|
24.6.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 224/20 |
CINNEADH (AE) 2021/1024 ÓN gCOMHAIRLE
an 18 Meitheamh 2021
lena leasaítear Cinneadh 2009/908/AE, lena leagtar síos bearta do chur chun feidhme an Chinnidh ón gComhairle Eorpach maidir le feidhmiú Uachtaránacht na Comhairle, agus maidir le cathaoirleacht comhlachtaí ullmhúcháin de chuid na Comhairle
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Chinneadh 2009/881/AE ón gComhairle Eorpach an 1 Nollaig 2009 maidir le feidhmiú Uachtaránacht na Comhairle (1), agus go háirithe Airteagal 4 de,
De bharr an mhéid seo a leanas,
|
(1) |
Le Cinneadh 2009/908/AE (2) leag an Chomhairle síos bearta do chur chun feidhme Chinneadh 2009/881/AE ón gComhairle Eorpach. Na comhlachtaí ullmhúcháin nach bhfuil an Uachtaránacht 6 mhí ina chathaoirleach orthu, liostaítear iad in Iarscríbhinn III de Chinneadh 2009/908/AE, faoi mar a fhoráiltear in Airteagal 2, an tríú fomhír, de Chinneadh 2009/881/AE ón gComhairle Eorpach. |
|
(2) |
De réir Iarscríbhinn III a ghabhann le Cinneadh 2009/908/AE, tá an Mheitheal um Próiseáil Sonraí Dlíthiúla liostaithe i measc chomhlachtaí ullmhúcháin na Comhairle a bhfuil Ardrúnaíocht na Comhairle ina chathaoirleach orthu. |
|
(3) |
I bhfianaise taithí na Meithle um Próiseáil Sonraí Dlíthiúla, agus cineál na gcúraimí arna ndéanamh aici, ba cheart an Uachtaránacht 6 mhí a bheith ina cathaoirleach ar an meitheal sin. |
|
(4) |
Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh 2009/908/AE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
In Iarscríbhinn III de Chinneadh 2009/908/AE, scriostar an téacs arb é “an Mheitheal um Próiseáil Sonraí Dlíthiúla”.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Beidh feidhm aige ón 1 Iúil 2021.
Foilseofar in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh é.
Arna dhéanamh i Lucsamburg, 18 Meitheamh 2021.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. LEÃO
(1) IO L 315, 2.12.2009, lch. 50.
(2) Cinneadh 2009/908/AE ón gComhairle an 1 Nollaig 2009, lena leagtar síos bearta do chur chun feidhme an Chinnidh ón gComhairle Eorpach maidir le feidhmiú Uachtaránacht na Comhairle, agus maidir le cathaoirleacht comhlachtaí ullmhúcháin de chuid na Comhairle (IO L 322, 9.12.2009, lch. 28).