|
3.6.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 195/3 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/891 ÓN gCOIMISIÚN
an 2 Meitheamh 2021
lena leagtar síos spriocanna feidhmíochta ar fud an Aontais Eorpaigh le haghaidh an líonra um bainistíocht aerthráchta i leith an tríú tréimhse thagartha (2020-2024) agus lena n-aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/903
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 549/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2004 lena leagtar síos an creat chun aerspás Eorpach aonair a chruthú (an creat-rialachán) (1), agus go háirithe Airteagal 11(3), pointe (a), de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 ón gCoimisiún (2) leagtar amach na rialacha mionsonraithe agus na nósanna imeachta mionsonraithe maidir le cur chun feidhme na scéime feidhmíochta agus muirearaithe agus bunaítear go gcumhdaíonn an tríú tréimhse thagartha den scéim feidhmíochta agus muirearaithe na blianta féilire 2020 go 2024 agus an dá bhliain sin san áireamh. |
|
(2) |
Ón gcéad ráithe den bhliain féilire 2020, d’fhág paindéim COVID-19 gur tháinig laghdú suntasach ar an aerthrácht de bharr na mbeart a rinne na Ballstáit agus tríú tíortha chun srian a choinneáil ar an bpaindéim. Tá an t-aeriompar buailte go mór ag ráig COVID-19 i gcónaí, ach mar sin féin táthar ag ceapadh go dtéarnóidh an earnáil de réir a chéile le linn an tríú tréimhse thagartha. Mar sin féin, tá éiginnteacht mhór ann fós maidir le luas agus dlús an téarnaimh óir tá an luas agus an dlús sin ag brath ar fhorbairt na staide sláintíochta agus eacnamaíche san Aontas agus sa chuid eile den domhan. |
|
(3) |
Leagtar síos spriocanna feidhmíochta ar fud an Aontais le haghaidh an tríú tréimhse thagartha i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/903 ón gCoimisiún (3). Maidir leis na spriocanna feidhmíochta ar fud an Aontais agus na dréachtphleananna feidhmíochta a ghlac na Ballstáit, ós rud é gur tarraingíodh suas iad sular tharla ráig phaindéim COVID-19, ní fhéadfaí an t-athrú suntasach a tháinig ar na dálaí aeriompair de dheasca na paindéime a chur san áireamh iontu. |
|
(4) |
Mar fhreagairt ar thionchar phaindéim COVID-19 ar sholáthar seirbhísí aerloingseoireachta, leagadh amach bearta eisceachtúla le haghaidh an tríú tréimhse thagartha, de mhaolú ar Rialachán (AE) 2019/317, i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1627 ón gCoimisiún (4). |
|
(5) |
De bhun mhír 1 d’Airteagal 2 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1627, ceanglaítear ar an gCoimisiún spriocanna feidhmíochta athbhreithnithe ar fud an Aontais le haghaidh an tríú tréimhse thagartha a ghlacadh faoin 1 Bealtaine 2021. I gcomhréir le mír 4 d’Airteagal 9 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, tá an Coimisiún le hathbhreithniú a dhéanamh ar na luachanna seo a leanas, in éineacht leis na spriocanna feidhmíochta ar fud an Aontais: an “luach bonnlíne le haghaidh costais arna suíomh” ar fud an Aontais, an “luach bonnlíne le haghaidh costais aonaid arna suíomh” ar fud an Aontais, na híostairseacha foláirimh a rialaíonn go bhféadfaidh na Ballstáit athbhreithniú a iarraidh ar na spriocanna feidhmíochta atá sna pleananna feidhmíochta, mar aon leis na grúpaí comparáide soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta a bhfuil timpeallacht oibríochtúil agus eacnamaíoch chomhchosúil acu. |
|
(6) |
Maidir leis na spriocanna feidhmíochta ar fud an Aontais le haghaidh an tríú tréimhse thagartha a leagtar amach sa Chinneadh seo, tá siad bunaithe ar an ionchur a fuarthas ón gComhlacht Athbhreithnithe Feidhmíochta, ón mBainisteoir Líonra, ón nGníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh (“EASA”) agus ó na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta, agus cuireadh na comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara san áireamh. |
