21.6.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 219/37


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/995 ÓN gCOIMISIÚN

an 18 Meitheamh 2021

lena gcinntear an dáta óna mbeidh feidhm ag Cinneadh (AE) 2017/1908 ón gComhairle maidir le forálacha áirithe acquis Schengen a bhaineann leis an gCóras Faisnéise Víosaí i bPoblacht na Bulgáire agus sa Rómáin

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint d’Ionstraim Aontachais Phoblacht na Bulgáire agus na Rómáine,

Ag féachaint do Chinneadh (AE) 2017/1908 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 maidir le forálacha áirithe acquis Schengen a bhaineann leis an gCóras Faisnéise Víosaí (VIS) i bPoblacht na Bulgáire agus sa Rómáin (1), agus go háirithe Airteagal 2, an dara mír, de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

De bhun Chinneadh (AE) 2017/1908, forálacha acquis Schengen a bhaineann leis an gCóras Faisnéise Víosaí dá dtagraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh sin, beidh feidhm ag na forálacha sin maidir leis an mBulgáir agus leis an Rómáin, tar éis don Ghníomhaireacht Eorpach chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (eu-LISA), don Bhulgáir agus don Rómáin na tástálacha cuimsitheacha uile a chur i gcrích go rathúil agus tar éis dóibh fógra a thabhairt don Choimisiún ina leith sin.

(2)

Beidh feidhm ag Cinneadh (AE) 2017/1908 ó dháta, atá le cinneadh ag an gCoimisiún, tráth a thabharfaidh an Bhulgáir agus an Rómáin fógra don Choimisiún gur cuireadh na tástálacha cuimsitheacha i gcrích go rathúil.

(3)

I gcomhréir le hAirteagal 1(1) de Chinneadh (AE) 2017/1908, d’fhíoraigh eu-LISA go bhfuil córais náisiúnta VIS na Bulgáire agus na Rómáine réidh lena gcomhtháthú sa Chóras Faisnéise Víosaí ón taobh teicniúil de.

(4)

I litir dar dáta an 15 Nollaig 2020, thug an Rómáin fógra don Choimisiún go bhfuil na tástálacha cuimsitheacha dá dtagraítear in Airteagal 1(1) de Chinneadh (AE) 2017/1908, maidir leis na forálacha a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh sin, curtha i gcrích go rathúil.

(5)

I litir dar dáta an 19 Eanáir 2021, thug an Bhulgáir fógra don Choimisiún go bhfuil na tástálacha cuimsitheacha dá dtagraítear in Airteagal 1(1) de Chinneadh (AE) 2017/1908, maidir leis na forálacha a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh sin, curtha i gcrích go rathúil.

(6)

Dá bhrí sin, tar éis don Bhulgáir agus don Rómáin na socruithe teicniúla is gá a chur i gcrích agus fógra cuí a thabhairt don Choimisiún ina leith, ba cheart an dáta a chinneadh óna mbeidh feidhm ag Cinneadh (AE) 2017/1908.

(7)

Maidir leis an Íoslainn agus leis an Iorua, is é atá sa Chinneadh seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, (2) ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointí B agus G, de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle (3).

(8)

Maidir leis an Eilvéis, is é atá sa Chinneadh seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, (4) ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointí B agus G, de Chinneadh 1999/437/CE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/146/CE ón gComhairle (5).

(9)

Maidir le Lichtinstéin, is é atá sa Chinneadh seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Phrótacail idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, (6) ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointí B agus G, de Chinneadh 1999/437/CE arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2011/350/AE ón gComhairle (7),

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Beidh feidhm ag Cinneadh (AE) 2017/1908 ón 25 Iúil 2021.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 18 Meitheamh 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 269, 19.10.2017, lch. 39.

(2)  IO L 176, 10.7.1999, lch. 36.

(3)  Cinneadh 1999/437/CE ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir le socruithe áirithe i dtaca le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 176, 10.7.1999, lch. 31).

(4)  IO L 53, 27.2.2008, lch. 52.

(5)  Cinneadh 2008/146/CE ón gComhairle an 28 Eanáir 2008 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 53, 27.2.2008, lch. 1).

(6)  IO L 160, 18.6.2011, lch. 21.

(7)  Cinneadh 2011/350/AE ón gComhairle an 7 Márta 2011 maidir le tabhairt i gcrích an Phrótacail, thar ceann an Aontais Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, a bhaineann le seiceálacha ag na teorainneacha inmheánacha a dhíothú agus le gluaiseacht daoine (IO L 160, 18.6.2011, lch. 19).