5.7.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 236/55


CINNEADH (AE) 2021/1093 ÓN gCOMHAIRLE

an 28 Meitheamh 2021

lena leagtar síos rialacha cur chun feidhme a bhaineann le hOifigeach Cosanta Sonraí na Comhairle, cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus srianta ar chearta ábhar sonraí i gcomhthéacs fheidhmiú chúraimí Oifigeach Cosanta Sonraí na Comhairle, agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2004/644/CE ón gComhairle

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 240(3) de,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (1), agus go sonrach, Airteagal 45(3) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) 2018/1725, leagtar amach prionsabail agus rialacha is infheidhme maidir le hinstitiúidí agus comhlachtaí uile an Aontais agus foráiltear do cheapadh oifigeach cosanta sonraí ag gach institiúid nó comhlacht de chuid an Aontais.

(2)

Ceanglaítear, le hAirteagal 45(3) de Rialachán (AE) 2018/1725, go nglacfaidh gach institiúid nó comhlacht de chuid an Aontais na rialacha cur chun feidhme a bhaineann leis an oifigeach cosanta sonraí (na “rialacha cur chun feidhme”). Ba cheart baint a bheith ag na rialacha cur chun feidhme go háirithe le cúraimí, dualgais agus cumhachtaí Oifigeach Cosanta Sonraí na Comhairle agus Ardrúnaíocht na Comhairle (“OCS”).

(3)

Ba cheart, leis na rialacha cur chun feidhme, na nósanna imeachta a leagan síos le haghaidh fheidhmiú chearta na n-ábhar sonraí agus chomhlíonadh oibleagáidí na ngníomhaithe ábhartha uile sa Chomhairle agus in Ardrúnaíocht na Comhairle (“ARC”) a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta.

(4)

Foráiltear le Rialachán (AE) 2018/1725 d’fhreagrachtaí soiléire rialaitheoirí sonraí, go háirithe a mhéid a bhaineann le cearta ábhar sonraí. Ba cheart a áirithiú, leis na rialacha cur chun feidhme, go gcomhlíonfaidh an Chomhairle agus ARC a bhfreagrachtaí mar rialaitheoir ar bhealach aonfhoirmeach trédhearcach. Ba cheart rialacha a leagan amach chun go sainaithneofar cé atá freagrach as oibríocht phróiseála a dhéantar thar ceann na Comhairle nó ARC. I ndáil leis sin, is iomchuí coincheap an “rialaitheoir tarmligthe” a thabhairt isteach chun freagrachtaí eintitis ARC a léiriú go cruinn, go háirithe maidir le cinntí aonair a bhaineann le cearta ábhar sonraí. Chomh maith leis sin, is iomchuí coincheap an “rialaitheoir oibríochtúil” a thabhairt isteach, a ainmnítear, faoi fhreagracht an rialaitheora tharmligthe, chun comhlíonadh a áirithiú i gcleachtas, agus chun iarrataí ó ábhair sonraí a phróiseáil i ndáil le hoibríocht phróiseála. Chun na freagrachtaí in ARC a léiriú go cruinn le haghaidh gach gníomhaíochta próiseála, ba cheart an rialaitheoir oibríochtúil a léiriú go cruinn sa taifead a choinnítear sa chlár. Ní chuirtear cosc, le ceapacháin rialaitheora oibríochtúil, ar phointe teagmhála a úsáid i gcleachtas, mar shampla, i bhfoirm bosca poist fheidhmiúil a chuirfear ar fáil le haghaidh iarrataí ó ábhair sonraí.

(5)

I gcásanna áirithe, déanann roinnt ardstiúrthóireachtaí nó seirbhísí de chuid ARC oibríocht phróiseála go comhpháirteach chun a misean a chomhlíonadh. I gcásanna den sórt sin, ba cheart dóibh a áirithiú go mbeidh socruithe inmheánacha i bhfeidhm chun a bhfreagrachtaí faoi seach a chinneadh ar bhealach trédhearcach faoi Rialachán (AE) 2018/1725, go háirithe maidir le cearta na n-ábhar sonraí, fógra a thabhairt don Mhaoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí (“MECS”) agus taifid a choinneáil.

(6)

Chun feidhmiú fhreagrachtaí na rialaitheoirí tarmligthe a éascú, ba cheart do gach ardstiúrthóireacht nó seirbhís eile de chuid ARC comhordaitheoir cosanta sonraí a cheapadh. Ba cheart do na comhordaitheoirí cosanta sonraí cúnamh a thabhairt d’ardstiúrthóireacht nó seirbhís eile de chuid ARC i ngach gné de chosaint sonraí pearsanta agus beidh siad rannpháirteach i líonra na gcomhordaitheoirí cosanta sonraí in ARC chun cur chun feidhme agus léiriú comhleanúnach Rialachán (AE) 2018/1725 a áirithiú.

(7)

De bhun phointe (b) d’Airteagal 45(1) de Rialachán (AE) 2018/1725, féadfaidh OCS treoir bhreise a eisiúint maidir le feidhm an chomhordaitheora cosanta sonraí.

(8)

Foráiltear, le hAirteagal 25(1) de Rialachán (AE) 2018/1725, gur féidir le gach institiúid nó comhlacht de chuid an Aontais srian a chur ar chur i bhfeidhm Airteagail 14 go 17, 19, 20 agus 35 den Rialachán sin, chomh maith le prionsabal na trédhearcachta a leagtar síos in Airteagal 4(1), pointe (a), de, a mhéid a chomhfhreagraíonn forálacha an Airteagail sin leis na cearta agus na forálacha dá bhforáiltear in Airteagail 14 go 17, 19 agus 20 den Rialachán sin.

(9)

I gcásanna áirithe, d’fhéadfadh sé gur gá do OCS srian a chur ar chearta ábhar sonraí chun na cúraimí faireacháin, imscrúdaitheacha, iniúchóireachta nó comhairliúcháin a leagtar amach in Airteagal 45 de Rialachán (AE) 2018/1725 a chomhlíonadh agus, ag an am céanna, na caighdeáin cosanta sonraí faoin Rialachán sin a n-urramú. Is gá rialacha inmheánacha a ghlacadh faoina bhféadfaidh OCS srian a chur ar chearta ábhar sonraí i gcomhréir le hAirteagal 25 de (na “rialacha inmheánacha”).

(10)

Ba cheart feidhm a bheith ag na rialacha inmheánacha maidir le gach oibríocht próiseála sonraí a dhéanann an Chomhairle agus ARC agus cúraimí faireacháin, imscrúdaitheacha, iniúchóireachta nó comhairliúcháin OCS á bhfeidhmiú. Ba cheart feidhm a bheith ag na rialacha inmheánacha sin maidir le hoibríochtaí próiseála ar cuid iad de na cúraimí a nasctar le feidhm imscrúdaitheach nó iniúchóireachta OCS, amhail próisis ghearáin arna seoladh ag OCS. Ba cheart feidhm a bheith ag na rialacha inmheánacha maidir leis an bhfaireachán a dhéanann OCS agus le comhairliúcháin OCS, nuair a thugann OCS cúnamh agus comhar d’ardstiúrthóireachtaí agus do sheirbhísí ARC lasmuigh dá imscrúduithe agus iniúchtaí riaracháin.

(11)

D’fhéadfadh sé gur gá don Chomhairle agus ARC srianta ar bhonn na bhforas dá dtagraítear in Airteagal 25(1)(c), (g) agus (h) de Rialachán (AE) 2018/1725 a chur i bhfeidhm maidir leis na hoibríochtaí próiseála sonraí a dhéantar faoi chuimsiú chúraimí faireacháin, imscrúdaitheacha, iniúchóireachta nó comhairliúcháin OCS nuair is gá cúraimí OCS, imscrúduithe agus imeachtaí gaolmhara, agus uirlisí agus modhanna imscrúduithe agus iniúchtaí OCS a chosaint, chomh maith le cearta daoine eile a bhaineann le cúraimí OCS.

