24.6.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 224/24


CINNEADH (CBES) 2021/1026 ÓN gCOMHAIRLE

an 21 Meitheamh 2021

chun tacú le Clár Cibearshlándála agus Athléimne achtaagus Dearbhaithe Faisnéise na hEagraíochta um Thoirmeasc ar Airm Cheimiceacha (OPCW) faoi chuimsiúchur chun feidhme Straitéis AE igcoinne Leathadh Arm Ollscriosta

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagail 28(1) agus 31(1) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 12 Nollaig 2003, ghlac an Chomhairle Eorpach Straitéis an Aontais Eorpaigh i gcoinne Leathadh Arm Ollscriosta (“Straitéis AE”), a bhfuil liosta de bhearta chun leathadh den sórt sin a chomhrac i gCaibidil III de.

(2)

Le Straitéis AE, leagtar béim ar an ról ríthábhachtach atá ag an gCoinbhinsiún maidir le Toirmeasc ar Fhorbairt, Táirgeadh, Stoc-Charnadh agus Úsáid Arm Ceimiceach agus maidir lena nDíothú (CWC) agus ag an Eagraíocht um Thoirmeasc ar Airm Cheimiceacha (OPCW) chun domhan a chruthú atá saor ó airm cheimiceacha. Tá cuspóirí Straitéis AE comhlántach leo siúd atá á saothrú ag OPCW i gcomhthéacs a fhreagrachta as CWC a chur chun feidhme.

(3)

An 22 Samhain 2004, ghlac an Chomhairle Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2004/797/CBES (1) maidir le tacaíocht do ghníomhaíochtaí OPCW. Tar éis don Ghníomhaíocht Chomhpháirteach sin dul in éag, tháinig Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2005/913/CBES ón gComhairle (2), agus ina dhiaidh sin arís tháinig Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2007/185/CBES ón gComhairle (3).

Tar éis Ghníomhaíocht Chomhpháirteach 2007/185/CBES, tháinig Cinntí 2009/569/CBES (4), 2012/166/CBES (5), 2013/726/CBES (6), (CBES) 2015/259 (7), (CBES) 2017/2302 (8), (CBES) 2017/2303 (9) agus (CBES) 2019/538 (10) ón gComhairle.

(4)

Is gá leanúint den dianchúnamh spriocdhírithe sin ón Aontas chuig OPCW i gcomhthéacs chur chun feidhme gníomhach Chaibidil III de Straitéis AE.

(5)

Tá gá le tuilleadh tacaíochta ón Aontas don Chlár Cibearshlándála agus Athléimneachta agus Dearbhaithe Faisnéise OPCW, a bhfuil sé d’aidhm aige feabhas a chur ar chumas OPCW leibhéil iomchuí cibearshlándála agus athléimneachta a choinneáil chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin atá ann faoi láthair agus atá ag teacht chun cinn i ndáil leis an gcibearshlándáil,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Chun gnéithe ar leith de Straitéis AE a chur i bhfeidhm láithreach agus go praiticiúil, tacóidh an tAontas le tionscadal de chuid OPCW a bhfuil na cuspóirí seo a leanas aige:

bonneagar TFC a uasghrádú i gcomhréir le creat institiúideach leanúnachais gnó OPCW, ag díriú go mór ar an athléimneacht; agus

rialú rochtana faoi phribhléid a áirithiú, mar aon le bainistiú faisnéise fisiciúla, loighciúla agus cripteagrafaíche agus deighilt a dhéanamh i ngach líonra straitéiseach agus misin de chuid OPCW.

