4.6.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 197/114


CINNEADH (CBES) 2021/904 ÓN gCOMHAIRLE

an 3 Meitheamh 2021

lena leasaítear Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2008/124/CBES

maidir le Misean Smachta Reachta an Aontais Eorpaigh sa Chosaiv (*) (EULEX KOSOVO)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagail 42(4) agus 43(2) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 4 Feabhra 2008, ghlac an Chomhairle Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2008/124/CBES (1).

(2)

An 11 Meitheamh 2020, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2020/792 (2), lena leasaítear Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2008/124/CBES agus lena gcuirtear síneadh leis an Misean go dtí an 14 Meitheamh 2021.

(3)

I gcomhthéacs an Athbhreithnithe Straitéisigh ar EULEX KOSOVO, chomhaontaigh an Coiste Polaitiúil agus Slándála (CPS) gur cheart síneadh a chur leis an Misean go dtí an 14 Meitheamh 2023 agus gur cheart an cúram maidir le tacaíocht oibríochtúil a chur ar fáil don idirphlé arna éascú ag an Aontas a aistriú chuig Oifig an Aontais Eorpaigh sa Chosaiv faoin 31 Nollaig 2022.

(4)

Níor cheart a thuiscint go ndéanann aon ní sa Chinneadh seo dochar do neamhspleáchas agus d’uathriail na mbreithiúna ná na n-ionchúisitheoirí atá gníomhach in imeachtaí breithiúnacha i gcomhthéacs EULEX KOSOVO.

(5)

Ós rud é go bhfuil saintréithe speisialta ag roinnt le gníomhaíochtaí EULEX KOSOVO de thaca leis na himeachtaí breithiúnacha a athlonnaíodh laistigh de Bhallstát, is iomchuí a shainaithint sa Chinneadh seo an méid a bheartaítear chun an tacaíocht do na himeachtaí breithiúnacha sin a athlonnaíodh a chumhdach agus foráil a dhéanamh maidir leis an gcuid sin den bhuiséad a chur chun feidhme trí bhíthin deontais.

(6)

Ba cheart Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2008/124/CBES a leasú dá réir sin.

(7)

Cuirfear EULEX KOSOVO i gcrích i gcomhthéacs staid a bhféadfadh meathlú teacht uirthi agus a d’fhéadfadh bac a chur ar bhaint amach chuspóirí ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais mar a leagtar amach in Airteagal 21 den Chonradh iad,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear, leis seo, Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2008/124/CBES mar a leanas:

(1)

in Airteagal 3, cuirtear an abairt seo a leanas leis:

“Déanfar an cúram maidir le tacaíocht oibríochtúil a chur ar fáil don idirphlé arna éascú ag an Aontas a aistriú chuig Oifig an Aontais Eorpaigh sa Chosaiv faoin 31 Nollaig 2022.”;

(2)

leasaítear Airteagal 16 mar seo a leanas:

(a)

I mír 1, cuirtear na míreanna seo a leanas léi:

“s é EUR 173 693 683 a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais a bheartaítear chun caiteachas EULEX KOSOVO a chumhdach ón 15 Meitheamh 2021 go dtí an 14 Meitheamh 2023. As an méid sin, is é EUR 57 900 000 a bheidh sa mhéid a bheartaítear chun caiteachas EULEX KOSOVO a chumhdach lena shainordú a chur chun feidhme sa Chosaiv agus is é EUR 115 793 683 a bheidh sa mhéid a bheartaítear chun an tacaíocht do na himeachtaí breithiúnacha a athlonnaíodh laistigh de Bhallstát a chumhdach.

Síneoidh an Coimisiún comhaontú deontais le cláraitheoir a bheidh ag gníomhú thar ceann clárlainne a bheidh i gceannas ar riar na n-imeachtaí breithiúnacha a athlonnaíodh ar shuim EUR 115 793 683. Beidh feidhm ag na rialacha maidir le deontais dá bhforáiltear i Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1) maidir leis an gcomhaontú deontais.

Cinnfidh an Chomhairle an méid tagartha airgeadais don tréimhse ina dhiaidh sin do EULEX KOSOVO.

(*1)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh 1296/2013, (AE) Uimh 1301/2013, (AE) Uimh 1303/2013, (AE) Uimh 1304/2013, (AE) Uimh 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014 agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).”"

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

“4.   Cé is moite de na méideanna dá dtagraítear i mír 1 a bhaineann leis an tacaíocht do na himeachtaí breithiúnacha laistigh de Bhallstát, beidh EULEX KOSOVO freagrach as cur chun feidhme airgeadais bhuiséad an mhisin. Chun na críche sin, síneoidh EULEX KOSOVO comhaontú leis an gCoimisiún.”;

(3)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte den dara mír d’Airteagal 20:

“Rachaidh sé in éag an 14 Meitheamh 2023.”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, 3 Meitheamh 2021/

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

P. N. SANTOS


(*)  Ní dochar an t-ainmniú seo do sheasaimh maidir le stádas, agus tá sé ag teacht le Rún 1244 (1999) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe agus le Tuairim CBI maidir le dearbhú neamhspleáchais na Cosaive.

(1)  Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2008/124/CBES ón gComhairle an 4 Feabhra 2008 maidir le Misean Rialach Dlí an Aontais Eorpaigh sa Chosaiv, EULEX KOSOVO (IO L 42, 16.2.2008, lch. 92).

(2)  Cinneadh (CBES) 2020/792 ón gComhairle an 11 Meitheamh 2020 lena leasaítear Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2008/124/CBES ón gComhairle maidir le Misean Rialach Dlí an Aontais Eorpaigh sa Chosaiv (EULEX KOSOVO) (IO L 193, 17.6.2020, lch. 9).