|
(7) |
Na spriocanna feidhmíochta athbhreithnithe ar fud an Aontais le haghaidh an tríú tréimhse thagartha a chuimsítear sa Chinneadh seo, tá siad bunaithe ar shonraí a chumhdaíonn na Ballstáit, an Iorua agus an Eilvéis. |
|
(8) |
Léirítear na toimhdí tráchta atá mar bhonn ag an gCinneadh seo i dtéarmaí Rialacha um Eitilt de réir Uirlisí (“IFR”) maidir le gluaiseachtaí agus in aonaid seirbhíse bunaithe ar réamhaisnéis trácht faoi bhealach STATFOR na hEagraíochta Eorpaí Um Shábháilteacht na hAerloingseoireachta (Eurocontrol) an 4 Samhain 2020. De bharr athrú téarmaíochta ar thaobh STATFOR de, meastar gurb é an cás láir nó “Cás 2”“bonn réamhaisnéise STATFOR” de réir bhrí phointe (b) d’Airteagal 9(3) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317. Is é atá sa réamhaisnéis faoi bhealach sin 4 455 611 ghluaiseacht IFR agus 52 594 913 aonad seirbhíse faoi bhealach le haghaidh 2020, 5 153 494 ghluaiseacht IFR agus 57 373 113 aonad seirbhíse le haghaidh 2021, 7 303 402 ghluaiseacht IFR agus 86 656 273 aonad seirbhíse le haghaidh 2022, 8 326 704 ghluaiseacht IFR agus 101 925 348 aonad seirbhíse le haghaidh 2023, agus 9 326 147 ngluaiseacht IFR agus 116 358 421 aonad seirbhíse le haghaidh 2024. |
|
(9) |
Agus spriocanna feidhmíochta ar fud an Aontais á leagan síos, ba cheart cúinsí eacnamaíocha, sábháilteachta, comhshaoil agus oibríochtúla, chomh maith le hidirthuilleamaíochtaí nó comhbhabhtálacha idir príomhréimsí feidhmíochta a chur san áireamh. Go deimhin, i spriocanna feidhmíochta na bpríomhréimsí feidhmíochta a bhaineann le cost-éifeachtúlacht agus acmhainneacht, ba cheart an gaol idir costais a chur san áireamh chun acmhainneacht bhreise, agus na feabhsuithe is féidir a bhaint amach leis na costais sin, a sholáthar. I spriocanna feidhmíochta phríomhréimse feidhmíochta an chomhshaoil, maidir le bearta arb é is aidhm dóibh ídiú breosla a íoslaghdú, agus dá bhrí sin astaíochtaí a laghdú, ba cheart é a chur san áireamh nach féidir bearta oibríochtúla bainistithe aerthráchta (“BAT”) a chur chun feidhme go praiticiúil i gcónaí. Is é an rud is cúis leis sin na srianta oibríochtúla a bhaineann le scaradh sábháilte aerárthaí go háirithe, agus leis an acmhainneacht bainistithe aerthráchta atá ar fáil. Ar deireadh, ba cheart é a chur san áireamh sna spriocanna feidhmíochta sa phríomhréimse feidhmíochta gur cuspóir sáraitheach é seirbhísí aerloingseoireachta a sholáthar ar bhealach sábháilte agus gur cheart an tsábháilteacht a leabú go hiomlán i bpleanáil ghnó na soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta. |
|
(10) |
I ndáil le príomhréimse feidhmíochta na sábháilteachta, leagadh amach na spriocanna feidhmíochta ar fud an Aontais le haghaidh an tríú tréimhse thagartha i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/903 maidir leis an leibhéal éifeachtachta i mbainistiú sábháilteachta atá le baint amach ag soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta sa bhliain deiridh den tríú tréimhse thagartha, i.e. 2024. Ba cheart na spriocanna sin a choimeád ar bun. Maidir leis an laghdú géar a tháinig ar an aerthrácht de dheasca ghéarchéim COVID-19, chomh maith le luaineacht ghearrthéarmach líon na n-eitiltí, níor cheart d’aon mheath teacht ar fheidhmíocht sábháilteachta mar thoradh orthu. Na feabhsuithe atá beartaithe maidir le héifeachtacht bhainistiú sábháilteachta na soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta, ba cheart leanúint díobh a dhéanamh le linn an tríú tréimhse thagartha. |
|
(11) |
An t-athbhreithniú ar spriocanna feidhmíochta ar fud an Aontais le haghaidh an tríú tréimhse thagartha, ba cheart é a bheith réamhbhreathnaitheach agus an chuid atá fágtha de tréimhse thagartha a chumhdach, lena n-áirítear an bhliain féilire 2021. |
|
(12) |