(12)

Chomh maith leis sin, chun comhar éifeachtach a choimeád, d’fhéadfadh sé gur gá don Chomhairle agus ARC srianta a chur i bhfeidhm ar chearta ábhar sonraí chun faisnéis ina bhfuil sonraí pearsanta a thagann as ardstiúrthóireachtaí nó as seirbhísí ARC eile nó ó institiúidí nó ó chomhlachtaí eile de chuid an Aontais, a chosaint. Chuige sin, ba cheart do OCS dul i gcomhairle leis na hardstiúrthóireachtaí agus seirbhísí sin nó na hinstitiúidí nó na comhlachtaí eile sin maidir leis na forais atá ábhartha do shrianta den sórt sin, agus maidir leis an ngá atá le srianta den sórt sin agus comhréireacht srianta den sórt sin.

(13)

Ba cheart do OCS agus, i gcás inarb ábhartha, ardstiúrthóireachtaí agus seirbhísí de chuid ARC na srianta uile a láimhseáil ar bhealach trédhearcach agus gach cur i bhfeidhm srianta a chlárú sa chóras taifid comhfhreagrach.

(14)

De bhun Airteagal 25(8) de Rialachán (AE) 2018/1725, féadfaidh na rialaitheoirí staonadh ón bhfaisnéis maidir leis na cúiseanna atá le cur i bhfeidhm sriain a chur ar fáil d’ábhair sonraí nó an cur ar fáíl sin a chur siar más rud é go gcuirfeadh sé sin isteach ar chuspóir an tsriain ar aon bhealach. Go háirithe, i gcás ina bhforáiltear do shrian ar na cearta in Airteagail 16 agus 35 den Rialachán sin, bhainfeadh fógra faoi shrian mar sin de chuspóir an tsriain. Chun a áirithiú nach gcuirfear srian ar cheart ábhar sonraí faisnéis a fháil i gcomhréir leis na Airteagail ach a fhad a mhaireann na cúiseanna leis an gcur siar, féadfaidh OCS nó an ardstiúrthóireacht nó an tseirbhís de chuid ARC a bhfuil an srian á chur i bhfeidhm aici a seasamh a athbhreithniú go rialta.

(15)

I gcás ina gcuirtear srian ar chearta ábhar sonraí eile, ba cheart do OCS a mheas, ar bhonn cás ar chás, an mbainfeadh faisnéis faoin srian dá chuspóir nó nach mbainfeadh.

(16)

Ba cheart do OCS athbhreithniú neamhspleách a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na srianta bunaithe ar an gCinneadh seo, ag ardstiúrthóireachtaí nó seirbhísí eile de chuid ARC, d’fhonn a áirithiú go gcomhlíontar an Cinneadh seo.

(17)

Aon srian a chuirfear i bhfeidhm ar bhonn an Chinnidh seo, ba cheart é a bheith riachtanach agus comhréireach i sochaí dhaonlathach.

(18)

Cuireadh an MECS ar an eolas agus chuathas i gcomhairle leis i gcomhréir le hAirteagal 41(1) agus (2) de Rialachán (AE) 2018/1725 agus thug sé a thuairim uaidh (2).

(19)

Ní dochar rialacha cur chun feidhme Rialachán (AE) 2018/1725 do Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), do Chinneadh 2004/338/CE, Euratom, ón gComhairle (4), agus go háirithe, d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis, do Chinneadh 2013/488/AE ón gComhairle (5), agus go háirithe do Roinn VI de Chuid II den Iarscríbhinn a ghabhann leis, chomh maith le Cinneadh Ardrúnaí na Comhairle/an Ardionadaí don Bheartas Eachtrach agus Slándála an 25 Meitheamh 2001 (6).

(20)

Cinneadh 2004/644/CE ón gComhairle (7) leagtar síos rialacha cur chun feidhme maidir le Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 le Rialachán (AE) 2018/1725 le héifeacht ón 11 Nollaig 2019. Chun a áirithiú nach mbeidh ach aon tacar amháin rialacha infheidhme, ba cheart Cinneadh 2004/644/CE a aisghairm,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

ROINN 1

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.   Leagtar síos leis an gCinneadh seo rialacha agus nósanna imeachta maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2018/1725 ag an gComhairle agus ag Ardrúnaíocht na Comhairle (ARC) agus leagtar amach ann tuilleadh rialacha cur chun feidhme maidir le hOifigeach Cosanta Sonraí na Comhairle (OCS).

2.   Leagtar síos leis an gCinneadh seo na rialacha a bheidh le leanúint ag an gComhairle agus ag ARC i ndáil le cúraimí faireacháin, imscrúdaitheacha, iniúchóireachta nó comhairliúcháin OCS, nuair a dhéantar ábhair sonraí a chur ar an eolas faoi phróiseáil a sonraí pearsanta i gcomhréir le hAirteagail 14, 15 agus 16 de Rialachán (AE) 2018/1725.

3.   Leagtar síos leis an gCinneadh seo na coinníollacha faoina bhféadfaidh an Chomhairle agus ARC, i ndáil le gníomhaíochtaí faireacháin, imscrúdaitheacha, iniúchóireachta nó comhairliúcháin OCS, srian a chur ar chur i bhfeidhm Airteagail 4, 14 go 17, 19, 20 agus 35 de Rialachán (AE) 2018/1725, i gcomhréir le hAirteagal 25(1), pointí (c), (g) agus (h) den Rialachán sin.

4.   Beidh feidhm ag an gCinneadh seo maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil ag an gComhairle agus ARC chun crích chúraimí OCS nó i ndáil leis na cúraimí sin dá dtagraítear in Airteagal 45 de Rialachán (AE) 2018/1725.

Airteagal 2

Rialú

Chun críocha an Chinnidh seo, measfar gurb iad an Chomhairle agus ARC an rialaitheoir de réir bhrí Airteagal 3, pointe (8), de Rialachán (AE) 2018/1725.

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha an Chinnidh seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

Ciallaíonn “Oifigeach Cosanta Sonraí” (OCS) an duine arna ainmniú ag Ardrúnaí na Comhairle de bhun Airteagal 43 de Rialachán (AE) 2018/1725;

(2)

Ciallaíonn “cúraimí OCS” na cúraimí dá dtagraítear in Airteagal 45 de Rialachán (AE) 2018/1725;

(3)

Ciallaíonn “foireann ARC” gach oifigeach de chuid ARC agus aon duine eile a chumhdaítear le Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile an Aontais a leagtar síos i Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle (8) (na “Rialacháin Foirne”), nó atá ag obair do ARC ar bhonn conarthach (eadhon oiliúnaithe, sainchomhairleoirí, conraitheoirí, oifigigh ar iasacht ó na Ballstáit).

(4)

Ciallaíonn “rialaitheoir tarmligthe” ceann na hardstiúrthóireachta nó na seirbhíse de chuid ARC a chinneann leis féin nó léi nó le daoine eile na cuspóirí agus na modhanna chun sonraí pearsanta a phróiseáil thar ceann na Comhairle nó ARC i gcomhlíonadh mhisean na h-ard-dtiúrthóireachta sin nó na seirbhíse sin;

(5)

Ciallaíonn “rialaitheoir oibríochtúil” an ball foirne de chuid ARC ar an leibhéal meánbhainistíochta nó ardbhainistíochta, atá ainmnithe ag an rialaitheoir tarmligthe chun cuidiú leis nó léi a áirithiú go gcomhlíonfar Rialachán (AE) 2018/1725 le haghaidh na n-oibríochtaí próiseála a bhfuil sé nó sí freagrach astu, agus chun feidhmiú mar an príomhphointe teagmhála do na hábhair sonraí;

(6)

Ciallaíonn “comhordaitheoir cosanta sonraí” an ball foirne de chuid ARC a ainmnítear i ngach ardstiúrthóireacht nó seirbhís eile de chuid ARC i gcomhairle leis an OCS chun cúnamh a thabhairt don ardstiúrthóireacht nó don tseirbhís sin maidir le gach gné de chosaint sonraí pearsanta agus chun déileáil le saincheisteanna faoi chosaint sonraí mar ionadaí na h-ardstiúrthóireachta nó na seirbhíse sin i ndlúthchomhar leis an OCS.