2.   I gcomhthéacs mhír 1, is iad seo a leanas gníomhaíochtaí thionscadal OPCW, atá i gcomhréir leis na bearta a leagtar amach i gCaidibil III de Straitéis AE, a dtacóidh an tAontas leo:

timpeallacht chumasúcháin a oibríochtú le haghaidh iarrachtaí leanúnacha cibearshlándála agus athléimneachta laistigh d’oibríochtaí ilshuíomh OPCW;

réiteach saincheaptha a cheapadh le haghaidh comhtháthú agus cumrú córas ar an áitreamh agus néalbhunaithe le córais ICT OPCW agus réitigh Bainistithe Rochtana faoi Phribhléid (PAM); agus

tionscamh agus tástáil réiteach PAM.

3.   Leagtar amach san Iarscríbhinn tuairisc mhionsonraithe ar ghníomhaíochtaí OPCW dá dtagraítear i mír 2 a fhaigheann tacaíocht ón Aontas.

Airteagal 2

1.   Beidh Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (“an tArdionadaí”) freagrach as an gCinnidh seo a chur chun feidhme.

2.   Is í Rúnaíocht Theicniúil OPCW (“an Rúnaíocht Theicniúil”) a dhéanfaidh cur chun feidhme teicniúil an tionscadail dá dtagraítear in Airteagal 1. Déanfaidh sé an cúram sin faoi fhreagracht agus rialú an Ardionadaí. Chun na críche sin, déanfaidh an tArdionadaí na socruithe is gá leis an Rúnaíocht Theicniúil.

Airteagal 3

1.   Is é EUR 2 151 823 a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais chun an tionscadal dá dtagraítear in Airteagal 1 a chur chun feidhme.

2.   Déanfar an caiteachas a mhaoineofar leis an méid a leagtar amach i mír 1 a bhainistiú i gcomhréir leis na nósanna imeachta agus na rialacha is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais.

3.   Déanfaidh an Coimisiún maoirseacht ar bhainistiú cuí an chaiteachais dá dtagraítear i mír 2. Chun na críche sin, tabharfaidh sé an comhaontú riachtanach i gcrích leis an Rúnaíocht Theicniúil. Sonróidh an comhaontú sin go n-áiritheoidh an Rúnaíocht Theicniúil infheictheacht ranníocaíocht an Aontais, ar bhealach atá iomchuí lena méid, agus sonrófar ann bearta chun forbairt sineirgí a éascú agus chun dúbláil gníomhaíochtaí a sheachaint.

4.   Déanfaidh an Coimisiún iarracht an comhaontú dá dtagraítear i mír 3 a thabhairt i gcrích a luaithe is féidir tar éis theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo. Cuirfidh sé an Chomhairle ar an eolas maidir le haon deacrachtaí sa phróiseas sin agus maidir leis an dáta a thabharfar an comhaontú chun críche.

Airteagal 4

Tuairisceoidh an tArdionadaí don Chomhairle maidir le cur chun feidhme an Chinnidh seo ar bhonn tuarascálacha tráthrialta arna n-ullmhú ag an Rúnaíocht Theicniúil. Beidh na tuarascálacha sin ón Ardionadaí ina mbonn don mheastóireacht a dhéanfaidh an Chomhairle. Soláthróidh an Coimisiún faisnéis faoi ghnéithe airgeadais an tionscadail dá dtagraítear in Airteagal 1.

Airteagal 5

1.   Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

2.   Rachaidh an Cinneadh seo in éag 24 mhí tar éis an dáta a thabharfar an comhaontú dá dtagraítear in Airteagal 3(3) i gcrích. Rachaidh sé in éag sé mhí tar éis a theacht i bhfeidhm, áfach, mura mbeidh an comhaontú sin tugtha i gcrích faoin tréimhse sin.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, 21 Meitheamh 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BORRELL FONTELLES


(1)  Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2004/797/CBES ón gComhairle an 22 Samhain 2004 maidir le tacaíocht do ghníomhaíochtaí OPCW faoi chuimsiú chur chun feidhme Straitéis AE i gcoinne Leathadh Arm Ollscriosta (IO L 349, 25.11.2004, lch. 63).