I ndáil leis an mbliain féilire 2020, leagadh amach na spriocanna feidhmíochta ar fud an Aontais i réimse an chomhshaoil agus na hacmhainneachta i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/903. Níor cheart na spriocanna sin a athbhreithniú agus níor cheart iad a áireamh mar chuid den Chinneadh seo, ós rud é go bhfuil an tréimhse ama chun iad a chur chun feidhme imithe in éag agus go bhfuil a gcur chun feidhme cinntitheach anois, rud a fhágann nach féidir coigeartuithe cúlghabhálacha a dhéanamh. |
|
(13) |
San athbhreithniú ar na spriocanna feidhmíochta ar fud an Aontais i bpríomhréimse an chomhshaoil le haghaidh na mblianta atá fágtha den tríú tréimhse thagartha, arna thomhas mar mheán éifeachtúlacht chothrománach eitilte faoi bhealach an ruthaig eitilte iarbhír, ba cheart an leibhéal feidhmíochta a baineadh amach sa dara tréimhse thagartha agus sa bhliain féilire 2020 a chur san áireamh, chomh maith leis na bearta a cuireadh chun feidhme chun oibríochtaí bainistithe aerthráchta a bharrfheabhsú. Ba cheart féachaint go sonrach don tionchar a d’eascair as géarchéim COVID-19 i ndáil le héifeachtúlacht chothrománach eitilte. |
|
(14) |
Léiríonn na sonraí maidir le feidhmíocht oibríochtúil iarbhír na soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta in 2019, ar leibhéal an Aontais ar fad, comhchoibhneas suntasach ó thaobh staidrimh de idir na ganntanais acmhainneachta a bhí ag roinnt soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta agus síneadh na mbealaí eitilte. Ba é a bhí i gceist leis an gcomhchoibhneas sin, bealaí iarbhír níos faide a eitlíodh le linn na míonna féilire ina raibh leibhéil arda moille i mbainistiú na sreibhe aerthráchta (“ATFM”), agus gur léir gur feabhsaíodh éifeachtúlacht eitilte cothrománaí le linn na míonna féilire ar lú moilleanna ATFM iontu. Deimhnítear a thuilleadh an tuairim sin i ndáil le 2020 inar léiríodh neamhéifeachtúlacht 2,51 % maidir leis an mbliain ar fad agus 2,13 % le haghaidh na tréimhse ama idir mí Mhárta agus Mí na Nollag tar éis ráig phaindéim COVID-19. |
|
(15) |
Níor cheart de dheasca ghéarchéim COVID-19 moill a chur ar chur chun feidhme na bhfeabhsuithe struchtúracha i bpríomhréimse feidhmíochta an chomhshaoil, a bhfuiltear ag súil go gcuimseoidh siad bailchríoch a chur ar chur chun feidhme an aerspáis saorbhealaigh go háirithe. Chomh maith le gníomhaíochtaí saorbhealaigh trasteorann a chur chun feidhme de réir a chéile, d’fhéadfadh sé go dtiocfadh ródú níos dírí as sin agus go laghdófaí líon na muirmhíle a eitlítear agus na n-astaíochtaí a eascraíonn as aerthrácht, agus ar an gcaoi sin go dtacófar le laghdú inbhuanaithe ar dhéine carbóin na heitlíochta. I bhfianaise na leibhéal tráchta níos ísle a bhfuil súil leo thar an tríú tréimhse thagartha, leibhéil tráchta ar cheart go gcuirfidís feabhsuithe breise ar éifeachtúlacht eitilte, ba cheart athbhreithniú a dhéanamh ar na spriocanna feidhmíochta ar fud an Aontais i bpríomhréimse feidhmíochta an chomhshaoil le haghaidh na mblianta 2021 agus 2022 chun tionchar bainistithe aerthráchta ar fheidhmíocht chomhshaoil a laghdú tuilleadh. Ba cheart na spriocanna do na blianta 2023 agus 2024 a choinneáil, áfach, i bhfianaise an téarnaimh a mheastar a thiocfaidh ar an aerthrácht i dtreo dheireadh an tríú tréimhse thagartha chomh maith leis an tionchar ar éifeachtúlacht chothrománach eitilte a imreoidh gnéithe nach bhfuil neart ag soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta orthu, lena n-áirítear pleanáil eitiltí agus cinntí oibríochtúla úsáideoirí aerspáis. |
|
(16) |
San athbhreithniú ar na spriocanna feidhmíochta ar fud an Aontais i bpríomhréimse an chomhshaoil, arna thomhas mar meánmhoill ATFM eitilte faoi bhealach atá inchurtha i leith seirbhísí aerloingseoireachta, ba cheart an leibhéal feidhmíochta a baineadh amach sa dara tréimhse thagartha agus sa bhliain féilire 2020 a chur san áireamh. Ba cheart féachaint go sonrach don tionchar a d’eascair as géarchéim COVID-19 i ndáil le moilleanna ATFM faoi bhealach. |