ROINN 2

AN tOIFIGEACH COSANTA SONRAÍ

Airteagal 4

Ainmniú agus stádas an OCS

1.   Ainmneoidh Ardrúnaí na Comhairle OCS as measc bhaill foirne ARC agus cláróidh an tArdrúnaí é nó í leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí (“MECS”), i gcomhréir le hAirteagal 43 de Rialachán (AE) 2018/1725.

2.   Roghnófar an OCS ar bhonn a cháilíochtaí gairmiúla nó a cáilíochtaí gairmiúla agus, go háirithe, ar bhonn an mhéid saineolais atá aige nó aici faoi dhlí agus chleachtais cosanta sonraí agus an chumais na cúraimí dá dtagraítear in Airteagal 45 de Rialachán (AE) 2018/1725 a chomhlíonadh. Beidh eolas maith ag an OCS freisin ar ARC, ar a struchtúr agus ar a rialacha agus a nósanna imeachta. Chun a chuid nó a cuid cúraimí a chomhlíonadh, saorfar an OCS ó aon chúram eile laistigh de ARC.

3.   Ainmneofar an OCS ar feadh téarma cúig bliana agus beidh sé nó sí incháilithe lena athcheapadh nó lena hathcheapadh.

4.   Beidh baint dhíreach ag an OCS agus a chuid nó a cuid ball foirne le hArdrúnaí na Comhairle agus tuairisceoidh sé nó sí go díreach dó nó di.

5.   I gcomhlíonadh a chúraimí nó a cúraimí a chomhlíonadh, gníomhóidh an OCS ar bhealach neamhspleách agus ní bhfaighidh sé nó sí aon treoir agus, go háirithe, ó Ardrúnaí na Comhairle, ó na rialaitheoirí tarmligthe, ó na rialaitheoirí oibríochtúla ná ó aon duine eile maidir le cur i bhfeidhm inmheánach fhorálacha Rialachán (AE) 2018/1725 nó maidir lena chomhar nó lena comhar le MECS.

6.   Tacóidh an Chomhairle agus ARC leis an OCS i bhfeidhmiú na gcúraimí dá dtagraítear in Airteagal 45 de Rialachán (AE) 2018/1725 trí na hacmhainní is gá a chur ar fáil chun na cúraimí sin a chur i gcrích agus chun rochtain ar shonraí pearsanta agus ar oibríochtaí próiseála a chur ar fáil, agus chun go mbeidh sé nó sí in ann a shaineolas nó a saineolas achoinneáil úr.

7.   Ní chuirfear an OCS as a phost nó as a post as na cúraimí atá air nó uirthi a fheidhmiú. Ní chuirfear an OCS as a phost nó as a post ach amháin i gcomhréir le hAirteagal 44(8) de Rialachán (AE) 2018/1725. Chun toiliú a fháil ó MECS maidir le dífhostú den chineál sin de bhun an Airteagail sin, rachfar i gcomhairle i scríbhinn le MECS. Seolfar cóip den toiliú sin chuig an OCS.

8.   Áiritheoidh ARC, go háirithe na rialaitheoirí tarmligthe agus na rialaitheoirí oibríochtúla, go mbeidh baint ag an OCS, go cuí agus go tráthúil, le gach saincheist a bhaineann le cosaint sonraí pearsanta.

Airteagal 5

Cúraimí agus dualgais

1.   Déanfaidh an OCS na cúraimí ar fad dá bhforáiltear in Airteagal 45 de Rialachán (AE) 2018/1725 a fheidhmiú. Déanfaidh OCS an méid seo a leanas, go háirithe:

(a)

cur i bhfeidhm agus cur chun feidhme Rialachán (AE) 2018/1725 ag an gComhairle agus ag ARC a áirithiú, agus faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh an Rialacháin sin agus ar chomhlíonadh an chreata dlí is infheidhme maidir le cosaint sonraí pearsanta;

(b)

comhairle a thabhairt d’ardrúnaí na Comhairle, na rialaitheoirí tarmligthe agus na rialaitheoirí oibríochtúla maidir le hábhair a bhaineann le forálacha maidir le cosaint sonraí a chur i bhfeidhm;

(c)

comhairle agus cúnamh a thabhairt do na rialaitheoirí tarmligthe agus do na rialaitheoirí oibríochtúla agus measúnú tionchair ar chosaint sonraí á dhéanamh aige nó aici i gcomhréir le hAirteagail 39 agus 40 de Rialachán (AE) 2018/1725.

(d)

a áirithiú nach ndéanfaidh na hoibríochtaí próiseála dochar do chearta ná do shaoirsí na n-ábhar sonraí;

(e)

feasacht a mhúscailt ar an gcreat dlí is infheidhme maidir le sonraí pearsanta a chosaint agus rannchuidiú le cultúr cosanta sonraí pearsanta a chruthú laistigh de ARC.

Féadfaidh an tArdrúnaí, na rialaitheoirí lena mbaineann, an Coiste Foirne agus aon duine aonair dul i gcomhairle leis an OCS, gan dul trí na cainéil oifigiúla, maidir le haon ábhar a bhaineann le cur i bhfeidhm nó cur chun feidhme Rialachán (AE) 2018/1725.

2.   Coimeádfaidh an OCS clár de thaifid ar ghníomhaíochtaí próiseála agus cuirfidh sé nó sí ar fáil don phobal é, i gcomhréir le hAirteagal 12.

3.   Coimeádfaidh an OCS clár inmheánach de sháruithe ar shonraí pearsanta de réir bhrí Airteagal 3, pointe(16), de Rialachán (AE) 2018/1725.

4.   Tabharfaidh an OCS comhairle don rialaitheoir tarmligthe, i gcás ina n-iarrfar amhlaidh, srian a chur ar chur i bhfeidhm Airteagail 14 go 22, 35 agus 36, chomh maith le hAirteagal 4 de Rialachán (AE) 2018/1725.

5.   Eagróidh an OCS cruinnithe rialta na gcomhordaitheoirí cosanta sonraí agus beidh sé nó sí ina chathaoirleach nó ina cathaoirleach orthu.

6.   Cuirfidh an OCS tuarascáil bhliantúil ar a chuid nó a cuid gníomhaíochtaí faoi bhráid Ardrúnaí na Comhairle agus cuirfidh sé nó sí ar fáil d’fhoireann ARC í.

7.   Rachaidh an OCS i gcomhar leis na hoifigigh cosanta sonraí arna n-ainmniú ag institiúidí agus comhlachtaí eile an Aontais agus freastalóidh sé nó sí go rialta ar chruinnithe arna dtionól ag MECS nó ag oifigigh cosanta sonraí institiúidí agus gcomhlachtaí eile an Aontais d’fhonn an dea-chomhar a éascú, go háirithe trí thaithí agus dea-chleachtais a mhalartú.

8.   Measfar gurb é an OCS an rialaitheoir tarmligthe le haghaidh na n-oibríochtaí próiseála a dhéantar agus a chúraimí nó a cúraimí á bhfeidhmiú aige nó aici.

