRF mar a leanas:

 

Image 17

(ii).

Leithdháilfear na costais bhunaithe le haghaidh iasachtaí RRF le haghaidh na mblianta 2021, 2022 agus 2023 do gach Ballstát a shínigh comhaontú iasacht RRF, sa bhliain inar shínigh sé é, mar a leanas:

 

Image 18

(iii)

Ón 1 Eanáir 2024 ar aghaidh, ríomhfar aon chostas bunaithe neamh-leithdháilte mar a leanas:

 

Image 19

Leithdháilfear na costais bhunaithe neamh-leithdháilte sin mar chostais bhunaithe sa bhreis ar eisíocaíochtaí do Bhallstáit faoi chomhaontú iasacht RRF mar a leanas:

Image 20

3.3.   Costas Seirbhíse in aghaidh an tairbhí a ríomh

Image 21

4.   Gluais na nacrainmneacha

ACCdaily

Costais úis fhabhraithe gach ionstraime cistiúcháin arna miondealú de réir an lae

RIARACHÁN CoSBliantúil

suim na gcostas riaracháin le linn na bliana féilire

agio/disagio laethúil

agiodisagio bunaithe ar an bpraghas eisiúna iomláin arna mhiondealú de réir an lae

Tairbhithe

Na Ballstáit a fhaigheann eisíocaíocht le haghaidh iasachtaí RRF agus buiséad an Aontais a fhaigheann eisíocaíocht mar ioncam sannta seachtrach faoi Airteagal 3(1) de Rialachán (AE) 2020/2094

CoF éilimh aonair in TC(x)

CoF éilimh in urrann ama X

CoFlaethúil in aghaidh na hionstraime

CoF in aghaidh an lae in aghaidh na hionstraime cistiúcháin

CoFlaethúilLMC tar éis an leibhéalta

CoF in aghaidh an lae le haghaidh LMC tar éis an leibhéalta

CoFlaethúilLMC roimh an leibhéaladh

CoF in aghaidh an lae don LMC roimh an leibhéaladh

CoFlaethúilTC(easnamh) tar éis an leibhéalta

CoF in aghaidh an lae tar éis an leibhéalta le haghaidh na n-urranna a bhfuil easnamh leachtachta tosaigh ag gabháil leo

CoFlaethúilTC(barrachas) tar éis an leibhéalta

CoF in aghaidh an lae tar éis leibhéalta le haghaidh na n-urranna a bhfuil barrachas leachtachta tosaigh ag gabhail leo

CoFlaethúilTC(x) roimh an leibhéaladh

CoF in aghaidh an lae roimh leibhéaladh urrann X

CoFlaethúil barrachais leachtachta sa TC(barrachas)

CoF in aghaidh an lae a bhaineann le barrachas leachtachta san urrann ama

CoFlaethúil na leachtachta arna aistriú ó LMC

CoF in aghaidh an lae a bhaineann leis an leachtacht a aistrítear chuig LMC

Cúpón

Leasanna arna n-íoc ag an eisitheoir ar an mbanna

LeachtachtTC(x)

Méid na leachtachta in urrann ama X

LMC

Urrann bainistithe leachtachta

LIQMna ráithe

Costais an bhainistithe leachtachta thar an ráithe

méid barúlach

Méid ainmniúil

RoI shealúchais leachtachtana ráithe

Toradh ar infheistíocht na sealúchas leachtachta thar an ráithe

TC(x)

Suim iomlán éileamh agus leachtachta urrann ama X