|
(17) |
Sna blianta roimh an tríú tréimhse thagartha, an acmhainneacht struchtúrach agus an soláthar foirne ba chúis leis an leibhéal ard moilleanna ATFM i roinnt mhaith Ballstát, i gcomhthéacs fás láidir leanúnach tráchta. Ba é 0,35 nóiméad an mhoill ATFM eitilte iarbhír i mbliain féilire 2020, agus in 2019 ba é 1,67 nóiméad an mhoill ATFM eitilte. |
|
(18) |
I bhfianaise laghdú suntasach a tháinig ar an trácht, ba cheart é a bheith d’aidhm ag soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta moilleanna ATFM in 2021 a choinneáil ar leibhéal nach mó ná an figiúr iarbhír in 2020. Le haghaidh na 3 bliana ina dhiaidh sin sa tríú tréimhse thagartha, a dtiocfaidh an trácht ar ais lena linn i dtreo na leibhéal a bhí ann roimh an ngéarchéim, ba cheart na spriocanna acmhainneachta ar fud an Aontais a leagan síos agus an mheánmhoill ATFM eitilte is fearr is féidir á cur san áireamh ar fud an chórais. Thairis sin, tá údar cuí lena bheith ag súil go mbeidh soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta in ann acmhainneacht leordhóthanach a sholáthar chun freastal ar éileamh tráchta le linn chreat ama an tríú tréimhse thagartha ina hiomláine, agus aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna struchtúracha a bhaineann le hacmhainneacht d’fhonn ullmhú don éileamh tráchta níos airde ná an tríú tréimhse thagartha. |
|
(19) |
Maidir leis na blianta féilire 2020 agus 2021, ceanglaítear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1627 go ndéanfar athbhreithniú ar na spriocanna feidhmíochta cost-éifeachtúlachta ar fud an Aontais, a sloinntear mar chéatadán, lena léirítear an t-athrú bliain ar bhliain ar mheán an ‘chostais aonaid arna shuíomh’(“CAAS”) ar fud an Aontais i leith seirbhísí aerloingseoireachta faoi bhealach, mar thréimhse aonair, de mhaolú ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, lena leagtar síos spriocluachanna bliantúla. |
|
(20) |
San athbhreithniú ar spriocanna feidhmíochta cost-éifeachtúlachta ar fud an Aontais, ba cheart an fheidhmíocht iarbhír, lena n-áirítear na costais iarbhír a bhain soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta agus na Ballstáit amach i dtréimhsí tagartha roimhe sin, agus an fhaisnéis is déanaí atá ar fáil don bhliain féilire 2020 a chur san áireamh. |
|
(21) |
Maidir leis na luachanna bonnlíne le haghaidh an tríú tréimhse thagartha ar fud an Aontais atá i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/903, socraíodh iad ar bhonn meastachán agus réamhaisnéisí maidir le costais agus trácht, in éagmais sonraí iarbhír le haghaidh na bliana féilire 2019. Dá bhrí sin, ba cheart na luachanna bonnlíne sin a athbhreithniú chun léiriú cruinn a thabhairt ar na costais iarbhír agus ar na haonaid seirbhíse a taifeadadh le haghaidh 2019 ar leibhéal an Aontais ar fad. |
|
(22) |
Maidir leis na spriocanna feidhmíochta cost-éifeachtúlachta ar fud an Aontais le haghaidh an tríú tréimhse thagartha a leagtar amach i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/903, bhí siad bunaithe ar an toimhde go dtiocfadh fás leanúnach ar thrácht le linn na tréimhse tagartha ar fad, rud a d’fhágfadh go mbeadh méadú ar an gcostas le haghaidh soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta maidir le hacmhainneacht bhreise a chur ar fáil. Ós rud é go bhfuil laghdú suntasach, trí athbhreithniú, déanta ar na toimhdí tráchta sin de bharr ghéarchéim COVID-19, ba cheart leibhéal na gcostas iomlán arna suíomh a laghdú freisin mar fhreagairt ar an gcás díobhálach sin. |
|
(23) |