Airteagal 6

Cumhachtaí

Agus a chuid nó a cuid cúraimí agus dualgas á gcomhlíonadh ag an OCS:

(a)

beidh rochtain i gcónaí aige nó aici ar na sonraí a chuimsíonn ábhar na n-oibríochtaí próiseála agus ar na hoifigí, ar na suiteálacha próiseála sonraí agus ar na hiompróirí sonraí uile;

(b)

féadfaidh sé nó sí tuairimí dlíthiúla a iarraidh ar Sheirbhís Dlí na Comhairle;

(c)

féadfaidh sé nó sí tacaíocht eile a iarraidh ar ardstiúrthóireachtaí agus ar sheirbhísí ábhartha ARC;

(d)

féadfaidh sé nó sí comhaid a shannadh d’ardstiúrthóireachtaí agus seirbhísí ARC lena mbaineann chun go ndéanfar an obair leantach iomchuí i dtaca leo;

(e)

féadfaidh sé nó sí imscrúduithe a dhéanamh, arna iarraidh sin, nó ar a thionscnamh nó a tionscnamh féin, ar ábhair agus ar tharluithe a bhaineann go díreach le cúraimí OCS i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 14;

(f)

féadfaidh sé nó sí bearta riaracháin a mholadh d’Ardrúnaí na Comhairle agus moltaí ginearálta a eisiúint maidir le cur i bhfeidhm iomchuí Rialachán (AE) 2018/1725;

(g)

féadfaidh sé nó sí moltaí a dhéanamh do ARC, do na rialaitheoirí tarmligthe agus do na rialaitheoirí oibríochtúla chun feabhas praiticiúil a chur ar chur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2018/1725, lena n-áirítear na moltaí seo a leanas:

(i)

iarraidh ar an rialaitheoir tarmligthe nó ar an bpróiseálaí iarraidh an ábhair sonraí a chomhlíonadh ar mhaithe le feidhmiú a cheart nó a ceart de bhun Rialachán (AE) 2018/1725;

(ii)

fógraí rabhaidh a thabhairt don rialaitheoir tarmligthe nó don phróiseálaí i gcás ina sáraítear forálacha Rialachán (AE) 2018/1725 le hoibríocht próiseála, agus iarraidh orthu oibríochtaí próiseála a thabhairt chun comhlíontachta, i gcás inarb iomchuí, ar bhealach sonraithe agus laistigh de thréimhse shonraithe;

(iii)

iarraidh ar an rialaitheoir tarmligthe nó ar an bpróiseálaí sreabha sonraí chuig faighteoir i mBallstát, i dtríú tír nó chuig eagraíocht idirnáisiúnta a chur ar fionraí;

(iv)

iarraidh ar an rialaitheoir tarmligthe nó ar an bpróiseálaí tuairisciú don OCS laistigh de spriocdháta socraithe maidir leis an obair leantach a dhéantar ar mholadh nó ar chomhairle an OCS;

(h)

féadfaidh sé nó sí seirbhísí saineolaithe teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide seachtrachaa iarraidh ar chomhaontú a fháil roimh ré ón oifigeach údarúcháin i gcomhlíonadh Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9);

(i)

iarrfar air nó uirthi teacht os comhair bhoird bhainistíochta agus choistí ábhartha ARC aon uair a phléifear saincheisteanna faoi phróiseáil sonraí pearsanta agus féadfaidh sé nó sí pointí ábhartha ar chlár oibre na mbord agus na gcoistí sin a mholadh;

(j)

féadfaidh sé nó sí aird Údarás Ceapacháin ARC a tharraingt ar aon mhainneachtain ag ball foirne de chuid ARC na hoibleagáidí faoi Rialachán (AE) 2018/1725 a chomhlíonadh agus a mholadh go seolfar imscrúdú riaracháin i bhfianaise an fhéidearthacht na smachtbhannaí dá bhforáiltear in Airteagal 69 den Rialachán sin a chur i bhfeidhm;

(k)

beidh sé nó sí freagrach as na cinntí tosaigh maidir le hiarrataí ar rochtain ar dhoiciméid atá i seilbh a oifige nó a hoifige faoi Rialachán (CE) 1049/2001, i gcomhairle le seirbhísí ábhartha ARC.

ROINN 3

CEARTA AGUS OIBLEAGÁIDÍ NA nGNÍOMHAITHE I RÉIMSE NA COSANTA SONRAÍ

Airteagal 7

Dul i gcomhairle le OCS agus faisnéis a sholáthar do OCS

1.   Féachfaidh rialaitheoirí chuige go mbeidh OCS rannpháirteach agus gníomhaíocht a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta. Cuirfear OCS ar an eolas faoi aon oibríocht phróiseála mar aon le haon athrú suntasach ar oibríocht phróiseála atá ann cheana.

2.   Cuirfear OCS ar an eolas faoi dhréachtnótaí inmheánacha agus dréachtchinntí inmheánacha ón Ardrúnaíocht a bhaineann go díreach le cur i bhfeidhm inmheánach Rialachán (AE) 2018/1725.

3.   Cuirfear OCS ar an eolas faoi gach teagmháil a dhéanfar le páirtithe seachtracha a bhaineann le cur i bhfeidhm inmheánach Rialachán (AE) 2018/1725 agus faoi aon idirghníomhaíocht le MECS, go háirithe i gcás ina dtéitear i gcomhairle le MECS nó ina dtugtar eolas do MECS de bhun Airteagail 40 agus 41 den Rialachán sin.

4.   Rachfar i gcomhairle le OCS maidir le dréachtshocruithe idir rialaitheoirí comhpháirteacha agus maidir le dréachtchlásail chonarthacha maidir le cosaint sonraí nó gníomhartha dlí eile i gcás ina ndéanann próiseálaí sonraí pearsanta a phróiseáil.

Airteagal 8

Rialaitheoirí tarmligthe

1.   Beidh rialaitheoirí tarmligthe freagrach as a áirithiú go gcomhlíonfar Rialachán (AE) 2018/1725 leis na hoibríochtaí próiseála go léir atá faoina rialú.

2.   Go háirithe, déanfaidh rialaitheoirí tarmligthe na nithe seo a leanas:

(a)

rialaitheoir oibríochtúil a ainmniú chun cuidiú leis an rialaitheoir tarmligthe comhlíonadh Rialachán (AE) 2018/1725 a áirithiú, go háirithe vis-à-vis ábhair sonraí;

(b)

na taifid ar na gníomhaíochtaí próiseála atá faoina bhfreagracht a choinneáil agus a áirithiú go gcuirfidh an rialaitheoir oibríochtúil an taifead agus an ráiteas príobháideachais gaolmhar faoi bhráid OCS le go n-iontrálfar iad sa chlár dá dtagraítear in Airteagal 12.

(c)

a bheith freagrach as gníomhaíochtaí próiseálaithe agus fophróiseálaithe a phróiseálann sonraí pearsanta thar a gceann agus a áirithiú go rialaítear an phróiseáil le conradh nó le gníomh dlí eile i gcomhréir le hAirteagal 29(3) de Rialachán (AE) 2018/1725.

3.   Áiritheoidh rialaitheoirí tarmligthe go mbeidh OCS rannpháirteach go tráthúil sna saincheisteanna go léir a bhaineann le cosaint sonraí agus cuirfidh siad socruithe iomchuí i bhfeidhm chun a áirithiú go mbeidh an comhordaitheoir cosanta sonraí rannpháirteach go cuí sna saincheisteanna go léir a bhaineann le cosaint sonraí inan ardstiúrthóireacht nó a seirbhís eile de chuid ARC.

4.   Áiritheoidh na rialaitheoirí tarmligthe go mbeidh bearta iomchuí teicniúla agus eagraíochtúla i bhfeidhm chun a léiriú go gcomhlíontar Rialachán (AE) 2018/1725 leis na gníomhaíochtaí próiseála agus tabharfaidh siad treoracha leordhóthanacha d’fhoireann ARC chun rúndacht na próiseála a áirithiú mar aon le leibhéal slándála is iomchuí do na rioscaí a bhaineann leis an bpróiseáil. Féadfaidh siad dul i gcomhairle le OCS agus na bearta sin á roghnú acu.

