|
9.6.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 203/14 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/927 ÓN gCOIMISIÚN
an 31 Bealtaine 2021
lena gcinntear an fachtóir ceartúcháin trasearnála aonfhoirmeach chun leithdháiltí lamháltas astaíochtaí saor in aisce a choigeartú le haghaidh na tréimhse 2021 go 2025
(tugadh fógra dó faoi dhoiciméad C(2021)3745)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331 ón gCoimisiún (1) an 19 Nollaig 2018 lena gcinntear rialacha idirthréimhseacha uile-Aontais le haghaidh leithdháileadh comhchuibhithe lamháltas astaíochtaí saor in aisce de bhun Airteagal 10a de Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus go háirithe Airteagal 14(6) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Foráiltear le hAirteagal 10a(5), 10a(5a) agus 10a(8) de Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) maidir le huasmhéid bliantúil lamháltas arb é is bunús do ríomh na lamháltas a leithdháiltear saor in aisce ar shuiteálacha nach gcumhdaítear le hAirteagal 10a(3) den Treoir sin. |
|
(2) |
An t-uasmhéid maidir le leithdháileadh lamháltas saor in aisce dá bhforáiltear in Airteagal 10a(5) de Threoir 2003/87/CE, lúide an méid dá dtagraítear in Airteagal 10a(8) agus, i gcás inar gá, an méid breise atá ar fáil á chur san áireamh, méid a shuitear in Airteagal 10a(5a) den Treoir sin, níor cheart é a shárú chun an scair cheantála a leagtar amach in Airteagal 10 de Threoir 2003/87/CE a urramú. D’fhonn a áirithiú nach sárófar uasmhéid bliantúil na lamháltas, ba cheart fachtóir ceartúcháin trasearnála bliantúil a chur i bhfeidhm, más gá, fachtóir lena laghdófaí ar bhealach aonfhoirmeach líon na lamháltas saor in aisce le haghaidh gach suiteáil atá incháilithe le haghaidh leithdháileadh saor in aisce. |
|
(3) |
De bhun Airteagal 14(6) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331, cinnfidh an Coimisiún an fachtóir ceartúcháin trasearnála le haghaidh gach bliain den tréimhse leithdháilte ábhartha a luaithe a thabharfar fógra faoi réamh-mhéideanna bliantúla na lamháltas saor in aisce le haghaidh na tréimhse sin. |
|
(4) |
An fachtóir ceartúcháin trasearnála is infheidhme gach bliain den tréimhse leithdháilte 2021 go 2025 maidir le suiteálacha nach n-aithnítear mar ghineadóirí leictreachais agus nach iontrálaithe nua iad, ba cheart é a chinneadh ar bhonn réamh-mhéid bliantúil na lamháltas astaíochtaí a leithdháiltear saor in aisce thar an tréimhse leithdháilte, gan na lamháltais saor in aisce a chur san áireamh a leithdháiltear ar shuiteálacha a d’eisiaigh na Ballstáit ón gcóras trádála astaíochtaí laistigh den Aontas (EU ETS), i gcomhréir le hAirteagal 27 nó 27a de Threoir 2003/87/CE, agus lamháltais a leithdháiltear saor in aisce ar shuiteálacha arna gcur san áireamh ag na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 24 den Treoir á gcur san áireamh. |
|
(5) |
Le haghaidh 2021, is ionann cainníocht na lamháltas uile-Aontais dá dtagraítear in Airteagal 9 de Threoir 2003/87/CE agus 1 571 583 007, mar a leagtar amach in Airteagal 1 de Chinneadh (AE) 2020/1722 ón gCoimisiún (3). I gcomhréir leis an gcéad fhomhír agus an dara fomhír d’Airteagal 10(1) de Threoir 2003/87/CE, ríomhadh an t-uasmhéid (bliantúil) dá bhforáiltear le hAirteagal 10a(5) mar 43 % de 1 571 583 007, is é sin 675 780 693. As na 675 780 693 sin, ba cheart 32 500 000 lamháltas a asbhaint as an méid gach bliain i gcomhréir le hAirteagal 10a(8) de Threoir 2003/87/CE, asbhaint as a dtiocfaidh uasmhéid 643 280 693 le haghaidh 2021. De bhun Airteagal 10a(5a) de Threoir 2003/87/CE, maidir le méid breise suas le 3 % de chainníocht iomlán na lamháltas, méid arb ionann é agus 413 420 157 thar an tréimhse 10 mbliana 2021 go 2030, d’úsáidfí é chun an t-uasmhéid atá ar fáil a mhéadú dá mba rud é gur sáraíodh an uaschainníocht dá dtagraítear in Airteagal 10a(5) den Treoir le réamh-mhéideanna bliantúla na lamháltas saor in aisce in aghaidh na suiteála, de réir mar a chuir na Ballstáit agus stáit CSTE LEE isteach iad, agus an fachtóir ábhartha a cinneadh in Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331 á chur i bhfeidhm. Níorbh amhlaidh an cás áfach. Dá bhrí sin, ba cheart gurb é 100 % an fachtóir ceartúcháin trasearnála bliantúil. |
|
(6) |
Aon lamháltas nár úsáideadh ó na huasmhéideanna sa bhliain 2021, ba cheart iad a chur ar fáil sa bhliain ina dhiaidh sin, eadhon 2022. Ba cheart feidhm a bheith ag an loighic sin go fóill sna blianta ina dhiaidh sin le linn na tréimhse leithdháilte 2021 go 2025 dá dtagraítear in Airteagal 2, pointe 15 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331. |
|
(7) |
Na huasmhéideanna dá bhforáiltear le hAirteagal 10a(5), 10a(5a) agus 10a(8) de Threoir 2003/87/CE, na rialacha comhchuibhithe maidir le leithdháileadh agus an fachtóir ceartúcháin trasearnála, ba cheart iad a chur i bhfeidhm i Stáit CSTE LEE (4). Dá bhrí sin, réamh-mhéideanna bliantúla lamháltas astaíochtaí a leithdháiltear saor in aisce le linn na tréimhse 2021 go 2025, is gá iad a chur san áireamh, ar bhonn na sonraí lenar ghlac Údarás Faireacháin CSTE maidir leis an Iorua, leis an Íoslainn, agus le Lichtinstéin. Léirítear an riachtanas sin sna ríomhanna dá dtagraítear in aithris (5), |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Maidir le gach bliain sa tréimhse leithdháilte 2021 go 2025, is é 100 % an fachtóir ceartúcháin trasearnála aonfhoirmeach chun leithdháiltí lamháltas astaíochtaí saor in aisce a choigeartú i gcomhréir le hAirteagal 10a(5) agus 10a(5a) de Threoir 2003/87/CE.
Airteagal 2
Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Cinneadh seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 31 Bealtaine 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
Frans TIMMERMANS
Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin
(1) IO L 59, 27.2.2019, lch. 8.
(2) Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hЕorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear scéim i ndáil le trádáil lamháltas astaíochtaí gáis ceaptha teasa laistigh den Chomhphobal agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, 25.10.2003, lch. 32).
(3) Cinneadh (AE) 2020/1722 ón gCoimisiún an 16 Samhain 2020 maidir le cainníocht na lamháltas uile-Aontais atá le heisiúint faoi Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh don bhliain 2021 (IO L 386, 18.11.2020, lch. 26).
(4) Cinneadh Uimh. 112/2020 ó Chomhchoiste LEE an 14 Iúil 2020 lena leasaítear Iarscríbhinn XX (Comhshaol) a ghabhann le Comhaontú LEE (Nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).