Leis na meastacháin is déanaí ar chostais iarbhír le haghaidh na bliana féilire 2020, léirítear laghdú 1 % ar fud an Aontais ar an leibhéal a bhí ann in 2019, i gcomparáid le laghdú 58 % ar aonaid seirbhíse bliain ar bhliain. Tá sé intuigthe nach bhfuil soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta go hiomlán in ann a mboinn chostais a choigeartú i gcomhréir leis an titim sin nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe sin, i ngeall ar an sciar ard de chostais sheasta agus ar an oibleagáid infhaighteacht na seirbhísí a choimeád ar bun i gcónaí. |
|
(24) |
Mar sin féin, ba cheart do sholáthraithe seirbhísí aerloingseoireachta bearta comhréireacha a dhéanamh chun a gcost-éifeachtúlacht a fheabhsú le linn an tríú tréimhse thagartha agus leas a bhaint as na sineirgí agus na gnóthachain éifeachtúlachta uile atá ar fáil trí chomhar trasteorann agus tionscnaimh athstruchtúraithe. Ba cheart athruithe struchtúracha a shaothrú mar ábhar tosaíochta, lena n-áirítear gnóthachain éifeachtúlachta de bharr réitigh theicneolaíocha nua a chuimsítear i Máistirphlean bainistithe aerthráchta agus cuíchóiriú bonneagair iomarcacha cumarsáide, loingseoireachta agus faireachais. Ba cheart go bhféadfaí tuilleadh sábhála a dhéanamh ar chostais i ndáil le costais ragoibre, óir táthar ag súil go bhfanfaidh na costais ragoibre sin an-teoranta thar an tríú tréimhse thagartha. |
|
(25) |
Sna meastacháin réamhbhreathnaitheacha le haghaidh an tríú tréimhse thagartha a fuair an Coimisiún, léirítear gur faoi 8 % a sháródh costais charnacha an tríú tréimhse thagartha na costais iarbhír sa dara tréimhse tagartha. Ba cheart a thabhairt faoi deara go ndéantaí rómheastachán roimhe seo ar na costais a tabhaíodh iarbhír chun seirbhísí aerloingseoireachta a sholáthar. Maidir leis an dara tréimhse thagartha, ba é 8 % meán an rómheastacháin costais. Is féidir glacadh leis go n-áirítear corrlach den chineál sin sna sonraí costais réamhbhreathnaitheacha i ndáil leis an tríú tréimhse thagartha agus nach gcuirtear san áireamh leo fós an fhéidearthacht maidir le gnóthachain cost-éifeachtúlachta bhreise. |
|
(26) |
Dá bhrí sin, is iomchuí a bheith ag súil go ndéanfaidh soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta a mboinn chostais a oiriúnú ar bhealach leordhóthanach mar fhreagairt ar an éileamh tráchta laghdaithe thar an tríú tréimhse thagartha agus, mar thoradh air sin, gur cheart na spriocanna feidhmíochta cost-éifeachtúlachta uile-Aontais le haghaidh an tríú tréimhse thagartha a bhunú ar an toimhde nach rachaidh na costais uile-Aontais arna gcinneadh sna blianta 2020 agus 2021 thar, ar an meán, 97 % de na costais iarbhír uile-Aontais arna dtaifeadadh in aghaidh na bliana féilire 2019 agus, sna blianta 2022, 2023 agus 2024, nach rachaidh na costais uile-Aontais arna gcinneadh thar 94 %, 96 % agus 97 % de na costais iarbhír uile-Aontais arna dtaifeadadh in aghaidh na bliana féilire 2019, faoi seach. |
|
(27) |
Ar bhonn na hanailíse a rinne an Comhlacht Athbhreithnithe Feidhmíochta, ba cheart don leibhéal costas arna shuíomh ar fud an Aontais ligeann do na soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta an acmhainneacht is gá a chur ar fáil le linn an tríú tréimhse thagartha agus na bearta is gá a chur chun feidhme chun freastal ar fhás tráchta a bheidh ann amach anseo, lena n-áirítear acmhainní iomchuí, oiliúint rialtóirí aerthráchta agus infheistíochtaí sa teicneolaíocht nua-aimseartha a áirithiú. Ina theannta sin, ligeann Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 diallais, a d’fhéadfadh a bheith ann, ó na spriocanna feidhmíochta cost-éifeachtúlachta ar fud an Aontais i gcás ina bhfaightear go bhfuil bonn cirt leis na dialltaí sin de réir bearta athstruchtúraithe a mbeadh glansochair d’úsáideoirí aerspáis mar thoradh orthu sa tréimhse thagartha ina dhiaidh sin ar a dhéanaí. Dá bhrí sin, ba cheart do sholáthraithe seirbhísí aerloingseoireachta a bheith in ann freagairt do na himthosca a eascraíonn as géarchéim COVID-19 agus cumais á bhforbairt an tráth céanna chun freastal ar an éileamh tráchta a bheidh ann amach anseo agus chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna struchtúracha a mbíonn tionchar acu ar fheidhmíocht oibríochtúil. |