5.   Cuirfidh na rialaitheoirí tarmligthe tuarascáil faoi bhráid OCS maidir le láimhseáil aon iarrata arna fáil ó ábhar sonraí chun a chearta nó a cearta a fheidhmiú agus cuideoidh siad le OCS agus le MECS a ndualgais faoi seach a chomhlíonadh, go háirithe trí fhaisnéis a thabhairt mar fhreagra ar na hiarrataí uathu laistigh de 30 lá.

6.   Beidh na rialaitheoirí tarmligthe freagrach as srian a chur ar chur i bhfeidhm Airteagail 14 go 22, 35 agus 36 de Rialachán (AE) 2018/1725, chomh maith le hAirteagal 4 den Rialachán sin i gcomhréir leis na rialacha inmheánacha ábhartha. Féachfaidh na rialaitheoirí tarmligthe chuige go mbeidh OCS rannpháirteach le linn an nós imeachta ar fad agus an srian sin á chur i bhfeidhm acu.

7.   Áiritheoidh na rialaitheoirí tarmligthe go mbeidh socruithe inmheánacha i bhfeidhm le hArdstiúrthóireachtaí nó seirbhísí eile de chuid ARC i gcás ina ndéanann an rialaitheoir tarmligthe oibríochtaí próiseála go comhpháirteach leis na hardstiúrthóireachtaí nó na seirbhísí sin de chuid ARC nó i gcás ina ndéanann siad cuid d’oibríocht phróiseála an rialaitheora tharmligthe.

Cinnfear leis na socruithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír freagrachtaí na rialaitheoirí tarmligthe agus na n-ardstiúrthóireachtaí nó na seirbhísí eile de chuid ARC faoi seach maidir lena n-oibleagáidí cosanta sonraí a chomhlíonadh. Áireofar sna socruithe sin, go háirithe, an rialaitheoir tarmligthe a chinneann modhanna agus críocha na hoibríochta próiseála mar aon leis an rialaitheoir oibríochtúil le haghaidh na hoibríochta próiseála a shainaithint, agus, i gcás inarb iomchuí, cé hiad na daoine nó na heintitis atáchuncuidiú leis an rialaitheoir oibríochtúil, inter alia, trí fhaisnéis a chur ar fáil i gcás sáruithe ar shonraí nó chun freastal ar chearta na n-ábhar sonraí.

Airteagal 9

Rialaitheoirí oibríochtúla

1.   Cuideoidh rialaitheoirí oibríochtúla leis an rialaitheoir tarmligthe chun comhlíonadh Rialachán (AE) 2018/1725 a áirithiú le haghaidh na n-oibríochtaí próiseála a bhfuil sé nó sí freagrach astu, agus feidhmeoidh siad mar an príomhphointe teagmhála do na hábhair sonraí.

2.   Go háirithe, déanfaidh na rialaitheoirí oibríochtúla na nithe seo a leanas:

(a)

na hiarrataí go léir ó ábhair sonraí a fháil agus a phróiseáil;

(b)

na taifid ar na gníomhaíochtaí próiseála faoina bhfreagracht agus an ráiteas príobháideachais gaolmhar a ullmhú i gcomhairle leis an gcomhordaitheoir cosanta sonraí;

(c)

a áirithiú go gcomhlíonfar Rialachán 2018/1725 le conarthaí nó gníomhartha dlí eile lena rialaítear próiseáil sonraí pearsanta a dhéanann próiseálaí agus dul i gcomhairle le OCS i dtaca le dréachtchlásail chonarthacha maidir le cosaint sonraí;

(d)

a áirithiú go mbeidh doiciméadacht ar fáil chun comhlíonadh Rialachán (AE) 2018/1725 a léiriú.

3.   Cuirfidh na rialaitheoirí oibríochtúla OCS ar an eolas gan moill mhíchuí i gcás sáruithe ar shonraí pearsanta agus cuirfidh siad an fhaisnéis uile is gá ar fáil dó nó di lena gcuirfear ar a chumas nó ar a cumas a áirithiú go gcomhlíonann an Chomhairle na hoibleagáidí maidir le sáruithe ar shonraí pearsanta faoi Airteagail 34 agus 35 de Rialachán (AE) 2018/1725.

4.   I gcomhar leis an rialaitheoir tarmligthe agus OCS, tabharfaidh na rialaitheoirí oibríochtúla fógra do MECS i gcás sáruithe ar shonraí pearsanta, i gcás inarb infheidhme. Cuirfidh siad na hábhair sonraí ar an eolas freisin, i gcás inarb infheidhme.

5.   Áiritheoidh na rialaitheoirí oibríochtúla go gcoinneofar an comhordaitheoir cosanta sonraí ar an eolas faoi na hábhair go léir a bhaineann le cosaint sonraí.

6.   Déanfaidh na rialaitheoirí oibríochtúla measúnú ar an riosca do chearta agus saoirsí an ábhair sonraí i ndáil leis na hoibríochtaí próiseála a bhfuil siad freagrach astu agus, i gcás inarb iomchuí, déanfaidh siad measúnú tionchair ar chosaint sonraí. Iarrfaidh na rialaitheoirí oibríochtúla comhairle ar OCS agus na measúnuithe tionchair sin á ndéanamh acu agus iarrfaidh siad comhairle faoin ngá atá le comhairliúchán roimh ré i gcomhréir le hAirteagail 39 agus 40 de Rialachán (AE) 2018/1725.

7.   Tabharfaidh na rialaitheoirí oibríochtúla faoi aon chúram eile a thagann faoi raon feidhme an Chinnidh seo arna iarraidh sin don rialaitheoir tarmligthe.

Airteagal 10

Comhordaitheoirí cosanta sonraí

1.   Déanfaidh gach ardstiúrthóireacht nó seirbhís eile de chuid ARC, i gcomhairle le OCS, comhordaitheoir cosanta sonraí amháin nó níos mó a cheapadh chun cuidiú leis an rialaitheoir tarmligthe agus na rialaitheoirí oibríochtúla ina ardstiúrthóireacht nó ina hardstiúrthóireacht de chuid ARC i dtaca le gach gné de chosaint sonraí pearsanta.

2.   Roghnófar comhordaitheoirí cosanta sonraí ar bhonn an eolais agus na taithí atá acu ar fheidhmiú na hardstiúrthóireachta nó na seirbhíse eile de chuid ARC faoi seach, ar bhonn a oiriúnacht don fheidhm, ar bhonn na n-inniúlachtaí atá acu a bhaineann le cosaint sonraí, ar bhonn an eolais atá acu ar phrionsabail na gcóras faisnéise, agus ar bhonn a scileanna cumarsáide. Rachaidh comhordaitheoirí cosanta sonraí nuacheaptha faoi oiliúint chun na hinniúlachtaí is gá dá ról a fháil laistigh de 6 mhí ón gceapachán. Comhordaitheoir cosanta sonraí a d’oibrigh mar dhuine teagmhála in ardstiúrthóireacht nó seirbhís eile de chuid ARC laistigh de 2 bhliain roimh a cheapadh nó a ceapadh, beidh sé nó sí díolmhaithe ón gceanglas oiliúna sin.

3.   Beidh feidhm na gcomhordaitheoirí cosanta sonraí mar chuid den sainchuntas poist atá ag gach ball foirne OCS arna cheapadh nó arna ceapadh mar dhuine teagmhála. Déanfar tagairt dá bhfreagrachtaí agus dá bhfuil bainte amach acu sa tuarascáil bhreithmheasa bhliantúil.

4.   Beidh baint ag na comhordaitheoirí cosanta sonraí go cuí agus go tráthúil leis na saincheisteanna go léir a bhaineann le cosaint sonraí in ardstiúrthóireacht ina seirbhís eile agus comhlíonfaidh siad a gcuid dualgas i ndlúthchomhar le OCS.