(2)  Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2005/913/CBES ón gComhairle an 12 Nollaig 2005 maidir le tacaíocht do ghníomhaíochtaí OPCW faoi chuimsiú chur chun feidhme Straitéis AE i gcoinne Leathadh Arm Ollscriosta (IO L 331, 17.12.2005, lch. 34).

(3)  Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2007/185/CBES ón gComhairle an 19 Márta 2007 maidir le tacaíocht do ghníomhaíochtaí OPCW faoi chuimsiú chur chun feidhme Straitéis AE i gcoinne Leathadh Arm Ollscriosta (IO L 85, 27.3.2007, lch. 10).

(4)  Cinneadh 2009/569/CBES ón gComhairle an 27 Iúil 2009 maidir le tacaíocht do ghníomhaíochtaí OPCW faoi chuimsiú chur chun feidhme Straitéis AE i gcoinne Leathadh Arm Ollscriosta (IO L 197, 29.7.2009, lch. 96).

(5)  Cinneadh 2012/166/CBES ón gComhairle an 23 Márta 2012 chun tacú le gníomhaíochtaí na hEagraíochta um Thoirmeasc ar Airm Cheimiceacha (OPCW) faoi chuimsiú chur chun feidhme Straitéis AE i gcoinne Leathadh Arm Ollscriosta (IO L 87, 24.3.2012, lch. 49).

(6)  Cinneadh 2013/726/CBES ón gComhairle an 9 Nollaig 2013 lena dtacaítear le Rún 2118 (2013) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe agus EC-M-33/Dec 1 ó Chomhairle Feidhmiúcháin na hEagraíochta um Thoirmeasc ar Airm Cheimiceacha (OPCW), i gcreat chur chun feidhme straitéis AE i gcoinne iomadú na n-arm ollscriosta (IO L 329, 10.12.2013, lch. 41).

(7)  Cinneadh (CBES) 2015/259 ón gComhairle an 17 Feabhra 2015 chun tacú le gníomhaíochtaí na hEagraíochta um Thoirmeasc ar Airm Cheimiceacha (OPCW) faoi chuimsiú chur chun feidhme Straitéis AE i gcoinne Leathadh Arm Ollscriosta (IO L 43, 18.2.2015, lch. 14).

(8)  Cinneadh (CBES) 2017/2302 ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 chun tacú le gníomhaíochtaí OPCW chun cabhrú le hoibríochtaí glantacháin ag an iar-láithreán stórála arm ceimiceach sa Libia faoi chuimsiú chur chun feidhme Straitéis AE i gcoinne Leathadh Arm Ollscriosta (IO L 329, 13.12.2017, lch. 49).

(9)  Cinneadh (CBES) 2017/2303 ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 chun tacú le cur chun feidhme leanúnach Rún 2118 (2013) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe agus cinneadh EC-M-33/DEC.1 ó Chomhairle Feidhmiúcháin OPCW maidir le díothú airm cheimiceacha na Siria) faoi chuimsiú chur chun feidhme Straitéis AE i gcoinne Leathadh Arm Ollscriosta (IO L 329, 13.12.2017, lch. 55).

(10)  Cinneadh (CBES) 2019/538 ón gComhairle an 1 Aibreán 2019 chun tacú le gníomhaíochtaí na hEagraíochta um Thoirmeasc ar Airm Cheimiceacha (OPCW) faoi chuimsiú chur chun feidhme Straitéis AE i gcoinne Leathadh Arm Ollscriosta (IO L 93, 2.4.2019, lch. 3).