|
(28) |
Maidir leis na híostairseacha foláirimh le haghaidh an tríú tréimhse a rialaíonn go bhféadfaidh Ballstát athbhreithniú a iarraidh ar na spriocanna feidhmíochta atá ina bpleananna feidhmíochta, ba cheart iad a choimeád ar bun ag na leibhéil a leagtar amach i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/903. Meastar go bhfuil na híostairseacha foláirimh sin leordhóthanach óir freastalaíonn siad ar leibhéal réasúnta athraithe tráchta timpeall bhonn réamhaisnéise tráchta STATFOR (“Cás 2”) arna fhoilsiú i Samhain 2020, agus an tráth céanna tugtar an deis do na Ballstáit athbhreithniú a iarraidh ar a gcuid pleananna feidhmíochta áitiúla faoi seach i gcás ina dtiocfadh forbairt ar an trácht iarbhír i gcomhréir le réamhaisnéis ard STATFOR (“Cás 1”) nó le réamhaisnéis STATFOR íseal (“Cás 3”). |
|
(29) |
Maidir le grúpaí comparáide na soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta ag a bhfuil timpeallacht oibríochtúil agus eacnamaíoch chomhchosúil acu agus a sainíodh in Airteagal 7(a) de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/903, úsáidtear iad i gcomhthéacs an mheasúnaithe ar dhréachtphleananna, go sonrach chun luachanna bonnlíne CAAS na gcriosanna muirearaithe ábhartha a chur i gcomparáid le chéile. Léiríonn na grúpaí sin an staid roimh thús an tríú tréimhse thagartha agus dá bhrí sin, ba cheart comhdhéanamh na ngrúpaí sin faoi mar a leagtar amach iad i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/903 a chóiméad ar bun. |
|
(30) |
Ba cheart Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/903 a aisghairm. |
|
(31) |
Níor thug Coiste an Aerspáis Aonair aon tuairim uaidh. Measadh gníomh cur chun feidhme a bheith riachtanach agus chuir an Cathaoirleach an dréachtghníomh cur chun feidhme faoi bhráid an choiste achomhairc lena phlé a thuilleadh. Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir le tuairim an choiste achomhairc. |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Spriocanna feidhmíochta ar fud an Aontais i bpríomhréimse feidhmíochta na sábháilteachta
Maidir le spriocanna feidhmíochta i bpríomhréimse feidhmíochta na sábháilteachta, a leagtar síos maidir leis an eochairtháscaire feidhmíochta a shainítear i bpointe 1.1 de Roinn 1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, spriocanna atá le baint amach faoi dheireadh 2024 ag soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta atá deimhnithe chun seirbhísí aerthráchta a sholáthar, is iad seo a leanas na leibhéil éifeachtachta i dtaca le bainistíocht sábháilteachta a shocraítear ina leith:
|
(a) |
Leibhéal C ar a laghad sna cuspóirí bainistíochta sábháilteachta maidir le “cultúr sábháilteachta”, “beartas agus cuspóirí sábháilteachta”, “dearbhú sábháilteachta”, agus “cur chun cinn na sábháilteachta”; |
|
(b) |
Leibhéal D ar a laghad sa chuspóir bainistíochta sábháilteachta maidir le “bainistiú riosca sábháilteachta”. |
Airteagal 2
Spriocanna feidhmíochta ar fud an Aontais i bpríomhréimse feidhmíochta an chomhshaoil
Maidir le spriocanna feidhmíochta ar fud an Aontais le haghaidh phríomhréimse feidhmíochta an chomhshaoil, spriocanna a leagtar síos maidir leis an eochairtháscaire feidhmíochta a shainítear i bpointe 2.1 de Roinn 1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, sloinnfear iad mar mheán éifeachtúlacht chothrománach eitilte faoi bhealach an ruthaig eitilte iarbhír agus déanfar iad a thomhas mar mheán an fhaid eitilte breise i gcomparáid leis an bhfad mórchiorclach agus ní rachaidh siad thar na céatadáin seo a leanas: 2,37 % in 2021, 2,37 % in 2022, 2,40 % in 2023 agus 2,40 % in 2024.