5.   Beidh sé de cheart ag comhordaitheoirí cosanta sonraí an fhaisnéis is leordhóthanach agus is gá a fháil ó na rialaitheoirí agus ón bhfoireann chun a gcuid cúraimí a chomhlíonadh laistigh dá nardstiúrthóireacht. Ní áireofar leis sin rochtain ar shonraí pearsanta arna bpróiseáil faoi fhreagracht an rialaitheora tharmligthe. Ní bheidh rochtain ag na comhordaitheoirí cosanta sonraí ar shonraí pearsanta ach amháin más gá sin chun a gcuid cúraimí a chomhlíonadh.

6.   Déanfaidh na comhordaitheoirí cosanta sonraí feasacht a mhúscailt i ndáil leis na hábhair a bhaineann le cosaint sonraí agus cuideoidh siad leis na rialaitheoirí tarmligthe laistigh dá n-ardstiúrthóireacht nó dá seirbhís eile de chuid ARC agus a n-oibleagáidí á gcomhlíonadh acu, go háirithe maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

Rialachán (AE) 2018/1725 a chur chun feidhme;

(b)

na rialaitheoirí oibríochtúla a shainaithint, agus na taifid ar oibríochtaí próiseála agus na ráitis phríobháideachais a ullmhú sula gcuirfear faoi bhráid OCS iad;

(c)

liosta a thiomsú d’oibríochtaí próiseála uile na hardstiúrthóireachta nó na seirbhíse eile de chuid ARC cheana féin.

7.   Cuideoidh na comhordaitheoirí cosanta sonraí leis na rialaitheoirí oibríochtúla laistigh dá nardstiúrthóireacht nó dá seirbhís eile de chuid ARC agus a n-oibleagáidí á gcomhlíonadh acu, go háirithe maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

na taifid ar oibríochtaí próiseála agus na ráitis phríobháideachais a ullmhú sula gcuirfear faoi bhráid OCS iad;

(b)

an phróiseáil a dhoiciméadú;

(c)

na hiarrataí ó na hábhair sonraí a phróiseáil;

(d)

sáruithe i ndáil le sonraí a láimhseáil.

Airteagal 11

Foireann ARC

Rannchuideoidh baill foirne ARC le cur i bhfeidhm agus cur chun feidhme Rialachán (AE) 2018/1725 a áirithiú. Ní bheidh rochtain ag baill foirne na hArdrúnaíochta ar shonraí pearsanta ná ní phróiseálfaidh siad sonraí den sórt sin ach amháin faoi threoracha an rialaitheora tharmligthe nó an rialaitheora oibríochtúil, mura rud é go gceanglófar sin orthu le dlí an Aontais nó le dlí an Bhallstáit.

ROINN 4

OIBLEAGÁIDÍ AGUS NÓSANNA IMEACHTA EILE

Airteagal 12

Clár

1.   Coinneoidh OCS clár de na hoibríochtaí próiseála agus áiritheoidh sé nó sí go mbeidh rochtain ar an gclár trí shuíomh gréasáin OCS ar inlíon ARC agus trí shuíomh gréasáin na Comhairle.

2.   Cuirfidh an rialaitheoir oibríochtúil aon oibríocht phróiseála in iúl do OCS agus tíolacfaidh sé nó sí taifid ar ghníomhaíochtaí próiseála agus ar an ráiteas príobháideachais bainteach ar bhonn foirm a mbeidh rochtain uirthi ar shuíomh inlín ARC (faoi “Cosaint Sonraí”). Tarchuirfear an fógra chuig OCS go leictreonach. Tar éis dul i gcomhairle le OCS, dearbhóidh an rialaitheoir tarmligthe an taifead agus an ráiteas príobháideachais bainteach agus foilseoidh OCS sa chláriad.

3.   Beidh an fhaisnéis uile a shonraítear in Airteagal 31 de Rialachán (AE) 2018/1725 san áireamh sa taifead. Mar sin féin, féadfar an fhaisnéis a chuir OCS isteach sa chlár a theorannú go heisceachtúil dá bhfuil riachtanach chun slándáil oibríochta próiseála ar leith a choimirciú. Tabharfar fógra ón rialaitheoir oibríochtúil go pras do OCS faoi aon athrú a dhéanfaidh difear d’fhaisnéis den sórt sin.

Airteagal 13

Sáruithe i ndáil le sonraí

1.   I gcás ina dtarlaíonn sárú ar shonraí pearsanta, iarrfaidh an rialaitheoir tarmligthe nó an rialaitheoir oibríochtúil cúnamh ar an gcomhordaitheoir cosanta sonraí agus cuirfidh sé OCS ar an eolas faoin teagmhas gan aon mhoill mhíchuí agus tabharfaidh sé nó sí an fhaisnéis uile is gá dó nó di chun chumasú dó nó di a áirithiú go gcomhlíonfaidh an Chomhairle an oibleagáid maidir le sáruithe ar shonraí pearsanta a fhógairt agus a chur in iúl de bhun Airteagail 34 agus 35 de Rialachán (AE) 2018/1725.

2.   Déanfaidh OCS clár inmheánach de sháruithe ar shonraí pearsanta a bhunú agus a chothabháil. Soláthróidh rialaitheoirí tarmligthe agus na rialaitheoirí oibríochtúla an fhaisnéis is gá atá le tabhairt isteach sa chlár.

3.   Ullmhóidh na rialaitheoirí tarmligthe agus na rialaitheoirí oibríochtúla an fógra chuig MECS i gcomhairle le OCS, mura rud é nach dócha go mbeidh riosca ann do chearta agus do shaoirsí daoine nádúrtha mar thoradh ar an sárú ar shonraí pearsanta.

Airteagal 14

Imscrúduithe

1.   Féadfaidh OCS, ar a thionscnamh nó a tionscnamh féin, nó arna iarraidh sin don rialaitheoir tarmligthe, don rialaitheoir oibríochtúil nó don phróiseálaí, don Choiste Foirne nó do dhuine aonair ar bith, imscrúdú a dhéanamh ar ábhair agus ar tharluithe a bhaineann lena chúram nó a cúram, agus tuairisciú ar ais don té a choimisúnaigh an t-imscrúdú nó don rialaithoeir tarmligthe, don rialaitheoir oibríochtúil nó don phróiseálaí.

2.   Cuirfear iarratais ar imscrúdú faoi bhráid OCS i scríbhinn. I gcás mí-úsáid fhollasach a bhaint as an gceart chun imscrúdú a iarraidh, mar shampla i gcás nach ndearna an duine céanna iarraidh chomhionann le déanaí, níl sé d’oibleagáid ar OCS tuairisc a thabhairt don iarrthóir.

3.   Laistigh de 15 lá tar éis iarraidh ar imscrúdú a fháil, seolfaidh OCS admháil fála chuig an duine a d’iarr é agus fíoróidh sé nó sí an gcaithfear leis an iarraidh mar iarraidh faoi rún.

4.   Iarrfaidh OCS tuarascáil ar an tsaincheist sin a thíolaic ar an rialaitheoir tarmligthe atá freagrach as an oibríocht próiseála sonraí is ábhar don iarraidh ar imscrúdú. Tabharfaidh an rialaitheoir tarmligthe an freagra do OCS laistigh de 15 lá. Féadfaidh OCS faisnéis chomhlántach a iarraidh ar an rialaitheoir tarmligthe, ar an rialaitheoir oibríochtúil, ar an bpróiseálaí nó ar sheirbhísí ábhartha eile de chuid ARC. Más iomchuí, féadfaidh sé nó sí tuairim a iarraidh ar Sheirbhís Dlí na Comhairle maidir leis an tsaincheist. Cuirfear an fhaisnéis nó an tuairim a iarrfar ar fáil do OCS laistigh de 30 lá.

5.   Tabharfaidh OCS tuairisc don duine a rinne iarraidh ar imscrúdú tráth nach déanaí ná 3 mhí tar éis í a fháil. Féadfar an tréimhse seo a chur ar fionraí go mbeidh an fhaisnéis uile is gá a d’fhéadfadh a bheith iarrtha aige nó aici faighte ag OCS.