IARSCRÍBHINN

DOICIMÉAD TIONSCADAIL

1.   Cúlra

Tá sé de cheangal ar OPCW bonneagar a chothabháil lena gceadaítear ceannasacht faisnéise ar bhealach atá i gcomhréir le haicmiúcháin rochtana faoi phribhléid, chun gnáthaimh agus bagairtí atá ann cheana a láimhseáil go cuí, agus é in ann cosaint ag an am céanna ar rioscaí atá ag teacht chun cinn. Tá rioscaí tromchúiseacha agus rioscaí atá ag teacht chun cinn fós roimh OPCW i ndáil leis an gcibearshlándáil agus leis an gcibear-athléimneacht. Tá OPCW á ionsaí ag gníomhaithe a bhfuil ardscileanna agus acmhainní acu agus spreagadh iontu. Leanann na gníomhaithe sin de rúndacht agus sláine shócmhainní faisnéise agus bonneagair OPCW a ionsaí go minic. Chun freagairt ar na hábhair imní a cuireadh i bhfios go láidir maidir le cibear-ionsaithe a rinneadh le déanaí, ceisteanna polaitiúla reatha, agus géarchéim COVID-19, agus aird á tabhairt ar na riachtanais uathúla a bhaineann le cineál oibre OPCW i ndáil le sainordú CWC a chur i gcrích, is léir go bhfuil gá le hinfheistíocht bhunriachtanach i gcumais theicniúla.

Faoi Chiste Speisialta OPCW don Chibearshlándáil, don Leanúnachas Gnó agus don tSlándáil Bonneagair Fhisiciúil, tá a Chlár Cibearshlándála agus Athléimneachta agus Dearbhaithe Faisnéise (Clár OPCW) ceaptha ag OPCW, clár ina bhfuil 47 ngníomhaíocht chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin chibearshlándála a bhí ann le déanaí. Tá Clár OPCW ailínithe leis an dea-chleachtas a chuireann eintitis amhail Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil (ENISA) chun cinn nó a úsáideann coincheapa a bhaineann leis an Treoir Eorpach maidir le Slándáil na gCoras Gréasán agus Faisnéise (NIS) a bhaineann le teileachumarsáid agus cosaint. Clúdaíonn Clár OPCW na réimsí téamacha seo a leanas le chéile; córais gréasán rúnaicmithe agus neamh-rúnaicmithe; beartas agus rialachas; brath agus freagairt; oibríochtaí agus cothabháil; agus teileachumarsáid. Go bunúsach, tá an Clár OPCW ceaptha chun OPCW a chumasú deiseanna a laghdú d’ionsaitheoirí ar dhea-acmhainní agus/nó státurraithe a n-aidhmeanna a bhaint amach, agus rioscaí ó bhagairtí seachtracha agus ó bhagairtí ar an taobh istigh araon a mhaolú ó thaobh an duine agus ó thaobh na teicneolaíochta de. Tá an tacaíocht ón Aontas struchtúrtha mar thionscadal ina bhfuil trí ghníomhaíocht a chomhfhreagraíonn do dhá cheann de 47 ngníomhaíocht Chlár OPCW.

2.   Cuspóir an tionscadail

Is é cuspóir foriomlán an Tionscadail a áirithiú go bhfuil sé d’acmhainn ag Rúnaíocht OPCW leibhéal iomchuí cibearshlándála agus athléimneachta a choinneáil chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin chibearshlándála athfhillteacha agus atá ag teacht chun cinn i gceanncheathrú OPCW agus i saoráidí cúnta, chun cur i gcrích shainordú OPCW agus cur chun feidhme éifeachtach CWC a chumasú.

3.   Cuspóirí

Bonneagar TFC a uasghrádú i gcomhréir le creat institiúideach leanúnachais gnó OPCW, ag díriú go mór ar an athléimneacht;

Rialú rochtana faoi phribhléid a áirithiú, mar aon le bainistiú faisnéise fisiciúla, loighciúla agus cripteagrafaíche agus deighilt a dhéanamh i ngach líonra straitéiseach agus misin.

4.   Torthaí

Is iad seo a leanas na torthaí a bhfuiltear ag súil leo, a rannchuidíonn an Tionscadal leo:

go gcuirfidh trealamh agus seirbhísí TFC iontaofacht láidir córas ar fáil (hibrideach/iomarcaíocht gheografach) agus go n-éascaíonn siad infhaighteacht mhéadaithe córas agus seirbhísí TFC chun tacú le leanúnachas gnó;

go n-íoslaghdófar cumas aon fhachtóir aonair nó aon duine aonair tionchar díobhálach a imirt ar rúndacht agus ar shláine faisnéise nó córas laistigh den OPCW.