Airteagal 3
Spriocanna feidhmíochta ar fud an Aontais i bpríomhréimse feidhmíochta na hacmhainneachta
Maidir le spriocanna feidhmíochta ar fud an Aontais le haghaidh phríomhréimse feidhmíochta na hacmhainneachta, spriocanna a leagtar síos maidir leis an eochairtháscaire feidhmíochta a shainítear i bpointe 3.1 de Roinn 1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, is éard a bheidh iontu meánmhoill ATFM eitilte faoi bhealach, atá inchurtha i leith seirbhísí aerloingseoireachta, mar a leanas – meánmhoill darb uasmhéid 0,35 nóiméad in aghaidh na heitilte in 2021, 0,5 nóiméad in aghaidh na heitilte in 2022, 0,5 nóiméad in aghaidh na heitilte in 2023 agus 0,5 nóiméad in aghaidh na heitilte in 2024.
Airteagal 4
Spriocanna feidhmíochta ar fud an Aontais i bpríomhréimse feidhmíochta na cost-éifeachtúlachta
1. Maidir le spriocanna feidhmíochta ar fud an Aontais le haghaidh phríomhréimse feidhmíochta na cost-éifeachtúlachta, spriocanna a leagtar síos maidir leis an eochairtháscaire feidhmíochta a shainítear i bpointe 4.1 de Roinn 1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 agus, i ndáil leis na blianta féilire 2020 agus 2021, atá faoi réir Airteagal 2(4) agus Airteagal 4(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1627, is éard a bheidh sna spriocanna sin athrú bliain ar bhliain ar mheán an CAAS ar fud an Aontais maidir le seirbhísí aerloingseoireachta faoi bhealach:
|
(a) |
maidir leis na blianta féilire 2020 agus 2021 le chéile, a ríomhtar meán-CAAS aonair dóibh i gcomhréir le hAirteagal 4(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1627: athrú +120,1 % ar luach bonnlíne an CAAS ar fud an Aontais le haghaidh an CAAS a leagtar amach i mír 3; |
|
(b) |
maidir leis an mbliain féilire 2022: athrú -38,5 % ar mheán an CAAS aonair ar fud an Aontais sna blianta féilire 2020 agus 2021 le chéile, arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 4(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1627; |
|
(c) |
maidir leis an mbliain féilire 2023: athrú -13,2 % ar mheán an CAAS aonair ar fud an Aontais sa bhliain féilire 2022; |
|
(d) |
maidir leis an mbliain féilire 2024: athrú -11,5 % ar mheán an CAAS aonair ar fud an Aontais sa bliain féilire 2023. |