6.   Ní fhulaingeoidh aon duine dochar mar gheall ar ábhar a thugtar chun aire OCS arna líomhain gur tharla sárú ar Rialachán (AE) 2018/1725.

Airteagal 15

Rialacha ginearálta maidir le cearta a fheidhmiú ag na hábhair sonraí

1.   Is é an t-ábhar sonraí, nó a ionadaí nó a hionadaí cuí-údaraithe amháin, a fhéadfaidh cearta na n-ábhar sonraí, mar a leagtar síos in Airteagail 14 go 24 de Rialachán (AE) 2018/1725 iad, a fheidhmiú.

2.   Seolfaidh an t-ábhar sonraí iarrataí i scríbhinn chuig an rialaitheoir oibríochtúil maille le cóip chuig OCS. Más gá, cuideoidh OCS leis an ábhar sonraí an rialaitheoir oibríochtúil lena mbaineann a shainaithint. Féadfar an iarraidh a sheoladh i bhfoirm leictreonach agus beidh na nithe seo a leanas ann:

(a)

sloinne, céadainm agus sonraí teagmhála an ábhair sonraí agus dáta na hiarrata;

(b)

léiriú ar an gceart atá le feidhmiú agus, i gcás inarb iomchuí, doiciméid tacaíochta a bhaineann leis an iarraidh;

(c)

catagóir nó catagóirí na sonraí pearsanta lena mbaineann.

3.   Cuirfidh an rialaitheoir oibríochtúil admháil fála chuig an ábhar sonraí laistigh de 5 lá oibre ón iarratas a chlárú. Iarrfaidh an rialaitheoir oibríochtúil na soiléirithe is gá má tá an iarraidh doiléir nó neamhiomlán. Ní thosóidh an spriocdháta is infheidhme faoi Airteagal 14(3) agus (4) de Rialachán (AE) 2018/1725 go dtí go ndéanfar na soiléirithe deiridh a chur ar fáil.

4.   Déanfaidh an rialaitheoir oibríochtúil céannacht an ábhair sonraí a fhíorú i gcomhréir le hAirteagal 14(6) de Rialachán (AE) 2018/1725. Fad a fhíoraítear an chéannacht, ní thosóidh an spriocdháta is infheidhme faoi Airteagal 14(3) agus (4) den Rialachán sin.

5.   Tabharfaidh an rialaitheoir oibríochtúil sásamh don ábhar sonraí nó luafaidh sé nó sí i scríbhinn na cúiseanna leis an diúltú iomlán nó páirteach, laistigh de na spriocdhátaí dá bhforáiltear faoi Airteagal 14(3) agus (4) de Rialachán (AE) 2018/1725.

6.   I gcás iarraidh atá thar a bheith casta, neamhrialtachtaí nó mí-úsáid fhollasach ag an ábhar sonraí agus é nó í ag feidhmiú a cheart nó a ceart, i gcás inar dócha go mbeadh riosca ann do chearta agus do shaoirsí na n-ábhar sonraí eile mar thoradh ar an bpróiseáil chuí ar iarraidh nó i gcás ina líomhnaítear go bhfuil an phróiseáil neamhdhleathach ag an ábhar sonraí, rachaidh an rialaitheoir oibríochtúil i gcomhairle le OCS.

Airteagal 16

Airteagal 90 gearáin

I gcás gearán de réir bhrí Airteagal 90 de na Rialacháin Foirne (“gearán Airteagal 90”) maidir le hábhar a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta, rachaidh an tÚdarás Ceapacháin i gcomhairle le OCS. Gan difear a dhéanamh d’inghlacthacht an ghearáin faoi Airteagal 90, cuirfidh an comhalta foirne de OCS in iúl sa ghearán faoi Airteagal 90 an ndearnadh gearán leis an MECS ag an am céanna. Tabharfaidh OCS a thuairim nó a tuairim i scríbhinn tráth nach déanaí ná 15 lá oibre tar éis dó nó di an iarraidh a fháil ón Údarás Ceapacháin. Más rud é, tar éis dheireadh na tréimhse sin, nár thug OCS a thuairim nó a tuairim, ní cheanglaítear í a thabhairt a thuilleadh. Ní bheidh an tÚdarás Ceapacháin faoi cheangal ag tuairim OCS.

ROINN 5

SRIANTA AR CHEARTA ÁBHAR SONRAÍ I gCOMHTHÉACS FHEIDHMIÚ CHÚRAIMÍ OCS

Airteagal 17

Eisceachtaí agus srianta

1.   I gcás ina bhfeidhmíonn an Chomhairle nó ARC a dualgais maidir le cearta na n-ábhar sonraí de bhun Rialachán (AE) 2018/1725, breithneoidh siad an bhfuil feidhm ag aon cheann de na heisceachtaí a leagtar síos sa Rialachán sin.

2.   Faoi réir Airteagail 18 go 22 den Chinneadh seo, féadfaidh an Chomhairle nó ARC srian a chur, i gcomhréir le hAirteagal 25(1), pointí (c), (g) agus (h) de Rialachán (AE) 2018/1725, ar chur i bhfeidhm Airteagail 14 go 17, 19, 20 agus 35 den Rialachán sin, chomh maith le prionsabal na trédhearcachta a leagtar síos i bpointe (a) d’Airteagal 4(1) den Rialachán sin a mhéid a chomhfhreagraíonn na forálacha do na cearta agus na hoibleagáidí dá bhforáiltear in Airteagail 14 go 17, 19 agus 20 den Rialachán sin, i gcás ina gcuirfeadh feidhmiú na gceart agus na n-oibleagáidí sin feidhmiú chúraimí OCS, a chur i mbaol, inter alia, trí na huirlisí nó na modhanna imscrúdaithe nó iniúchóireachta a nochtadh nó i gcás ina ndéanfadh sé dochar do chearta agus saoirsí na n-ábhar sonraí.

3.   Faoi réir Airteagail 18 go 22 den Chinneadh seo, féadfaidh an Chomhairle nó ARC srian a chur leis na cearta agus na hoibleagáidí dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, i ndáil le sonraí pearsanta a gheobhaidh OCS ó ardstiúrthóireachtaí nó ó sheirbhísí ARC nó ó institiúidí nó ó chomhlachtaí eile de chuid an Aontais. Féadfaidh an Chomhairle nó ARC an méid sin a dhéanamh i gcás ina bhféadfadh na hardstiúrthóireachtaí nó na seirbhísí sin de chuid ARC, na hinstitiúidí nó na comhlachtaí sin srian a chur le feidhmiú na gceart agus na n-oibleagáidí sin ar bhonn gníomhartha eile dá bhforáiltear in Airteagal 25 de Rialachán (AE) 2018/1725 nó i gcomhréir le Caibidil IX den Rialachán sin nó i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) nó Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle (11).

Sula gcuirfidh sí srianta i bhfeidhm sna himthosca dá dtagraítear sa chéad fhomhír, rachaidh an Chomhairle nó ARC i gcomhairle leis an institiúid nó leis an gcomhlacht ábhartha de chuid an Aontais mura rud é gur léir go bhforáiltear do shrian a chur i bhfeidhm le ceann de na gníomhartha dá dtagraítear san fhomhír sin.

4.   Beidh aon srian ar na cearta agus na hoibleagáidí dá dtagraítear i mír 2 riachtanach agus comhréireach agus na rioscaí do chearta agus do shaoirsí na n-ábhar sonraí á gcur san áireamh.

Airteagal 18

Faisnéis a sholáthar do na hábhair sonraí

1.   Foilseoidh ARC fógraí cosanta sonraí ar shuíomh gréasáin na Comhairle lena gcuirtear na hábhair sonraí ar an eolas faoi chúraimí OCS a bhaineann lena sonraí pearsanta a phróiseáil.

2.   Cuirfidh ARC aon duine nádúrtha a mheasann sí gur duine a mbaineann cúraimí OCS leis ar an eolas, ar bhonn aonair agus i bhformáid iomchuí.