5.   Gníomhaíochtaí

5.1.   Gníomhaíocht 1 – Timpeallacht chumasúcháin a oibríochtú le haghaidh iarrachtaí leanúnacha cibearshlándála agus athléimneachta laistigh d’oibríochtaí ilshuíomh OPCW

Féachann an ghníomhaíocht seo le timpeallacht chumasúcháin a áirithiú chun pleanáil leanúnachais gnó OPCW a chur i bhfeidhm go rianúil a mhéid a bhaineann leis an gcibearshlándáil agus leis an athléimneacht. Bainfear é sin amach trí dhul i ngleic le huasghráduithe bonneagair – ath-ailtireacht agus/nó cartlannú do leanúnachas gnó OPCW thar oibríochtaí ilshuíomh. Mar aon le comhtháthú rialachais rochtana faoi phribhléid sna próisis phleanála agus freagartha leanúnachais gnó a éascú agus a chumasú tuilleadh.

5.2.   Gníomhaíocht 2 – Réiteach saincheaptha a cheapadh le haghaidh comhtháthú agus cumrú córas ar an áitreabh agus néalbhunaithe le córais TFC OPCW agus réitigh Bainistithe Rochtana faoi Phribhléid (PAM)

Díríonn an ghníomhaíocht seo ar an timpeallacht chumasúcháin a aistriú go dearadh saincheaptha do chomhtháthú agus do chumrú córas ar an áitreabh agus néalbhunaithe le córais TFC OPCW agus réitigh PAM. Táthar ag súil go méadófar éifeachtúlacht bhonneagar na gcóras TFC dá bharr sin agus go gceapfar córas comhtháite PAM le haghaidh sócmhainní criticiúla ar féidir leis bagairtí a dhíspreagadh, a bhrath, agus a bheidh i gcomhréir le cumais fiaigh bhagartha chomhchuimseacha.

5.3.   Gníomhaíocht 3 – Tionscnamh agus tástáil réiteach PAM

Cuireann an ghníomhaíocht seo leis an mbonneagar a cuireadh chun feidhme agus leis na réitigh PAM a ceapadh chun comhtháthú agus cumraíocht a ghlacadh ón teoiric go dtí an cleachtas. Ní mór córais a mhapáil, a phróifíliú agus a neadú sna córais atá ann cheana agus aird á tabhairt ar thosca gaolmhara beartais agus daonna. Ina dhiaidh sin, fíoraíonn tástáil chríochnúil agus áirithítear stóinseacht an chórais (tá fíordheimhniú láidir ag gach córas nua le haghaidh úsáideoirí agus feistí, aicmiú agus cosaint faisnéise iomchuí, agus ardchosc ar chaillteanas sonraí) ó thaobh an chur chun feidhme de agus le himeacht ama, beidh Rúnaíocht OPCW in ann bearnaí a shainaithint agus aghaidh a thabhairt orthu a mhéid is féidir.

6.   Fad ama

Meastar go dtabhófar agus go gcríochnófar thar thréimhse 24 mhí an fad iomlán measta don chur chun feidhme a chistítear tríd an tionscadal seo.

7.   Tairbhithe

Pearsanra Rúnaíocht Theicniúil OPCW, orgáin ceaptha beartais, fochomhlachtaí agus geallsealbhóirí CWC, lena n-áirítear Stáit is Páirtithe, a bheidh ina dtairbhithe faoin tionscadal.

8.   Infheictheacht an Aontais

Déanfaidh OPCW gach beart is iomchuí, laistigh de bhreithniúcháin réasúnta slándála, chun a phoibliú gurbh é an tAontas a mhaoinigh an tionscadal seo.