2. An luach bonnlíne ar fud an Aontais le haghaidh na gcostas arna suíomh, socrófar é ag EUR 6 265 631 152 in EUR2017.
3. Socrófar luach bonnlíne an CAAS ar fud an Aontais ag EUR 50,23 in EUR2017.
Airteagal 5
Íostairseacha foláirimh
1. Féadfaidh na Ballstáit athbhreithniú a iarraidh ar cheann amháin nó níos mó de na spriocanna feidhmíochta atá sna pleananna feidhmíochta, i gcomhréir le hAirteagal 18(1), pointe (a)(i) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, sna cásanna seo a leanas:
|
(a) |
an trácht iarbhír, arna thaifeadadh ag Eurocontrol, agus é sin arna thomhas de réir líon na ngluaiseachtaí IFR thar bhliain féilire ar leith, tá diallas 10 % idir é agus an trácht arna thuar sa phlean feidhmíochta arna ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317; |
|
(b) |
an trácht iarbhír, arna thaifeadadh ag Eurocontrol, agus é sin arna thomhas de réir líon na seirbhísí aonaid thar bhliain féilire ar leith, tá diallas 10 % idir é agus an trácht arna thuar sa phlean feidhmíochta arna ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317. |
2. Féadfaidh na Ballstáit athbhreithniú a iarraidh ar cheann amháin nó níos mó de na spriocanna feidhmíochta atá sna pleananna feidhmíochta, i gcomhréir le pointe (a)(i) d’Airteagal 18(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, más rud é, maidir leis an athrú ar na luachanna tagartha, de thoradh na nuashonruithe séasúracha ar Phlean Oibríochtaí Líonra de bhun Airteagal 9(4), pointe (a) agus Airteagal 9(8) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/123 ón gCoimisiún (5), i gcomparáid leis na luachanna tagartha ón leagan is déanaí de Phlean Oibríochtaí an Líonra atá ar fáil tráth tarraingt suas an phlean feidhmíochta, go bhfuil an t-athrú sin chomh mór, ar a laghad, leis an méid seo a leanas:
|
(a) |
0,05 nóiméad de mhoill ATFM faoi bhealach, más lú ná 0,2 nóiméad de mhoill ATFM faoi bhealach an luach tagartha sa Phlean Oibríochtaí Líonra atá ar fáil tráth tarraingt suas an plean feidhmíochta; nó |
|
(b) |
0,04 nóiméad de mhoill ATFM faoi bhealach, arna mhéadú faoi 5 % den luach tagartha ón leagan is déanaí de Phlean Oibríochtaí an Líonra atá ar fáil tráth tarraingt suas an phlean feidhmíochta, más rud é go bhfuil an luach tagartha níos mó ná 0,2 nóiméad de mhoill ATFM faoi bhealach nó go bhfuil sé cothrom leis. |
Airteagal 6
Grúpaí comparáide
Na grúpaí comparáide de sholáthraithe seirbhísí aerloingseoireachta a bhfuil timpeallacht oibríochtúil agus eacnamaíoch chomhchosúil acu, déanfar iad a shocrú mar a leanas chun spriocanna feidhmíochta a mheasúnú i bpríomhréimse feidhmíochta na cost-éifeachtúlachta:
|
(a) |
Grúpa A: soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta na Gearmáine, na Fraince, na Spáinne agus na hIodáile; |
|
(b) |
Grúpa B: soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta na hIorua, na Sualainne, na Danmhairge, na Fionlainne agus na hÉireann; |
|
(c) |
Grúpa C: soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta na Seice, na Cróite, na Slóivéine, na hUngáire, na Slóvaice, na Bulgáire, na Polainne, na Rómáine agus na Portaingéile; |
|
(d) |
Grúpa D: soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta na Cipire, Mhálta, na hEastóine, na Laitvia, na Liotuáine agus na Gréige; |
|
(e) |
Grúpa E: soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta na hOstaire, na hEilvéise, na Beilge-Lucsamburg agus na hÍsiltíre. |
Airteagal 7
Aisghairm
Aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/903.
Airteagal 8
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 2 Meitheamh 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 96, 31.3.2004, lch. 1.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 ón gCoimisiún an 11 Feabhra 2019 lena leagtar síos scéim feidhmíochta agus muirearaithe san aerspás Eorpach aonair agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 390/2013 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 391/2013 (IO L 56, 25.2.2019, lch. 1).
(3) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/903 ón gCoimisiún an 29 Bealtaine 2019 lena leagtar síos spriocanna feidhmíochta ar fud an Aontais le haghaidh an líonra um bainistíocht aerthráchta i ndáil leis an tríú tréimhse thagartha dar tús an 1 Eanáir 2020 agus dar críoch an 31 Nollaig 2024 (IO L 144, 3.6.2019, lch. 49).
(4) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1627 ón gCoimisiún an 3 Samhain 2020 maidir le bearta eisceachtúla i ndáil leis an tríú tréimhse thagartha (2020-2024) den scéim feidhmíochta agus muirearaithe san aerspás Eorpach de dheasca phaindéim COVID-19 (IO L 366, 4.11.2020, lch. 7).
(5) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/123 ón gCoimisiún an 24 Eanáir 2019 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le feidhmeanna gréasáin bainistíochta aerthráchta (BAT) a chur chun feidhme agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 677/2011 ón gCoimisiún (IO L 28, 31.1.2019, lch. 1).