3.   I gcás ina gcuirfidh ARC srian, go hiomlán nó go páirteach, ar sholáthar na faisnéise do na hábhair sonraí dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, déanfaidh ARC na cúiseanna atá leis an srianadh a thaifeadadh agus a chlárú i gcomhréir le hAirteagal 21.

Airteagal 19

Ceart rochtana do na hábhair sonraí, an ceart go ndéanfaí léirscriosadh agus an ceart go gcuirfí srian le próiseáil

1.   I gcás ina gcuireann an Chomhairle nó ARC srian, go hiomlán nó go páirteach, ar an gceart rochtana a bheith ag ábhair sonraí ar shonraí pearsanta, ar an gceart go ndéanfaí léirscriosadh nó ar an gceart go gcuirfí srian le próiseáil dá dtagraítear in Airteagail 17, 19 agus 20 faoi seach de Rialachán (AE) 2018/1725, cuirfidh sí an t-ábhar sonraí lena mbaineann ar an eolas ina freagra ar iarraidh ar rochtain, léirscriosadh nó srianadh próiseála ar an srian a cuireadh i bhfeidhm agus ar na príomhchúiseanna leis sin, agus faoin bhféidearthacht gearán a thaisceadh leis an MECS nó leigheas breithiúnach a lorg os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

2.   Féadfar soláthar faisnéise maidir leis na cúiseanna leis an srian dá dtagraítear i mír 1 a chur siar, a fhágáil ar lár nó a dhiúltú fad a bhainfeadh sé an bonn de chuspóir an tsriain. Soláthróidh an Chomhairle an fhaisnéis don ábhar sonraí a luaithe nach mbainfeadh faisnéis den sórt sin an bonn den chríoch sin.

3.   Déanfaidh ARC na cúiseanna atá leis an srian a thaifeadadh agus a chlárú i gcomhréir le hAirteagal 21.

Airteagal 20

Sárú i ndáil le sonraí pearsanta a chur in iúl don ábhar sonraí

I gcás ina gcuireann an Chomhairle nó ARC srian ar shárú i ndáil le sonraí pearsanta a chur in iúl don ábhar sonraí amhail dá dtagraítear in Airteagal 35 de Rialachán (AE) 2018/1725, déanfaidh ARC na cúiseanna atá leis an srianadh a thaifeadadh agus a chlárú i gcomhréir le hAirteagal 21 den Chinneadh seo.

Airteagal 21

Srianta a thaifeadadh agus a chlárú

1.   Déanfaidh ARC na cúiseanna atá le haon srian a chuirfear i bhfeidhm de bhun an Chinnidh seo a thaifeadadh, lena n-áirítear measúnú cás ar chás ar an ngá atá leis an srian agus ar chomhréireacht an tsriain, agus na heilimintí ábhartha d’Airteagal 25(2) de Rialachán (AE) 2018/1725 á gcur san áireamh.

Chun na críche sin, sonrófar sa taifead conas a chuirfeadh feidhmiú aon cheann de na cearta dá dtagraítear in Airteagail 14 go 17, 19, 20 agus 35 den Rialachán sin nó phrionsalbal na trédhearcachta a leagtar síos in Airteagal 4(1), pointe (a) de, gníomhaíochtaí OCS faoin gCinneadh seo, nó na srianta a chuirtear i bhfeidhm de bhun Airteagal 17(2) nó (3) den Chinneadh seo, i mbaol nó a dhéanfadh sé dochar do chearta agus do shaoirsí ábhar sonraí eile.

2.   Déanfar an taifead agus, i gcás inarb infheidhme, na doiciméid ina bhfuil na heilimintí bunúsacha fíorasacha agus dlíthiúla a chlárú. Déanfar iad a chur ar fáil do MECS arna iarraidh sin.

Airteagal 22

Fad na srianta

1.   Leanfaidh na srianta dá dtagraítear in Airteagail 18, 19 agus 20 d’fheidhm a bheith acu fad a bheidh na cúiseanna a thug údar leo fós infheidhme.

2.   Mura mbeidh feidhm a thuilleadh ag na cúiseanna le srian dá dtagraítear in Airteagal 18 agus 20, cuirfidh ARC an srian i leataobh agus tabharfaidh sí na cúiseanna atá leis an srian sin don ábhar sonraí. Ag an am céanna, cuirfidh ARC an t-ábhar sonraí ar an eolas maidir leis an bhféidearthacht gearán a thaisceadh le MECS ag aon am nó maidir le leigheas breithiúnach a lorg os comhair Chúirt Breithiúnais an Aontais Eorpaigh.

3.   Déanfaidh ARC athbhreithniú ar chur i bhfeidhm na srianta dá dtagraítear in Airteagail 18 agus 20 gach 6 mhí tar éis a nglactha agus tráth a chríochnófar cúram ábhartha OCS i gcás ar bith.Tar éis an meid sin a chríochnú, déanfaidh ARC faireachán ar an ngá atá le haon srian a choimeád nó a chur siar ar bhonn bliantúil.

Airteagal 23

Athbhreithniú ag OCS

1.   I gcás ina gcinneann ardrúnaíochtaí nó seirbhísí eile de chuid ARC gur cheart cearta ábhar sonraí a shrianadh de bhun an Chinnidh seo, cuirfidh siad é sin in iúl do OCS. Cuirfidh siad rochtain ar fáil do OCS freisin ar an taifead agus ar aon doiciméid ina bhfuil eilimintí bunúsacha fíorasacha agus dlíthiúla. Déanfar rannpháirtíocht OCS i gcur i bhfeidhm na srianta a dhoiciméadú go mion.

2.   Féadfaidh OCS a iarraidh ar an rialaitheoir tarmligthe lena mbaineann athbhreithniú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na srianta. Cuirfidh an rialaitheoir tarmligthe lena mbaineann OCS ar an eolas i scríbhinn faoi thoradh an athbhreithnithe a iarradh.

ROINN 6

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 24

Aisghairm

Aisghairtear Cinneadh 2004/644/CE.

Airteagal 25

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, 28 Meitheamh 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. do C. ANTUNES


(1)  IO L 295, 21.11.2018, lch. 39.

(2)  Tuairim an 6 Aibreán 2021 (nár foilsíodh san Iris Oifigiúil).

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún (IO L 145, 31.5.2001, lch. 43).

(4)  Cinneadh 2004/338/CE, Euratom ón gComhairle an 22 Márta 2004 lena nglactar Rialacha Nós Imeachta na Comhairle (IO L 106, 15.4.2004, lch. 22).

(5)  Cinneadh 2013/488/AE ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2013 maidir leis na rialacha slándála chun faisnéis rúnaicmithe an AE a chosaint (IO L 274, 15.10.2013, lch. 1).

(6)  Cinneadh ó Ardrúnaí na Comhairle/an Ardionadaí don Bheartas Eachtrach agus Slándála an 25 Meitheamh 2001 maidir le cód um Dhea-Chleachtas Riaracháin d’Ardrúnaíocht Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus a foireann ina gcaidreamh gairmiúil leis an bpobal (IO C 189, 5.7.2001, lch. 1).

(7)  Cinneadh 2004/644/CE ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2004 lena leagtar síos rialacha cur chun feidhme maidir le Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cosaint daoine aonair i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí agus comhlachtaí de chuid an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht na sonraí sin (IO L 296, 21.9.2004, lch. 16).

(8)  IO L 56, 4.3.1968, lch. 1.

(9)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

(10)  Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus lena n-aisghairtear Cinntí 2009/371/CGB, 2009/934/CGB, 2009/935/CGB, 2009/936/CGB agus 2009/968/CGB ón gComhairle agus a ghabhann ionad na gCinntí sin (IO L 135, 24.5.2016, lch. 53).

(11)  Rialachán (AE) 2017/1939 an 12 Deireadh Fómhair 2017 ón gComhairle lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (“OIPE”) (IO L 283, 31.10.2017, lch. 1).